COMÓRTAS GEARRSCÉALTA RTÉ 2021: BEAGNACH 2,700 IONTRÁIL, MOLTÓIREACHT AR BUN
Tar éis beagnach 2,700 iontráil a fháil, tá an mholtóireacht ar bun do Chomórtas Gearrscéalta RTÉ 2021 in ómós do Francis MacManus. Fógrófar na scríbhneoirí a n-éireoidh leo áit a bhaint amach ar an ngearrliosta i mí Mheán Fómhair.
Bhí deis ag scríbhneoirí a ngearrscéal a chur isteach don chomórtas roimh Dé hAoine an 7 Bealtaine, agus anois tá gearrliostú ar siúl ag moltóirí na bliana seo, scríbhneoirí Lisa McInerney, Declan Hughes agus Lucy Caldwell.
Fógrófar gearrliosta i mí Mheán Fómhair ar a mbeidh deich scéal, agus fógrófar buaiteoirí na bpríomhdhuaiseanna ar chlár speisialta de Arena ar RTÉ Radio 1 roinnt seachtainí ina dhiaidh sin. Déanfar na 10 scéal ar fad a léiriú don raidió, agus beidh roinnt de na haisteoirí is cumasaí dá bhfuil againn in Éirinn ag tabhairt glóir do na scéalta, Ingrid Craigie, Ali White, Kathy Rose O’Brien, Ronan Leahy agus Aaron Monaghan ina measc.
Is éard a dúirt Sarah Binchy, léiritheoir na sraithe: “Arís i mbliana glacadh go fonnmhar leis an gcomórtas. Tá sé d’aidhm aige cuid den scríbhneoireacht ficsin Éireannach is fearr don raidió a aimsiú gach bliain agus tá roinnt scéalta den scoth faighte againn ó scríbhneoirí tréitheacha ar fud na tíre, agus níos faide i gcéin. Gabhaim buíochas libh ar fad a sheol scéal chugainn. Is faoinár moltóirí breátha atá sé anois, agus tá dúshlán mór rompu agus iad ag roghnú 10 scéal an ghearrliosta, a bheidh á fhógairt againn i mí Mheán Fómhair.”
Gheobhaidh buaiteoir iomlán an chomórtais €3,000, agus bronnfar €2,000 agus €1,000 ar bhuaiteoirí an dara agus an tríú háit faoi seach. Gheobhaidh an chéad seachtar eile €250 an duine, agus foilseofar na 10 scéal ar fad ón ngearrliosta ar rte.ie/culture agus craolfar iad mar chuid de shéasúr scríbhneoireachta nua ar RTÉ Radio 1 san Fhómhar.
Tosach ríthábhachtach do scríbhneoirí nua agus scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn in Éirinn atá i gComórtas Gearrscéalta RTÉ, a bunaíodh sa bhliain 1986 in ómós don scríbhneoir agus craoltóir Francis MacManus. I measc iarbhuaiteoirí an chomórtais agus scríbhneoirí a cuireadh ar an ngearrliosta, tá Claire Keegan, Danielle McLaughlin, Anthony Glavin, Chris Binchy, Nuala O’Connor, Liz Nugent, Colin Walsh, Stephen Walsh agus Sarah Gilmartin.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcomórtas, chun éisteacht le scéalta ar bronnadh duais orthu roimhe seo agus iad a léamh, agus chun súil a choinneáil amach do nuacht an ghearrliosta, féach www.rte.ie/writing.
Maidir le Comórtas Gearrscéalta RTÉ
Bunaíodh comórtas le haghaidh gearrscéalta bunaidh don raidió sa bhliain 1986 i dtosach in ómós do Francis MacManus (1909-1985), úrscéalaí, beathaisnéisí agus iar-Cheannasaí Cainteanna agus Gnéithe ar Raidió Éireann, a rugadh i gCill Chainnigh. Gach bliain, craoltar na scéalta a cuireadh ar an ngearrliosta mar shraith ar scríbhneoireacht nua ar RTÉ Radio 1.
Is í Sarah Binchy léiritheoir Chomórtas Gearrscéalta RTÉ in ómós do Francis MacManus.
Chun teacht ar rialacha an chomórtais, faisnéis ar mar is féidir iontráil a dhéanamh, agus chun éisteacht le scéalta a bhuaigh duais roimhe seo agus iad a léamh, féach www.rte.ie/writing.
NA MOLTÓIRÍ
Lisa McInerney
Tá saothar Lisa McInerney le léamh nó le cloisteáil in Winter Papers, The Stinging Fly, Granta, The Guardian, Le Monde, The Irish Times, ar BBC Radio 4 agus i mbailiúcháin éagsúla. Bhain sí amach an Duais Baileys d’Fhicsean na mBan 2016 agus an Duais Desmond Elliott 2016 as a céad úrscéal The Glorious Heresies. Bronnadh Gradam Encore Chumann Ríoga na Litríochta 2018 ar a dara húrscéal, the Blood Miracles. Foilsíodh a tríú húrscéal, The Rules of Revelation, le déanaí.
Declan Hughes
Is úrscéalaí agus drámadóir é Declan Hughes. Bronnadh an Gradam Shamus don Chéad Úrscéal Bleachtaire Phríobháidí is Fearr agus Duais Iris Le Point don Úrscéal Coiriúlachta Eorpach is Fearr ar a chéad úrscéal sa tsraith Ed Loy a bhfuil ardmholadh tugtha di, The Wrong Kind of Blood; is é All The Things You Are an t-úrscéal is déanaí uaidh. Is duine de chomhbhunaitheoirí an chompántais drámaíochta Rough Magic é, mar aon le hiar-stiúrthóir ealaíne dá chuid, i measc na ndrámaí atá scríofa aige tá I Can’t Get Started, Digging For Fire agus Shiver. Is léachtóir le scríbhneoireacht chruthaitheach i UCD é agus tá sé ina Chomhairleoir Litríochta don Chomhairle Ealaíon.
Lucy Caldwell
Dhá bhailiúchán gearrscéalta, trí úrscéal, agus go leor drámaí don stáitse agus don raidió atá scríofa ag Lucy Caldwell, agus is í eagarthóir an bhailiúcháin Being Various: New Irish Short Stories (Faber, 2019). Tá craoladh fairsing déanta ar a gearrscéalta, agus cuireadh i go leor cnuasach iad, agus tá an-chuid gradam bainte amach aici dá saothar, lena n-airítear Duais Rooney do Litríocht na hÉireann, Duais Dylan Thomas agus Gradam Mór d’Ealaíontóir Aonair ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Tá Faber díreach tar éis an bailiúchán is deireanaí léi, Intimacies, a fhoilsiú.