RTÉ |SÚIL SIAR AR AN mBLIAIN | 2020
LAGHDÚ AR IMEACHTAÍ SPEISIALTA AGUS LAGHDÚ AR CHOSTAIS OIBRIÚCHÁIN DE DHEASCA NA PAINDÉIME IS CÚIS LE GLAN-BHARRACHAS €7.9 MILLIÚN AG RTÉ IN 2020
Chun féachaint ar Thuarascáil Bhliantúil 2020, atá barrfheabhsaithe in HTML, i nGaeilge agus i mBéarla, téigh chuig http://www.rte.ie/annualreport.
Déanfaidh RTÉ Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite an Ghrúpa don bhliain dar críoch an 31ú Nollaig 2020 a eisiúint inniu.
Tuarascáil Bhliantúil RTÉ 2020, go hachomair:
- Tháinig titim €11m ar ioncam iomlán (Ceadúnas Teilifíse/Ioncam Tráchtála) idir 2019 agus 2020 (€342.1 V €331.1), i ndiaidh méadú measartha bliain ar bhliain in 2019
- Tháinig laghdú suntasach €28.5m ar chostais oibriúcháin (roimh Imeachtaí Speisialta) in 2020 (€333.7 V €305.2)
- Tháinig laghdú €11.3 ar ioncam tráchtála go €134.5m mar gheall ar chúngú margaidh de dheasca na paindéime agus ar athruithe ar nósanna i dtaobh tomhaltais na meán
- Ní raibh an t-ioncam ón táille ceadúnais a fuarthas sa bhliain 2020 ach €0.4 milliún níos airde ná leibhéal na bliana 2019, d’ainneoin an t-ardú €10 milliún a bhí ar an tsuim a fuarthas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí i ndáil le ceadúnais teilifíse ‘saor in aisce’, athrú i bpáirt maidir leis na ciorruithe a cuireadh ar an maoiniú poiblí ón mbliain 2010 anuas*
- Mar gheall ar chostais oibriúcháin laghdaithe agus costais laghdaithe i dtaobh Imeachtaí Speisialta, bhí Glan-Bharrachas i ndiaidh cánach agus Mhíreanna Eisceachtúla na bliana cothrom le €7.9m (2019 – €7.2m)
Is féidir an tAthbhreithniú Airgeadais iomlán a fháil ag www.rte.ie/annualreport.
Léirítear freisin sa Tuarascáil Bhliantúil go leor de bhuaicphointí RTÉ sa bhliain 2020, ina measc:
- Tháinig fás 36% ar an líon a bhreathnaigh ar Sheinnteoir RTÉ in 2020, áit a raibh sruthanna 67.5m.
- Roghnaigh 90% de mhuintir na hÉireann RTÉ mar phríomhfhoinse eolais maidir le paindéim Covid-19 in 2020.
- D’oibrigh RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona le níos mó ná 100 imeacht ealaíon ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus pobail i rith na bliana 2020.
- Tá eagrán mór na Nollag den RTÉ Guide ina ábhar iontais ag lucht foilsitheoireachta in Éirinn i gcónaí, agus díoladh beagnach 271,000 cóip.
- D’fhéach 1.4 milliún duine ar RTÉ Does Comic Relief, agus bailíodh níos mó ná €5.5 milliún.
- Tháinig fás 2 milliún ar an líon daoine a éisteann le raidió RTÉ go seachtainiúil, is ionann sin agus 51% den daonra fásta in Éirinn atá 15 bliain nó níos sine.
- D’fhéach beagnach 4 milliún duine aonair ar sheirbhísí teilifíse RTÉ i dtús na paindéime (2 Márta–17 Bealtaine 2020).
Chun tuilleadh a léamh maidir le buaicphointí RTÉ in 2020, féach www.rte.ie/annualreport/
Chomh maith leis sin:
- Tháinig na mílte le chéile i dteannta RTÉ le haghaidh #ShineALight in 2020.
- Bhailigh Leanaí (agus tuismitheoirí) chun féachaint ar Home School Hub RTÉ.
- D’fhéach 1.7 milliún duine ar The Late Late Toy Show ar ardáin éagsúla RTÉ
- Chothaigh an tionscadal ealaíne Illuminations dlúthpháirtíocht agus teacht aniar.
Dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Chuaigh muintir na hÉireann i muinín RTÉ ina sluaite in 2020, agus bhí siad ag brath go mór orainn i rith bliana a bhí corrach dúshlánach dúinn ar fad. Tá fonn i gcroílár na sprice poiblí atá againn saol na hÉireann agus saol na nÉireannach a léiriú: nuair a tháinig muintir na hÉireann le chéile in 2020, bhí RTÉ ann. Fad a laghdaigh ioncam tráchtála de dheasca na paindéime, tháinig laghdú ar chostais oibriúcháin chomh maith, mar gheall gur cuireadh siar an-chuid imeachtaí spóirt (go leor acu a bheidh ag filleadh in 2021), gur cuireadh siar léiriú clár, agus mar gheall ar mhodhanna nua oibre. Dá réir sin, bhain RTÉ barrachas amach don bhliain 2020. Ach tá fadhbanna géara práinneacha ann i gcónaí maidir le maoiniú níos fadtéarmaí a chur ar fáil do na meáin seirbhíse poiblí. Maidir le RTÉ, beidh éachtaí na bliana 2020 ina spreagadh lena chinntiú go ndéanfar gach iarracht bonn daingean a chur faoi mhaoiniú na meán poiblí. Tá guth láidir, neamhspleách Éireannach tuillte ag na glúnta atá ag teacht.”
Léigh Athbhreithniú an Phríomh-Stiúrthóra anseo: https://www.rte.ie/annual-report-2020/ie/business-review/director-generals-review.html
Dúirt Moya Doherty, Cathaoirleach Bhord RTÉ: “De dheasca na paindéime, bhí ar RTÉ na struchtúir oibriúcháin a bhí againn a scrúdú agus modhanna seachadta nua a bheadh éifeachtúil i gcás géarchéime a leagan amach. Le tacaíocht ón mBord, lean RTÉ leis an bplean airgead na heagraíochta a chobhsú in 2020, agus leanamar de bheith ag déanamh measúnú ar an dualgas a leagtar ar RTÉ, leis an réimse seirbhísí agus ábhair is fearr is féidir a choinneáil don lucht féachana agus éisteachta in Éirinn i gcomhthéacs ísliú maoinithe agus ioncaim. Is de bharr an dearcaidh seo a cuireadh borradh faoin gcomhrá maidir leis na meáin seirbhíse poiblí arís, a raibh práinn níos mó leis. Mar gheall ar an bpaindéim, chonacthas go raibh tábhacht leis na hargóintí ar son meáin chumarsáide seirbhíse poiblí a chaomhnú, a chosaint agus a chothú ag an am seo leis an saol mar atá.”
Dúirt Moya Doherty freisin: “Ba sa bhliain 2020 a tháinig an chomhbhá agus caidrimh chun cinn mar ghnéithe a dhéanann na meáin seirbhísí poiblí a shonrú agus a idirdhealú. Léirigh an lucht féachana agus éisteachta, ar bhealach níos soiléire ná riamh roimhe seo, na luachanna atá acu agus an méid atá ag teastáil uathu ón gcraoltóir náisiúnta. Beimid ag forbairt agus ag dul in oiriúint i gcónaí chun freastal a dhéanamh ar an riachtanas sin, agus rachaimid i neart nuair a thiocfaidh deireadh leis an bpaindéim lena chinntiú go bhfaighimid mar náisiún a mbeidh ag dul dúinn de thairbhe na foighne a léiríomar.”
Léigh Athbhreithniú an Chathaoirligh anseo: https://www.rte.ie/annual-report-2020/ie/business-review/chairs-statement.html
Chun féachaint ar Thuarascáil Bhliantúil 2020, atá barrfheabhsaithe in HTML, i nGaeilge agus i mBéarla, téigh chuig http://www.rte.ie/annualreport, áit a mbeidh tú in ann an tuarascáil iomlán a íoslódáil agus teacht ar eolas breise:
– Athbhreithniú Airgeadais: https://www.rte.ie/annual-report-2020/ie/business-review/financial-review.html
– Ábhar na Bliana 2020: https://www.rte.ie/annual-report-2020/ie/business-review/rte-what-we-made-in-2020.html
– Obair na Bliana 2020: https://www.rte.ie/annual-report-2020/ie/business-review/rte-what-we-did-in-2020.html
– Duaiseanna na Bliana 2020: https://www.rte.ie/annual-report-2020/ie/business-review/rte-what-we-won-in-2020.html
– Eolas Staitistice: https://www.rte.ie/annual-report-2020/ie/business-review/statistical-information.html
*An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM) atá freagrach as an airgead ceadúnais teilifíse a bhailiú, ó An Post agus ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí i ndáil le ceadúnais teilifíse ‘saor in aisce’.