Beidh RTÉ i dteannta scoláirí na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh ant-am ar fad an t-earrach seo
Shakespeare ar an Domhnach, ábhar oideachais ar rte.ie/learn, cláracha raidió nua
Gné nua is ea ‘Shakespeare on Sunday’ do RTÉ2, a gcuirfear tús leis Dé Domhnaigh, ina gcraolfar léirithe Shakespeare do scoláirí na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh gach Domhnach in Eanáir agus i bhFeabhra. Craolfar A Midsummer Night’s Dream (léiriú 2016 le John Hannah agus Matt Lucas), ábhar atá ar Churaclam an Teastais Shóisearaigh do 2021 agus 2022, an Domhnach seo chaite.
Áirítear ar na scannáin eile a bheidh le craoladh ar RTÉ2 sna seachtainí agus míonna amach romhainn:
- Dé Domhnaigh an 24 Eanáir, 1.25pm King Lear (Ardteist 2021 – Leagan 1982 le Brenda Blethyn, Michael Hordern);
- Dé Domhnaigh an 31 Eanáir, 1.55pm Julius Caesar (Teastas Sóisearach 2021 agus 2022 – Leagan 1979 le Charles Grey);
- Dé Domhnaigh an 14 Feabhra, 2pm nó mar sin Romeo and Juliet (Teastas Sóisearach 2021 agus 2022 – Leagan 1978 le Alan Rickman, Anthony Andrews agus Rebecca Saire);
- Dé Domhnaigh an 21 Feabhra, 2pm nó mar sin Much Ado About Nothing (Teastas Sóisearach 2021 agus 2022 – Leagan 1984 le Charie Lunghi agus Jon Finch);
- Dé Domhnaigh an 28 Feabhra, 2pm nó mar sin: The Tempest (Ardteist 2021 – leagan 1978 le Andrew Sachs)
- Dé Domhnaigh an 13 Márta, sa tráthnóna, am le deimhniú, Othello (1995, Laurence Fishbourne an príomhaisteoir)
>>>Is féidir neart ábhar oideachais de chuid RTÉ a fháil ar RTE.ie/learn
Tá RTÉ ag cur réimse de mhodúil teagaisc agus bileoga oibre ar líne ar fáil do churaclam an Teastais Shóisearaigh. Modúil iad seo atá curtha i dtoll a chéile i gcomhar agus i gcomhpháirtíocht le Múinteoirí Sraithe Sóisearaí. Is iad na hábhair atá i gceist, mar chuid de thionscnamh leanúnach idir an BAI/JCT/RTÉ: Stair, Oideachas Reiligiúnach, Gaeilge, Béarla, Tíreolaíocht, Staidéar Gnó, CSPE, SPJE agus na Meáin Dhigiteacha. https://www.rte.ie/learn/junior-cycle/
>>Craolfar cláracha nua agus cuirfear am ar fáil sa sceideal ar Raidió RTÉ chun freastal ar riachtanais scoláirí an t-earrach seo
Clár nua dátheangach é StaidAir a chuirfidh Bláthnaid Treacy i láthair ar 2FM chun cúnamh a thabhairt do scoláirí atá ag réiteach don scrúdú cainte. Tabharfaidh saineolaithe ar an nGaeilge noda, stór focal agus ábhar ar an gclár fad is a bheidh an 40 amhrán is fearr díola in Éirinn á bhfógairt. Cuirfear sraith podchraoltaí ar fáil i dtaca leis an gclár chomh maith ina bhfiosrófar an bealach is fearr le tú féin a ullmhú don scrúdú. Cuirfear tús leis an tsraith Dé Máirt an 19 Eanáir ag 8pm agus beidh an clár ar siúl ó Luan go Déardaoin ar feadh ceithre seachtaine.
Craolfar LC 21 le Carl Mullan, ag 7pm ó Luan go Déardaoin ar feadh trí seachtaine. Cruthófar pobal leis an gclár seo do scoláirí agus rachfar i ngleic le pleananna staidéir, tabharfar comhairle faoi mar is féidir leo aire mhaith a thabhairt dóibh féin sna míonna amach romhainn, agus ar an mbealach le díriú ar an méid a bhfuil smacht acu air. Clár é seo ar a mbeidh go leor aoichainteoirí, turgnaimh, spraoi agus ceol den scoth dar ndóigh. Beidh teacht ar an gclár ar cheann ar bith de na hardáin a bhíonn agat le héisteacht le podchraoltaí nó ar raidió Ar Éileamh.
Ar Drivetime, Radio 1 gach Dé Máirt agus Déardaoin ag 6.30pm, cuirfidh Evelyn O’Rourke an clár Drivetime Study Hub, i láthair, clár leathuaire idirghníomhach ina gcuirfear neart tacaíochta agus comhairle ar fáil do scoláirí dara leibhéal, go háirithe scoláirí atá ag réiteach do na Scrúduithe Stáit. Chomh maith le comhairle a thabhairt ar phleanáil, noda don staidéar agus acmhainní ar líne, beidh roinnt de na múinteoirí is fearr sa tír ar an gclár. Rachaidh siad sin trí phríomhábhair agus páipéir scrúdaithe na hArdteiste céim ar chéim leis na scoláirí. Beidh scoláirí ábalta a gcuid tuairimí agus nithe atá ag cur imní orthu a chur in iúl ar Study Hub agus beidh Evelyn ag coinneáil súil ghéar ar an nuacht agus eolas is déanaí agus rang na bliana 2021 ag fáil faoi réir le haghaidh a thabhairt ar shéasúr scrúduithe trína chéile eile.
Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta cuirfear am i leataobh ar an gclár Tús Áite gach seachtain nuair a labhróidh Fachtna Ó Drisceoil le haíonna éagsúla faoi na dúshláin atá siad ag dul i ngleic leo faoi láthair agus mar atá siad ag déileáil leis an scolaíocht bhaile. Tabharfar noda agus comhairle do thuismitheoirí agus do dhaoine óga atá sa bhaile agus beidh deis acu teagmháil a dhéanamh leis an gclár an taithí atá acu féin a roinnt chomh maith le ceisteanna ar bith atá acu a chur. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil ar chláracha eile ar fud na seirbhíse chomh maith chun tacú le daoine óga agus tuismitheoirí ag an am deacair seo.
>>Tá cláracha faisnéise eolaíochta, staire agus dúlra ar an RTÉ Player doscoláirí sa Timthriall Shóisearach agus sa Timthriall Shinsearach
An Timthriall Shóisearach
• Cloud Control: Who owns your data Filleann Anne-Marie Tomchak abhaile go hÉirinn agus díocas uirthi saol ina bhfuil ár méarloirg dhigiteacha á dtógáil agus á ndúshaothrú i ngach réimse den saol nuaaoiseach seo a fhiosrú
• Tommy Bowe’s Body Check Léargas ar leith ar an méid atá i gceist le barr do mhaitheasa a bhaint amach sa rugbaí gairmiúil trí eolaíocht agus fiseolaíocht chliathánaí na hÉireann agus Uladh Tommy Bowe a fhiosrú.
• Ireland’s Deep Atlantic Rachaimid i dteannta Ken O’Sullivan, ceamaradóir faoi thoinn, agus é ag tabhairt faoi shraith de thurais ibhfarraigí an Atlantaigh Thuaidh sa tóir ar mhíolta móra, siorcanna agus coiréil fuaruisce 3,000 síos ar ghrinneall farraige na hÉireann.
An Timthriall Shinsearach
• 1916 – The Irish Rebellion clár faisnéise ceannródaíoch ina dtugtar léargas cuimsitheach ar Éirí Amach na Cásca. Cíorfar an tionchar ollmhór ag a bhí ag an Éirí amach ar an tír seo agus ar thíortha ar fud an domhain agus an ról tábhachtach a bhí ag muintir na hÉireann i Meiriceá sa méid a tharla roimh an éirí amach.
• The Irish Revolution Togra ollmhór faisnéise a bhí anseo le comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó tharla Cogadh na Saoirse sa tír seo. Is é Cillian Murphy an scéalaí.