An Saol mar atá: Lear mór ábhar fíorasach fógartha ag RTÉ an séasúr seo
Cláracha faisnéise nach gcuireann fiacail ann agus a imríonn tionchar, scéalta a bhogfadh do chroí a dhéanann ceiliúradh orainn mar dhaoine ar leith, sraitheanna móréilimh ina gcuirtear sainchomhairle maidir leis an gcaoi a bhfuilimid ag maireachtáil
D’fhógair RTÉ réimse leathan ábhair fhíorasaigh a dhéanfaidh freastal ar gach cineál ábhar spéise an séasúr seo. Ó na cláracha faisnéise a thugann chun deiridh go neamhbhalbh an rúndacht a bhain le rudaí corracha a tharla agus atá fós ag tarlú, na sraitheanna ina ndéantar ceiliúradh agus súil siar a chaitheamh ar na daoine agus na rudaí is ansa linn, go dtí ábhar atá éadromchroíoch agus a thabharfaidh spreagadh agus a chuirfidh siamsaíocht ar fáil, tá gealladh faoi fhíorábhar RTÉ ar an teilifís, ar an raidió, agus ar líne, go mbeidh sé, mar is dual dó, ag tabhairt léargais ar an saol mar atá sé go fírinneach.
Dúirt Seán Mac Giolla Phádraig, Ceannasaí Ghrúpa RTÉ: ‘D’fhéadfadh gurb é seo an sceideal is spreagúla ó thaobh an fhíorábhair a bhí againn go dtí seo. Cé go raibh bliain thar a bheith dúshlánach ann ó thaobh an léiriúcháin de, d’éirigh thar barr leis na foirne go hinmheánach in RTÉ agus sna cuideachtaí líonmhara neamhspleácha lena mbímid ag obair agus chuir siad rogha iontach cláracha faisnéise agus cláracha bunaithe ar an saol mar atá ar fáil don séasúr nua.
Tá an-lear buaicphointí ann don lucht féachana: idir an píosa álainn cainte a rinne Conor Ferguson in onóir dá bhean chéile Keelin Shanley, a airíonn sé uaidh go mór, agus an tsraith faisnéise cinniúnach le Nuala Cunningham agus Gerry Gregg i dtaobh na Magdalene Laundries – Ireland’s Dirty Laundry. Tá sceideal na gclár faisnéise lán de sheoid aon uaire: ón gclár gleoite de chuid Alex Fegan, The Irish Wedding go dtí Cocooned le Ken Wardrop, ina dtugtar léargas ar an thaithí dhaoine in Éirinn atá os cionn 70 bliain d’aois agus iad ag dul i ngleic leis an bpaindéim.
Beidh níos mó sraitheanna faisnéise sa sceideal i rith an tséasúir seo ná mar a bhí riamh cheana, le sraitheanna dála Quinn Country, a thugann léargas ar an gcaoi a raibh an fiontraí, Sean Quinn thuas seal, thíos seal, agus Crimes and Confessions, a dhéanann athscrúdú ar chuid de na cásanna a d’imscrúdaigh an scuad dúnmharaithe sna 1970idí. Ar RTÉ Raidió 1, leanfaidh an séasúr nua de Documentary on One ar aghaidh mar is dual dó, le scéalta a gcaithfear éisteacht a thabhairt dóibh. Táimid an-bhuíoch de na léiritheoirí a d’oibrigh gan stad gan staonadh chun an réimse iontach clár seo a chur ar fáil agus táimid ag súil go mór len iad a thabhairt chuig an lucht féachana agus éisteachta – ar an raidió agus ar an teilifís- chun go bhféadfaidh siad taitneamh a bhaint astu sna míonna amach romhainn.’
Tá diancheisteanna á gcur ag sraitheanna faisnéise RTÉ agus tuiscintí úra á dtairiscint acu le linn dóibh a bheith ag tabhairt léargais ar chuid de na hábhair is gruama dá bhfuil ann, lena n-áirítear an choireacht, saincheisteanna sóisialta, stair, polaitíocht, reiligiún, eolaíocht agus an t-athrú aeráide.
I measc na mbuaicphointí tá:
Ireland’s Dirty Laundry: Insíonn an tsraith faisnéise seo, atá bunaithe ar fhianaise na ndaoine a d’oibrigh sna Magdelene Launderies míchlúiteacha in Éirinn, scéal corraitheach faoi chóras uafásach, a chruthaigh Stát na hÉireann agus a fuair ann tacaíocht ag gach leibhéal de shochaí na hÉireann. Léiríonn an tsraith ríthábhachtach seo taithí na mban ina bhfocail féin.
Quinn Country: Seo é scéal an fhir a bhí mar a bheadh eiseamláir ann don bhorradh eacnamaíochta in Éirinn agus ina dhiaidh sin dá chliseadh. Déantar plé sa tsraith trí chuid seo ar an gcaoi a raibh sé thuas seal, thíos seal. Tá focail an fhir ba shaibhre in Éirinn tráth – b’fhiú cúig bhilliún euro é tráth dá raibh – mar a bheadh macalla ann thart timpeall ar a theach atá 15,000 troigh chearnach, “Rinne mé botúin. Ba é an ceann ba mheasa acu ná infheistíocht a dhéanamh i mbanc”.
The Killing of Fr Niall Molloy: I 1985, fuarthas sagart marbh i seomra leapa lánúin tar éis bainise a bhain le lucht rachmais i dteach mór faoin tuath. Sa tsraith dhá chuid seo, leanaimid nianna an Athar Niall agus iad ag caitheamh súil siar ar na himeachtaí a bhain lena bhás i seomra leapa Richard agus Teresa Flynn an oíche sin agus athscrúdú á dhéanamh acu ar chuid den fhianaise.
The Missing Children: Díríonn chlár seo ar an ionad cúraim i dTuaim a gcreidtear go bhfuil 796 leanbh curtha in umar séarachais ann. Inseofar scéal cumhachtach na marthanóirí agus na dteaghlach agus iad ag teacht ar an bhfírinne maidir le gné de stair na hÉireann a ndúirt an Taoiseach Micheál Martin ina thaobh gur ‘ré dhorcha, dheacair agus náireach’ a bhí inti. Fuair na céadta leanbh bás de bharr faillí nó uchtaíodh iad gan chead ón institiúid mhíchlúiteach seo.
Crimes and Confessions: Baineann an tsraith choire úrnua ceannródaíoch trí chuid seo, le himscrúdaithe choiriúla agus an chaoi ar réitigh cuid de na bleachtairí sa Gharda Síochána coireanna sna 1970idí agus sna 80idí.
Cold Case Collins: Athosclóidh foireann a cuireadh le chéile go speisialta, lena n-áirítear an Dr. Marie Cassidy, chomh maith le bleachtairí, eolaithe fóiréinseacha, staraithe agus síceolaithe, an t-imscrúdú ar an marú is conspóidí i stair na hÉireann: marú Mhichíl Uí Choileáin ag Béal na Bláth, Contae Chorcaí, i mí Lúnasa, 1922.
The Great Eircom Bust-out: Scéal atá deacair le creidiúint faoin gcaoi ar iompaigh an dóchas agus an díograis a bhain le Telecom Éireann a bheith bunaithe go poiblí i 1999 amach ina thubaiste, a d’fhág go raibh saoránaigh de chuid na hÉireann a bhain triail an Stocmhargadh fágtha i bhfiacha agus as póca dá bharr.
The Case I Can’t Forget: Filleann an fíorfhormáid coireachta a raibh an-tóir air don dara sraith, le cuntais phearsanta ó bhleachtairí a d’oibrigh ar chuid de na cásanna ba deacra in Éirinn agus cuirtear ar an eolas muid, ní hamháin faoin scéal a bhain leis an gcoir féin, ach faoin dúthracht atá riachtanach chun cás a réiteach. Clúdófar scéal dhúnmharú Rachel O’Reilly i measc cásanna an tséasúir seo.
The Bad Bank: Sraith dhá chuid a scrúdaíonn an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, ina mbeidh agallaimh leis na cinnteoirí, lena lucht tacaíochta agus le lucht a gcáinte agus leis an dream is mó a mbíonn tionchar ag a gcinntí orthu.
With God on our Side: Chun céad bliain na Críochdheighilte a chomóradh, scrúdóidh Mary McAleese an ról a bhí ag cúrsaí reiligiúin ó thaobh coimhlint a chruthú agus a réiteach i dTuaisceart Éireann agus an ról, más ann dó, a d’fhéadfadh a bheith aige fós ó thaobh síocháin a chothú i sochaí níos tuata agus níos éagsúla tar éis an Bhreatimeachta.
The Irish Civil War: Sraith ollmhór nua ón bhfoireann a léirigh The Great Hunger agus The Irish Revolution agus a bhfuil go leor gradaim buaite acu. Inseoidh The Irish Civil War an scéal a bhaineann leis an gcogadh cathartha a scaip ar fud na hÉireann i 1922 agus 1923, agus ag an am céanna, déanfaidh sé anailís dhomhain ar na bunchúiseanna agus ar an mbunús a bhí leis, ar na castachtaí polaitiúla agus sóisialta agus ar an toradh forleathan agus fhadtréimhseach a bhí air.
Father of the Cyborgs: Staidéar ar obair an néareolaí agus máinlia inchinne a rugadh i Luimneach, an tOllamh Philip Kennedy, a bhfuil a chuid oibre sna Stáit Aontaithe, obair atá conspóideach, bunaithe ar idirphlé idir inchinn an duine agus ríomhairí. Fear é seo atá tar éis micrishlis a ionphlandú ina inchinn féin.
Future Island: Sraith trí chlár a bheidh á chur i láthair thar thrí oíche as a chéile ag Liz Bonnin ina ndéanfar ceiliúradh ar eolaíocht agus ar nuálaíocht na hÉireann, bunaithe ar an tuairim go bhfeabhsóidh an saol go gairid.
RTÉ Investigates: Ón bhfoireann a thug léargas dúinn ar an gcruachás a bhaineann le bheith ag codladh amuigh gan dídean, Covid-19 i dtithe altranais, an chaoi a gcaitear le sceithirí agus mangaireacht oscailte an chnagchócaoin, tá RTÉ Investigates réidh le roinnt imscrúduithe móra nua a léiriú an séasúr seo.
Prime Time: Tá Prime Time ag croílár na díospóireachta poiblí in Éirinn, ag cur agallaimh thábhachtacha agus tuarascálacha doimhne ar fáil don lucht féachana agus ag soláthar anailís iriseoireachta atá iontaofa.
Claire Byrne Live: Agallaimh agus díospóireachtaí tráthúla, agus deis tugtha don phobal a dtuairimí a thabhairt maidir leis na saincheisteanna is tábhachtaí.
Beidh Documentary on One ar siúl ar RTÉ Raidió 1 gach Domhnach i gcaitheamh an tséasúir agus ar phodchraoladh gach Déardaoin, le scéalta láidre nár cheart a chailleadh.
Agus ag filleadh – Crimecall, Scannal
Ceiliúrann cláracha faisnéise RTÉ cuid de na daoine agus na h-áiteanna a bhaineann linn, agus déanann comóradh ar ghnéithe uathúla dár gcultúr agus dár stair, áireofar ar na buaicphointí:
Keelin Shanley: Faraway, Still Close: Súil siar atá pearsanta agus tochtmhar ach ar deireadh thiar spreagúil, ar shaol agus ar ghairm Keelin Shanley agus an troid a rinne sí i gcoinne na hailse. Déantar é a insint trí ghearrthóga físe; cartlainne pearsanta; agus focail Keelin féin agus a fear céile Conor Ferguson.
Cocooned: Sa chlár faisnéise seo le Ken Wardrop (His & Hers, Making the Grade), atá mealltach ach go minic magúil, déantar scrúdú ar an gcaoi a raibh na nglúnta níos sine ag clutharú ag tús na paindéime.
David Brophy’s Frontline Choir: Nuair a chuir crógacht na n-oibrithe cúram sláinte iontas an domhain air David Brophy bhunaigh sé den chéad uair riamh cór a bhí fud fad na tíre agus d’éist sé lena gcuid scéalta agus chuir sé aithne ar na daoine atá taobh thiar den PPE.
Donie O’Sullivan: Capitol Man: Ar 6 Eanáir, bhí gach duine sa tír sáite i CNN, ag breathnú ar ruathar á thabhairt, beo ar an aer, ar fhoirgneamh Capitol na Stát Aontaithe. Chonaic siad tráchtaireacht shuaimhneach agus fhaisnéiseach a chur ar fáil ag iriseoir iniúchta óg as Éirinn, Donie O’Sullivan. Déanfaidh an clár faisnéise seo cur síos ar an gcaoi ar éirigh le Donie, as baile beag i gCiarraí, a bheith ina dhuine a bhfuil aithne air anois go h-idirnáisiúnta.
Yellow Sam: Sna hagallaimh seo, nach bhfacthas cheana agus a bhí déanta sula bhfuair sé bás, cloistear an scéal neamhghnách a bhaineann le húinéir agus gealltóir na gcapall rás, Barney Curley – ón gcúlra dian a bhí aige mar Chaitliceach i bhFear Manach, na héachtaí gealltóireachta dána agus an cinneadh a rinne sé go grádiaúil go “dtabharfadh sé rud éigin beag ar ais” le gur bhronn gach a raibh buaite aige ar eagraíochtaí carthanachta, rud a d’fhág go bhfuair sé bás agus é beo bocht.
The Way We Were: Filleann an tsraith láidir agus thar a bheith siamsúil seo a scrúdaíonn an bealach ar mhair muid le 80 bliain anuas. Lena n-áirítear: The Way We Loved, The Way We Wore, The Way We Played, agus The Way We Were At Home.
Treaty ’21: Ón bhfoireann a bhí taobh thiar den ócáid staire móréilimh, Toghchán ’18. Pléann David McCullagh, Sineád O’Carroll agus painéal aíonna ar tugadh cuireadh dóibh faomhadh an Chonartha Angla-Éireannaigh i nDáil Éireann, ar an 7 Eanáir, 1922. Is é an clár seo croílár cuimhneacháin lae na hócáide sin ar ardáin agus ar chainéil uile RTÉ.
Déanann The Toy Shop taifead ar scéalta an teaghlaigh, na samhlaíochta agus an spraoi mar a d’inis úinéirí agus custaiméirí cúig shiopa déag bréagán neamhspleácha ar fud na hÉireann iad.
The Irish Wedding: Cuntas greannmhar agus tochtmhar a bhaineann leis an gcaoi a gceiliúrann an tÉireannach an grá, an teaghlach agus an cairdeas agus é á léiriú trí lá bainise agus go háirithe na hóráidí ar an lá. Le Alex Fegan, (stiúrthóir ar Older Than Ireland; The Confessors)
The Meaning of Life: I measc aíonna Joe Duffy le haghaidh an 15ú sraith den seó agallaimh móréilimhe seo tá Rupert Everett, Jane Seymour, Eamonn Holmes, Mary Coughlan, Eamonn McCann, agus an Coimisinéir AE Mairead McGuinness
Ireland’s Wild Islands: Sraith nua iontach don teilifíse a thugann léargas ar an bhfiadhúlra ar na h-oileán is sceirdiúla agus is maorga atá in Éirinn. Á chur i láthair ag Eoin Warner.
Droichid na hÉireann: Sa tsraith seo, fiosróidh Lochlann Ó Mearáin oidhreacht shaibhir ailtireachta agus staire na ndroichead is spéisiúla agus is áille in Éirinn.
Faoi Bhláth: Clár stíl mhaireachtála dhoiciméadach atá anseo ina mbreathnaítear ar an mbia, ar an leigheas, ar an gcneasú agus ar an áilleacht a bhaineann le bláthanna fiáine na hÉireann sna gnáthóga éagsúla ina bhfásann siad ar fud tíre agus iad i séasúr agus as séasúr araon.
An tSlí: Téann Mary Kennedy ar thuras Shlí Náisiúnta an Ghorta Mhóir.
Ar an Sliabh: Sraith faisnéise a thugann léargas ar shaol agus ar scéalta na ndaoine a bhfuil cónaí orthu ar na sléibhte agus ar thaobh na gcnoc ó thuaidh agus ó dheas ar Oileán na hÉireann.
The Islands: Is í Liz Bonnin a chuireann an tsraith geolaíochta trí chuid seo i láthair agus a chuireann muid ar an eolas faoi oileáin na tíre – os cionn na talún agus faoi uisce.
I leagan níos éadroime den saol mar atá, caithfimid súil ar an gcaoi a mairimid agus ar na rudaí a bhíonn ar bun againn. Tá idir tithe agus óstáin, airgeadas pearsanta agus bainiseacha, peataí agus tuismitheoireacht ann. Spléachadh ar ár saol agus fáil, i gcaitheamh an achair, ar shainchomhairle.
Designed for Life: Tugann an dearthóir intí idirnáisiúnta, Arlene McIntyre, a cuid eolais, cruthaitheachta agus a taithí ar a bheith ag oibriú le cliaint cáiliúla chuig an tsraith nua sé chuid seo.
Bungalow Bliss: Sa tsraith úrnua ceithre chuid seo tá ceathrar ailtirí nuálacha, ag obair i bpáirt le ceathrar atá, den chéad uair, ina n-úinéirí bungaló agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid tithe, atá dorcha agus as dáta. Tá súil ghéar a choinneáil orthu i gcaitheamh an ama ag Hugh Wallace.
Build Your Own: (teideal oibre) Glacann cúigear úinéirí tí, atá an-difriúil óna chéile, leis an tasc ollmhór a dtithe féin a thógáil, agus an máistir-thógálaí agus ceardaí, Harrison Gardner, á múineadh agus ag déanamh meantóireacht orthu.
At Your Service: Tá John agus Francis Brennan ar ais le formáid nua uair an chloig, agus é curtha rompu acu cabhrú le ceathrar úinéirí gnólachtaí fáilteachais dul i ngleic leis an bpaindéim, iad a thabhairt isteach sa ‘ghnáthshaol nua’ and a chinntiú go ndéanfaidh siad a ngnóthaí a athbheochan.
Dr Eva’s Great Escape Series: Sraith faisnéise dhá chuid atá anseo ina leantar Dr Eva agus Wyatt chun a fháil amach ar éirigh leo doirse Solar Alvura, an t-óstán sláinte atá ina aisling acu sa Phortaingéil, a oscailt ar deireadh thiar.
Peataí!: Cuireann Tess Fleming an tsraith nua ceithre chuid seo faoi pheataí i láthair. Sraith atá cur thar maoil le madraí múinte, cait chantalacha agus alpacaí spleodracha.
Saol an Tréidlia: Leantar an saol ó lá go lá i dtrí chleachtas tréidliachta atá an-difriúil óna chéile i Luimneach agus i nGaillimh.
Cad faoi na Tuismitheoirí: Sraith tuismitheoireachta á chur i láthair ag Evelyn O’Rourke agus Rónán Mac Niallais.
Agus filleann cuid de na cláir is ansa leis an lucht féachana:
The Rotunda, How to be Good with Money, The Great House Revival, Cheap Irish Houses, Super Garden, agus Ear to the Ground.
Tá cláir eolaíochta agus dúlra againn freisin don lucht féachana níos óige ar RTÉ an séasúr seo:
Let’s Find Out: Is sraith siamsaíochta eolaíochta de chuid RTÉjr é seo atá comh-mhaoinithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann. Tá sé suite ar bord an spásárthaigh, Curiosity. Cuireann eachtrán, ar a dtugtar Zoom, ceist faoin domhan s’againne agus déanann a criú iarracht an cheist a fhreagairt di, le cabhair ó bheirt leanaí agus turas go dtí áit éigin iontach!
Bush Kids: Ceithre theaghlach amuigh san fhiántas, áit a mbeidh orthu a bheith ag ithe taobh amuigh, ag campáil taobh amuigh agus dhá oíche á chaitheamh acu san fhiántas.
Wild Atlantic Kids: Eachtraí spórtúla i veain champála ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin ina éineacht le muintir Fortune– Nellie (11), Eppie (8), Nan (6) agus a madra Chubby.