Ar RTÉ One Dé Luain ag 10:35pm
Beidh Claire Byrne Live ar ais ar RTÉ One anocht don seachtú sraith agus cuirfidh Claire fáilte, den chéad uair le 18 mí, roimh lucht féachana sa stiúideo.
Is éard a dúirt Claire Byrne agus na seónna ag filleadh “D’airíomar uainn go mór an lucht féachana sa stiúideo le bliain go leith. Cé go rabhamar ábalta rannpháirtíocht an phobail a éascú i gcónaí lenár ndíospóireachtaí móra le linn na paindéime ar Zoom agus ar Skype, ní bhuailfeadh dada daoine a bheith sa stiúideo.”
Beidh an stiúideo thar a bheith gnóthach mar is iondúil ar Claire Byrne Live an séasúr seo. Cuirfidh Claire meascán d’agallaimh agus de chainteanna tráthúla inár láthair agus beidh deis ag an bpobal a gcuid tuairimí féin a thabhairt ar na hábhair is tábhachtaí. Mar is gnách, is féidir leat a bheith cinnte go mbeidh gach cineál ábhair á phlé nuair a bheidh Claire Byrne Live ar ais ar an aer Dé Luain an 6 Meán Fómhair ag 10:35pm
Dá mba mhaith leat a bheith páirteach i lucht féachana beo sa stiúideo, is féidir leat sin a chur in iúl ach ríomhphost a sheoladh chuig cblive@rte.ie agus Ticéid sa Lucht Féachana a chur i líne an ábhair.
Nóta: Filleadh an Lucht Féachana – Beidh lucht féachana beag ar ais sa stiúideo don séasúr seo de Claire Byrne Live gach oíche Dé Luain. Tá measúnú mionsonraithe riosca ar an timpeallacht oibre tugtha chun críche agus i gcomhar le Prótacail agus Treoirlínte COVID-19 RTÉ, fillfidh Claire Byrne Live ar Stiúideo 5 ó Dé Luain an 6 Meán Fómhair. Beidh 28 duine sa lucht féachana sa stiúideo. Glacadh cur chuige cúramach le linn an mheasúnaithe agus táthar ag leanúint comhairle agus treoirlínte reatha an Rialtais maidir le COVID-19 san ionad oibre.