DRÁMA NUA ÉIREANNACH HIDDEN ASSETS COIMISIÚNAITHE AG RTÉ AGUS ACORN TV
DRÁMA NUA ÉIREANNACH HIDDEN ASSETS COIMISIÚNAITHE AG RTÉ AGUS ACORN TV Ó SOHO MOON AGUS SAFFRON PICTURES
Tá RTÉ agus Acorn TV atá faoi scáth AMC Networks ag fógairt drámaíocht nua Éireannach sé chlár Hidden Assets i gcomhar le Fís Éireann agus Screen Flanders. Craolfar an tsraith, arna léiriú ag Saffron Moon agus arna comhléiriú ag an mórléiritheoir Beilgeach Potemkino & ag Facet 4 i gCeanada, ar RTÉ san fhómhar. Is iad Peter McKenna (Kin, Red Rock) agus Morna Regan a scríobh Hidden Assets agus is iad Angeline Ball (Keeping Faith, The Commitments) i bpáirt Bleachtaire Sáirsint Emer Berry, in éineacht le Simone Kirby (His Dark Materials, Jimmy’s Hall) agus Peter Coonan (Love/Hate, Cold Courage) príomhaisteoirí na sraithe.
Craolfar Hidden Assets ar RTÉ One agus RTÉ Player san fhómhar, agus mar Bhunléiriú Acorn TV ar Acorn TV sna Stáit Aontaithe Meiriceá agus ar Super Channel i gCeanada in 2022. Tá cearta dáileacháin domhanda ag DCD Rights, gan Éire, Benelux agus Meiriceá Thuaidh san áireamh.
Is scéal é Hidden Assets a bhaineann leis an teaghlach, le cumhacht agus le tionchair dhíobhálacha na sainte gan teorainn – scéal atá lonnaithe i gCo. an Chláir, baile beag in Éirinn, agus in Antwerp, príomhchathair diamant an domhain. Tar éis gnáthruathar a dhéanamh, nochtann an Biúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) ceangal idir teaghlach rachmasach Éireannach, taisce diamant garbh agus sraith buamála marfaí sa Bheilg. Ach ní mar a shíltear a bhítear, agus caitear Príomhchigire ceartaiseach na Beilge Christian De Jong agus Bleachtaire suaithinseach CAB Emer Berry le chéile i rás a chuirfeadh an croí ag preabadh chun stop a chur le hionsaí uafásach sceimhlitheoireachta eile.
Is é Thaddeus O’Sullivan (Into The Storm, Silent Witness), a ainmníodh le haghaidh gradam Emmy, agus mórstiúrthóir na Beilge Kadir Balci (Cold Courage) a stiúir an scéinséir lán teannais seo, agus tá an chéad ocht seachtaine den seisiún scannánaíochta díreach críochnaithe acu sa Bheilg. Is iad Peter McKenna (Kin, The Musketeers) agus Morna Regan, a ainmníodh ar Theo-Liosta BBC don Tallann Úr le déanaí, a scríobh Hidden Assets agus is iad Siobhán Bourke agus Kathryn Lennon (Whistleblower, Acceptable Risk) agus Anna-Sue Greenberg (Acceptable Risk) a léirigh, le Peter De Maegd (Cold Courage) agus Tom Hameeuw mar chomhléiritheoirí.
Bhí scannánaíocht ar siúl do Hidden Assets in Antwerp na Beilge le déanaí, agus beidh scannánaíocht ag tosú i gCo. an Chláir go luath. Tá foireann aisteoirí idirnáisiúnta den scoth ag Hidden Assets leis an aisteoir Éireannach Angeline Ball (Acceptable Risk, The Commitments) sa phríomhpháirt, in éineacht le Simone Kirby (His Dark Materials, Jimmy’s Hall), Peter Coonan (Peaky Blinders, Love/Hate), Charlie Carrick (Abandoned, Angelique’s Isle), Wouter Hendrickx (Blackout, Cordon), Cathy Belton (Red Rock, Miss Scarlet and the Duke), Michael Ironside (The Alienist, Angel of Darkness) agus Sophie Jo Wasson (Rialto).
Dúirt Shane Murphy, Ceannasaí Drámaíochta & Grinn, RTÉ: “Tá an-áthas orainn a bheith i mbun comhpháirtíochta le Saffron Moon agus Acorn TV arís le Hidden Assets a choimisiúnú. Is dea-chomhartha é don tsraith go bhfuil Peter McKenna agus Morna Regan inár measc mar scríbhneoirí, go bhfuil Thaddeus O’Sullivan á stiúradh agus go bhfuil scoth na n-aisteoirí mar Angeline Ball, Simone Kirby, Michael Ironside & Peter Coonan páirteach ann.”
Dúirt Catherine Mackin, Stiúrthóir Bainistíochta, Acorn Media Enterprises: “Tá Acorn Media Enterprises ag súil le bheith ag obair lenár gcairde in RTÉ chun léiriú eile ar ardchaighdeán a choimisiúnú. Le script thar a bheith suimiúil agus sárfhoireann aisteoirí idirnáisiúnta aige, a bhfuil Angeline Ball chun tosaigh ann, is cinnte go músclóidh Hidden Assets spéis shíntiúsóirí Acorn TV.”
Dúirt an Léiritheoir Siobhán Bourke: “Tá lúcháir ar Saffron Moon a bheith i mbun oibre le Facet4 agus Potemkino chun Hidden Assets a chomhléiriú in Antwerp agus i gCo. an Chláir. Tá sraith fíorspéisiúil cruthaithe ag ár bhfoireann iontach aisteoirí, le Angeline Ball ina príomhaisteoir, ag ár stiúrthóirí Thaddeus O’Sullivan agus Kadir Ferati Balci, in éineacht le scríbhneoirí Peter McKenna agus Morna Regan, agus táimid ag súil go mór leis an tsraith a roinnt le lucht féachana in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.”
Dúirt Andrew Byrne, Bainisteoir Teilifíse, Fís Éireann / Screen Ireland: “Is tionscadal tábhachtach é Hidden Assets don réimse clár drámaíochta teilifíse atá againn, a bhíonn ag méadú i gcónaí. Cuireann sé áthas orainn a bheith ag tacú le tallann Éireannach os comhair an cheamara agus taobh thiar de. Leis an scannánaíocht a dhéanfar i Luimneach, cuirfidh an tsraith le deiseanna áitiúla fostaíochta, agus tá sí ar cheann den líon mór tionscadal atá ag Fís Éireann ar a ndearnadh scannánaíocht ar an gcósta Thiar i mbliana. Músclaíodh spéis mhór sa chlár go hidirnáisiúnta, rud a chuireann lucht cruthaitheachta na hÉireann agus suíomhanna na hÉireann i láthair ar scáileáin teilifíse ar fud na cruinne.”
Craolfar Hidden Assets ar RTÉ san fhómhar. Táthar i mbun léirithe in Éirinn faoi láthair.