Áiseanna Stiúideo


Fiosrúchán maidir le Stiúideonna:

Teileafón: + 353 1 208 3372 nó Ríomhphost: ppcradio@rte.ie

Téarmaí agus Coinníollacha maidir le hÁiseanna Léiriúcháin a Fhruiliú

Is ceart na Téarmaí agus na Coinníollacha a leagtar amach anseo thíos a léamh in éineacht leis an Litir Tairisceana ó RTÉ chugatsa, an Fruilitheoir, agus ar a n-áireamh le chéile is ionann iad agus Comhaontú idir RTÉ agus an Fruilitheoir maidir le hacmhainní léiriúcháin a fhruiliú agus a úsáid ar feadh tréimhse fruilithe (mar a shonraítear go mion sa Litir Tairisceana).

Admhaíonn agus aontaíonn an Fruilitheoir gur léadh na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach anseo sula ndearnadh an Litir Tairisceana a chomhshíniú.

1. Ní féidir aon athrú ar na leibhéil foirne, na huaireanta fruilithe, an trealamh ná aon fhoráil eile a leagtar amach sa Litir Tairisceana a dhéanamh ach amháin má aontaítear an t-athrú sin i scríbhinn idir an Fruilitheoir agus RTÉ. 

Déanfar aon chostas breise a thagann i gceist de thoradh ar athrú nó leasú ar bith den chineál sin a ghearradh dá réir ar an bhFruilitheoir mura n-aontaítear a mhalairt.

2. Admhaíonn an Fruilitheoir go sonrófar sa Litir Tairisceana an praghas agus na téarmaí íocaíochta maidir leis na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag RTÉ don Fhruilitheoir.  Aontaíonn an Fruilitheoir an t-airgead, cáin CBL ar an ráta cuí san áireamh sa chás go dtagann sin i gceist, a íoc le RTÉ de réir mar a leagtar amach sa Litir Tairisceana

3. Aontaíonn an Fruilitheoir go ndéanfar an chéad ghála den tsuim shonraithe a íoc ar an gcéad lá den fhruiliú nó roimh an lá sin agus beidh an gála deireanach dlite laistigh de 28 lá de dheireadh a theacht leis an tréimhse fruilithe atá i gceist.  Coimeádtar de cheart ag RTÉ an Comhaontú a fhoirceannadh sa chás nach ndéanann an Fruilitheoir íocaíocht i gcomhréir leis na téarmaí seo.  Sa chás nach ndéantar an íocaíocht deiridh faoi dheireadh na tréimhse cuí (faoi mar a leagtar amach go sonrach sa Litir Tairisceana), gearrfaidh RTÉ ús ar na suimeanna atá gan íoc ar ráta bliantúil 2% sa bhreis ar an ráta DIBOR.

4. Aontaíonn an Fruilitheoir go gcuirfear aon ábhar buartha nó fiosrúchán i ndáil leis na seirbhísí agus/nó áiseanna atá á gcur ar fáil ag RTÉ faoi na téarmaí agus na coinníollacha seo in iúl gan mhoill do RTÉ agus déanfaidh RTÉ iarrachtaí réasúnacha déileáil le hábhar buartha den sórt sin.

5. Admhaíonn an Fruilitheoir go ndéanfar, nuair a chuirtear fostaithe de chuid RTÉ ar fáil don Fhruilitheoir, caitheamh le dínit agus le meas leis na fostaithe sin agus go gcinnteoidh an Fruilitheoir go gcomhlíontar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann lena gcuid fostaíochta taobh istigh de RTÉ, an teidlíocht maidir le sosanna béile san áireamh (cé nach i ndáil leis sin amháin é).

6. Déanfaidh RTÉ gach iarracht réasúnach daoine ainmnithe a chur ar fáil don Fhruilitheoir maidir le coimisiún.  Sa chás nach mbíonn duine ainmnithe den sórt sin ar fáil, coimeádtar de cheart ag RTÉ duine eile atá cáilithe go cuí a chur ar fáil in ionad an duine ainmnithe.

7. Cinnteoidh an Fruilitheoir go ndéantar de réir Threoirlínte Sláinte agus Sábháilteachta RTÉ (tá cóip ar fáil ach a iarraidh ar RTÉ).  Tiocfaidh san áireamh leis sin, nuair a bhaineann le hábhar, dearadh seite, tógáil seite agus teorainn leis an úsáid as ábhar ceobhráin taobh istigh d’áras na stiúideonna.

8. Cinnteoidh an Fruilitheoir go ndéantar de réir ghnásanna slándála RTÉ agus cuirfidh RTÉ na gnásanna sin in iúl don Fhruilitheoir roimh ré.  Sa chás go mbíonn gá ag an bhFruilitheoir nó ag fostaithe de chuid an Fhruilitheora le pasanna Slándála de chuid RTÉ, aontaíonn an Fruilitheoir go dtabharfar iad sin ar ais go pras ar dheireadh a theacht leis an tréimhse fruilithe atá i gceist.

9. Cinnteoidh an Fruilitheoir go gcuirtear an fhaisnéis airgeadais a bhaineann le hábhar ar fáil do RTÉ nuair a bhítear ag cur isteach ar théarmaí creidmheasa e.g. tagairtí trádála agus/nó sainordú maidir le dochar díreach.

10. Sa chás gur mian leis an bhFruilitheoir míreanna sonracha a cheannach ó RTÉ le linn ré feidhme an Chomhaontaithe seo, aontaítear gur le RTÉ úinéireacht agus teideal ar earraí ar bith den sórt sin go dtí go mbíonn an íocaíocht deiridh faighte.

11. Beidh an Fruilitheoir freagrach as árachas dliteanais phoiblí maidir le haon fhostaí de chuid an Fhruilitheora féin agus cinnteoidh an Fruilitheoir, de réir mar a bhaineann le hábhar, go n-oibríonn fostaithe an Fhruilitheora leis an gcúram cuí agus an scil chuí maidir le húsáid a bhaint as trealamh agus áiseanna de chuid RTÉ a chuirtear ar fáil don Fhruilitheoir faoi na Téarmaí agus na Coinníollacha seo.

12. Ní bheidh RTÉ, maidir le haon damáiste nó aon chaillteanas a eascraíonn go díreach ó mhífheidhmiú nó neamhfheidhmiú RTÉ i ndáil leis na dualgais atá ar RTÉ faoin gComhaontú seo, faoi dhliteanas iomlán is mó ná suim atá cothrom le suim a leagtar amach sa Litir Tairisceana.  In aon chás ar bith, ní bheidh RTÉ faoi dhliteanas, i gcúrsaí conartha ná i dtort (faillí nó sárú ar dhualgas faoin reachtaíocht san áireamh) ná eile, ar bhealach ar bith, agus cibé cúis atá leis (i) maidir le haon ardú ar chostas ná ar chaiteachas, (ii) maidir le haon chaillteanas brabúis, gnó, conarthaí, ioncaim nó coigiltis réamh-mheasta, ná (iii) maidir le haon damáiste speisialta, indíreach nó iarmhartach ná caillteanas de shórt ar bith, a eascraíonn ón gComhaontú seo.

13. Ní dhéanfaidh an Fruilitheoir tagairt ar bith do RTÉ in aon ábhar fógraíochta, bolscaireachta nó foilseacháin gan cead roimh ré ó RTÉ.

14. Cinnteoidh an Fruilitheoir go gcloíonn gach gníomhaire de chuid an Fhruilitheora leis na téarmaí agus leis na coinníollacha seo.

15. Ní bheidh páirtí ar bith faoi dhliteanas maidir le moill ná mainneachtain i gcomhlíonadh dualgais más de thoradh ar eachtraí nó cúinsí nach bhfuil faoi smacht an pháirtí go réasúnach a tharlaíonn an mhoill nó an neamhchomhlíonadh. De ghrá éiginnteacht a sheachaint, áirítear le heachtraí nó cúinsí den sórt sin mainneachtain i gcás soláthraithe nó fochonraitheoirí, aighneas trádála agus rialachán rialtais.

16. Is féidir le haon cheann de na páirtithe an Comhaontú a fhoirceannadh le héifeacht láithreach trí fhógra i scríbhinn a thabhairt sa chás go bhfuil (a) an Comhaontú seo á shárú ag an bpáirtí eile agus nach féidir an sárú sin a leigheas nó go bhfuil (b) an comhaontú á shárú ag an bpáirtí eile agus nach gcuireann an páirtí sin an cás ina cheart laistigh de 14 lá ó thugtar fógra i scríbhinn maidir leis an sárú nó (c) go dtagann aon cheann de na páirtithe chun bheith dócmhainneach nó nach mbíonn páirtí in acmhainn fiacha a íoc nuair a bhíonn sin dlite.  Ní dhéantar dochar leis an gclásál seo do cheart aon cheann de na páirtithe caingean dlí a thionscnamh sa chás go dtarlaíonn neamhíocaíocht nó neamhchomhlíonadh dualgais.

17. Tagann an Comhaontú seo faoi rialú dhlí na hÉireann agus géilleann na páirtithe leis seo do dhlínse chúirteanna na hÉireann.