Ceol Aitheantais nua cumtha ag John Byrne agus Ceolfhoireann Choirme RTÉ do Today Show RTÉ
Cuirfear tús leis an 10ú séasúr de Today príomhchlár teilifíse i rith an lae RTÉ One i mí Mheán Fómhair agus chun sin a cheiliúradh, chuaigh lucht an chláir agus Ceolfhoireann Choirme RTÉ i gcomhar le chéile chun ceol aitheantais nua a aimsiú. Bhí cead ag ceoltóirí atá ina gcónaí in Éirinn cur isteach ar an gcomórtas, comórtas a raibh an-spéis ann agus a ndearnadh beagnach 200 iarratas air, agus bhí idir cheol clasaiceach go ceol comhaimseartha agus ceol thraidisiúnta ina measc.
Chuaigh ardleibhéal na cumadóireachta, na tallainne agus na díograise a cuireadh faoina mbráid go mór i bhfeidhm ar na moltóirí. As an réimse iontach sin, roghnaíodh an píosa ceoil buacach – a roghnaíodh trí phróiseas anaithnid – le John Byrne, ceoltóir, cumadóir agus cóiritheoir as an Uaimh, Co. na Mí. Bhuaigh John €3000 agus gheobhaidh sé sciar chomh maith de na dleachtanna. Tá Ceolfhoireann Choirme RTÉ ag taifeadadh an cheoil aitheantais nua an tseachtain seo agus tá John é féin, a sheinneann go leor uirlisí éagsúla, páirteach sa cheolfhoireann chun feadóga a sheinm don taifeadadh.
Chaith John tréimhsí ag obair le ceoltóirí mór le rá, Bob Geldof, Billy Ocean, The Commitments, Curtis Stigers, Brian Kennedy agus Mary Black ina measc, agus sheinn sé in ionaid lena n-áirítear The 3Arena agus the London Palladium agus bhí sé ag obair ina mhaoirseoir scóir ar scannáin lena n-áirítear Albert Nobbs, Black ’47 agus Room. Is ó theaghlach mór ceoil é John, tá a mháthair agus a athair agus a seisear clainne agus seinm ceoil ó bhí siad an-óg ar fad. (Tá go leor oibre déanta ag a dheartháir Brian Byrne le Ceolfhoireann Choirme RTÉ chomh maith). De bharr go bhfuil gigeanna agus camchuairteanna curtha ar ceal, tá dianghlasáil Covid caite aige sa Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ag obair ar a chuid píosaí ceoil féin – ach deir sé gurb é seo an chéad uair riamh a bhfuil comórtas buaite aige!
Rinne Daithí Ó Sé – láithreoir Today chomh maith le Maura Derrane agus Sinead Kennedy – comhghairdeas le John Byrne: “Is iontach an rud é go bhfuilimid ábalta obair lenár gcomhghleacaithe i gCeolfhoireann Choirme RTÉ, deis a chur ar fáil chun an cumas atá i ndaoine a chur faoi bhláth agus an 10ú séasúr a chomóradh le fuaim úrnua.”
Dúirt Ceannasaí RTÉ Corcaigh agus eagarthóir Today Colm Crowley: “Tá an-áthas ar fhoireann The Today Show a bheith i gcomhpháirtíocht le Ceolfhoireann Choirme RTÉ agus le John Byrne don phort aitheantais nua seo a mbeidh aithne mhaith ag lucht féachana The Today Show air gan mhoill, 180,000 lucht féachana gach lá. Táimid fíorshásta leis an stíl chomhaimseartha Éireannach atá le brath ar an bpíosa ceoil, agus an cumaisc álainn stíle atá ann le ceol a thagann faoi anáil an cheoil thraidisiúnta, chun anam an tseó a thabhairt le fios. Is mór an onóir dom é a bheith ábalta tacú le ceol bunaidh Éireannach ar an mbealach seo.”
Dúirt Joe Csibi, Bainisteoir Ginearálta Cheolfhoireann Choirme RTÉ: “Nuair a d’fhógraíomar an comórtas seo, dúramar go raibh téama gealgháireach, suáilceach agus comhaimseartha á lorg againn lena mbaineann loinneog láidir agus a raibh sé le tuiscint leis gur ceol Éireannach é. Tá sé sin ar fad curtha ar fáil ag John Byrne, agus déanta le stíl aige, ag baint leas iomlán as acmhainn cheoil Cheolfhoireann Choirme RTÉ, i gcomhar le grúpa ceoil thraidisiúnta. Táimid ag súil len é a chloisteáil ar an aer san fhómhar!”