Tá RTÉ ina lárionad spóirt an samhradh seo, le 20 cluiche CLG beo ar an teilifís agus clúdach náisiúnta raidió nach féidir a shárú
– 20 cluich CLG beo ar an teilifís an samhradh seo
– 14 cluiche ar theilifís RTÉ go heisiach
– Cearta náisiúnta eisiacha raidió maidir le clúdach CLG ag RTÉ Radio 1
– Clúdach fairsing saor go haer ar an teilifís, ar an raidió, ar RTÉ Player agus ar RTÉ.ie
– Caith súil siar ar aicsean agus anailís mhachnamhach an deiridh seachtaine go léir gach oíche Dé Domhnaigh ar The Sunday Game
Cuirtear dlús le Samhradh suntasach an Spóirt ar RTÉ an deireadh seachtaine seo le seoladh chraobhchomórtas CLG na bliana 2021. Cuirfidh RTÉ gach cluiche sa chraobhchomórtas CLG ar fáil don lucht féachana agus don lucht éisteachta an samhradh seo, chomh maith le prapáil roimh an gcluiche agus anailís mhachnamhach tar éis an chluiche. Is trí thráchtaireacht thuisceanach a thabharfar an t-aicsean díreach chuig tithe ar fud na tíre. Cuirfidh Spórt RTÉ clúdach fairsing saor go haer ar fáil ó thús deireadh shéasúr an chraobhchomórtais agus leanfaidh sé ar aghaidh san fhómhar le cluichí na gclubanna ó cheantair áitiúla na ceithre chúige ar fad. Cé hiad Laochra na Todhchaí agus cé a thabharfaidh leo craobhchomórtas na bliana 2021? Cé a bheidh ina réaltaí thar oíche i ndiaidh shéasúr an chraobhchomórtais seo, cé a bhainfidh áit sa stair amach?
Craolfaidh RTÉ 20 cluiche beo ar an teilifís an samhradh seo, a mbeidh 14 ceann acu beo go heisiach agus saor go haer. Áireofar ar na buaicphointí craoladh beo ar na sé chluiche ceannais cúige ar fad sa pheil agus san iomáint chomh maith le cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais Chraobh na hÉireann sa dá chód, mar aon le Cluiche Ceannais Chorn Joe McDonagh.
Beidh clúdach ag tosú an Domhnach beag seo, an 27 Meitheamh, le tús Chraobhchomórtas Iomána na Mumhan agus an Clár ag dul chun páirce le Port Láirge arís i Staid Semple, Durlas (Ag tosú ag 3.30pm) Beidh an Dún ag imirt in aghaidh Dhún na nGall i gCraobhchomórtas Peile Sinsear Uladh (Ag tosú ag 1pm). Beidh 200 duine ádhúil den lucht leanúna i láthair ag an dá chluiche. Tá na cearta náisiúnta eisiacha raidió ag RTÉ Radio 1 chun CLG a chraoladh, agus an deireadh seachtaine seo féin, craolfaidh foirne Raidió RTÉ ó 15 cluiche Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Déanfar tráchtaireacht bheo ó Pháirc an Chrócaigh Dé Sathairn ar chluichí ceannais Shraith Náisiúnta Pheil na mBan, Roinn 2 agus Roinn 1 araon.
Beidh Joanne Cantwell sa stiúideo don Sunday Game Live gach lá ar a mbeidh cluiche ar siúl, i dteannta foirne painéalaithe don phrapáil roimh an gcluiche, agus d’anailís chuimsitheach ag leath ama agus ag deireadh an chluiche. Beidh Marty Morrissey, Ger Canning agus Darragh Moloney ag déanamh tráchtaireachta ar na cluichí. Beidh Des Cahill ar ais arís chun achoimre a dhéanamh ar aicsean an deiridh seachtaine gach oíche Dé Domhnaigh ar The Sunday Game. I measc na bpainéalaithe a bheidh sa stiúideo, beidh Henry Shefflin, Brendan Cummins, Donal Óg Cusack, Jackie Tyrell, Anthony Daly, Tomás Ó’ Sé, Colm Cooper, Pat Spillane, Éamonn Fitzmaurice, Ciarán Whelan, Colm O’ Rouke, Kevin McStay, Oisín McConville, Sean Cavanagh, Anna Geary, Noëlle Healy agus Ursula Jacob.
Ar RTÉ Radio 1 gach deireadh seachtaine, cuirfidh Jacqui Hurley, Darren Frehill, John Murray, Joanne Cantwell agus Des Cahill Saturday Sport and Sunday Sport i láthair. Beidh Pauric Lodge ar an taobhlíne chun gleo agus atmaisféar an chluiche a thabhairt díreach ón bpáirc chuig do theach féin. Tá John Mullane, Shane McGrath, Micheál Donoghue, Brian Carroll, Kate Kelly agus Aoife Sheehan i measc na bpainéalaithe raidió a bheidh ag déanamh tráchtaireachta ar an iomáint agus ar an gcamógaíocht gach deireadh seachtaine. Beidh Martin McHugh, Kyle Coney, John Casey, Eamon O’ Hara, Aidan O’ Rourke, Denise Masterson, Cora Staunton agus Fiona McHale ag caitheamh súil ghrinn ar an bpeil Ghaelach.
Is clár nua a bheidh ar siúl oíche Dé hAoine ar RTÉ Radio 1. Beidh an nuacht, na hagallaimh agus an réamhfhéachaint is déanaí ag Damian Lawlor roimh aicsean Chraobhchomórtas na gCluichí Gaelacha don deireadh seachtaine. Leanfaidh Game On ar aghaidh le linn an tsamhraidh ar RTÉ 2FM, ag tosú ón 6pm i rith na seachtaine, leis an bhfreagairt agus an anailís is deireanaí ar chluichí na gCraobhchomórtas.
Beidh RTÉ ag cur tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil don craobhchomórtas freisin, agus is féidir teacht uirthi ar Chainéal Nuachta RTÉ, ar RTÉ Player agus trí do rogha fuaime a athrú ar RTÉ TWO. Ar an bhfoireann tráchtaireachta beidh Garry MacDonncha, Dara Ó Cinnéide, Pat Fleury, Cuán Ó Flatharta agus Claire O’Connor.
Beidh neart clúdach spóirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an samhradh seo mar go bhfuil na cearta raidió Gaeilge aige maidir le cluichí uile Chraobhchomórtas CLG, agus beidh tráchtaireacht, tuairisciú agus anailís bheo ar na cláracha spóirt ar fáil, agus clúdach ar suas le fiche cluiche peile agus cúig chluiche iomána déag. I measc an lucht anailíse beidh Kevin Cassidy, Michael Rice, Lorcán Ó Máirtín, Tomás Ó Sé, Coman Goggins, Máire Ní Bhraonáin, Tomás Ó Flatharta, Joe Connolly, Cathal Moore, Pat Fleury, Gary Brennan, Stephen Joyce agus Charlie Vernon.
Ag labhairt dó roimh dheireadh seachtaine ollmhór do Spórt RTÉ, dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt, RTÉ: “Is cuid lárnach don bhliain spóirt é an Craobhchomórtas beag beann ar thráthúlacht agus tá sé i gcroílár Spórt RTÉ trasna na hardáin ar fad. Ní dhéantar dearmad ar scleondar na gcluichí móra agus ar an gcoimhlint idir foirne, go háitiúil agus idir na cúigí araon, as a dtagann laochra nua na glúine gach bliain. Cuireann Spórt RTÉ luach mór leis an áit lárnach atá aige i dtaobh na scéalta sin a chur ar fáil ar an teilifís, ar an raidió, ar an nuacht agus ar líne.”
Na Meáin Shóisialta:
Lean Spórt RTÉ ar líne:
Instagram @RTÉSport
Twitter: @RTEsport
Íomhánna https://we.tl/t-xuGK01rXlP
Nótaí
RTÉ 2 & RTÉ Player
Ar The Sunday Game Live, is í Joanne Cantwell a chuirfidh an clár i láthair ina mbeidh pacáiste cuimsitheach de 20 cluiche beo le craoladh in Ardghléine, ar fud Chraobhchomórtais CLG an tsamhraidh seo – cuirfear tús leis ag 12.55 PM Dé Domhnaigh an 27 Meitheamh. Beidh Des Cahill ar ais an tráthnóna sin ag 9.30 PM leis an gcéad seó buaicphointí Sunday Game den bhliain.
Beidh RTÉ ag cur tráchtaireacht Ghaeilge ar an bpeil agus ar an iomáint ar fáil arís do Chraobhchomórtas na bliana seo, agus beidh Garry MacDonncha, Dara Ó Cinnéide agus Pat Fleury ar an bhfoireann tráchtaireachta a chuirfidh an t-aicsean i láthair ón deireadh seachtaine seo ar aghaidh. Beidh na cearta ag RTÉ maidir le The Sunday Game Live agus The Sunday Game d’oileán na hÉireann amháin, 7 lá na seachtaine, ar na hardáin uile.
Raidió 1 RTÉ & RTÉ 2fm
Cuirfidh Raidió RTÉ an scoth den aicsean peile agus iomána ar fáil an samhradh seo le réimse cuimsitheach de thráchtaireacht agus d’anailís ar feadh Chraobhchomórtas CLG. Tá clúdach iomlán eisiach náisiúnta ag RTÉ Raidió 1 ar gach cluiche sa pheil agus san iomáint agus beidh na tráchtaireachtaí mar chuid de Saturday Sport agus Sunday Sport, an dá chlár spóirt is mó a bhfuil tóir orthu ar stáisiúin raidió na hÉireann (foinse JNLR).
Tosóidh an t-aicsean an deireadh seachtaine seo ar Saturday Sport agus ar Sunday Sport ar a mbeidh an dá chluiche ceannais den Sraith Náisiúnta Peile Dé Sathairn, agus Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear Iomána Laighean agus Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear Peile Chonnacht i measc na mbuaicphointí. Beidh Ger Canning, Darragh Maloney agus Pauric Lodge chomh maith lenár dtuairisceoirí CLG, Marty Morrissey agus Brian Carthy i measc na foirne tráchtaireachta a bheidh ag dul fud fad na tíre dúinn i Roadcaster RTÉ Raidió 1.
Mar aon leis an aicsean beo ar fad, cuirfidh Damian Lawlor clár nua The Throw-In i láthair oíche Dé hAoine ar RTÉ One. Beidh Damian ag caitheamh súil chun cinn ar chluichí an deiridh seachtaine agus beidh an t-eolas atá díreach ag teacht isteach maidir leis na foirne aige.
Fan le RTÉ Raidió 1 le haghaidh feasachán i rith an lae ar Morning Ireland, feasacháin ar News at One agus ábhar réamhléargais rialta ar Drivetime. Beidh an nuacht is déanaí ar gach clár acu sin de réir mar a thiocfaidh sí chun cinn agus beidh cuid mhór anailíse agus plé ar chlár spóirt laethúil RTÉ 2fm, Game On.
RTÉ News
Rachaidh Tuairisceoir CLG RTÉ Marty Morrissey ó cheann ceann na tíre le linn an tsamhraidh é ag bualadh le captaein foirne agus ag labhairt le lucht tacaíochta contae fad a bheidh borradh ag teacht faoin bhfuadar i mí Lúnasa. Beidh Marty i mbun tráchtaireachta ar go leor cluichí do sheirbhís Teilifíse RTÉ an samhradh seo agus beidh an nuacht is déanaí á thabhairt aige i bhfeasacháin Nuacht RTÉ. Cuirfear nuacht maidir le foirne chomh maith le scéalta nua a thagann isteach ar fáil ar sheirbhís Raidió RTÉ ó dhubh go dubh gach lá.
RTÉ.ie
Beidh RTÉ.ie/sport ina mhol digiteach do chlúdach ar fad an Chraobhchomórtais. Beifear ábalta gach cluiche a leanúint via tuairiscí reatha cluichí agus an tseirbhís bheo scór ar RTÉ.ie/sport agus ar Aip RTÉ News, chomh maith le teacht a bheith ar an nuacht is déanaí ó na colúnaithe is fearr i gcúrsaí spóirt.
Cuirfear deis ar fáil an samhradh seo ar an RTÉ Player chun cláir bheo agus cláir buaicphointí RTÉ a shruthú beo chomh maith le teacht a bheith ar an gcuid is fearr den shainanailís ó The Sunday Game ar na craobhchomórtais Pheile, Iomána agus Chamógaíochta.
Beidh tú ábalta féachaint ar The Sunday Game agus ar Sunday Game Live ar an RTÉ Player, ar an tseirbhís athuaire teilifíse, agus beidh teacht ar an gcuid is fearr den phlé agus den anailís painéil ar chuntais Facebook, Instagram agus Twitter The Sunday Game, chomh maith le roinnt den spraoi a bhíonn ag tarlú sa chúlra a thaispeáint.
Cuirfidh sin ar fad, chomh maith le Podchraoladh CLG RTÉ, Ábhar Beo idirghníomhach Facebook agus uirlisí anailíse a bhfuil síneadh curtha leo le gairid, an súil siar agus an réamhfhéachaint is fearr ar fáil ar an aicsean ar fad i gcúrsaí peile agus iomána CLG.
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Beidh neart clúdach spóirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an samhradh seo. Tá cearta Gaeilge ag an stáisiún ar chluichí Chraobhchomórtais CLG ar fad, agus beidh tráchtaireacht, tuairisciú agus anailís bheo mar chuid dá seónna spóirt chomh maith le clúdach ar suas le fiche cluiche peile agus cúig chluiche iomána déag. I measc an lucht anailíse beidh Kevin Cassidy, Michael Rice, Lorcán Ó Máirtín, Tomás Ó Sé, Coman Goggins, Máire Ní Bhraonáin, Tomás Ó Flatharta, Joe Connolly, Cathal Moore, Pat Fleury, Gary Brennan, Stephen Joyce agus Charlie Vernon.
Tá RnaG tiomanta don chlúdach ar chluichí na gclubanna freisin, go háirithe na cluichí ina mbeidh foirne ón nGaeltacht ag imirt, agus beidh clúdach cuimsitheach ag an stáisiún de chluichí idir clubanna as seo go dtí deireadh na bliana, craobhchomórtais na gclubanna ina measc.
Cuirfear tús le cláracha spóirt RnaG don deireadh seachtaine le Spórt an tSathairn ag 2 pm gach Satharn, beidh Reacaireacht an Tráthnóna ar siúl ina dhiaidh sin ag 6.30 pm agus beidh Spórt an Lae ar siúl gach Domhnach ó 1.50 pm.
GAAGO
Tá GAAGO ag fáil faoi réir don dara séasúr den chlúdach beo ar chluichí anseo sa bhaile sula gcuirfear tús le Craobhchomórtas na bliana 2021 an deireadh seachtaine seo agus é sa sceideal acu 15 cluiche ar fad a thaispeáint – ar fáil go heisiach ar an tseirbhís don lucht féachana in Éirinn agus thar lear. Beidh 6 cluiche ar fáil ar an tseirbhís an deireadh seachtaine seo chugainn i measc na gcluichí sin beidh; Laois v Loch Garman agus Áth Cliath v Aontroim i gCraobhchomórtas Iomána Laighean, agus sa Pheil beidh Cluichí Ceathrú Ceannais Chraobhchomórtas Laighean le feiceáil idir Uíbh Fhailí/Lú, Cill Mhantáin/Loch Garman agus Ceatharlach/An Longfort. Cuirfidh Cluiche Ceathrú Ceannais Peile na Mumhan idir Luimneach agus Port Láirge clabhsúr le haicsean an chéad seachtaine
- Beidh 15 cluiche i gCraobh na hÉireann ar fáil go heisiach ar ardán GAAGO
- Beidh Peileadóirí Átha Cliath le feiceáil ar an tseirbhís den chéad uair sa bhaile – eispéireas nua don lucht tacaíochta
- Beidh na cluichí aonair €8 an ceann, ach is féidir leat gach 15 cluiche ar GAAGO a fháil ar €25 – tairiscint thar a bheith tarraingteach, go mór mór do dhaoine i gcúige Laighean ó tharla 11 cluiche i gCraobhchomórtas Laighean agus 2 chluiche cáilithe Iomána a bheith i gceist
- Is féidir clárú ar an láithreán gréasáin GAAGO.ie nó ar aipeanna iOS agus Android GAAGO. Beidh an rogha ag an lucht tacaíochta a dhéanann an aip a íoslódáil na cluichí a theilgean chuig a dteilifíseán
An áit a mbeidh clúdach CLG RTÉ le fáil:
Ar Líne www.rte.ie/gaa
Ar fón póca: RTÉ News Now / RTÉ Player
Ar Twitter: @rtegaa | @thesundaygame
Ar Facebook: www.facebook.com/thesundaygame
Ar Instagram: www.instagram.com/thesundaygame
Ar YouTube: www.youtube.com/rtesport
Ar Soundcloud: www.soundcloud.com/rtesport