RTÉ agus fothoghchán Chuan Bhaile Átha Cliath Theas
Éilíonn Údarás Craolacháin na hÉireann go mbeadh clúdach reatha ar chúrsaí reatha “cóir maidir leis na leasanna ar fad lena mbaineann”.
I gcomhthéacs toghchán, tá iarfheidhmíocht toghcháin páirtithe, grúpaí agus iarrthóirí i dtoghcháin roimhe seo ar cheann de na príomhbhreithnithe atá ag RTÉ maidir le cothromas a bhaint amach. Is méadracht oibiachtúil agus neamhchlaonta é sin agus tá tacaíocht tugtha ag an Ard-Chúirt agus ag Údarás Craolacháin na hÉireann roinnt uaireanta úsáid a bhaint as feidhmíocht i dtoghcháin roimhe seo a úsáid chun clúdach a threorú.
Chun críche fhothoghchán Chuan Bhaile Átha Cliath Theas, tabharfaidh Grúpa Stiúrtha Toghcháin RTÉ aird cheart ar thorthaí Olltoghchán 2020 chun clúdach iomlán an stáisiúin a threorú ó tharla gurb iad sin na tomhais neamhchlaonta is déanaí maidir le fíorthacaíocht thoghchánach.
Díospóireachtaí
Bhí na socruithe díospóireachtaí seo ina n-ábhar agóide san Ard-Chúirt agus ina n-ábhar gearáin chuig an BAI. Déanann Grúpa Stiúrtha Toghcháin RTÉ moltaí do dhíospóireachtaí a mheas i ndáil le gach toghchán, agus cé go bhféadfadh éagsúlacht a bheith i gceist sa bhformáid idir cláracha agus idir toghcháin, is príomhbhreithniú é go nglactar go seasmhach leis gur méadracht chothrom í iarfheidhmíocht toghcháin maidir le rannpháirtithe i ndíospóireachtaí a roghnú.
Thug an Breitheamh, an tUasal Senan Allen, ar aird san Ard-Chúirt in 2019 agus iarratas á chaitheamh amach aige ó iarrthóir amháin a bhí ag lorg agóid a dhéanamh in aghaidh nár áiríodh é i ndíospóireacht teilifíse sna toghcháin Eorpacha:
“Feictear dom go bhfuil sé ciallmhar rannpháirtithe sa díospóireacht a roghnú faoi threoir a bhfeidhmíocht i dtoghcháin roimhe sin agus is dóigh gur tomhais de shaghas éigin é sin ar spéis an lucht féachana agus éisteachta sna rannpháirtithe.”
Tugann RTÉ ar aird gur bhreithnigh Coiste Comhlíontais BAI gearáin maidir le díospóireachtaí stiúideo le linn thoghcháin Eorpacha 2019 ina raibh cuid de na hiarrthóirí, ach gan iad ar fad, ar Prime Time agus The Week in Politics RTÉ. Éilíodh nach raibh sé ceart ná cóir gur áiríodh cuid de na hiarrthóirí sna pléití stiúideo ‘beo’ agus nár áiríodh daoine eile sa stiúideo, daoine a bhí sna cláir trí ghearrthóga réamhthaifeadta nó cuir i láthair grafaice sa stiúideo.
I ndiaidh do Choiste Comhlíontais BAI na gearáin agus aighneachtaí RTÉ a bhreithniú dhiúltaigh sé na gearáin. Luaigh an Coiste ina chinneadh –
“Thug an Coiste ar aird go mbaineann an dá ghearán le dhá chraoladh ghaolmhara maidir leis an Toghchán Eorpach don toghcheantar Lár Tíre agus Iarthuaiscirt. Bhí tuairim an ghearánaigh ar eolas ag an gCoiste, ba é sin nach raibh an cur chuige a ghlac RTÉ chun rannpháirtithe a roghnú do na cláracha
seo ceart ná cóir mar gurbh é an toradh a bhí air ná gur fágadh roinnt iarrthóirí, an gearánach ina measc, ar lár as na díospóireachtaí beo.
Thug an Coiste ar ard, áfach, go bhfuil saoirse eagarthóireachta ag an gcraoltóir na daoine a ghlacann páirt i gclár a roghnú. Níl aon cheanglas ar chraoltóirí na hiarrthóirí ar fad a áireamh i gcraoladh, lena chois sin, ní gá am craolta cothrom a leithdháileadh chun cothromas a bhaint amach. Níor bhreithnigh an Coiste go raibh na craoltaí míchothrom agus claonta mar gur fágadh iarrthóirí áirithe amach.
Éilíonn prionsabal na cothroime gur cheart an cur chuige a ghlacann craoltóirí a bheith trédhearcach. Thug an Coiste ar aird gur leag an craoltóir amach go soiléir na meicníochtaí a d’fhorbair sé chun a chinntiú go mbeadh na cláracha atá i gceist cóir, oibiachtúil agus neamhchlaonta. Bhí na critéir a d’ullmhaigh an craoltóir bunaithe ar iarfheidhmíocht toghcháin agus thug an Coiste ar aird gur chuir an craoltóir bunús soiléir ar fáil maidir leis an gcur chuige. Bhí an Coiste den tuairim go raibh na critéir a glacadh agus rannpháirtithe sna cláracha á roghnú breithnithe go cúramach agus curtha i bhfeidhm ar bhealach a bhí cothrom agus cóir.” [Cinntí BAI (C5192 /C5253) Arna gCur ar Fáil an 19 Feabhra 2020]
Díospóireachtaí maidir le Cuan Baile Átha Cliath Theas
Tá dhá dhíospóireacht ceadaithe ag Grúpa Stiúrtha Toghcháin RTÉ maidir le toghcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Theas. Ó tharla go bhfuil 15 iarrthóir in iomaíocht sa toghchán leanfaidh RTÉ cleachtas a glacadh roimhe seo agus cuirfidh teorainn le líon na n-iarrthóirí a bheidh ‘beo’ sa stiúideo go líon a chuirfidh díospóireacht fhiúntach ar fáil, laistigh den am a bheidh leithdháilte ar gach clár.
Maidir leis na díospóireachtaí seo beidh cur chuige RTÉ treoraithe ag:
· iarfheidhmíocht toghcháin, go háirithe toradh Olltoghchán 2020 sa toghcheantar sin
· gur fothoghchán agus ní comórtas náisiúnta atá ann
· Seánra an chláir óstála
· Iarchinntí na gcúirteanna
· Cinntí a rinne Coiste Comhlíontais BAI sa bhliain 2019 maidir le díospóireachtaí stiúideo sna toghcháin Eorpacha
RTÉ One – The Week in Politics
Is clár don pholaitíocht amháin é The Week In Politics RTÉ agus, mar sin, óstáilfear díospóireacht teilifíse ar an gclár Dé Domhnaigh an 4 Iúil 2021, ina mbeidh 7 iarrthóir. Chomh maith leis na pointí a leagtar amach thuas, tá na critéir a leanas ceadaithe chun bheith san áireamh sa díospóireacht –
· An 7 páirtí/iarratasóir is fearr a d’éirigh leo in Olltoghchán 2020 i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas maidir lena sciar den Vóta Céadrogha. Ar an mbonn sin, tabharfar cuireadh do na páirtithe a leanas a bheith páirteach – Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht/Pobal Roimh Bhrabús.
· Tabharfar ionadaíocht d’iarrthóirí eile trí ghearrthóga réamhthaifeadta nó cuir i láthair grafaice sa stiúideo chun cothromas a bhaint amach.
RTÉ Radio 1 – Today With Claire Byrne
Is clár cúrsaí reatha é Today With Claire Byrne a bhíonn ar siúl i lár na maidine gach lá ina bpléitear le meascán leathan d’ábhar ó shaincheisteanna reatha nuachta, cúrsaí spóirt, nósanna maireachtála, tomhaltóra, siamsaíochta agus scéalta daonspéise. Óstáilfear díospóireacht ar an gclár an 5 Iúil 2021.
Ag teacht le sainchúram cúrsaí reatha an chláir, ach ag glacadh san áireamh nach clár don pholaitíocht amháin é agus gur fothoghchán é seo ina mbeidh rannpháirtíocht ann teoranta don toghcheantar sin, beidh an t-am díospóireachta níos giorra ná an t-achar a bheidh i gceist le The Week in Politics. Chun díospóireacht fhiúntach a chur ar fáil, laistigh de leithdháileadh ama níos giorra, beidh rannpháirtíocht sa díospóireacht seo teoranta go 5 iarrthóir. Tá na critéir roghnúcháin a leanas, bunaithe ar iarfheidhmíocht toghcháin, ceadaithe chun bheith san áireamh sa díospóireacht –
· An 5 páirtí/iarrthóir is fearr a d’éirigh leo in Olltoghchán 2020 i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas maidir lena sciar den Vóta Céadrogha. Ar an mbonn sin, tabharfar cuireadh do na páirtithe a leanas a bheith páirteach – Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin, an Comhaontas Glas agus Páirtí an Lucht Oibre.
· Tabharfar ionadaíocht d’iarrthóirí eile trí ghearrthóga réamhthaifeadta nó liosta guthaithe d’ainmneacha na n-iarrthóirí chun cothromas a bhaint amach.
Ní aon cheanglas ann an méid céanna ama a bheith ag gach iarrthóir, ach beidh clúdach RTÉ cóir agus glacfar iarfheidhmíocht toghcháin san áireamh.
Tuigeann an BAI gur imeachtaí bríomhara iad toghcháin agus go bhféadfadh go mbeadh ar RTÉ an ceart a fhorchoimeád chuige féin forbairtí le linn toghchán a ghlacadh san áireamh i dtaobh clúdach.
Forchoimeádann RTÉ an ceart forbairtí a chur san áireamh le linn toghcháin chun ár gclúdach a threorú.
Grúpa Stiúrtha Toghcháin RTÉ
29 Meitheamh 2021