Seirbhísí RTÉ


Tá ceangal ar RTÉ faoin dlí freagairt do réimsí spéise agus d’ábhar imní an phobail go léir. Chuige sin, ní mór do RTÉ freastal gach lá ar riachtanais dhreamanna iléagsúla den lucht féachana agus éisteachta. Comhlíonann RTÉ an dualgas sin trí phunann chuimsitheach seirbhísí a chur ar fáil. Is ionann punann seirbhísí RTÉ agus na seirbhísí atá riachtanach agus leordhóthanach chun dualgais seirbhíse poiblí́ RTÉ a chomhlíonadh trí fhreastal ar raon leathan réimsí spéise a bhaineann leis an gcultúr agus leis na glúnta, go réigiúnach agus go hidirnáisiúnta.

Seirbhísí RTÉ san Am atá Romhainn
Leanfaidh RTÉ, i rith ré feidhme an Ráitis seo, ag cur athrú ar na seirbhísí féin agus ar an bpunann seirbhísí agus forbrófar seirbhísí nua de réir mar a thagann athrú ar nósanna dhaoine maidir leis na meáin chumarsáide a thapú agus cinnteofar gur féidir leis an lucht féachana agus éisteachta tairbhe a bhaint as dul chun cinn maidir leis an teicneolaíocht dhigiteach.

RTÉ One: Freastalóidh RTÉ One ar an bpobal i gcoitinne le cláir shuntasacha, drámaíocht ardfhiúntais, cláir faisnéise, fhíorasacha agus siamsaíochta, nuacht agus cúrsaí reatha agus tabharfar an tír le chéile d’imeachtaí móra náisiúnta.

RTÉ2: Beidh an nuáil de shaintréith le RTÉ2 agus cuirfear ábhar sainiúil tábhachtach ar fáil do dhaoine óga na hÉireann le cláir fhíorasacha, siamsaíochta, ghrinn, spóirt, agus faisnéise chomh maith le drámaíocht ón iasacht.

RTÉjr: Cuirfear sceideal iléagsúil d’ábhar nua de chuid na hÉireann agus de chláir ón iasacht ar fáil do leanaí óga.

RTÉ Radio 1: Beifear i gcónaí ar an bpríomhstáisiún náisiúnta raidió trí sceideal de sheánraí éagsúla cainte agus ceoil a chur ar fáil do lucht éisteachta fásta.

RTÉ 2fm: Cuirfear méadú ar an lucht éisteachta idir 20-44 bliain d’aois trí chláir den nuáil, sársceideal ceoil agus ábhar breise spóirt agus grinn.

RTÉ lyric fm: Cuirfear rogha sainiúil ar fáil do lucht éisteachta a thugann taitneamh don cheol clasaiceach, do cheol an domhain agus do na healaíona.

RTÉ Raidió na Gaeltachta: Cuirfear seirbhís náisiúnta trí Ghaeilge ar fáil trína gcothaítear ceangal idir an t-éisteoir agus fíorshaol an duine Gaeltachta agus lucht na Gaeilge.

Raidió Digiteach: Cuirfear leis an iléagsúlacht agus leis an rogha ábhar éisteachta atá ar fáil ag muintir na hÉireann agus cuirfear iadsan ar an eolas faoi na buntáistí atá le raidió digiteach agus DAB.

RTÉ Radio Player: Beifear chun tosaigh ar gach seirbhís raidió beo agus ar a éileamh in Éirinn, cuirfear rogha níos leithne agus feidhmiúlacht bhreise ar fáil agus beifear lárnach sa tseirbhís hibrideach raidió don lucht éisteachta.

RTÉ.ie: Cuirfear ábhar RTÉ ar fáil don lucht féachana in Éirinn agus go hidirnáisiúnta trí chóras a oibríonn go sármhaith don lucht úsáide agus atá ar fáil ar ardáin éagsúla agus ar ghairis éagsúla.

RTÉ Player: Beifear chun tosaigh mar sheirbhís teilifíse ar a éileamh de chuid na hÉireann ionas go mbíonn de rogha ag an lucht féachana taitneamh a bhaint as cláir RTÉ an tráth agus san áit inar mian leo sin a dhéanamh.

RTÉ News: Beifear chun tosaigh mar chainéal Nuachta agus Cúrsaí Reatha 24 uair an chloig de chuid na hÉireann atá ar fáil ar líne, ar ghairis so-iompartha agus ar an teilifís.

Seirbhísí Idirnáisiúnta: Chun cur ar chumas na nÉireannach thar lear ceangal leis an mbaile, déanfaidh RTÉ forbairt bhreise ar na seirbhísí idirnáisiúnta a seoladh le déanaí.

RTÉ Player International agus GAAGO (a forbraíodh i gcomhar le CLG)

SAORVIEW: Is é Saorview an tseirbhís dhigiteach teilifíse saor in aisce in Éirinn trína mbíonn fáil ar an gcuid is fearr d’ábhar teilifíse na hÉireann, sobaldrámaí, drámaíocht, spórt, cláir taistil, cainte agus faisnéise, cláir fhíorasacha, agus eile. Tá mioneolas ar fáil ar www.saorview.ie.

An Líonra Tarchuradóireachta: Cinnteofar todhchaí na teilifíse saor ar an aer trí leanúint de SAORVIEW, seirbhís DTT na hÉireann, a oibriú agus a fhorbairt.

2RN (RTÉNL tráth): Leanfar ag cur líonra náisiúnta tarchuradóireachta analógach ar fáil freisin don raidió ar thonnta FM.

Cartlanna RTÉ: Déanfar Cartlanna RTÉ a fhorbairt agus a chur ar fáil níos oscailte

Ceolfhoirne, Ceathairéid agus Cóir RTÉ: Cuirfear ócáidí ceoil beo den chaighdeán is airde ar fáil do lucht éisteachta an cheoil in Éirinn agus cuideofar le dreamanna nua a thugann taitneamh don cheol Ceolfhoirne agus Cóir RTÉ a chloisteáil ag coirmeacha beo agus trí cheol ardchaighdeáin a chraoladh.

Seirbhísí eile RTÉ: Cuirfear roinnt seirbhísí eile ar fáil; an RTÉ Guide, seirbhísí faisnéise, Seinnteoir Raidió na hÉireann (a forbraíodh i gcomhpháirtíocht le IBI), srl.