TÁ SÉ FÓGARTHA AG RTÉ GO mBEIDH MAURA HIGGINS INA LÁITHREOIR AR SHRAITH NUA “GLOW UP IRELAND”
TÁ SÉ FÓGARTHA AG RTÉ GO mBEIDH MAURA HIGGINS INA LÁITHREOIR AR SHRAITH NUA “GLOW UP IRELAND”
Pout… Pose… Sparkle… Shimmer… Shine! Beidh Glow Up Ireland le feiceáil ar an scáileán i rith an Fhómhair, agus is í Maura Higgins, an réalta teilifíse, mainicín agus tionchaire, a chuirfidh an clár i láthair. Tá ríméad ar RTÉ agus ar Indiepics a fhógairt gur coimisiúnaíodh an leagan úrnua Éireannach den fhormáid idirnáisiúnta do RTÉ2 agus go bhfuiltear ag lorg iarratas faoi láthair ó ealaíontóirí smididh a bhfuil tallann acu chun páirt a ghlacadh ann.
Dúirt an láithreoir Maura Higgins: “Tá an-sceitimíní orm a bheith i mo láithreoir ar an gcéad sraith riamh de Glow Up Ireland. Tar éis dom féachaint ar an gcúpla sraith dheireanach den chlár sa Ríocht Aontaithe, is iontach an deis í seo agus os rud é gurb é mo chéad phost mar láithreoir agus gurb in Éirinn atá sé, tá sé ar fheabhas ar fad. Is amhlaidh gur ag brionglóideach atá mé agus mé á dhéanamh seo ar ais i mo thír dhúchais féin. Ní féidir liom é a chreidiúint. Dar ndóigh, táimid ag súil go dtiocfaidh Éireannaigh fíorchumasacha chun tosaigh. Is féidir iarratas a dhéanamh anois agus, mar sin, déan teagmháil linn le bheith san iomaíocht chun ceann de na deich n-áit ar an gclár, a bhfuil an-tóir orthu, a bhaint amach. Is é Dé Domhnaigh an 20 Meitheamh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais, agus mar sin, déan teagmháil linn láithreach! Seol ríomhphost chuig glowup@indiepics.ie chun tuilleadh eolais a fháil.”
Glow Up: Ireland’s Next Make-Up Star: Is sraith iomaíoch siamsaíochta fíorasaí í seo ina gcuirfear dúshláin ar dheichniúr d’ealaíontóirí amaitéaracha smididh na hÉireann tabhairt faoi thrí réimse tascanna ina mbeidh deis acu a gcuid saineolais theicniúil, scileanna, ealaíontachta agus samhlaíochta a léiriú. Cuirfear de chúram orthu claochluithe iontacha smididh a chruthú – agus beidh an rud ar fad ar bun i spás stiúideo faoi leith – Glow Up HQ. Bronnfar an teideal Céad Réalta Smididh Eile na hÉireann ar dhuine den deichniúr, agus tabharfar deis iontach don duine sin a ghairm bheatha a chur chun cinn.
Má tá spéis agat iarratas a dhéanamh, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig glowup@indiepics.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
Tuilleadh eolais ar Maura Higgins:
Bhain an láithreoir Maura Higgins clú agus cáil amach ar an gclár Love Island. Le breis agus 3 mhilliún leantóir ar Instagram agus beagnach milliún leantóir ar Tik Tok, tá clár aon uaire dá cuid féin déanta aici, Maura Higgins: You’re Joking Me! agus ghlac sí páirt i sraith na bliana 2019 de Dancing On Ice, mar aon le ról láithreora a bheith aici ar This Morning. Bhí sí mar láithreoir ar an gcairpéad dearg ag na Gradaim Náisiúnta Teilifíse sa Ríocht Aontaithe freisin. Ar na saothair eile a luaitear lena hainm, tá páirteanna mar phainéalaí ar Celebrity Juice agus Love Island: Aftersun de chuid ITV2, agus ar I’ll Get This Christmas Special ar BBC2. Is ambasadóir branda í Maura, agus tá réimse éadaí agus donnaithe bréige dá cuid féin aici.
Tuilleadh eolais ar fhormáid na sraithe Glow Up:
Is formáid bhunaithe é Glow Up, a léiríodh sa chéad áit do BBC Three (a taispeánadh go rathúil ar BBC One freisin) ag Wall To Wall agus a léirítear anois i gcríocha mar an Iorua, an Nua-Shéalainn agus an Ísiltír. Déanann Warner Bros. ionadaíocht air go hidirnáisiúnta. Is é Indiepics a léireoidh an tsraith Éireannach, a léirigh The Style Counsellors, How To Be Good With Money, Big Week On The Farm, Ireland On Call, Ear To The Ground, Keeping Ireland Alive agus ICA Bootcamp roimhe seo. Craolfar an clár ar RTÉ2 an Fómhar seo.
Beidh dhá dhúshlán i ngach eipeasóid de Glow Up agus beidh téama leo – sainchúram gairmiúil agus sainchúram cruthaitheach. Is éard a bheidh i gceist leis an sainchúram gairmiúil ná go mbeidh aoimholtóir ann agus go mbunófar é ar obair Ealaíontóirí gairmiúla Smididh – mar shampla, smideadh don chairpéad dearg, don ardán taispeána, do chúrsaí faisin, do phróistéiticí i scannáin; do dhrag; don amharclann; do chúrsaí fógraíochta. Mar a thugtar le fios leis an ainm, déanfar tástáil ar chruthaitheacht agus ar scileanna léirithe na n-ealaíontóirí smididh leis an sainchúram cruthaitheach.
Beidh an bheirt ar éirigh is measa leo leis an sainchúram gairmiúil sna Cathaoireacha Dearga don dara dúshlán, agus beidh níos mó brú orthu, scrúdú níos géire á dhéanamh orthu agus d’fhéadfadh pionós ama a bheith orthu freisin. Beidh sé ag brath ar mar a fheidhmeoidh siad cibé a éireoidh leo an ceann is fearr a fháil chun ‘Beat the Seat’ agus fanacht, nó a chaillfidh siad chun dul isteach sa ‘Face Off’. Ní bheidh ach beirt ealaíontóirí smididh sa bhabhta díbeartha deiridh Face Off, agus rachaidh siad chun spairne lena chéile go n-éireoidh le duine acu a áit sa chomórtas a choinneáil. Tá príomhscileanna mar bhunús na ndúshlán Face Off, amhail ‘scoth an smididh béil’ nó ‘línitheoir súl sciathánach’ agus beidh cúpla comhionann mar mhainicíní don dúshlán, ionas go mbeidh na moltóirí in ann comparáid chruinn a dhéanamh. Ní bheidh ach deis ag duine amháin acu filleadh ar an gcomórtas agus is é an Face Off a shocróidh cé acu ealaíontóir smididh a bheidh ag pacáil a chuid fearais agus ag fágáil ar an bpointe, de réir chinneadh na moltóirí.