RTÉ SÚIL SIAR AR AN mBLIAIN 2019
EBIDTA €8.4 MILLIÚN AG RTÉ ARÍS DE BHARR MÉADÚ MEASARTHA AR IONCAM IOMLÁN AGUS COSTAIS OIBRÍOCHTA NÍOS LÚ SULA dTUGTAR AN COSTAS MAIDIR LE hIMEACHTAÍ SPEISIALTA AGUS GLANEASNAMH IOMLÁN €7.2M IN 2019 SAN ÁIREAMH
Féach le teacht ar an tuarascáil iomlán.
Déanfaidh RTÉ Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite an Ghrúpa don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019a eisiúint inniu*.
Tuarascáil Bhliantúil RTÉ 2019, go hachomair:
- Tháinig laghdú €2 mhilliún ar chostais oibríochtúla €337.8 milliún, lena n-áirítear na costais maidir le himeachtaí speisialta, i gcomparáid le 2018.
- Méadú measartha ar ioncam iomlán €342.1m (2018 €339.1m).
- Tháinig ísliú €4.2 milliún ar an ioncam tráchtála go €145.8 de thoradh ar an éiginnteacht maidir leis an mBreatimeacht agus maidir leis an athrú atá ag teacht ar nósanna daoine i dtaobh na meán cumarsáide.
- Tháinig ardú €7.2 milliún glan ar an ioncam ón gceadúnas teilifíse go €196.3 milliún de thoradh ar an ardú €8.9 milliún ar an gcistíocht phoiblí a fógraíodh i mBuiséad, 2019 a fuarthas ón DEASP i ndáil le ceadúnais teilifíse ‘saor in aisce’, athrú i bpáirt maidir leis na ciorruithe a cuireadh ar an gcistíocht phoiblí ón mbliain 2010 anuas.
- Ba ionann an costas a bhain le himeachtaí speisialta, Corn Rugbaí an Domhain, na toghcháin áitiúla agus toghchán na hEorpa ina measc, agus €4.1 milliún a bhí níos ísle ná leibhéil na bliana 2018, rud a d’fhág Glaneasnamh níos ísle roimh Mhíreanna Eisceachtúla agus Cháin na bliana cothrom le €9.1 milliún (2018 €12.6 milliún).
- Glaneasnamh i leith na bliana, tar éis cánach agus Míreanna Eisceachtúla a thabhairt san áireamh, cothrom le €7.2 milliún (2018 €13 milliún).
Léirítear freisin sa Tuarascáil Bhliantúil go leor de bhuaicphointí RTÉ sa bhliain 2019, ina measc:
- Tháinig forás 20% ar an líon daoine a d’fhéach ar an RTÉ Player i rith na bliana 2019.
- Cláracha de chuid theilifís RTÉ a bhí i 42 den 50 clár ba mhó lucht féachana i rith na bliana 2019, ardú ó 39 clár sa bhliain 2018.
- D’oibrigh RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona le níos mó ná 140 imeacht ealaíon ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus pobail i rith na bliana, ardú ó 130 sa bhliain 2018.
- Is é stiúideo RTÉ News an stiúideo teilifíse is gnóthaí in Éirinn le líon is mó ná 1,700 feasachán agus clár nuachta á gcraoladh as gach bliain. Rinneadh athchóiriú iomlán air sa bhliain 2019.
- Bhí éileamh níos géire sa bhliain 2019 ar thicéid don lucht féachana ag The Late Late Toy Show 2019 a ndeineadh breis is 90,000 iarratas orthu; d’fhéach 1.7 milliún duine ar an gclár ar ardáin éagsúla RTÉ.
- Tá eagrán mór na Nollag den RTÉ Guide ina ábhar iontais ag lucht foilsitheoireachta in Éirinn i gcónaí, díoladh beagnach 270,000 cóip.
- Bhí beagnach dhá mhilliún ag éisteacht le raidió RTÉ gach seachtain; d’éist 51.9% den lucht éisteachta fásta (15+) leis seachtain i ndiaidh seachtaine i rith na bliana 2019.
- Ceanglaíodh 75 milliún sruth fuaime le podchraolta agus clibíní de chuid chatalóg ar a éileamh RTÉ i rith na bliana 2019.
Ina theannta sin:
- Chruinnigh 157 leanbh le chéile ag tionól óige RTÉ maidir le Cúrsaí Aeráide
- Tá níos mó ná €3m bailithe ag an 2FM Xmas Ball don ISPCC ón mbliain 2015 i leith
- Bhí beagnach 1 mhilliún duine ag faire ar an gcluiche ceannais agus arís ar an gcluiche athimeartha idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí i gCraobh Peile na hÉireann
- Bhí RTÉ lyric fm 20 bliain ar an aer
- Ghuigh muintir na hÉireann suaimhneas síoraí ar an gcraoltóir iomráiteach Gay Byrne
Dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “D’oibríomar go crua ar fud na heagraíochta in 2019 ar mhaithe le luach a bhaint amach dár lucht féachana agus éisteachta trí níos mó ábhar nuacheaptha a léiriú don RTÉ Player, iléagsúlú a dhéanamh agus tús a chur le podchraoltaí agus sruthchraoladh chomh maith le hathúsáid a bhaint as ár n-ábhar iriseoireachta ar na hardáin ar fad chun freastal ar dhaoine cibé áit ina bhfuil siad agus cibé uair a thograíonn siad féin é. Leanamar dár ngealltanas a sheachadadh maidir le lucht féachana agus éisteachta na tíre a mhealladh chuig ár n-ábhar nuachta, cúrsaí reatha, spóirt, fíorúil agus siamsaíochta agus tráthanna speisialta, Craobhchomórtas CLG agus Late Late Toy Show eile den scoth ina measc a léiriú chomh maith le caidreamh a chothú le dreamanna óga sa lucht féachana agus éisteachta i ndáil le ceisteanna ábhair imní ar fud na cruinne trí RTÉ on Climate Youth Assembly nuálach.”
Mar fhocal scoir, dúirt Dee Forbes: “Cé gur iomaí rud a bhain leis an mbliain 2019 a cheart dúinn mórtas a bheith orainn ina leith tháinig clabhsúr brónach leis an mbliain nuair a d’imigh ár gcara díl agus comhghleacaí, Gay Byrne ar shlí na fírinne.”
Dúirt Moya Doherty, Cathaoirleach Bhord RTÉ: “Dúirt mé in 2018, go mbeadh bliain chrua eile amach romhainn in earnáil na meán in 2019, agus ba í an fhírinne cheart í. Cé go ndearna soláthraithe seirbhíse poiblí, RTÉ ina measc, dícheall mór i dtaobh iad féin a oiriúnú agus athrú chun lucht féachana agus éisteachta a choinneáil agus a bheith ábhartha dar leo, is í lom na fírinne go bhfuilimid ag leanúint dár míle dícheall a dhéanamh chun go n-éireoidh linn a theacht slán ó tharla nach raibh an t-éileamh d’iriseoireacht agus cláir arbh fhéidir muinín a bheith ag daoine iontu chomh tábhachtach riamh is atá anois do shochaithe agus stáit dhaonlathacha na cruinne. Cuireadh ar ár súile dúinn i rith na bliana2019 go bhfágann easpa maidir le leasú ar an gcóras maoiniúcháin agus pleanáil reachtaíochta ardán seirbhíse poiblí i mbaol, seirbhís atá lárnach maidir lenár dtuiscint orainn féin, ar an bpobal, agus ar an gcultúr in Éirinn chomh maith le teacht i láthair na tíre ar fud an domhain.”
“Cé go bhfuil gaiscí móra bainte amach agus go bhfuil aird tarraingthe orthu inár dTuarascál Bhliantúil, ní féidir le RTÉ a bheith ag feidhmiú le heasnaimh go deo. Tá an múnla maoinithe reatha briste, agus beidh ar RTÉ aghaidh a thabhairt ar neamhchinnteacht ábhartha faoina hacmhainneacht chun an leibhéal céanna seirbhísí a chur ar fáil sa mheántéarma mura bhfaighfear réiteach go tapa agus go cinnte air seo. Is é sin an t-údar a bhfuil an Coimisiún um Thodhchaí na Meán chomh tábhachtach agus beidh RTÉ rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas.”
Féach chun tuilleadh eolais a fháil nó chun an tuarascáil féin a íoslódáil.
*Tabhair ar aird gur chuir RTÉ Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite an Ghrúpa don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019 faoi bhráid an Rialtais i mí Iúil 2020.