Dragon Hearts – clár faisnéise croíúil faoi rásaíocht bád dragain, faoi theacht slán agus maireachtáil go beo beathach

Dé Luain, 21ú Aibreán ag 6:30 i.n. ar RTÉ One & ar an RTÉ Player 

“Déarfaidh daoine cuid mhór rudaí leat faoi mhaireachtáil agus faoin mbás, ach nuair a thagann an crú ar an tairne, is é a déarfaidh mórchuid na ndaoine ‘lig dom maireachtáil’. Agus is é is fearr liomsa maireachtáil.”    

Tá Mark O’Connor ar dhuine díobh siúd a chuir ar bun an Cork Dragon Boat Club, club iomartha as an ngnách. Is beag nach curfá na focail sin dá chuid ag na céadta ar fud na hÉireann atá ina mball de chlub bád dragain; fir agus mná a théann amach gach seachtain ar locha, ar aibhneacha agus ar an bhfarraige i mbun spórt faoi leith.  

Is é an difríocht idir na céaslóirí seo agus daoine i ngach cineál club céaslóireachta eile, gur tháinig ailse ar an saol ag an uile dhuine acu, go díreach nó go hindíreach.

Sa chlár suntasach faisnéise seo, buailtear leis an iliomad duine a bhfuil tosaithe acu ar an spóirt seo le blianta beaga anuas. Buailtear bóthar as Baile Átha Cliath go Tír Chonaill, Ceatharlach, Sligeach, Maigh Eo agus Corcaigh go bhfeictear gnáthdhaoine a tarraingíodh le chéile mar gheall ar dhrochscéala agus an spórt faoi leith seo ina cheangal eatarthu anois.

Cineál ársa spóirt an rásaíocht bád dragain atá á chleachtadh sa tSín le dhá mhíle bliain agus níos mó. Tá sé anois ar cheann de na cineálacha spóirt uisce is mó a bhfuil borradh faoi ar fud an domhain. I rith na 1990idí, chuir dream taighde i gCeanada suim ann mar spórt a bheadh go maith ag daoine tar éis ailse cíche; chonacthas gur neartaigh an spórt uachtar na colainne ag othair ailse cíche agus ag daoine a bhí ag teacht uaidh agus go ndearna sé maitheas síceolaíochta freisin agus don tsláinte go ginearálta.

Sa bhliain 2010 a cuireadh an chéad Chlub Bád Dragain in Éirinn ar bun i mBaile Átha Cliath. Feictear roinnt de na Plurabelle Paddlers ar Dragon Hearts, an chéad dream sin a thug faoin spórt sa tír seo, chomh maith le daoine as roinnt de na clubanna eile ar fud na tíre a tugadh chun cinn le deich mbliana anuas, ina measc na Carlow Warriors, Medb’s Dragon Warriors i Sligeach, an Gráinne Mhaol Dragon Boat Club i Maigh Eo agus na Donegal Dragons. Tá ceamaradóireacht álainn ann, ón aer anuas, ón uisce aníos agus eile, agus fir agus na mná na gclubanna seo á leanúint ar feadh séasúr iomlán traenála agus rásaíochta.

Téann siad san iomaíocht ag rásaí ar fud na tíre agus feictear bua agus cailliúint, spraoi, dua, díomá, bís agus sceitimíní. Feictear iad ag traenáil go dícheallach, ag rásaíocht go díocasach agus ag seasamh le chéile go dílis.

Is mór an ní gach buille céaslóireachta, ní hamháin maidir leis an mbád a thiomáint chun cinn ach maidir le sárú ailse cíche ag gach uile dhuine de na céaslóirí féin. Clár faisnéise croíúilDragon Heartsnach faoi spórt agus rásaíocht amháin é, ach faoi theacht slán, maireachtáil go beo beathach agus bisiú le barr brí – fiú nuair is géire cás an duine.

Beidh Dragon Heart sá chraoladh Dé Luain, an 21 Aibreán ag 6:30 i.n. ar RTÉ One & ar an RTÉ Player 

-CRÍOCH- 

Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ


Is mian le RTÉ, i gcomhar le Banijay Rights agus Fís Éireann, an tSraith Choiméide-Dhrámaíochta nua le John Butler, ‘These Sacred Vows’ a fhógairt 

Is é Treasure Entertainment a léireoidh an tsraith sé chlár seo 

Is iad Tom Vaughan-Lawlor, Justine Mitchell, India Mullen agus Jason O’Mara príomhaisteoirí na sraithe

Is mian le RTÉ, i gcomhar le Banijay Rights agus Fís Éireann ‘These Sacred Vows’ a fhógairt. An scríbhneoir scáileáin Éireannach mór le rá John Butler a scríobh agus a stiúir an tsraith nua drámaíochta grinn seo faoi bhainis Éireannach sa Spáinn; seachtain de bheith ag ól i gcaitheamh an lae agus oícheanta ragairne ina dtagann eagla, éad agus dúil faoi rún chun cinn.

Cuirfear tús le léiriú na sraithe, a bhfuil cliar aisteoirí Éireannacha den scoth páirteach inti lena n-áirítear Tom Vaughan-Lawlor (Love/Hate, Avengers: Infinity War/Endgame), Justine Mitchell (Derry Girls, Smother), Jason O’Mara (Agents of SHIELD, The Man In The High Castle) agus India Mullen (Normal People, Say Nothing), ar an láthair in Tenerife inniu (Dé Luain an 7 Aibreáin).

Banijay Rights a láimhseálfaidh dáileadh domhanda na sraithe.  Beidh an seó á léiriú ag Rob Walpole agus Rebecca O’Flanagan ón gcomhlacht léiriúcháin neamhspleách Éireannach Treasure Entertainment, a bhfuil gradaim buaite aige, a bhfuil saothair amhail príomhscannáin le John Butler – Papi Chulo, Handsome Devil agus The Stag – mar aon leis an seó sceitse teilifíse a bhuaigh IFTA Your Bad Self, Viva le Paddy Breathnach, a gearrliostaíodh do ghradam Oscar agus Flora and Son ó John Carney le gairid mar aon lena Power Ballad atá le teacht luaite leo. Ba é David Crean, Ceann Gníomhach na Drámaíochta, RTÉ, a choimisiúnaigh These Sacred Vows.

Cuirtear tús leis an tsraith These Sacred Vows (6 chlár 60 nóiméad) an mhaidin tar éis na bainise, nuair a aimsítear corp sagairt ar a bhéal faoi sa linn snámha i Villa na gcuairteoirí óga.  Thar sé chlár, féachtar siar ar eachtraí tábhachtacha a tharla le linn na seachtaine fiáine sin, le gach ceann de na heachtraí á dtaispeáint ó dhearcadh carachtair dhifriúil.

Is é Tom Vaughan-Lawlor atá i bpáirt an Athar Vincent, is í Justine Mitchell atá i bpáirt Sandra, máthair na Brídeoige, agus is é Jason O’Mara atá i bpáirt Vincent, athair na Brídeoige. Áirítear ar an gcliar freisin Adam John Richardson (Vikings: Valhalla, The Dry), Tom Hanson (Brassic, The Outlaws), Jade Auguste (His Dark Materials, Trauma), Aaron Heffernan (Brassic, Femme) agus Aoife Hinds (Normal People; Dune Prophecy). Ar an gcliar freisin tá na fuirseoirí Éireannacha Shane Daniel agus Catherine Bohart.

Is iad David Crean, Ceann Gníomhach Drámaíochta, agus Dermot Horan, Stiúrthóir Éadálacha agus Comhléirithe na Léiritheoirí Feidhmiúcháin ar These Sacred Vows do RTÉ; Is iad Rob Walpole agus Rebecca O’Flanagan a bheidh i mbun léirithe le haghaidh Treasure Entertainment; Cathy Payne agus Simon Cox a bheidh ina Léiritheoirí Feidhmiúcháin do Banijay Rights agus is í Kate McColgan a bheidh ina Léiritheoir Feidhmiúcháin do Fís Éireann.

Dúirt David Crean, Ceannasaí Gníomhach Drámaíochta RTÉ: “Tá RTÉ ar bís faoi dhrámaíocht iontach John Butler a chur ar an scáileán.  Léimeann an scéal seo, atá lán le beocht, spraoi agus dánacht, den leathanach agus beidh an-tóir ag lucht féachana na hÉireann ar an tsraith seo, a bheidh i measc roinnt den ábhar den scoth a chuirfidh drámaíocht RTÉ ar fáil i mbliana.  Cuireann These Sacred Vows béim ar ghealltanas RTÉ sárábhar na hÉireann a chur ar taispeáint agus réimse den drámaíocht áitiúil den scoth a chur ar fáil do lucht féachana in Éirinn.”

Dúirt John Butler, a scríobh agus a bhí i mbun stiúrtha ar thrí shraith le déanaí de The Outlaws le Stephen Merchant do BBC One agus Amazon Prime (a bhuaigh duais RTS): “Is breá liom an smaoineamh go mbeadh sé scannán den stíl chéanna ann, iad go léir suite san áit chéanna ar laethanta i ndiaidh a chéile, agus go mbeadh taithí an-difriúil go deo ag gach duine de na carachtair sin ar bhainis Éireannach.  Ní hionann bainis Éireannach agus bainiseacha eile – bíonn siad craiceáilte – agus is féidir iad a cheangal le gach duine mar (ar nós míolra) bítear ag súil i gcónaí leis an mbagairt go bhfuil Lá Mór Duine Éigin ar an mbealach.”

Dúirt Rebecca O’Flanagan agus Rob Walpole ó Treasure Entertainment: “Táimid an-sásta a bheith ag obair lenár gcomrádaí agus lenár gcara John Butler ar an tionscadal greannmhar ach corraitheach seo.  Tá John ina mháistir ar an aoibhneas a cheangal leis an áiféis agus ní raibh sé sin chomh fíor riamh is a bhí sé sna scripteanna seo atá curtha le chéile go hálainn aige.   Bhí RTÉ go mór i bhfách leis an tionscadal seo ón gcéad uair a cuireadh i láthair dúinn ó bhéal é; Tá Fís Éireann ag tacú lenár gcuid oibre le John le fada an lá; agus cuireann Banijay a bheith linn ar na babhtaí dáilte domhanda go hálainn leis an maoiniú.  Tá an chliar is fearr ar fad de thallann bhunaithe agus d’aghaidheanna úra spreagúla curtha le chéile againn le cur os comhair an cheamara.   Táimid ar bís ceart faoin gceann seo’.

Dúirt Simon Cox, Ábhar agus Éadálacha EVP, Banijay Rights:  “Le script, foireann aisteoireachta agus foireann chruthaitheach den scoth, beidh These Sacred Vows ar an gceann is déanaí i sraith fhada den drámaíocht teilifíse den scoth a thiocfaidh ó Éirinn.  Táimid ar bís an caidreamh fadtéarmach atá againn le RTÉ, atá ina chomhpháirtí idirnáisiúnta sa dráma infhillte seo a bheidh á chur i láthair againn don mhargadh níos déanaí i mbliana, a fhorbairt.”

Dúirt Kate McColgan, Ceann Teilifíse Fís Éireann: “Tá ríméad ar Fís Éireann tacú le léiriú These Sacred Vows:  Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le John Butler agus leis an bhfoireann ar fad i Treasure as sraith teilifíse an-chliste, greannmhar agus láidir a chruthú a bheidh go leor daoine ag tarraingt uirthi, ní hamháin lucht féachana na hÉireann, ach iadsan ar fud an domhain a bhfuil an-tóir acu ar ábhar teilifíse den scoth.  Tá an-ríméad ar Scáileán Éireann go rabhamar ábalta tacú le John Butler le linn a ghairme agus táimid ag tnúth le lucht féachana na hÉireann a bheith in ann an tsraith mhór teilifíse seo a fheiceáil ar RTÉ an bhliain seo chugainn.”

Craolfar These Sacred Vows ar RTÉ in 2026.

CRÍOCH


TÁ RTÉ AR AN mBEALACH GO PÁIRC AN CHRÓCAIGH AGUS BEIDH CRAOBHCHOMÓRTAS CLG NÁR CHEART A CHAILLEADH SAORCHRAOLTA AR GACH ARDÁN  

Cuirfear tús le The Sunday Game Live go saorchraolta Dé Domhnaigh an 6 Aibreán

Beidh Henry Shefflin, Conor McManus agus Chrissy McKaigue ar phainéal RTÉ

Sheol RTÉ a chlúdach ar Chraobhchomórtas CLG 2025 inniu scannán cumhachtach a bhfuil dlúthbhaint aige le caidreamh paiseanta agus buan na hÉireann lenár gcluichí náisiúnta. Tá Seán Ó Maoilchiaráin – an Chéad Pheileadóir as Árainn ar Fhoireann Sinsear Peile na Gaillimhe – le feiceáil sa scannán a taifeadadh ar Inis Mór, ar thrá Chill Mhuirbhigh agus ar chúirt liathróid láimhe Chill Rónáin, agus cuirtear sainchomharthaí idirnáisiúnta os comhair an lucht féachana ar nós Dún Aonghasa, a bhfuil cáil air go hidirnáisiúnta.

Cuirfidh RTÉ tús le craoladh beo ar na gCraobhchomórtas an deireadh seachtaine seo, ag leanúint le clúdach CLG saorchraolta ar feadh na bliana ar fud ábhar físe, fuaime agus ar líne ar RTÉ One, RTÉ Player, RTÉ Radio 1, RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Radio App, RTÉ.ie agus Podchraoladh CLG RTÉ.

Ní bheidh an lucht féachana ag iarraidh Craobhchomórtais CLG 2025 a chailleadh ina mbeidh géarchoimhlintí ag teacht chun cinn arís, ócáidí nach ndéanfar dearmad go brách orthu, agus gach uile chontae ag súil leis an mbua a fháil. Beidh gach uile nóiméad ag RTÉ den aicsean, bíodh tú sa bhaile nó ar shiúl. Is é RTÉ, eagraíocht náisiúnta meán cumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann, an t-aon chraoltóir in Éirinn a bhfuil clúdach CLG aige ar gach ardán.

Cuirfear tús leis an gclúdach beo teilifíse ar The Sunday Game Live Dé Domhnaigh an 6 Aibreán ar RTÉ 2 agus ar an RTÉ Player nuair a chuirfidh Joanne Cantwell clúdach beo ar an gcluiche idir Dún na nGall agus Doire i gCraobh Sinsir Uladh i mBealach Féich (Ag tosú ag 2.00i.n.) inár láthair. An trathnóna sin ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player beidh an clár buaicphointí, The Sunday Game, ar ais ar an aer á chur i láthair ag Jacqui Hurley.

Sa séasúr seo beidh laoch iomána Chill Chainnigh Henry Shefflin ar ais ar The Sunday Game agus The Sunday Game Live chomh maith leis an imreoir peile iontach Conor McManus as Muineachán agus Chrissy McKaigue as Doire, beirt a d’éirigh as le gairid tar éis gairmeacha imeartha iontacha.

Beidh clúdach beo freisin ar cheithre chluiche ceannais na gCúigí sa bPeil chomh maith le Craobhacha Iomána na Mumhan agus Laighean, Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha agus Corn Tailteann chomh maith le Cluichí Leathcheannais na hÉireann sa Pheil, Iomáint agus Camógaíocht.

Anuas air sin, beidh tráchtaireacht trí mheán na Gaeilge ar fáil do chluichí ar leith ón 7 Meitheamh ag tosú le Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan. I measc na gcluichí eile a mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil dóibh beidh Cluiche Ceannais Iomána Laighean, Cluichí Ceathrú Ceannais, Leathcheannais agus Ceannais Peile agus Iomána na hÉireann chomh maith le Cluiche Ceannais na hÉireann sa chamógaíocht agus Cluiche Ceannais Chorn Tailteann.

Beidh tráchtaireacht bheo, na scéalta is déanaí agus tuairiscí ar RTÉ Radio 1 ar chluichí craoibhe an deireadh seachtaine ar Sunday Sport agus clár speisialta níos faide de Saturday Sport i rith shéasúr an Chraobhchomórtais. Beidh réamhléirithe agus súil siar ar Game On ar RTÉ 2FM agus ar Morning Ireland ar RTÉ Radio 1. Beidh achoimre iomlán ar na buaicphointí agus ar na príomhábhair chainte ar fheasacháin nuachta teilifíse an deireadh seachtaine ar Six One agus Nine O’Clock News leis an Tuairisceoir CLG Marty Morrissey.

Beidh The Championship, á chur i láthair ag Damian Lawlor, ar ais ar RTÉ Radio 1 gach Aoine ón 4 Aibreán ag a 10.00i.n. ar a mbeidh nuacht, réamhléirithe agus agallaimh eisiacha chun go mbeidh tú in ann aicsean an deireadh seachtaine ar fad a leanúint ar fud raidió, teilifís agus ábhar ar líne RTÉ.

Tá cearta Gaeilge ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chluichí ar fad Chraobhchomórtas CLG, agus beidh neart spóirt á chlúdach acu d’éisteoirí an samhradh seo le tráchtaireacht, tuairisciú, agallaimh iarchluiche agus anailís bheo ar na cláir spóirt Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna Dé Sathairn agus Spórt an Lae Dé Domhnaigh. Déanfar clúdach beo raidió ar an gcraobhchomórtas ar a mbeidh go leor anailísithe iomráiteacha sa pheil agus san iománaíocht.

Cuirfear tús le clúdach Raidió na Gaeltachta leis an gclár Spórt an Tráthnóna Dé Sathairn an 5 Aibreán ón 8pm ina mbeidh tráchtaireacht bheo ó Ghearóidín Nic an Iomaire i bPáirc na nGael sa Bronx i Nua-Eabhrac do Chraobhchomórtas Sinsear Peile Chonnacht.

Lean na cluichí ar fad ar láithreán gréasáin Spórt RTÉ agus ar aip RTÉ News lenár mblaganna beo, ár dtuairiscí ar chluichí agus ár dtuairimí a fháil. Ar chaill tú an t-aicsean? Féach ar bhuaicphointí na gcluichí ar leathanach YouTube RTÉ, RTÉ.ie agus aip RTÉ News. Beidh gné-ailt, agallaimh agus an nuacht is déanaí ar fad chomh maith le saintuairimí ó cholúnaithe Lee Keegan, Enda McGinley agus Shane McGrath.  Beidh an chraic agus an anailís is fearr ag Jacqui Hurley agus Rory O’Neill ar an bpodchraoladh CLG faoi dhó sa tseachtain. Lean The Sunday Game ar Twitter, Instagram agus Facebook chun na buaicphointí, an tsáranailís agus an plé is fearr a fháil.

Dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt, RTÉ: “Tá tuiscint ar an ‘gcraobhchomórtais’ fós uathúil in aigne spóirt na hÉireann. Bíodh tú i gCluain Eois, i Staid Semple, i bPáirc de hÍde nó i bPáirc an Chrócaigh i ndeireadh na dála, is i mbearna baoil an Chraobhchomórtais a chruthaítear agus a scriostar mianta croí. Is mór an phribhléid do RTÉ fós a bheith in ann na hócáidí sin a chraoladh ar na hardáin ar fad agus mar is amhlaidh gach bliain, tá muid ag súil le taispeántas dinimiciúil, corraitheach agus tarraingteach i ngach cód.”

CRÍOCH

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

 

Fergus McCormack, Cumarsáid RTÉ, fergus.mccormack@rte.ie, 086 8674751

 

Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ, sarah.neville@rte.ie, 087 9800561

 

Is féidir íomhánna a fháil anseo le híoslódáil: Íomhánna – Seoladh Chraobhchomórtas CLG RTÉ 2025

 

Nóta don Eagarthóir:

 

Tá RTÉ ag seoladh a chuid clúdaigh inniu ar Chraobhchomórtas CLG 2025 le scannán cumhachtach a bhfuil dlúthbhaint aige le caidreamh paiseanta agus buan na hÉireann lenár gcluichí náisiúnta. Tá Seán Ó Maoilchiaráin – an Chéad Pheileadóir as Árainn ar Fhoireann Sinsear Peile na Gaillimhe – le feiceáil sa scannán a taifeadadh ar Inis Mór, ar thrá Chill Mhuirbhigh agus ar chúirt liathróid láimhe Chill Rónáin, agus cuirtear sainchomharthaí idirnáisiúnta os comhair an lucht féachana ar nós Dún Aonghasa, a bhfuil cáil air go hidirnáisiúnta. Tá baint ag Seán le foireann na Gaillimhe ó bhí sé ag imirt F14 agus leis an scuad sinsir ó 2018. D’imir sé lena chlub áitiúil CLG Oileáin Árann, agus bhí sé ag taisteal ón oileán go dtí an mórthír don traenáil agus do na cluichí sular bhog sé go cathair na Gaillimhe le gairid. Arna léiriú ag Seirbhísí Cruthaitheachta agus Margaíochta RTÉ, beidh páistí ó Scoil Rónáin, Coláiste Naomh Éinne agus Scoil Eoin Pól II le feiceáil sa scannán.