A dtuairimí i leith RTÉ curtha in iúl ag an bpobal
Beidh tuairimí an phobail mar threoir do RTÉ sna blianta amach romhainn
- Roinn beagnach 10,000 duine a dtuairimí linn i mí Feabhra agus Márta 2021
- Mandáid láidir pobail a bheidh ina lón ábhair maidir lena dhéanfaidh RTÉ sa todhchaí
- Léiríodh tacaíocht láidir phoiblí do réimse leathan clár agus ábhar seirbhíse poiblí
- www.rte.ie/tabhairdothuairim
D’fhreagair beagnach 10,000 ball den phobal an cuireadh a thug RTÉ dóibh a dtuairimí i dtaobh RTÉ a roinnt tríd an bhfeachtas ‘Abair leat’.
I mí Feabhra agus Márta na bliana 2021, trí shuirbhé neamhspleách, and tar éis feachtas náisiúnta ‘Abair Leat’ sna meáin, tugadh cuireadh don phobal a dtuairimí a thabhairt i dtaobh RTÉ agus a bhfuil siad ag súil leis uaidh, is cuma an mbaineann siad úsáid rialta as seirbhísí RTÉ ar an teilifís, ar an raidió nó ar líne, nó nach mbaineann. Beidh na tuairimí sin mar threoir do RTÉ sna blianta amach romhainn.
Faoin Acht Craolacháin (2009), ceanglaítear ar RTÉ dul i gcomhairle leis an bpobal agus Ráiteas Seirbhíse Poiblí a réiteach gach cúig bliana. Leagtar amach sa ráiteas seo na prionsabail atá le comhlíonadh ag RTÉ agus na gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích aige d’fhonn a shainchúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Tugadh an fhreagairt ba mhó riamh ar chomhairliúchán de chuid na meán le pobal na hÉireann, ar chomhairliúchán na bliana seo.
Rinne Behaviour & Attitudes (B&A) an suirbhé, nár ghá ainm a thabhairt leis, thar ceann RTÉ agus tugadh cuireadh do gach ball den phobal a dtuairimí a thabhairt.
An méid a chuir an pobal in iúl dúinn.
Maidir le cláracha agus ábhar RTÉ
- Deir 89% go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh meascán de chláracha agus ábhar á léiriú ag RTÉ.
- Aontaíonn 89% gur chóir teacht a bheith ag an lucht féachana agus éisteachta ar réimse leathan d’ábhar ar ardchaighdeán as Éirinn.
- Deir 91% go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh RTÉ cláracha agus ábhar ar fáil a chlúdaíonn raon leathan spéise.
- Deir 92% go bhfuil sé tábhachtach clúdach ar imeachtaí lena mbaineann leas náisiúnta a chur ar fáil ar fud réimsí cultúir, spóirt, polaitíochta agus réimsí eile.
- Deir 87% go bhfuil sé tábhachtach freisin go gcuirfeadh RTÉ ábhar ón gcartlann ina ndéantar cur síos ar oidhreacht agus ar ghnáthshaol na hÉireann agus go mbeadh sé inrochtana i ngach formáid (físeán, fuaim agus scríofa).
Faoi na nithe atá tábhachtach do dhaoine
Tá tacaíocht láidir ann do gach prionsabal seirbhíse poiblí RTÉ trí chéile, iad seo a leanas:
- A bheith neamhspleách ar thionchair pholaitíochta, thráchtála agus tionchair eile.
- Gníomhú chun leas na sochaí
- A bheith ábalta freastal ar gach duine agus teacht a bheith ag gach duine air (uilíocht)
- Dícheall a dhéanamh barr feabhais a bhaint amach
- Ardán a chur ar fáil do thallann cruthaitheachta agus do chultúr na hÉireann
- Tacú le nuálaíocht agus cruthaitheacht
- léagsúlacht agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn
- A bheith freagrach don phobal agus páirtithe leasmhara
Go sonrach:
Neamhspleáchas agus freagracht: Deir 94% go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh RTÉ neamhspleách ar thionchair pholaitíochta, thráchtála agus tionchair eile; is é sin an chéad phrionsabal (mar a bhí in 2015). Tá a bheith freagrach ar an dara prionsabal is tábhachtaí dar leis an bpobal (91%). Maidir le freagracht, ba mhaith le 96% den phobal go gcuirfeadh RTÉ an deis aiseolas a thabhairt agus gearáin a dhéanamh ar fáil agus ba mhaith leis an líon céanna daoine go gcinnteodh RTÉ go bhfuil sé bainistithe ar bhealach atá ag teacht le dea-chleachtais.
Nuacht ar ardchaighdeán: Deir 97% go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh RTÉ nuacht agus cúrsaí reatha náisiúnta agus idirnáisiúnta ar ardchaighdeán ar fáil atá cruinn, cothrom, neamhchlaonta agus oibiachtúil. Ní mór do RTÉ cinntí eagarthóireachta neamhspleácha a dhéanamh agus deir 96% díobh go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfadh RTÉ iadsan a bhfuil poist údaráis acu chun cuntais.
Díospóireacht: Deir 92% go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh RTÉ díospóireacht ar thuairimí agus smaointe a éascú, a chuireann le sochaí dhaonlathach.
Rochtain: Deir 94% go bhfuil sé tábhachtach go gcinnteodh RTÉ go bhfuil daoine faoi mhíchumas ábalta rochtain a fháil ar chláracha agus ar sheirbhísí RTÉ, agus deir 92% go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ábhar agus seirbhísí RTÉ chomh inrochtana do chách agus is féidir.
Iléagsúlacht: Deir 74% go bhfuil sé tábhachtach go gcruthódh RTÉ ábhar a thugann léargas ar an iléagsúlacht atá in Éirinn sa lá atá inniu ann.
De réir an tsuirbhé, tá an pobal ag iarraidh ar RTÉ siamsaíocht a chur ar fáil dóibh agus gáire a bhaint astu, cláracha faisnéise ar ardchaighdeán a chur ar fáil a chuireann ábhar cainte ar fáil do mhuintir na tíre agus ardán a chur ar fáil d’aos dána, do cheoltóirí agus do chultúr na hÉireann.
Dar le Dee Forbes: “Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le beagnach 10,000 duine den phobal as a dtuairimí a roinnt linn. Glacfaidh na tuairimí seo páirt thábhachtach i dtaobh an méid a dhéanfaidh RTÉ, mar bhur meán cumarsáide seirbhíse poiblí, a mhúnlú sna blianta amach romhainn, mar chuid dár dtiomantas leanúnach bhur gcuid riachtanais a shásamh.
Cé go gcuireann an suirbhé an-chuid ábhair mhachnaimh ar fáil, is údar misnigh é a fheiceáil go dtacaíonn an pobal le RTÉ mar mheán cumarsáide seirbhíse poiblí neamhspleách, láidir agus freagrach a chuireann eolas ar fáil do réimse leathan lucht féachana agus éisteachta, a tharraingíonn iad agus a chuireann siamsaíocht ar fáil dóibh trínár gcláracha agus seirbhísí. Ní dhéanaimid beag is fiú den tacaíocht sin. Déanfaimid an t-aiseolas luachmhar seo a scrúdú tuilleadh anois fad a bhforbróimid Ráiteas Seirbhíse Poiblí RTÉ sna míonna romhainn amach agus muid ag leagan ár mbealach don todhchaí amach.”
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun an tuarascáil a léamh ina hiomláine, téigh go chuig www.rte.ie/tabhairdothuairim.
CRÍOCH
NÓTAÍ
Maidir le Ráiteas Seirbhíse Poiblí RTÉ
Faoin Acht Craolacháin 2009 tá sé de dhualgas ar RTÉ Ráiteas Seirbhíse Poiblí a réiteach gach cúig bliana, agus ní mór leas a bhaint as comhairliúcháin phoiblí chun sin a dhéanamh. Is chun na prionsabail a chomhlíonfaidh RTÉ agus na gníomhaíochtaí a bheidh á gcur i gcrích aige d’fhonn a shainchúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh a mhíniú don phobal an Ráiteas seo.
Bhí dhá bheart i gceist leis an bpróiseas in 2021: bhí suirbhé comhairliúcháin phoiblí i gceist in éineacht le suirbhé cainníochtúil a bhí ionadaíoch go náisiúnta, agus tugadh an ceistneoir lárnach céanna sa dá shampla suirbhé.
Is é príomhchuspóir an taighde seo eolas a dhéanamh do chéad PSS eile RTÉ trí shonraí iontaofa agus bailí ó thaobh staitistice de a bhailiú maidir le:
- Cuspóir agus prionsabail RTÉ, amhail neamhspleáchas agus freagracht.
- Sainchúram ábhair RTÉ amhail seánraí a bhíothas ag súil leo, agus an t-eispéireas ina leith chomh maith leis an tionchar a bhíonn aige ar dhaoine.
- Sainchúram uilíochta RTÉ, ina scrúdaítear réimse amhail iléagsúlacht, an Ghaeilge, agus muintir na hÉireann thar lear.
Maidir leis an suirbhé
Ba é Behaviour & Attitudes (B&A), an comhlacht taighde margaidh neamhspleách is mó in Éirinn, a rinne an suirbhé seo thar ceann RTÉ. Bunaithe ar pholasaí príobháideachais B&A níor bhailigh RTÉ, ná níor cuireadh ar fáil dó, aon fhaisnéis phearsanta. Níorbh fhéidir na torthaí a cheangal go pearsanta leis na rannpháirtithe ar bhealach ar bith. Ní fheiceann RTÉ ach torthaí suirbhéanna comhiomlánaithe, gan aon ainm leo. Is soláthraí iontaofa é B&A do RTÉ agus tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear a bpolasaí príobháideachais, ar fáil ag https://banda.ie/.
Maidir le modheolaíocht an tsuirbhé
Agus an comhairliúchán poiblí á leagan amach, bhí sé ina chuspóir ag RTÉ a bheith chomh hoscailte agus chomh cuimsitheach agus ab fhéidir, chun tuairimí a bhailiú ó an oiread den phobal agus a d’fhéadfaí. Bhí feachtas náisiúnta sna meáin mar thacaíocht don chomhairliúchán, feachtas a chuir in iúl don phobal go raibh sé ag tarlú agus ag tabhairt cuireadh dóibh páirt a ghlacadh agus a gcuid a rá agus tá sonraí ina leith sin sa chéad chuid eile.
Bhí dhá chleachtas i gceist leis an modheolaíocht chomhairliúcháin, áit a raibh suirbhé comhairliúcháin phoiblí, a roghnaigh an duine féin agus a bhí ar chuireadh oscailte in éineacht le suirbhé cainníochtúil a bhí ionadaíoch go náisiúnta. Tagann an cur chuige éifeachtach agus éifeachtúil seo le dea-chleachtas agus le treoirlínte náisiúnta an Rialtais maidir leis an gcaoi le tabhairt faoi chomhairliúcháin phoiblí.
Tugadh an ceistneoir lárnach céanna sa dá shampla suirbhé, ag úsáid na modheolaíochta céanna (cur chuige CAWI sa chás seo). Tugadh faoi shuirbhé tagarmhairc tríd an bPainéal Grinnis B&A, i measc shampla ionadaíoch de 1,000+ duine fásta 18 mbliana d’aois agus níos sine, agus cuireadh cur chuige ar líne i bhfeidhm ar an gcomhairliúchán poiblí a bhí ar chuireadh oscailte. D’fhreagair 9,826 duine an suirbhé comhairliúcháin phoiblí oscailte.
Cuireadh an suirbhé ar líne ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, rinneadh é a thástáil i dtaobh áisiúlachta le bogearraí lagaithe radhairc agus cuireadh ar fáil é ar pháipéar dóibhsean nach raibh aon rochtain ar líne acu chun an oiread rochtana agus ab fhéidir a bheith ag gach duine aonair agus grúpaí ar an gcomhairliúchán.
Bhí an comhairliúchán poiblí ar siúl ar feadh cúig seachtaine le linn na tréimhse 15 Feabhra go 21 Márta 2021. Óstáladh an suirbhé ar leathanach lamairne tiomnaithe ar rte.ie, a bhí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla: www.rte.ie/haveyoursay and www.rte.ie/tabhairdothuairim.
Na chéad chéimeanna eile
Tá torthaí an chomhairliúcháin phoiblí á meas ag RTÉ. Cuirfidh na torthaí seo bonn eolais faoin gcéad Ráiteas Seirbhíse Poiblí eile de chuid RTÉ, ráiteas atá cosúil le cairt nó sainordú ón bpobal, lucht féachana RTÉ. Treoróidh an ráiteas seo an méid a dhéanfaidh RTÉ sna blianta amach romhainn agus cuirfidh sé le forbairt straitéise fhadtéarmach na heagraíochta.
Nuair a bheidh dréachtráiteas faofa ag Bord RTÉ níos déanaí in 2021, rachaidh sé ansin chuig an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán lena fhaomhadh, faoi réir comhairliúcháin le hÚdarás Craolacháin na hÉireann. Nuair a bheidh toiliú ón Aire faighte ag ráiteas RTÉ, foilseofar é ar an www.rte.ie in éineacht le torthaí an chomhairliúcháin seo.