Misean & Luachanna


Misean RTÉ

Cur le saol na hÉireann le hábhar atá ina lón smaointeoireachta, foghlama agus siamsaíochta.

Luachanna RTÉ

Beidh súil chun cinn ag RTÉ, an eagraíocht agus na daoine san eagraíocht sin, agus beidh tréithe na cruthaitheachta, an mheasa, na hinmharthanachta agus na freagrachta, an chomhair agus na follasachta ag rith leo. Léireofar chomh maith an méid seo a leanas:

 

Súil chun cinnTuiscint ghéar dhomhain ar an lucht éisteachta agus féachana agus ar a gcuid riachtanas. Am agus dua a chaitheamh le súil a choinneáil ar athruithe ar ghnóthaí na meán cumarsáide.
CruthaitheachtA bheith acmhainneach nuálach i mbun lón ábhair a chruthú.
A bheith cróga, sásta dul i bhfiontar agus sásta foghlaim ón teip.
MeasDéileáil le daoine – baill foirne agus páirtnéirí san áireamh – le teann measa, fiú nuair nach é sin is furasta.
Muinín a chothú trína bheith cóir, cothrom, follasach maidir le cinntí a dhéantar.
Inmharthanacht &
Freagracht
Bainistíocht fhreagrach a dhéanamh ar an ngnó. A bheith freagrach dá chéile taobh istigh de RTÉ agus don lucht éisteachta agus
féachana agus do na páirtithe leasmhara.
An ComharOibriú le chéile agus beocht a chur in eagraíocht ‘Aon RTÉ Amháin’.
Oibriú i gcomhar le páirtnéirí chun riachtanais lucht féachana agus éisteachta RTÉ a shásamh.
FollasachtCinntí a dhéanamh ar bhealach follasach oscailte.

Na cúiseanna le bearta a lua go neamhbhalbh.

LÉIGH: Léigh Straitéis RTÉ 2018 – 2022 anseo.