Sraith bheochana nua RTÉjr le sábháilteacht ar líne a mhúineadh do leanaí réamhscoile
Alva’s World á thaispeáint den chéad uair ar RTÉjr agus ar RTÉ Player inniu
WATCH here.
Tá sraith bheochana spraíúil mhagúil ag tosú inniu (Dé Luain, an 6 Meán Fómhair) ar RTÉjr agus ar RTÉ Player, a mbeidh sé mar aidhm aici leanaí réamhscoile a ullmhú le go mbeidh siad ábalta fadhbanna a bhaineann leis an saol ar líne a thuiscint agus aghaidh a thabhairt orthu. Arna léiriú do RTÉjr agus Sky ag Kavaleer, stiúideo beochana lonnaithe i mBaile Átha Cliath a bhfuil gradaim buaite aige, déantar iniúchadh in Alva’s World ar shábháilteacht ar líne trí shúile Alva, a teaghlaigh agus an róbait atá mar pheata aici, Mo.
In Alva’s World, téann ár mbanlaoch beag in éadan phlotaí triúr cábóg cealgach – Troill Gizmo. Tá sé mar aidhm leis an gclár bandaí snámha a chur ar fáil don ghlúin leanaí seo a bhfuil siad ag teastáil go géar uathu, mar go mbeidh siad caite i gceann domhain an tsaoil ar líne i gceann cúpla bliain. Is ionann an domhan Gizmo agus macalla de thimpeallacht an idirlín agus tírdhreach na meán sóisialta, leis na hábhair iontais agus na rioscaí ar fad a bhaineann leo. Meallfar leanaí le scéalta spraíúla agus le carachtair spéisiúla, ach cuirfear oideachas orthu go cáiréiseach – agus tabharfar uirlisí réitigh fadhbanna dóibh – i leith fadhbanna a bheidh rompu amach anseo, gan aon agó.
Is éard a dúirt Andrew Kavanagh, Cruthaitheoir / Léiritheoir Feidhmiúcháin an Chláir: ‘Tá ríméad ar Kavaleer faoi sheoladh Alva’s World ar RTÉjr. Bhí RTÉ ina thacadóir dílis don chlár ón gcéad lá riamh, agus ba é is túisce a d’aithin ríthábhacht formáide a chuirfeadh an saol ar líne i láthair leanaí réamhscoile. Tá bród orainn gur lucht féachana Éireannach a bheidh ag breathnú ar Alva agus a cairde i dtosach, agus táimid buíoch dár gcomhpháirtithe as bheith mar chuid d’fhoireann a chruthaigh ábhar nua ceart maidir le cláracha do leanaí, a raibh géarghá leis.’
Dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí ar Ábhar do Leanaí agus Daoine Óga, RTÉ: ‘Cuireann sé lúcháir orm fáilte a chur roimh Alva’s World go RTÉjr. Tá sraith tharraingteach fhíorghreannmhar suite sa saol ar líne, a bhfuil ábhar machnaimh inti, cruthaithe ag Kavaleer do leanaí réamhscoile na hÉireann (agus a dtuismitheoirí). Beidh an tsraith ar fáil ar fud sheirbhísí digiteacha RTÉ, ar RTÉjr agus ar an Player, agus mar sin ní fhéadfadh ábhar na sraithe a bheith níos oiriúnaí. Níl a leithéid de rud ann agus ‘róluath’ ó thaobh leanaí a chur ar an eolas faoi mar is féidir leo a mbealach a dhéanamh tríd an saol ar líne go sábháilte, agus is iontach an tsraith í Alva’s World chun an méid sin a dhéanamh. Bí i measc Alva agus a cairde as Gizmo, mar sin, ón lá inniu ar aghaidh ar RTÉjr agus ar RTÉ Player.’
Beidh an boscra iomlán de Alva’s World (26 eipeasóid) ar fáil le féachaint orthu ar an RTÉ Player ón lá inniu ar aghaidh.
Tá go leor cláracha Gaeilge agus idirnáisiúnta eile do leanaí ar fáil ar RTÉ Player chomh maith. Áirítear ar na cláracha is mó tóir orthu: Bing, Peppa Pig, Punky, Hey Duggee, Dorg Van Dango, Nelly & Nora, agus tuilleadh.
Clár nua eile do leanaí an fómhar seo nár cheart dóibh a chailleadh ná Nova Jones, a bheidh ag tosú an 22 Meán Fómhair ar RTÉ2 agus ar RTÉ Player. Is sraith nua 10 clár í Nova Jones, le Jam Media, arna chomhléiriú ag CBBC, atá dírithe ar leanaí idir 8 agus 12 bhliain d’aois. Baineann sé le sár-réalta phopcheoil idir-réaltrach atá ar chamchuairt tríd an spás, agus tá foireann mhór aisteoirí Éireannacha aici. Leanann an tsraith Nova, sár-réalta phopcheoil idir-réaltrach 18 mbliana d’aois, mar a thaistealaíonn sí tríd an spás ar bhus camchuairte The Jefferson. Le linn a camchuairte, eisíonn sí singlí thar barr ar fad, albaim den chéad scoth agus cuireann sí ceolchoirmeacha a bhíonn díolta amach ar siúl dá lucht tacaíochta ar fud na cruinne.
Seo chugaibh cuid de na buaicphointí eile do dhaoine óga sa séasúr nua atá le teacht ar RTÉ:
Will Sliney’s Storytellers Bí i dteannta ealaíontóir greannán Will Sliney a bhfuil cáil dhomhanda air agus lear mór carachtar iontach nach bhfacthas riamh roimhe seo, sa seó ealaíne nua seo as an ngnáth. Le cuid de ina sheó líníochta agus cuid de ina eachtra bheochana, taispeánann Will dúinn ar fad conas a bheith inár n-ealaíontóirí agus inár scéalaithe iontacha leis an uirlis is cumhachtaí ar domhan – an peann luaidhe.
Tá Critters TV ar ais don dara sraith. Seo seans casadh le hainmhithe fiáine dúchasacha na hÉireann ar bhealach nua ar fad – iad sa bhaile, iad caite siar ag ligean a scíthe agus iad ag breathnú ar chláracha faisnéise faoin bhfiadhúlra ar Critters TV!
Halloween Shorts – Cuirfear le drithlíní na heagla Oíche Shamhna ar RTÉjr le gearrscannáin bheochana nua dhiamhra le seacht gcuideachta Éireannacha.
Junk Kouture – Tá príomhchomórtas faisin inbhuanaithe na hÉireann do dhaoine óga na linne seo ar ais arís. Cé a ainmneofar ina Bhuaiteoir Iomlán i mbabhta deiridh chomórtas na bliana seo? Clár cruthaitheachta, taibhithe agus inspioráide. Ceiliúradh ar dhaoine óga is ea é.
Ladybird and Bee – Dé réir dlúthchairde feithide, Bóín Dé & Beach, is ionann an Móinéar Fiáin agus an domhan uile. Tá scéalaíocht álainn measctha le domhan atá lán féidearthachtaí don insint, An Dúlra, sa tsraith bheochana ghreannmhar seo do leanaí réamhscoile.
Royals Next Door – Is sraith dráma grinn suímh é seo a bhaineann le teaghlach ríoga atá ag dul i dtaithí ar an saol i ngnáth-theach. Tá scéala iontach díreach faighte ag an mBanphrionsa Corónach Stellal!
Tá an tsraith dúshlán Squad Goals ar ais agus is í Anna Geary (Seaimpín Camógaíochta na hÉireann as Corcaigh agus cóitseálaí ar Ireland’s Fittest Family) a chuirfidh an tsraith i láthair. Beidh tuilleadh eachtraí gaile agus gaisce i gceist. Beidh scuaid ó gach cearn den tír ag dul in adharca a chéile chun deis a fháil tabhairt faoin ndúshlán deiridh ‘The Gauntlet’.
Is sraith shaofa scéalta grinn é Story Bud bunaithe ar scéalta sí atá ann cheana. Tá blas láidir na hÉireann ar na scéalta athshamhlaithe seo, mar go mbeidh scríbhneoirí grinn Éireannacha mór le rá á scríobh, amhail Eoin Colfer, Fiona Looney, Jason Byrne, Karl Harpur, agus go leor eile.
The Imagination Machine – Gan ach samhlaíocht mhór agus seanbhosca cairtchláir acu, téann triúr leanaí cliste ar eachtraí iontacha ar fud an domhain mhóir agus níos faide i gcéin.
X Marks The Spot – Tá ar Sam dul i muinín a cuid scileanna bleachtaireachta amaitéaracha nuair a mheasann sí gurb í Granuaile, Banríon na bhFoghlaithe Mara, atá bogtha isteach béal dorais – ach an gcreidfidh duine ar bith í?