Daoine faoi Mhíchumas


Rochtain ar Sheirbhísí RTÉ do Dhaoine faoi Mhíchumas

Le hAlt 26(1) den Acht um Míchumas 2005, ceanglaítear ar chomhlacht poiblí rochtain ar a sheirbhísí a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas i gcás ina bhfuil sé praiticiúil agus cuí déanamh amhlaidh.

Áiríonn seirbhísí RTÉ cainéil raidió agus teilifíse, láithreáin ar líne, grúpaí taibhiúcháin ceoil, Aertel, líonraí tarchurtha agus foilseacháin amhail an RTÉ Guide. A mhéid is praiticiúil, féachann RTÉ lena chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar a chuid seirbhísí.

Cuirtear fotheidil ag gabháil le cion ard dár gclár teilifíse ar mhaithe le daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu agus déantar cláir nuachta laethúla agus cláir aimsire sheachtainiúla, lena ngabhann teanga chomharthaíochta, a chraoladh ar RTÉ. Sa lá atá inniu ann, mar thoradh ar thabhairt isteach na teilifíse digití tá sé de chumas againn tráchtaireacht fuaime a chur isteach i gcuid dár gcláir.

Tá daoine bodhaire agus daoine nach bhfuil an éisteacht go maith acu in ann teagmháil a dhéanamh le RTÉ ar bhonn laethúil trí bhíthin seirbhís “téacs-theachtaireachta” ar leith (087-798 9128) agus seoladh ríomhphoist (subtitle@rte.ie) agus seoltar cruinniú bliantúil in RTÉ leis na grúpaí ionadaíocha go léir.

Tá an chuid is mó dár seirbhísí téacs-bhunaithe ar líne caint-chumasaithe.

Maidir le daoine a úsáideann cathaoir rothaí agus a thugann cuairt ar stiúideonna RTÉ ar fud na tíre, tá rochtain le haghaidh cathaoireacha rothaí ar fáil inár gcuid stiúideonna go léir agus i ngach limistéar poiblí agus i ngach oifig phoiblí.

Má bhíonn deacracht ag duine faoi mhíchumas i ndáil le rochtain a fháil ar aon sheirbhís de chuid RTÉ déanfaimid ár ndícheall cúnamh a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist lena mbaineann. Más rud é nach féidir an tsaincheist a réiteach is féidir gearán foirmiúil a dhéanamh.

Gearán a dhéanamh faoi Rochtain ar Sheirbhísí

Le hAlt 26(1) den Acht um Míchumas 2005, ceanglaítear ar chomhlacht poiblí rochtain ar a sheirbhísí a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas i gcás ina bhfuil sé praiticiúil agus cuí déanamh amhlaidh. Má mheasann duine den phobal gurb amhlaidh, le linn do RTÉ a sheirbhísí a sholáthar, go ndéanann sé idirdhealú in aghaidh duine faoi mhíchumas, is féidir gearán a sheoladh chuig complaints@rte.ie.