Aon RTÉ amháin


Tá atheagar ó bhonn curtha ar RTÉ chun an straitéis cúig bhliana a thabhairt i gcrích.

Is é atá i gceist a bhaint amach leis an athchóiriú eagrúcháin:

  • Branda níos sainiúla, níos tréine agus níos téagartha – ionas go dtreisítear leis an gcáil maidir le fairsinge réimse agus le hardchaighdeán an ábhair taobh istigh de thimpeallacht feidhme a bhfuil iomaíocht an-ghéar ag baint leis
  • Solúbthacht níos fearr maidir le punann ábhair – freastal do riachtanais shíorathraitheacha an lucht féachana agus éisteachta agus sin á chothú leis an meon go dtugtar tús áite don lucht féachana agus éisteachta
  • Cur chuige lena mbaineann níos mó den chomharobair maidir le hábhar a chruthú – i ndáil le meithle a oibríonn le chéile ar fud na seirbhísí éagsúla agus le hobair i gcomhar le páirtnéirí seachtracha, go háirithe in earnáil na léiritheoirí neamhspleácha
  • Eagraíocht dhigiteach – nuáil a dhéanamh maidir le meon ‘digiteach i dtosach báire’ a chothú an tráth céanna a gcuirtear leis an gcaighdeán, leis an ábhar agus leis an gcaidreamh i ndáil leis na seirbhísí líneacha
  • Lucht saothair ildánach níos solúbtha – a mbeidh ar a gcumas soláthar a dhéanamh do sheirbhísí digiteacha agus do sheirbhísí líneacha araon agus oibriú ar bhealach níos éifeachtúla mar aon eagraíocht amháin
  • Eagraíocht níos éifeachtaí – le sruthanna oibre níos fearr, ina n-úsáidtear acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla agus níos spreagúla, ina seachnaítear dúbailt saothair agus ina dtugtar sábháil costais i gcrích i ndáil le cúrsaí oibriúcháin

D’aistrigh RTÉ go dtí struchtúr nua eagrúcháin sa bhliain 2018.

Tá struchtúr eagrúcháin nua ‘Aon RTÉ Amháin’ á thabhairt i gcrích ag RTÉ trí na bearta seo a leanas a dhéanamh:

• Tugtar na cainéil teilifíse, raidió agus ar líne le chéile, chomh maith le lón léargais faoin margaíocht agus faoin lucht éisteachta agus féachana, faoin rannóg nua Lucht Féachana agus Éisteachta, Cainéil agus Margaíocht, ionas go mbíonn an lucht éisteachta agus féachana ag croílár chinntí de chuid RTÉ.

• Tugann an rannóg Ábhair deis do RTÉ an t-ábhar cláir is spéisiúla a chur ar fáil ar fud na gcainéal teilifíse, raidió agus digiteacha – d’fhonn dul i gcion níos doimhne ar dhaoine agus ligean do RTÉ plé le téamaí agus le topaicí níos tromchúisí ar bhealaí níos spéisiúla.

• Leis an rannóg chomhtháite nua maidir le Cúrsaí Oibriúcháin, déantar cuíchóirú ar phróisis léiriúcháin sa chaoi is go bhféadann RTÉ tabhairt faoi bhearta nua agus riachtanais dhreamanna nua den lucht féachana agus éisteachta a shásamh.

• Tá athdháileadh á dhéanamh ar acmhainní Nuachta agus Cúrsaí Reatha agus athrú ar na struchtúir eagrúcháin ionas go gcuirtear seirbhís nuachta ar fáil atá “digiteach ó thús” chomh maith leis an ábhar nuachta agus cúrsaí reatha do na seirbhísí craoltóireachta.

• Tá ísliú ar líon iomlán na ndaoine ar an bhfoireann trí scéim a thabhairt isteach don iomarcaíocht dheonach agus beidh roinnt scileanna nua á gcur leis an réimse taithí agus cumais atá ar fáil in RTÉ cheana féin.

• Tá timpeallacht oibre lena mbaineann níos mó de mheon an chomhair á chruthú ag RTÉ agus beidh meithle áirithe ag athrú ionaid ar fud an champais i nDomhnach Broc.

• Tá claochlú á chur ag RTÉ ar an modh ina n-oibrítear le dreamanna eile agus cothófar páirtnéireacht le dreamanna nua a dtiocfaidh fiúntas poiblí agus toradh suntasach dá bharr.

• Tá infheistíocht shuntasach á dhéanamh maidir le teicneolaíocht nua, léiriúchán digiteach agus infreastruchtúr dáiliúcháin. • Tá cistí don atheagar agus don infheistíocht a ghabhann leis sin á gcur ar fáil ón bhfáltas maidir le sócmhainní talún RTÉ i nDomhnach Broc a dhíol.