Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an Comhshaol (AIE)


Forléargas

Leis na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (AIE), tugtar ceart do gach duine faisnéis faoin gcomhshaol atá á sealbhú ag comhlacht poiblí a shealbhú a iarraidh. Éiríonn na Rialacháin as Treoir AE agus tá siad i bhfeidhm in Éirinn le tamall de bhlianta. Is é is aidhm do na Rialacháin ná obair comhlachtaí poiblí a nochtadh don phobal i gcás ina n-imríonn sí tionchar ar an gcomhshaol.

Le Coinbhinsiún Aarhus bunaíodh trí phríomhcheart bhunúsacha do dhaoine den phobal – is é sin le rá, ceart chun faisnéis a fháil faoin gcomhshaol, ceart chun bheith páirteach sa chinnteoireacht faoi chúrsaí comhshaoil agus ceart chun rochtain a fháil ar cheartas. Is é atá san aidhm i gcónaí ná go ligfear do dhaoine rochtain a fháil ar thuilleadh faisnéise a chabhródh leo nuair atá páirt á glacadh acu i bpróisis chinnteoireachta i gcás ina n-imreodh toradh na bpróiseas sin tionchar ar an gcomhshaol.

Cad atá i gceist le Faisnéis faoin gComhshaol

Tugtar sainmhíniú leathan ar ‘faisnéis chomhshaoil’ sna Rialacháin agus is d’aon turas a dhéantar amhlaidh. Is é atá inti ná aon fhaisnéis i bhfoirm scríofa, amhairc, éisteachta nó leictreonach nó in aon fhoirm ábharach eile, ar faisnéis í a bhaineann leis an méid seo a leanas:

 (a) an staid ina bhfuil eilimintí an chomhshaoil, amhail aer agus atmaisféar, uisce, ithir, talamh, tírdhreach agus láithreáin nádúrtha lena n-áirítear bogaigh, limistéir chósta agus limistéir mhuirí, éagsúlacht bhitheolaíochta agus a comhchodanna, lena n-áirítear orgánaigh ghéinmhodhnaithe, agus an idirghníomhaíocht idir na heilimintí sin,

(b) nithe amhail substaintí, fuinneamh, torann, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astaíochtaí, sceití agus scaoilte eile isteach sa chomhshaol, ar nithe iad a dhéanann difear, nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh, d’eilimintí an chomhshaoil,

(c) bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin), amhail beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil agus gníomhaíochtaí a dhéanann difear, nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh, do na heilimintí agus do na nithe dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b), mar aon le bearta nó le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh na heilimintí sin a chosaint,

(d) tuarascálacha ar chur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil,

(e) anailísí costais is tairbhe agus anailísí agus toimhdí eacnamaíocha eile a úsáidtear faoi chuimsiú na mbeart agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (c), agus

(f) staid shláinte agus shábháilteacht an duine, lena n-áirítear éilliú an tslabhra bia, más iomchuí, dálaí maireachtála daoine, láithreáin chultúir agus déanmhais thógtha sa mhéid go ndéanann an staid ina bhfuil eilimintí an chomhshaol dá dtagraítear i mír (a) difear dóibh, nó sa mhéid go bhféadfadh na heilimintí sin difear a dhéanamh dóibh, nó, trí na heilimintí sin, sa mhéid go ndéanann, nó go bhféadfadh aon cheann de na nithe dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c) difear dóibh.

Cé go dtugtar sainmhíniú leathan d’aon turas, tá rialú déanta ag cúirteanna Eorpacha agus ag cúirteanna Éireannacha, agus ag Coimisinéir na hÉireann um Fhaisnéis Chomhshaoil freisin, nach mór níos mó ná mionbhaint a bheith ag taifead leis an gcomhshaol le go bhféadfar é a scaoileadh faoi AIE.

Iarraidh a dhéanamh

Is féidir leat iarraidh ar thaifid chomhshaoil a shealbhaíonn RTÉ a dhéanamh trí theachtaireacht ríomhphoist a chur chuig aie@rte.ie nó leis an ngnáthphost ag

An Oifig um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol,

An Foirgneamh Riaracháin, RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4

Ní mór duit a rá go bhfuil an iarraidh á déanamh faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol. Ní ghearrtar aon táille ar iarraidh a dhéanamh ach d’fhéadfadh roinnt muirear a bheith i gceist le linn an iarraidh a phróiseáil, is é sin, €20 in aghaidh na huaire an chloig i ndáil le cuardach, aisghabháil agus cóipeáil; 4 cent in aghaidh an leathanaigh a fhótachóipeáiltear agus €10 le haghaidh CD. Tabharfar fógra duit roimh ré i dtaobh an ngearrfar aon mhuirir maidir leis an iarraidh.

Is féidir leat a bheith ag súil go bhfaighidh tú freagra faoin iarraidh laistigh d’aon mhí amháin.

Má bhíonn tú míshásta lenár bhfreagra, nó más rud é nach bhfaigheann tú freagra uainn, laistigh d’aon mhí amháin féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg agus déanfar an t-athbhreithniú sin saor ó mhuirear. Is féidir an t-athbhreithniú a lorg le ríomhphost nó leis an ngnáthphost ag na seoltaí a shonraítear thuas. Beidh aon mhí amháin agat, tar éis an dáta a bhfaigheann tú freagra uainn, chun an t-achomharc sin a dhéanamh.

Má bhíonn tí míshásta fós tar éis an athbhreithnithe inmheánaigh is féidir leat a iarraidh ar Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (OCEI) an cás a athbhreithniú. Is ceart duit achomharc a iarraidh ar OCEI laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaightear toradh ár n-athbhreithnithe inmheánaigh. Gearrtar táille €50 (nó €15 do dhaoine a bhfuil cárta liachta acu) i leith achomharc den sórt sin a dhéanamh.

Faisnéis Bhreise

Tá tuilleadh faisnéise le fáil maidir le AIE ar na láithreáin ghréasáin seo a leanas agus d’fhéadfaidís a bheith úsáideach.

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol

An Roinn Comhsaoil, Aeráide agus Cumarsáide

https://www.dccae.gov.ie/en-ie/about-us/compliance/access-to-information-on-the-environment-(aie)/aie-legislation/Pages/AIE-Legislation.aspx