Scoláireacht maidir le Dioplóma i Léiriú Ceoil agus Fuaime RTÉ 2FM ag Institiúid BIMM, Baile Átha Cliath
Tá ríméad ar Institiúid BIMM, Baile Átha Cliath an ceathrú Scoláireacht maidir le Léiriú Ceoil agus Fuaime RTÉ 2FM a fhógairt. Is cuid de ghealltanas BIMM an scoláireacht seo chun leanúint de thacú le saol an cheoil in Éirinn agus é a mhúnlú trí chúrsaí atá chun cinn ar an margadh, naisc dhosháraithe agus scoláireachtaí nuálacha agus in éineacht le roinnt de na brandaí is mó sa tionscal.
A bhuíochas do RTÉ 2FM, cuirfear deis ar fáil leis an scoláireacht seo do mhac léinn ádhúil amháin dul ag staidéar ar an gcúrsa bliana saor in aisce atá againn an Bundioplóma i Léiriú Ceoil agus Fuaime. Má tá spéis agat iarratas a dhéanamh ar an scoláireacht, cuir d’fhiosú ar aghaidh chuig info@bimm.ie roimh 5pm, an 9 Lúnasa 2021.
“Tá an-áthas orainn anseo i BIMM, leanúint orainn ag obair leis an tacaí is mó atá ann in Éirinn don cheol nua Éireannach,” a dúirt Alan Cullivan, Príomhoide Coláiste in Institiúid BIMM, Baile Átha Cliath. “Tugann RTÉ 2FM tacaíocht den scoth do cheoltóirí agus amhránaithe nua na hÉireann, is caidreamh thar a bheith éasca atá eadrainn agus táimid ag súil go mór leis an todhchaí, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, go bhfaighidh an té ar a mbronnfar an scoláireacht sárthacaíocht.”
Chuir Adam Fogarty, Ceannasaí Ceoil in RTÉ 2FM, a ríméad féin in iúl chomh maith faoin dá eagraíocht a bheith ag teacht le chéile arís chun tacú leis an gcéad ghlúin eile de cheol Éireannach. “Tá an-áthas ar RTÉ 2FM arís a bheith i gcomhpháirt le hInstitiúid BIMM, Baile Átha Cliath do Scoláireacht Léiriú Ceoil agus Fuaime RTÉ 2FM,’’ a dúirt sé.
Lean Adam ar aghaidh: “Tá sé an-tábhachtach do RTÉ 2FM tacú le ceoltóirí agus amhránaithe na hÉireann agus dul i gcomhar leis an tionscal ceoil Éireannaigh níos leithne agus an oiread leis an áit atá aige laistigh de shaol an cheoil Éireannaigh. Tríd an scoláireacht seo, tá súil againn go mbeidh an té ar a mbeidh t-ádh í a fháil, ábalta a chuid scileanna a fhorbairt chun go mbeidh siad ábalta cur leis an ngairm atá acu i saol an cheoil chomh maith le cur go dearfach le saol an cheoil Éireannaigh.”
Labhair Oisin Murray, ar éirigh leis Scoláireacht na bliana 2020 a thabhairt leis, faoin lá a bhfuair sé amach go raibh an scoláireacht buaite aige agus mar a chuidigh an scoláireacht chéanna sin leis:
“Fuair mé an glaoch ó BIMM agus ní chuimhnigh mé go brách go mbeidis ag glaoch orm le hinsint dom go raibh an scoláireacht buaite agam. Bhí an-ionadh orm agus bhí ríméad orm. Is iontach an spreagadh é an scoláireacht seo a fháil. Táim níos tiomanta ná riamh anois gach is féidir liom a fhoghlaim faoi cheol d’ardchaighdeán a léiriú’. Ó chríochnaigh mé an cúrsa, tá an méid eolais atá agam ar mhicreafóin, meascadh gairmiúil agus neart réimsí eile a bhaineann le cúrsaí fuaime tagtha chun cinn go suntasach. Ta an oiread foghlamtha agam agus casadh dream breá daoine orm a dhéanann togha an cheoil agus d’éirigh liom oibriú i gcomhar le roinnt acu ó shin fiú.”
Cén fáth a roghnófá an Bundioplóma i Léiriú Ceoil agus Fuaime atá againn?
Is ionann an cúrsa páirtaimseartha seo agus réamhrá bunúsach ar an Léiriú Ceoil agus Fuaime. Tá sé leagtha amach againn chun an croí-eolas, scileanna teicniúla agus cruthaitheacha a thabhairt duit atá ag teastáil do réimse de thionscail chruthaitheacha amhail léiriú ceoil, innealtóireacht fuaime, craoladh, fuaim do chluichí, fuaim chorparáideach, iarléiriú, suiteáil córas fuaime agus díolacháin pro-audio.
Mhínigh an Ceannaire Cúrsa Stephen O’Brien go bhfuil na ranganna thar a bheith praiticiúil agus dírithe ar fhoghlaim ó thaithí. “Tugtar de thasc do mhic léinn aithris a dhéanamh ar chásanna cearta,” a dúirt sé. “I gcuideachta bannaí a bhíonn ag taifeadadh, ritheann siad craoladh beo, srathú, agus an dialóg a shioncronú ar fhógraí chun agallamh raidió VOX pop 3 nóiméad chomh maith le taifeadtaí allamuigh a chruthú. Cuidíonn na mic léinn i ndáil le gach ceann de shingil BIMM a thaifeadadh sa stiúideo faoi threoir léiritheora agus cuireann sin deiseanna iontacha líonraithe ar fáil.”
Beidh foireann de ghairmithe ó thionscal an cheoil a bhfuil ardscileanna acu do theagasc agus beidh saoráidí ardteicneolaíochta, úrnua i do thimpeall. Tá gach duine de léachtóirí an chúrsa ag obair faoi láthair sa tionscal agus áirítear ina measc Fergal Davis, Innealtóir Máistrithe (Muse, Sinead O’Connor, Ben Folds), Stephen O’Brien Innealtóir Léirithe (Hal, Cathay Davey, RTE Junior, Disney), chomh maith le daoine eile. Beidh aoi-theagascóirí againn chomh maith a chlúdóidh ábhair ar leith amhail Ber Quinn (Divine Comedy, The Villagers, John Grant) maidir le fuaim bheo.
Ag labhairt dó faoin taithí a bhí aige féin tar éis dó an scoláireacht a bhuachan agus ar an taithí a bhí aige ar an gcúrsa, dúirt Nabil Jamal (Buaiteoir Scoláireacht na bliana 2018): “Ba mhór an onóir dom é an chéad scoláireacht riamh de chuid 2fm a fháil. Ba bhliain iontach a bhí sa bhliain a chaith mé in BIMM. D’airigh mé gur oir BIMM go mór dom. Bhí comh-cheoltóirí i mo thimpeall atá go léir ar a ndícheall na ceisteanna céanna is a bhí agamsa a fhreagairt agus a chur agus a bhí sé sin thar barr. Chomh maith le heolas níos mionsonraithe a chur ar mo cheird, rinne mé roinnt cairde iontacha nua freisin. Is timpeallacht fhoirfe é BIMM do cheoltóir ar bith. Bhí sé ar mo chumas chomh maith mo chéad shingil, Dog Wit A Bone, a chasadh os comhair mo chuid cairde agus na mac léinn eile ag an ngig ag deireadh an téarma agus bhí sé sin ar cheann de na buaicphointí is fearr agamsa.”
Mar is féidir cur isteach ar an Scoláireacht:
- Seol iarratas le haghaidh foirm iarratais ar aghaidh trí ríomhphost a sheoladh chuig foireann iontrálacha Institiúid BIMM, Baile Átha Cliath ag info@bimm.ie nó glaoigh ar an uimhir +353 1 5133 666
- Seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe ar ríomhphost ar ais chuig info@bimm.ie roimh 5pm Dé Luain an 9 Lúnasa, 2021.
- Nuair a bheidh d’iarratas déanta agat, déanfaimid teagmháil leat le sonraí faoi d’agallamh. Tabharfar fógra 10 lá ar a laghad duit maidir leis an am a bheith leagtha amach do d’agallamh.
- Tabhair aon ábhar ábhartha leat chuig an agallamh a thabharfaidh léargas ar an taithí atá agat i léiriú ceoil agus fuaime.
- Tá míle fáilte roimh iarrthóirí idirnáisiúnta iarratas a dhéanamh. Déanfar gach agallamh scoláireachta a reáchtáil via Zoom.
An bhfuil fonn ort freastal ar Institiúid BIMM, Baile Átha Cliath? Déan fiosrú anois agus cuir tús le do shaol sa cheol nó déan teagmháil leis an bhfoireann ag dublin@bimm.ie