Breis is 630,000 leanbh breise agus a dteaghlaigh chun leas a bhaint as leithdháiltí an Bhabhta Oscailte ó RTÉ Toy Show Appeal
Breis is €3 mhilliún i ndeontais as €6.6 milliún a bhailigh an lucht féachana bronnta ar 55 tionscadal nua ar fud an oileáin
Tá sé fógartha ag an RTÉ Toy Show Appeal agus The Community Foundation for Ireland inniu go mbainfidh tuairim is 635,690 leanbh agus a dteaghlaigh leas as 55 tionscadal ar fud oileán na hÉireann, a bhuíochas do fhlaithiúlacht lucht féachana The Late Late Toy Show, is tionscadail iad sin ar éirigh leo tacaíocht a fháil ón mbabhta oscailte.
Bhailigh an RTÉ Toy Show Appeal €6.6 milliún, suim dhochreidte ar fad, ó shíntiúis lucht féachana teilifíse Late Late Toy Show mhí na Samhna seo caite, ócáid dhraíochtúil amach is amach. Roinneadh leath den airgead sin idir trí phríomhcarthanacht: Barnardos Ireland, Children’s Health Foundation Ireland, agus Children’s Books Ireland. Cuireadh an t-airgead ón gciste a bhí fanta ar fáil do charthanachtaí leanaí i nglao oscailte do dheontais arna bhainistiú ag The Community Foundation for Ireland agus Community Foundation Northern Ireland.
Rachaidh an t-airgead a dheonaigh lucht féachana iontach flaithiúil The Late Late Show i dtreo maoiniú a dhéanamh ar 55 tionscadal, lena n-áirítear:
- Seirbhísí tacaíochta do leanaí gan dídean i nGaillimh trí chlár COPE Galway Ag Cuidiú le Leanaí ar dTús
- Deiseanna a thabhairt do ghlúin nua de dhaoine cumasacha ceoil le Music Generation Chorcaí
- Tacaíocht theiripeach ón Ionad Éigeandála um Éigniú Dhún na nGall do dhaoine óga a tháinig slán ó fhoréigean gnéasach.
- Ag cur éadaí, bróga, éidí scoile agus éadaí leapa ar fáil do leanaí atá faoi chúram le Kinship Care Northern Ireland.
- Tacaíocht for-rochtana sláinte mheabhrach faoin tuath do dhaoine óga i gContae Luimnigh le Seirbhísí don Óige Luimneach.
Is ionann an deontas iomlán i bPoblacht na hÉireann agus €2.64 milliún agus beidh £537,000 breise á leithdháileadh i dTuaisceart Éireann.
Leithdháileadh na deontais ón mbabhta oscailte faoi thrí théama:
- Riachtanais Bhunúsacha a Chinntiú
- Folláine a Fheabhsú
- Neamhionannas a laghdú tríd an gCruthaitheacht
Leanann na 14 deontas do Thuaisceart Éireann téamaí comhchosúla. Cliceáil anseo chun liosta iomlán de leithdháiltí sa bhabhta oscailte a fháil.
Dúirt Ryan Tubridy, láithreoir an Late Late Show: “Tá sé in am a insint do mhuintir na hÉireann cá háit go díreach a bhfuil an t-airgead mór a bhailíodar i mí na Samhna seo caite ag dul, tá sé ag dul i dtreo leanaí ar fud oileán na hÉireann, chun go mbeidh saol níos fearr, níos sona, níos sábháilte agus níos cruthaithí acu, beidh saol níos saibhre agus níos cothaithe acu mar gheall ar na deontais seo. Mo bhuíochas arís le lucht féachana The Late Late Show as bhur bhflaithiúlacht leanúnach dhochreidte. Beidh an RTÉ Toy Show Appeal ar ais arís i mbliana chun Saol Leanaí a Athrú go Deo.”
Dúirt Saoirse Ruane, an cailín as Gaillimh ar óna scéal a tháinig an smaoineamh an RTÉ Toy Show Appeal a bhunú, freisin: “Tá an-ríméad orm gur spreag mo scéal Ryan agus The Late Late Show an chéad RTÉ Toy Show Appeal a sheoladh anuraidh. Tá an-áthas orm go mbeidh an t-airgead ag dul i dtreo carthanachtaí chomh iontach leo. Táim fíor-chruógach ó bhí mé ar an seó, d’fhoghlaim mé le rothaíocht arís, chuaigh mé ar ais ar scoil agus nílim ach tar éis dul ar ais ag imirt camógaíochta.”
Bainfidh breis is 675,000 leanbh agus baill dá dteaghlaigh ar fud na hÉireann leas díreach agus láithreach as na fáltais iomlána ón RTÉ Toy Show Appeal, agus bainfidh na mílte eile leas a bhaint as an infheistíocht in acmhainní riachtanacha, acmhainní leighis agus eile, as seo go ceann blianta fada.
Dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Tá an-sásamh le fáil as bheith ag an gcéim seo den phróiseas, an chéim ina leithdháilfear an maoiniú ar go leor tionscadail fiúntacha chun tacú le leanaí agus a dteaghlaigh ar fud na hÉireann agus Thuaisceart Éireann, maoiniú a bhronn an pobal go fial mar chuid den RTÉ Toy Show Appeal. Táim bródúil gur tháinig saothar iontach don mhaitheas as smaoineamh nár tháinig chugainn ach cúpla mí ó shin, smaoineamh a tháinig as an spiorad flaithiúlachta atá mar bhun agus barr leis an Late Late Toy Show”.
Dúirt Denise Charlton, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin The Community Foundation for Ireland: “Bhain flaithiúlacht an lucht féachana siar asainn, flaithiúlacht a bhfuil beart á dhéanamh aisti i bpobail anois chun difear ollmhór a dhéanamh do leanaí agus dá dteaghlaigh. Ba cheart go mbainfimis ar fad spreagadh as an tionchar dearfach a fheicfimid ar shaol daoine óga sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. Is í lom na fírinne, agus is bocht é, go raibh an t-éileamh a bhí ann don bhabhta deontais seo ó ghrúpaí i bhfad níos airde ná an tacaíocht a bhí ar fáil. Mar Fhondúireacht Pobail, tuigimid go rímhaith an t-easnamh sin, agus táimid go huile agus go hiomlán tiomanta do bheith ag obair le páirtithe chun ár ndícheall a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin.”