Fáiltíonn RTÉ roimh Thuarascáil Taighde DCU/FUJO (RTÉ & COVID-19: Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht agus freastal ar riachtanais an phobail)
Tá Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) le tuarascáil taighde nua a sheoladh ina ndéantar athbhreithniú ó thaobh na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta ar an bhfreagra a thug RTÉ ar an ngéarchéim COVID-19. Déantar measúnú sa tuarascáil, arna cur i dtoll a chéile ag DCU agus FUJO i gcomhar le RTÉ, ar an mbealach ar chuir RTÉ ábhar (ar raidió, ar theilifís agus ar líne) chomh maith lena chuid nósanna oibre in oiriúint chun freastal ar riachtanais ilghnéitheacha an phobail, chun ionadaíocht a dhéanamh ar raon ábhair agus ar dhearcthaí éagsúla, agus chun na dúshláin teicneolaíochta agus soláthair foirne a bhain leis an bhfreagra a thugamar ar an bpaindéim dhomhanda a shárú, lena n-áirítear bearta sláinte agus bearta scartha sóisialta. Áiríodh ar na ceisteanna taighde: Cén dearcadh a bhí ag RTÉ i leith a róil le linn na géarchéime agus cé na dúshláin agus na deiseanna a d’eascair do na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí? Cén tuiscint atá ag RTÉ ar choincheapa na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta agus conas a chuirtear i bhfeidhm iad? Cén éagsúlacht a bhí i gceist sna guthanna a bhí le cloisteáil ar chláracha RTÉ le linn na géarchéime?
Sa chéad leath den bhliain 2020 – i dtús na paindéime Covid-19 a tugadh faoi Thuarascáil Taighde DCU/FUJO agus tugtar léargas inti ar thráth ar leith chomh maith le haitheantas a thabhairt go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag RTÉ maidir le fís straitéiseach i leith na héagsúlachta a shainiú agus a chur chun cinn, agus go nglacann lucht cinntí i RTÉ go dáiríre leis an bhfís sin.
Féachadh ar shé chlár ar feadh thréimhse trí mhí – trí chlár ar ar RTÉ One (The Late Late Show, Claire Byrne Live agus Ireland on Call) agus trí chlár ar RTÉ Radio 1 (The Today programme, Brendan O’Connor agus The Business) agus ba é a thoradh:
- Fiú le linn paindéim dhomhanda, d’fhéach go leor de na cláracha le cothromaíocht inscne a bhaint amach, le roinnt 60:40 idir fir agus mná i measc rannpháirtithe uile na gcláracha.
- Bhí idir fhir agus mhná páirteach i bhformhór (69%) na gcláracha a raibh níos mó ná rannpháirtí amháin iontu.
- Tugadh isteach gné éagsúlachta sa phlé ar an bpaindéim i gcás 18 faoin gcéad de mhíreanna a bhain le Covid-19.
Dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir, RTÉ: “Ba phróiseas fiúntach é seo tráth a rabhamar ag dul in oiriúint do dhúshláin nach raibh aon súil leo a tháinig leis an bpaindéim dhomhanda. Cé gur bhain RTÉ ionadaíocht 60:40 amach idir fir agus mná i gcás na rannpháirtithe uile ar na sé chlár a roghnaíodh, tuigimid go gcaithfimid níos mó a dhéanamh chun sprioc 50/50 RTÉ a bhaint amach, agus táimid ag cur réimse beart i bhfeidhm le go dtarlóidh sé sin. Ó tugadh faoin tuarascáil seo, leanamar d’fhorbairt a dhéanamh sa réimse seo, go háirithe ar fud na gcláracha spóirt atá againn, mar is léir ón gclúdach a chuireamar ar fáil ar na Euros, na Cluichí Oilimpeacha agus na Cluichí Parailimpeacha le linn an tsamhraidh.”
Níos luaithe i mbliana bhunaigh RTÉ grúpa um Ilchineálacht san Ábhar, d’fhonn ceannasaithe sinsearacha ó gach réimse den eagraíocht a thabhairt le chéile chun iarrachtaí RTÉ uile maidir le héagsúlacht agus ionchuimsitheacht san ábhar a chuireann sé amach a athbhreithniú, a phlé agus a chur chun cinn.
Ina theannta sin, tá RTÉ:
- Le tionscnamh 50:50 a chur i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as modheolaíocht atá fréamhaithe i sonraí chun féachaint ar éagsúlacht inscne in ábhar ar fad RTÉ ar raidió, ar an teilifís agus ar líne. Tá an tionscnamh ina chuid de shruth oibre roinnt foirne cheana féin agus beidh mar chuid de shruth oibre tuilleadh foirne sna míonna atá ag teacht.
- Ag féachaint go gníomhach ar réitigh theicneolaíochta chun cuidiú le sonraí a bhailiú. Tabharfar isteach réiteach nua bogearraí i measc foirne in RTÉ Sport i bhFómhar 2021 chun cuidiú leis an bpróiseas bailithe sonraí.
- I mbun measúnachta ar réitigh a shásóidh GDPR agus ina bhféadfaí bunachair sonraí a thabhairt isteach a chuideodh le lucht déanta cláracha teacht ar ghuthanna nua.
- I ndiaidh scéim intéirneachta a thabhairt isteach atá dírithe ar ghrúpaí faoi ghannionadaíocht
- Ag leanúint de réimse leathan imeachtaí agus d’oiliúna a chur ar fáil don fhoireann i dtaobh éagsúlacht agus ionchuimsitheacht.
Aithnítear sa tuarascáil gur cheart ról tábhachtach a bheith ag rialtóir nua in oiliúint agus i bhforbairt a mbeadh sé mar aidhm shonrach aige freastal ar ghrúpaí faoi ghannionadíocht agus fáiltíonn RTÉ roimhe sin.
Chun an tuarascáil a léamh ina hiomláine cliceáil anseo.