Ráiteas RTÉ: Torthaí Bhord um Chaighdeáin Eagarthóireachta RTÉ
Tá sé cinnte ag Bord um Chaighdeáin Eagarthóireachta RTÉ nach raibh sceitse faoi Dhia a bhí ar Chlár Comhaireamh Síos Oíche Chinn Bliana RTÉ, ar sceitse aoire bhí in ainm is a bheith ann, ag cloí le caighdeáin féin RTÉ, ná le rialacháin níos leithne.
Chinn an Bord nach raibh an sceitse ag comhlíonadh na bhforálacha seo a leanas:
• Forálacha Alt 39 (1) (d) d’Acht Craolacháin 2009 agus Cód an BAI um Chaighdeáin Chláir maidir le hábhar a “mhaslaíonn” daoine gan údar.
• An soláthar atá déanta faoi Phrionsabal 5 sa Chód thuas (Meas a léiriú ar Dhaoine agus ar Ghrúpaí sa tSochaí) maidir leis an “meas cuí” a thabhairt do chreidimh reiligiúnacha.
Chinn Bord um Chaighdeáin Eagarthóireachta RTÉ chomh maith nach raibh an sceitse ag cloí leis an soláthar atá déanta i dTreoirlínte Iriseoireachta agus Ábhair RTÉ maidir le bheith tuisceanach do chreidimh reiligiúnacha daoine.
I ndiaidh dúinn torthaí Bhord um Chaighdeáin Eagarthóireachta RTÉ a bhreithniú, tá na cinntí seo a leanas déanta ag RTÉ:
• Déanfaidh RTÉ nochtadh deonach maidir le neamhchomhlíonadh le hÚdarás Craolacháin na hÉireann agus beidh sé rannpháirteach leis an údarás sa phróiseas sin;
• Iarrfaidh RTÉ ar an mBord um Chaighdeáin Eagarthóireachta athbhreithniú a dhéanamh ar na próisis a bhain le craoladh na míre agus tabharfaidh tuairisc ina leith;
• Bainfidh RTÉ an sceitse anuas den RTÉ Player;
• Craolfaidh RTÉ ráiteas agus leithscéal poiblí, a mbeidh béim chuí orthu, agus admhóidh nach raibh an sceitse seo ag teacht leis na caighdeáin a bheifí a súil uathu ón gcraoltóir náisiúnta.
Tá RTÉ den tuairim gur cuid thábhachtach í aoir san ábhar a chuirtear ar fáil don lucht féachana agus éisteachta. Ní mór áfach, mar aon le haon ghné eile dár n-aschur, go mbeadh míreanna aoire ag cloí lenár gcaighdeáin féin agus leis na caighdeáin atá leagtha amach in Acht Craolacháin 2009 agus i gCóid an BAI.
Is éard a dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ inniu: “Glacaimid le torthaí an Bhoird um Chaighdeáin Eagarthóireachta nár chomhlíon an sceitse seo ár dtreoirlínte féin ná na hoibleagáidí atá orainn faoi na cóid chuí. Ba mhaith liom leithscéal iomlán a ghabhadh ina leith sin thar ceann
RTÉ. Déanfaimid na próisis atá i gceist a athbhreithniú anois agus rachaimid i mbun rannpháirtíocht thairbheach anois leis an BAI.”