COMÓRTAS GEARRSCÉALAÍOCHTA RTÉ 2021: GEARRLIOSTA NA SCÉALTA
Bás, beatha agus glaonna Zoom, coimhlint cultúir agus aighneas sna bruachbhailte, bua, teip agus an grá ó thús go deireadh an tsaoil, sin roinnt de na téamaí atá i gceist leis na deich gcinn de ghearrscéalta a d’fhógair RTÉ inniu ar an ngearrliosta as beagnach 2,800 iarratas a rinneadh ar Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ in ómós do Francis MacManus 2021.
Léirítear “imní na ndaoine i dtír aimhréidh” sna scéalta dar le Declan Hughes, duine de na moltóirí, “ach déantar sin le teann bá agus éirime, le mionsaothrú carachtair agus le samhlaíocht sa reacaireacht”.
Is iad na scéalta (arna lua de réir ord aibítre) a roghnaigh na moltóirí Lucy Caldwell, Declan Hughes agus Lisa McInerney, scríbhneoirí:
· A Hurt Like That, le Paul Boyle
· Mamó, le Sara Keating
· Muddlers, le Gráinne O’Hare
· People Over There, le Doaa Baker
· The Johns, le Rachel Walshe
· The Night Call, le Helen O’Neill
· The Pines, le Paul Lenehan
· The Third Day, le Kevin Donnellan
· We Must All Be Kind, le Hugo Kelly
· Windsea, le Dónal Minihane
Tugtar mioneolas breise ar na húdair agus ar a gcuid scéalta thíos.
Déanfar gach ceann de na 10 scéal a chraoladh agus a phodchraoladh i rith séasúr nua-scríbhneoireachta ar Late Date ar RTÉ Radio 1, ag 11.20 i.n, ó Luan go hAoine idir an 27 Meán Fómhair agus an 8 Deireadh Fómhair. Scéal na bliana a chraolfar ar an gcéad cheann.
Fógrófar rogha na moltóirí do scéal na bliana agus an dá scéal eile a mbronntar duaiseanna orthu níos luaithe an tráthnóna sin ar chlár speisialta de chuid Arena ag 7 i.n. ar RTÉ Radio 1. Bronnfar duais €3,000 ar údar scéal na bliana.
Mar chuid den chlár speisialta seo de chuid Arena, pléifidh Seán Rocks, an láithreoir, agus Lisa McInerney, Lucy Caldwell agus Declan Hughes, na moltóirí, na scéalta ar fad ar an ngearrliosta agus cloisfear míreanna fuaime agus agallaimh le roinnt de na scríbhneoirí sula bhfógraíonn na moltóirí na duaisiarrachtaí.
Tamall roimh chlár speisialta Arena agus sraith na scéalta a chraoladh, cuirfear scéalta uile an ghearrliosta ar fáil lena léamh ar www.rte.ie/culture ó Dé Céadaoin, an 22 Meán Fómhair ar aghaidh.
Deir Lisa McInerney, duine de na moltóirí: “Is cinnte go raibh seo ar na gnéithe ab fhearr a bhain le saol an chuibhrithe agamsa — saothar breá nua a léamh, scéalta a raibh a macalla cloiste againn á gcur inár láthair arís le cineál eile beochta mar gheall ar obair na n-aisteoirí, agus plé a dhéanamh orthu ansin, tuairimí a chéile a chloisteáil agus na buaiteoirí a roghnú in éineacht ansin, scríbhneoirí a bhfuil a ngradam tuillte go maith acu. Ba phribhléid moltóireacht a dhéanamh ar an gcomórtas seo, agus ba mhór an sásamh é chomh maith.”
Deir Declan Hughes, duine eile de na moltóirí: “B’fhéidir nach aon ábhar iontais é, agus an saol atá á chaitheamh againn faoi láthair, gur léiriú ar imní na ndaoine i dtír aimhréidh atá sna scéalta den chuid is mó, tír a bhfuil an stair ina hualach anuas uirthi agus nach cinnte gur ábhar dóchais a bhfuil i ndán di. Ach déantar sin le teann bá agus éirime, le mionsaothrú carachtair agus le samhlaíocht sa reacaireacht, le comhrá sochreidte agus le habairtí meáite tomhaiste”.
Deir Sarah Binchy, Léiritheoir na Sraithe: “Táthar ag tnúth go mór leis an séasúr breá seo de shaothar scéalaíochta nua-scríbhneoirí a chur i láthair lucht éisteachta leathan trí obair reacaireachta roinnt de na haisteoirí is fearr in Éirinn. Is féidir éisteacht le Arena, Dé Luain, an 27 Meán Fómhair agus gheofar blas d’ábhar an ghearrliosta chomh maith leis na moltóirí a chloisteáil agus buaiteoirí na bliana á bhfógairt acu. Beidh na scéalta ar fáil le léamh roimh ré ar rte.ie/culture, agus is féidir éisteacht beo ó Luan go hAoine ón 27 Meán Fómhair amach – nó éisteacht le podchraoladh ar do chaoithiúlacht tráth ar bith is mian leat.”
Cuireadh Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ ar bun sa bhliain 1986 in ómós do Francis MacManus, scríbhneoir agus craoltóir. Is liosta le háireamh scríbhneoirí de chuid na hÉireann ar tarraingíodh aird agus iomrá orthu mar gheall ar an gcomórtas ó shin i leith. Tá Claire Keegan, Danielle McLaughlin, Anthony Glavin, Chris Binchy, Nuala O’Connor, Liz Nugent, Colin Walsh, Stephen Walsh, Sarah Gilmartin agus daoine nach iad le lua ar na scríbhneoirí a bhuaigh gradam nó a raibh saothar dá gcuid ar ghearrliosta na ngearrscéalta roimhe seo.
Tá breis eolais faoi Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ ar fáil anseo: www.rte.ie/writing.
SCÉALTA AGUS ÚDAIR AN GHEARRLIOSTA
‘A Hurt Like That’ le Paul Boyle
Maidir leis an údar: As Dún Garbhán, Co. Phort Lairge é Paul Boyle atá ina mhúinteoir Béarla i gColáiste na mBráthar i gCill Chainnigh. Bhí saothar dá chuid roimhe seo i sraith Hennessy don Nua-scríbhneoireacht in Éirinn agus ar fhoilseacháin litríochta ar líne. Bronnadh Gradam Seán Dunne do Scríbhneoirí Óga air, roghnaíodh mar scríbhneoir é sa Chomórtas Coinne le Gníomhaire ag an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta sa bhliain 2017 agus sa bhliain 2018, agus tá sé díreach tar éis an chéad úrscéal dá chuid a scríobh le gairid.
Maidir leis an scéal: Tá bean tar éis titim anuas de dhréimire agus í ag smaoineamh faoin saol, faoin mbás, faoin bpósadh agus faoin suaimhneas suairc a bhaineann le bheith idir eatarthu, gan a fhios an ann nó as di feasta.
Deir Paul: “Líne as an dán Poppies in July le Sylvia Plath ab ábhar spreagtha le A Hurt Like That. Cíortar a mbíonn á cheapadh le cur in iúl an duine sa saol nuair is gnáthrud smaointe faoin bhféiniúlacht a shocrú agus a rangú agus a cur ina luí orainn an tráth céanna a mbítear ag cothú amhrais ina leith agus á mbréagnú.”
Beidh ‘A Hurt Like That’ á léamh ar an aer ag Derbhle Crotty.
‘Mamó’ le Sara Keating
Maidir leis an údar: Is scríbhneoir í Sara Keating chomh maith le bheith ina hiriseoirí maidir le cúrsaí cultúir. Bhí sí ina Scríbhneoir Cónaithe i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin don bhliain 2020-2021 Chuir sí bailchríoch lena linn sin ar Fall and Recover, an chéad úrscéal dá cuid faoin damhsóir Lucia Joyce, chomh maith leis an ngearrscéal seo lá báistí tar éis di an dréacht críochnúil den úrscéal a sheoladh ar aghaidh. Tá Bloomsday, 1935, sliocht as Fall and Recover, á fhoilsiú an mhí seo ar Banshee: A Literary Journal.
Maidir leis an scéal: An chaint a dhéanann bean neamhinnimh léi féin ina hinchinn nuair atá a hiníon agus clann a hiníne ar cuairt aici.
Deir Sara: “‘Ní fhéadaim cur suas leo:’ Comhrá fánach a bhí agam féin agus mo mháthair a spreag Mamó. Luaigh sise caint a rinne bean aitheantais dá cuid tar éis di a bheith ar cuairt i dteach cónaithe na garchlainne. Thug mé suntas do thréine na cainte agus don tsoghontacht a léiríodh leo, is annamh a chloisfeá tuairim dá leithéid á chur in iúl go poiblí. Cén chaoi a mbraitheann duine nuair nach maith léi daoine a mbeifí ag súil gur ceanúil orthu a bheadh sí? Cén chaoi a mbraitheann duine nuair is rogha éagsúil ar fad lena cuid féin an rogha a dhéanann duine dá clann?”
Beidh ‘Mamó’ á léamh ar an aer ag Ingrid Craigie.
‘Muddlers’, le Gráinne O’Hare
Maidir leis an údar: As Béal Feirste ó dhúchas í Gráinne O’Hare. Is mbun obair oifige a bhíonn sí i rith an lae agus bíonn sí ag obair faoi choim ar thráchtas dochtúireachta maidir le scríbhneoireacht na mban san 18ú aois in Ollscoil Newcastle. Foilsíodh saothar ficsin dá cuid ar Another North, Severine agus Púca Magazine, agus cuireadh Motherland, gearrscéal dá cuid, ar an ngearrliosta don Bridport Prize sa bhliain 2020.
Maidir leis an scéal: Cothaítear cairdeas idir beirt bhan óg as Béal Feirste mar gheall, i measc rudaí eile, ar shuim mhór, murar dúspéis, a bheith ag an mbeirt acu in Henry Joy McCracken, Wolfe Tone, agus pearsaí eile i stair na hÉireann.
Deir Gráinne: “Spreagadh bunús an scéil seo agus mé ag fálróid timpeall Bhéal Feirste i dtosach aimsir an chuibhrithe. Rinne mé scrúdú ar an stair a bhaineann le roinnt de na háiteanna is ansa liom. Theastaigh uaim ansin an chomrádaíocht agus an dílseacht a bhain leis an Muddlers Club a nascadh agus a mheascadh leis an gcairdeas idir beirt bhan atá ag teacht in inmhe i dtús an aonú céad is fiche.”
Beidh ‘Muddlers’ á léamh ar an aer ag Ali White.
‘People Over There’, le Doaa Baker
Maidir leis an údar: Scríbhneoir ficsin agus blagálaí í Doaa a ndearna a cuid tuismitheoirí imirce as an Iaráic. Molann sí a hathair as tógáil chomh dúchasach agus go bhféadfadh sí féin agus a triúr deirfiúr a mhionnú gur i lár Bhagdad a d’fhás siad aníos agus nach i mBaile Átha Cliath i ndeireadh na 1980idí agus sna 1990idí. Céimí MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach í as Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Maidir leis an scéal: Tagann Sura, bean óg de bhunadh na hIaráice a d’fhás aníos in Éirinn, trasna ar choimhlint cultúir agus í ar cuairt ag a cuid col ceathracha i mBagdad den chéad uair.
Deir Doaa: “Tugtar cuntas in People Over There ar an gcéad chuairt a thugann bean óg ar thír a muintire san Iaráic agus ar an teannas a eascraíonn ón stádas uasal a cheaptar leis an strainséir.”
Beidh ‘People Over There’ á léamh ar an aer ag Rachel O’Byrne.
‘The Johns’, le Rachel Walshe
Maidir leis an údar: Aisteoir, scríbhneoir agus aisteoir gutha í Rachel Walshe as Ráth Tó, Co. na Mí. Rinne sí céim sa Dlí agus sna Dána in Ollscoil Mhá Nuad agus thosaigh ar shaol na haisteoireachta sa bhliain 2017, agus ar ghairm an scríbhneora sa bhliain 2020. Is é The Johns an chéad ghearrscéal léitheoireachta dá cuid ach beidh gearrscannán léi dar teideal Measuring Stick le feiceáil ag féilte scannánaíochta na hÉireann go gairid agus tá dráma raidió dá cuid dar teideal Jumping For Joy le craoladh freisin ar Near FM.
Maidir leis an scéal: Feiceann Jenny, bean óg atá ar tí cumann a nascadh le Emma, comhghleacaí dá cuid, ábhar graffiti ag tagairt do ‘John and Cleo’ agus cuireann sin ag machnamh í faoi bhearta móra taispeántais faoin ngrá agus faoin dúthracht dá chéile.
Deir Rachel: “Tá John agus Cleo dáiríre ann a spreag The Johns, tá comhartha ar an ngrá atá acu dá chéile le feiceáil greanta sa stroighin ar Shráid Bhagóid Uachtarach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mbeirt acu!”
Beidh ‘The Johns’ á léamh ar an aer ag Kathy Rose O’Brien.
‘The Pines’, le Paul Lenehan
Maidir leis an údar: As Baile Átha Cliath ó dhúchas é Paul Lenehan a bhfuil cónaí anois air san Inbhear Mór. Tá gearrscéalta dá chuid á bhfoilsiú in irisí éagsúla le fiche bliain anuas. Bhí an scéal December Swimmers ar an ngearrliosta do Ghearrscéal na Bliana ag gradaim Irish Book Awards sa bhliain 2015. Tá sé ag obair faoi láthair ar There Is A Light That Never Comes On, cnuasach 100 gearrscéal le 100 focal i ngach scéal.
Maidir leis an scéal: Tá feachtas ceilte cogaíochta á fhearadh ag lánúin ar dhuine de na comharsana nach staonann óna chuid ama a chaitheamh ar an mbalcóin (bréige) óna bhfuil amharc isteach sa ghairdín sin acusan.
Deir Paul: “Tá líne as dán le Robert Frost go balbh in ábhar The Pines, ‘Good fences make good neighbours.’ Scrúdaítear in The Pines an fíor a mhalairt chomh maith, ‘Droch-chomhartha ar dhea-chomharsanacht an drochsconsa’.”
Beidh ‘The Pines’ á léamh ar an aer ag Norma Sheahan.
‘The Night Call’, le Helen O’Neill
Maidir leis an údar: Chaith Helen O’Neill beagnach 30 bliain ina dochtúir teaghlaigh. Tá sí tar éis cúrsa sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach a dhéanamh in Ollscoil Mhá Nuad agus ba é seo an chéad uair aici cur isteach ar chomórtas scríbhneoireachta.
Maidir leis an scéal: Tá dochtúir agus tiománaí gluaisteáin amuigh mall Oíche Chinn Bhliana nuair a bhuaileann an carr madra. Féachann siad le cúnamh a fháil ionas gur féidir leo giorrú go trócaireach leis an ainmhí bocht atá i ndroch-chaoi.
Deir Helen: “Cíoraim roinnt d’fhírinne lom an tsaoil ag dochtúir atá tugtha tuirseach in Night Call agus roinnt de na cruachásanna deacra eitice ina mbítear. Tá mo thaithí féin ar an saol de bhunús leis agus tháinig íomhánna a chonacthas dom agus nithe a bhraitheas tráth a mbínn féin i mo dhochtúir i gceist nuair a bhí an scéal á scríobh agam.”
Beidh ‘The Night Call’ á léamh ar an aer ag Jane Brennan.
‘The Third Day’, le Kevin Donnellan
Maidir leis an údar: Scríbhneoir de chuid na hÉireann é Kevin atá i mbun iriseoireachta i Sasana. Cuireadh saothar dá chuid ar an ngearrliosta le gairid don Bristol Short Story Prize agus bíonn a chuid iriseoireachta le léamh ar Reuters, VICE agus The Times. Tá beirt chlainne air agus is maith leis a bheith ag rith amuigh faoin tír in Hampshire.
Maidir leis an scéal: Leanann imreoir óg leis an gceiliúradh nuair atá na himreoirí eile ar an bhfoireann a bhuaigh an chraobh sinsir éirithe as.
Deir Kevin: “Bhí fonn orm scríobh faoin uaigneas agus faoin imní — faoin gcaoi a mbogann páirt in imeachtaí spóirt sin agus faoin gcaoi nach mbíonn ann ach go gceileann an spórt é i gcásanna áirithe.”
Beidh ‘The Third Day’ á léamh ar an aer ag Éanna Hardwicke.
‘We Must All be Kind’, le Hugo Kelly
Maidir leis an údar: Tá Hugo ina chónaí i nGaillimh áit a n-oibríonn sé ina leabharlannaí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bronnadh duaiseanna éagsúla air mar gheall ar a chuid scéalta, Gradam Scríbhneoireachta Cúirt ina measc, agus cuireadh ar an ngearrliosta faoi dhó é do Ghradaim Hennessy don Nua-scríbhneoireacht in Éirinn. Foilsíodh saothar dá chuid in Stinging Fly agus rinneadh a chraoladh ar RTÉ Raidió 1 agus ar BBC Radio 4.
Maidir leis an scéal: Cuireann fear a bhfuil méala bhás a thuismitheoirí ag goilliúint air go fóill, aonarán a oibríonn ar Zoom, isteach ar na comhghleacaithe oibre mar gheall ar an stíl gléasta neamhghnách a chleachtann sé.
Deir Hugo: “An gheit a bhaineann leis an iargúil agus leis an gcúlráid i rith na paindéime bun agus barr an scéil agus an scrúdú de chineál éigin a dhéanann duine air féin dá bharr.”
Beidh ‘We Must All Be Kind’ á léamh ar an aer ag Ronan Leahy.
‘Windsea’, le Dónal Minihane
Maidir leis an údar: Tá Dónal ina óstóir i nDúlainn, Co. an Chláir. Bhuaigh sé duais Aonach Úrscéalta Ionad na Scríbhneoirí roimhe seo agus tá sé ina mhac léinn dochtúireachta maidir leis an scríbhneoireacht in Ollscoil Luimnigh faoi láthair.
Maidir leis an scéal: Monalóg ó dhéagóir a ndéantar a mheas san éagóir agus gunna aige lena thiarna talún atá tar éis madra an déagóra a chaitheamh.
Deir Dónal: “Bhí an buachaill seo agus a mháthair ar m’intinn le roinnt blianta anuas. Tháinig an scéal chugam maidin amháin, rith sé liom in aon sruth amháin. Bíonn an t-ádh ar scríbhneoir uaireanta agus tarlaíonn sin má bhíonn smaoineamh á dhéanamh ar dhaoine agat le tamall. Cloistear an glór duit ó tharla go maireann tú leis na daoine seo, go bhfuil aithne agus cion agat orthu. Scéal amháin an ceann seo i sraith de scéalta a bhfuil ceangal eatarthu.”
Beidh ‘Windsea’ á léamh ar an aer ag Aaron Monaghan