RTÉ agus Inbhuanaitheacht


Tá RTÉ tiomanta i leith an leibhéil is airde laghdaithe úsáide fuinnimh agus inbhuanaitheachta i dtaca le bainistiú an bhonneagair láithrigh agus i dtaca le forbairt bonneagair nua de araon. Le linn na pleananna ina leith sin a ullmhú baineadh úsáid as faisnéis atá ann sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh 2009 – 2020 ina n-éilítear gurb ionann an earnáil phoiblí agus earnáil “a léiríonn ceannaireacht ar mhodh sampla a thabhairt trí bhíthin gníomhaíochtaí láidre tiomanta”.

Tá iarracht déanta ag RTÉ feidhmiú de réir an chaighdeáin sin ar raon bealaí éagsúla lena n-áirítear an méid seo a leanas:

  • Grianphainéil a shuiteáil rud as ar lean fritháirimh shuntasacha charbóin
  • Oiliúint bhainistíochta fuinnimh a chur ar fáil chun feabhas a chur ar chumas na heagraíochta i dtaca le féininiúchadh agus féinfhaireachán de.
  • Tuairisciú a dhéanamh maidir le caighdeáin SEAI (táimid fós sa riocht go gcomhlíonfaimid gealltanas sonraithe SEAI 2020).

Chun feabhsuithe leanúnacha ar fheidhmíocht chomhshaoil a chur ar aghaidh, tá Grúpa Comhairleach Craoltóra Ghlais bunaithe ag RTÉ – is é sin le rá, grúpa ina gcuimsítear comhghleacaithe agus gníomhaireachtaí seachtracha (amhail an EPA agus an SEAI) agus comhpháirtithe seachtracha (amhail Screen Producers Ireland). Is cabhair é an méid sin maidir le pleanáil a dhéanamh de réir na gcaighdeán is airde agus is féidir agus is cabhair é ó thaobh tacaíocht sheachtrach nó daingniú seachtrach a fháil más cuí sin. Áirítear an méid seo a leanas i measc na réimsí ar díríodh orthu: bainistiú/cosc dramhaíola; tomhailt fuinnimh agus laghdú carbóin; caomhnú uisce; bithéagsúlacht; agus truailliú a chosc.

Tá ról ceannaireachta glactha chuige féin ag RTÉ freisin maidir le comhoibriú le geallsealbhóirí seachtracha iomchuí agus le piara-chraoltóirí (amhail TG4 agus Virgin Media) d’fhonn caighdeáin Thionscadal Albert a ghlacadh. Cuireadh Albert i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe ar dtús agus is tionscadal comhoibríoch neamhspleách BAFTA agus craoltóir-bhunaithe é a sholáthraíonn an oilteacht riachtanach agus na deiseanna riachtanacha do na tionscail scannánaíochta agus teilifíse chun gníomh a dhéanamh maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil.

Is é is aidhm don tionscadal a chinntiú go gcruthaítear ábhar scáileáin ar mhodh a théann chun tairbhe do dhaoine aonair, d’eagraíochtaí tionscail agus don phláinéad. Seo a leanas a chuid croí-phrionsabail:

  • laghdú a dhéanamh ar thionchar comhshaoil an phróisis léiriúcháin;
  • a chumasú d’eagraíochtaí de chuid an tionscail an ghné chomhshaoil dá bhfís shonraithe a bhaint amach agus na himpleachtaí atá ann maidir le rannpháirteachas ar thaobh an lucht féachana/éisteachta.

Measann RTÉ go ndéanfaimid dul chun cinn suntasach maidir le Albert a chur i bhfeidhm laistigh den eagraíocht, agus laistigh den earnáil chraolacháin i gcoitinne, sa bhliain 2019.