Seó nua náisiúnta bricfeasta fógartha ag RTÉ 2FM
2FM Breakfast with Doireann, Donncha and Carl le craoladh ar an deireadh seachtaine idir 6am agus 9am ar RTÉ 2FM
– Dé Luain an 31 Bealtaine a chraolfar an seó nua náisiúnta bricfeasta den chéad uair
Tá seó nua náisiúnta bricfeasta fógartha ag RTÉ inniu, a thosóidh Dé Luain an 31 Bealtaine ar RTÉ 2FM. Leanfaidh Doireann Garrihy ag cur an tseó nua 3 uair an chloig i láthair agus beidh beirt chomhláithreoirí nua ina teannta, is iad sin Donncha O’Callaghan and Carl Mullan ó 2FM.
Tosóidh an clár breá luath gach maidin, clár atá ag teacht ar an bhfód tráth a bhfuil an tír ag teacht as tréimhse dhianghlasála agus an saol ag teacht ar an gceart arís ábhairín. Ní haon ghnáthchlár a bheidh sa chlár seo agus beidh a dóthain le déanamh ag Doireann in éineacht leis an laoch mór rugbaí Donncha agus an fear grinn Carl. Is cinnte go ndéanfaidh an lucht éisteachta neart gáire go mbeidh neart duaiseanna le roinnt ag an triúr comhláithreoirí agus iad i bpáirt le tús breá gealgháireach a chur leis an maidin.
D’fhógair RTÉ breis is mí ó shin go raibh 2FM ag cur clár nua bricfeasta le chéile a mbeadh Doireann faoina stiúir. Bíonn a beirt chomhláithreoirí le cloisteáil go minic ar an stáisiún; cuireann an t-iar-imreoir idirnáisiúnta rugbaí, Donncha O’Callaghan, Game On i láthair ar RTÉ 2FM agus bhí sé ina chóitseálaí ar Ireland’s Fittest Family ar RTÉ One. Tá caidreamh láidir oibre cheana féin ag Doireann agus ag Carl Mullan, fear grinn ar Instagram agus láithreoir ar an RTÉ Player, ó tharla gur oibrigh sé léi ar The Doireann Project. Is maith an scéal do Carl go bhfuil cleachtadh maith aige a bheith ag éirí go moch mar gur chaith sé tréimhse ag cur seó bricfeasta dheireadh seachtaine 2FM i láthair in éineacht le Aifric O’Connell.
Is éard a dúirt Ceann RTÉ 2FM, Dan Healy: “Seó iontach nua bricfeasta é seo do RTÉ 2FM agus beirt láithreoirí nua in éineacht le Doireann. Ó Dé Luain an 31 Bealtaine ar aghaidh, cuirfidh Doireann, Donncha agus Carl neart spraoi agus ceoil i láthair, a thabharfaidh ardú meanman do mhuintir na tíre gach lá. Tá moladh mór ag dul do Tara Stewart agus do Stephan Byrne a choinnigh siamsaíocht linn fad a bhí Doireann agus an fhoireann ag teacht ar smaointe don chlár!”
Is éard a dúirt Doireann Garrihy: “Is fada liom go mbeidh mé ar an aer le Donncha agus le Carl. Seó nua ar fad a bheidh ann lena mbainfidh stíl nua fuaime agus atmaisféar nua. Bhí an-spraoi go deo againn agus muid ag pleanáil le cúpla seachtain anuas agus tá a fhios agam go mbainfidh an lucht éisteachta sult as.”
Is éard a dúirt Carl Mullan: “Tá an-áthas orm a bheith páirteach i seó nua bricfeasta 2FM le mo chairde Doireann agus Donncha. Is in 2013 a thosaigh mé leis an stáisiún gan mé ach díreach críochnaithe leis an gcoláiste níl aon phost ab fhearr liom. Táimid ag súil go mór neart ábhair grinn a chur i láthair a chuirfidh dea-ghiúmar ar chách i dtús an lae.”
Is éard a dúirt Donnacha O’Callaghan: “Tá an-áthas orm a bheith páirteach i 2FM Breakfast. Beidh an-spórt go deo agam i dteannta Dhoirinn agus Carl agus na foirne iontaí bricfeasta. Is duine mé ar maith liom a bheith i mo shuí moch agus is fada liom go bhfaighidh mé deis ábhar raidió a chraoladh a chuirfidh dea-ghiúmar ar gach duine. Táim fíor-bhuíoch den fhoireann ar fad as an deis a thabhairt dom.”
Beidh sé ina rírá agus ruaille buaille ar maidin ar 2FM agus an triúr seo le chéile, beidh roinnt cluichí, sceitsí grinn agus dúshláin nua sa seó a chinnteoidh nach mbeidh 2FM Breakfast ar nós seó ar bith eile.
McDonald’s atá ag déanamh urraíocht ar 2FM Breakfast with Doireann, Donncha and Carl.
Na Meáin Shóisialta:
Lean RTÉ 2FM ar líne:
Instagram @RTE2FM
Twitter: @RTE2fm