CRÍOCH BHUACACH CURTHA LE CRAOBHCHOMÓRTAS SACAIR NA hEORPA AR RTÉ LEIS AN SCÓR FÉACHANA IS MÓ IN 2021 DON CLUICHE CEANNAIS
Mealladh lucht féachana 938,000* ar an meán chun breathnú ar chonclúid lán teannais chlúdach RTÉ ar UEFA EURO 2020 ar RTÉ2 Dé Domhnaigh, mar a fuair an Iodáil an ceann is fearr ar Shasana ar éigean le ciceanna éirice sa chluiche ceannais.
Bhí sciar 56% den mhéid iomlán a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am ag féachaint ar RTÉ2 agus cheangail an seinnteoir RTÉ Player 279,000** sruth. Baineadh amach buaicleibhéal 1.1 milliún duine den lucht féachana ag 22.52 oíche aréir. Idir thráchtaireacht roimh an gcluiche, an cluiche beo agus anailís ina dhiaidh, 1.6 milliún duine san iomlán a d’fhéach ar an gclúdach ar feadh nóiméid ar a laghad.
Sraith eile a bhí in UEFA EURO 2020 ar éirigh thar cionn leis ar RTÉ. Meánsciar 308k & 32.9% a d’fhéach ar na cluichí beo ar RTÉ2 idir na 46 cluiche éagsúil, le cluichí ceannais na ngrúpaí á dtaispeáint ag an am céanna ar RTÉ2 & ar RTÉ Player/Chainéal Nuachta RTÉ.
Dúirt Declan McBennet, Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ : “Bíonn na comórtais samhraidh speisialta i gcónaí mar go n-éiríonn leo na glúnta a tharraingt le chéile mar aon lucht féachana amháin chun an t-eispéireas a bhlaiseadh in éineacht, agus is amhlaidh a bhí i gcás EURO 2020. Leanann Spórt RTÉ de scoth an spóirt bheo a chur ar fáil dár lucht féachana anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, agus táimid ag súil anois le pointí eile a thabharfaidh le chéile muid ar an gcaoi chéanna le linn Chraobhchomórtas CLG, na gCluichí Oilimpeacha agus na gCluichí Parailimpeacha.”
Chuir RTÉ clúdach fairsing saor go haer ar fáil ar fud an chomórtais agus bhí deis ag an lucht féachana a bheith i gcroílár an aicsin. De bharr chláir na mbuaicphointí, bhí an t-iomlán le feiceáil ag an lucht tacaíochta. Bhí Liam Brady, Damien Duff agus Didi Hamann in éineacht le Darragh Maloney sa stiúideo Dé Domhnaigh, agus bhí na tráchtairí George Hamilton agus Ronnie Whelan ag craoladh ó Staid Wembley.
Bhí lucht féachana níos mó ná riamh ag RTÉ Player le linn UEFA Euro 2020, le 2.6 milliún sruth ceangailte i rith an chomórtais ar fad, ardú 30% ar leibhéil Euro 2016.
Ba é an cluiche ceannais idir Sasana agus an Iodáil an cluiche ba mhó tóir air le chóir a bheith 280,000 sruth agus an líon ab airde riamh ar RTÉ Player maidir le méid gaireas ag sruthú ag aon am amháin. Tháinig méadú níos mó ná a dhá oiread ar an méid sruthanna a ceanglaíodh leis an gcluiche cinniúnach idir Sasana agus an Iodáil i gcomparáid leis an gcluiche is mó lucht féachana le linn Euro 2016.
In ainneoin nach raibh foireann na hÉireann ag imirt sa chluiche ceannais an uair seo, níor chuir sé sin isteach ná amach ar an taitneamh a bhain lucht féachana na hÉireann as 1.7 milliún uair de shacar ar líne le linn mhí an Mheithimh.
Leanfaidh Spórt RTÉ d’ábhar fairsing saor go haer a chur ar fáil ar fud an tsamhraidh. Beidh clúdach againn nach féidir a shárú ar na Cluichí Oilimpeacha 2020 i dTóiceo, ag tosú ar an 23 Iúil, agus i ndiaidh sin, taispeánfar Cluichí Parailimpeacha an tsamhraidh, ag tosú ar an 24 Lúnasa. Beidh an nuacht is deireanaí maidir le Foireann na hÉireann againn ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne, agus beimid ag leanúint lúthchleasaithe spreagúla na hÉireann mar aon le cuid mhaith de na daoine mór le rá a bhfuil clú idirnáisiúnta bainte amach acu i ndomhan an spóirt.
Beidh foireann na hÉireann ag dul i ngleic le foireann na Fraince in Cardiff oíche amárach mar chuid de Chraobh na Sé Náisiún Faoi 20. Beidh an prapáil roimh an gcluiche ag tosú ar RTÉ2 ag 4.30pm. Taispeánfar rásaíocht ón gCurrach ar RTÉ One an Satharn beag seo.
Beidh Ciarraí ag dul chun páirce leis an Iarmhí i bPáirc an Chrócaigh i gCluiche Ceannais Chorn Joe McDonagh a chraolfar ar RTÉ2 Dé Sathairn. Tá an brú ag dul i méid i gCraobhchomórtas CLG i gcónaí, le Cluiche Ceannais Iomána Laighean le himirt idir céilí comhraic Áth Cliath agus Cill Chainnigh an tráthnóna céanna. Beidh an dá Chluiche Leathcheannais Peile i gCúige Uladh ar siúl ag an deireadh seachtaine, agus i ndiaidh sin beidh comharsana Luimneach agus Tiobraid Árann ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Iomána na Mumhan ar The Sunday Game Live, a bhfuil go leor ag súil leis.
Bí le Laochra an Todhchaí le Spórt RTÉ an Samhradh seo. Lean dul chun cinn na réaltaí spóirt a bhfuil seanaithne againn orthu agus réaltaí an todhchaí atá ag teacht chun cinn ar ardáin uile RTÉ agus bí linn don scleondar spóirt atá fós le teacht. Críoch
Nótaí:
Teilifís RTÉ:
Is mar seo a leanas a bhí na 5 cluiche is mó ar an teilifís, ina raibh páirt láidir ag Sasana:
Rangú Babhta Cluiche (an Fhoireann Baile v an Fhoireann as Baile)
- Cluiche Ceannais An Iodáil v Sasana 938,000/56.4%
- Cluiche Leathcheannais Sasana v An Danmhairg 889,000/60.7%
- Cluiche Leathcheannais An Iodáil v An Spáinn 586,000/41.7%
- An Chéad Bhabhta Sasana v Albain 546,000/46.4%
- An Dara Babhta An Fhrainc v An Eilvéis 466,000/37.9%
RTÉ Player – Na 5 cluiche is mó a beoshruthaíodh
- An Cluiche Ceannais: Sasana v An Iodáil (11 Iúil) 279,000
- An Cluiche Leathcheannais: Sasana v An Danmhairg (7 Iúil) 193,000
- An Cluiche Leathcheannais: An Iodáil v An Spáinn (7 Iúil) 158,000
- An Dara Babhta: Sasana v An Ghearmáin (29 Meitheamh) 113,000
- An Dara Babhta: An Fhrainc v An Eilvéis (28 Meitheamh) 95,000
Nótaí Foinse: AT Internet
- 2.6 milliún sruth ceangailte idir shruthanna beo agus shruthanna ar éileamh
- An cluiche is mó lucht féachana de chomórtas Euro 2016 ar RTÉ Player, Éire v An tSualainn,13/06/2016 132,000
- Bhí alt rianaire beo ar Spórt ar an alt is mó a léadh ar RTÉ.ie/Aip Nuachta RTÉ inné le 401k radharc ar an leathanach.