RTÉ mar fhostóir


Féachann RTÉ le saolré gairme a chur ar fáil do bhaill reatha agus do bhaill ionchais na foirne atá spreagúil agus tairbheach.

Admhaíonn RTÉ an cion oibre a dhéanann gach ball foirne agus cúitítear a saothar leo. Cuirtear róil spéisiúla agus deiseanna ar fáil don fhoireann gach tráth is féidir ionas gur féidir le fostaithe dul chun cinn a dhéanamh agus barr a gcumas a bhaint amach agus oibrítear go seasta leanúnach chun timpeallacht a chruthú ina mbíonn baill na foirne tugtha do shásamh a bhaint as a gcuid oibre agus ábalta sin a dhéanamh an tráth céanna a dtugtar aidhmeanna gnó RTÉ i gcrích. Is mian le RTÉ a bheith fiúntach fónta mar fhostóir trí shochair a chur ar fáil i bpacáiste atá leagtha amach ar mhaithe le hardleibhéal cosanta a thabhairt don fhostaí i rith an tsaoil oibre le RTÉ agus trí chuidiú le teacht ar an gcothrom idir a n-éilítear ar dhuine sa saol oibre agus sa saol pearsanta.

Áirítear ar na sochair

· Áiseanna gairmiúla cúraim linbh ar an láthair oibre

· Grúpscéimeanna maidir le hárachas saoil agus árachas tuarastail

· Scéim Pinsin Ranníocaíochtaí Sainithe\Scéim PRSA

· Comhar Creidmheasa RTÉ ar an láthair oibre

· Ballraíocht ar fáil i gClub Spóirt agus Sóisialta RTÉ, giomnáisiam, cúirteanna scuaise agus ranganna aclaíochta ar an láthair oibre san áireamh

· Scéim Cúnta maidir le cúrsaí Oideachais

· Sochar forfheabhsaithe maidir le saoire bhliantúil

· Seirbhísí tacaíochta don fhoireann

· Scéim Sábháil Cánach maidir le hIompar Bus/Iarnróid

Oiliúint agus Forbairt

Tuigtear go bhfuil an oiliúint agus an fhorbairt riachtanach do gach ball foirne ionas go gcuidítear leo i mbun a gcuid ról, go mbaintear amach cuspóirí na meithle agus cuspóirí RTÉ.

Seastar go hiomlán leis an oiliúint agus leis an bhforbairt ar an bhfoireann trí:

Acmhainní, maidir le hairgead, am agus deiseanna, a chur ar fáil ionas go gcinntítear go mbíonn an t-eolas agus na scileanna is gá ag na baill foirne chun a gcuid oibre a dhéanamh agus a chinntiú go ndéantar sin ar bhealach atá cóir don uile dhuine

An lucht bainistíochta agus maoirseachta ar fad a spreagadh chun caidreamh a chothú leis an bhfoireann d’fhonn riachtanais oiliúna a thabhairt chun aire agus a chinntiú go mbíonn na scileanna ag an lucht bainistíochta agus maoirseachta chun na seifteanna oiliúna cuí a roghnú agus a chur i bhfeidhm san ionad oibre

Na baill foirne a spreagadh agus a chothú maidir le páirt ghníomhach a ghlacadh ina gcuid forbartha féin agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna agus ar a gcuid eolais seachas mar is gá don ról atá acu faoi láthair.

Iléagsúlacht agus Comhionannas Deiseanna

Is fostóir comhionannas deiseanna atá in RTÉ. Féachtar le tuiscint, cúirtéis agus meas a bheith de thréithe leis an gcaidreamh ar fad le gach duine den fhoireann, agus gach duine a mbeadh i ndán go mbeidís ar an bhfoireann, le haird ar thréithe pearsanta agus ar dhínit an uile dhuine acu.

Tá an rath a bhíonn ar RTÉ ag brath ar na daoine san eagraíocht. Admhaítear gur pobal daoine éagsúla atá ionainn a bhfuil cúlra agus tuairimí dá chuid féin ag an uile dhuine againn. Bíonn taithí, scileanna agus cumas sainiúil dá chuid nó dá cuid féin á chur leis an Eagraíocht ag gach duine a oibríonn in RTÉ. Is mór is fiú linn saintréithe aonaracha gach duine faoi leith agus an dearcadh éagsúil agus taithí saoil éagsúil agus is eol dúinn go gcuireann sin leis an gcaoi a ndéantar gnó RTÉ.

Féachtar le timpeallacht a chruthú ina bhfuil ionadaíocht ag cultúir agus grúpaí éagsúla, ina bhfreastalaítear do chultúir agus do ghrúpaí éagsúla agus ina mbíonn an deis chéanna ag an uile dhuine an mianach atá iontu a thabhairt in inmhe go hiomlán.

Déanann RTÉ, i mbun fostaíochta agus i mbun craoltóireachta, an comhionannas a chur chun cinn trí mheas a léiriú ar chion tairbhe an uile dhuine. Tuigtear do RTÉ, mar fhostóir, go bhfuil bunriachtanas ó thaobh éifeachtacht agus éifeachtúlacht na hoibre agus dea-chaidreamh i measc an lucht foirne, leis an iléagsúlacht a chur chun cinn agus comhionannas deiseanna a chur ar fáil. Tuigtear gur cheart go mbeadh iléagsúlacht mhuintir na hÉireann le sonrú ar an lucht saothair in RTÉ.

I mbun clár iléagsúlachta a chur i bhfeidhm do RTÉ, oibrítear leis an sárchleachtas maidir le cothromaíocht idir saol na hoibre agus an saol pearsanta a chinntiú. Glactar leis go bhfuil tábhacht níos mó ag an lucht foirne leis an gcothromaíocht a aimsiú idir obair ar phá agus a n-éilítear ar na daoine ina saol pearsanta. Tá réimse de ghnásanna oibre á gcur i bhfeidhm a chuidíonn le daoine a saol oibre a eagrú in éineacht leis na cúraimí atá orthu agus na réimsí spéise atá acu taobh amuigh den láthair oibre.

Luachanna RTÉ

Is iad luachanna RTÉ a mhúnlaíonn an tslí ina ndéanaimid gnó agus rannchuidíonn siad lenár rath agus baintear leas astu le linn roghanna agus gníomhartha a dhéanamh.

Tá raon leathan daoine gairmiúla, ard-oilte ar fostú ag RTÉ – mar shampla, is sinne a fhostaíonn an líon is airde ceoltóirí, iriseoirí agus léiritheoirí in Éirinn. Fágann an fhoireann thiomanta chruthaitheach inmheánach atá ann i ndáil le gach gné den aschur agus an earnáil mhéadaitheach léiriúcháin neamhspleách atá ann go bhfuil RTÉ i riocht an-mhaith chun aghaidh a thabhairt ar an iliomad dúshlán a bhaineann le réimse síor-athraitheach na meán. Faightear tacaíocht i leith an fhócais chruthaitheach sin ó na baill foirne chomh tiomanta céanna i réimsí an Riaracháin, na Cumarsáide, na Seirbhísí Dlí, an Airgeadais, na Maoine & na Seirbhísí, na nAcmhainní Daonna agus na Teicneolaíochta.

Tá na cáilíochtaí ar mian linn iad a bheith ag gach ball foirne agus ag an Eagraíocht leagtha amach inár Luachanna. Is cabhair iad maidir lenár gcultúr a cheapadh agus is Eagraíocht uathúil sinn dá mbarr. Tuairiscíonn na Luachanna go soiléir na nithe ar féidir le gach duine dínn, agus nach mór do gach duine dínn, a dhéanamh. Is iad seo a leanas na Luachanna sin:

· Oibriú ar mhaithe le leas an phobail, agus nuacht agus cúrsaí reatha atá cothrom agus neamhchlaon, cruinn agus dúshlánach á gcur ar fáil againn

· Caidreamh a bhunú lenár lucht féachana/éisteachta trína gcuid riachtanas a thuiscint agus a shásamh

· Seirbhís luach ar airgead a sholáthar

· A bheith cruthaitheach maidir le gach ní a dhéanaimid

· A bheith macánta agus trédhearcach i leith ár gcuid gníomhaíochtaí go léir

· Glacadh le freagracht phearsanta i ndáil le spr

· A bheith freagrach dár bhfoireann agus déileáil le gach uile dhuine mar phearsa aonair

· Barrfheabhsú a dhéanamh ar fheidhmíocht gach duine, gach roinne, gach rannáin agus na hEagraíochta trí oibriú i gcomhar lena chéile

· Meas a bheith againn ar a chéile agus ar ár n-éagsúlacht

· A bheith bródúil as gach ní a dhéanaimid, as gach saintréith dár gcuid, agus as gach ní a chruthaímid.

Creidimid go leanann na Luachanna sin as ár stair agus as ár n-oidhreacht, go n-idirdhealaíonn siad sinn ónár gcuid iomaitheoirí agus go bhfuil siad bunaithe ar ár scileanna uathúla.