Deimhniúchán Léiriúcháin Inbhuanaithe Albert bronnta ar Chláracha Gaeilge RTÉ don tsraith Gafa
Tá deimhniúchán do léiriúcháin inbhuanaithe agus as lorg carbóin na gclár a íoslaghdú bronnta ag Albert ar Chláracha Gaeilge RTÉ.
Bronnadh deimhniúchán Albert ar Chláracha Gaeilge RTÉ as an gcúig chlár sa tsraith nua Gafa, (Gafa leis an Underdog, Gafa le Grá, Gafa le Tarracóirí, Gafa leis an Aimsir agus Gafa leis na Royals), na chéad cláracha RTÉ a bhfuil an deimhniúchán bainte amach acu. Tá an fhoireann ag lorg deimhniúcháin don tsraith Scannal atá le teacht chomh maith.
Tá an tÁireamhán Carbóin Albert leagtha amach go speisialta chun cláracha a dhéanamh agus is uirlis í a aithnítear go forleathan, á húsáid ag craoltóirí ar fud na Ríochta Aontaithe agus ar fud an domhain.
Fuarthas an deimhniúchán Albert i ndiaidh seisiúin oiliúna ar líne a d’eagraigh RTÉ do léiritheoirí agus stiúrthóirí an stáisiúin chomh maith leis na pearsanra tacaíochta ar fad maidir leis an gcaoi chun an tÁireamhán Carbóin Albert a úsáid le lorg carbóin léiriúcháin RTÉ a laghdú de réir thiomantais RTÉ.
Mhínigh Sonia Patterson, Léiritheoir Cúnta, gur thosaigh an fhoireann ag caitheamh súil ghéar ar a gcuid léiriúcháin i ndiaidh na hoiliúna chun “feabhas a chur ar ár gcleachtais ar mhaithe le tionchar timpeallachta ár gcuid oibre a laghdú. Fuair muid amach gur ionann coigilteas timpeallachta agus coigilteas airgeadais go minic. Mar bhuntáiste sa bhreis d’éirigh linn airgead a spáráil inár mbuiséad. É a ghlacadh céim ar chéim an bealach le hé a bhaint amach.”
Dúirt Maria Schaler, Cúntóir Rannóg na gClár, freisin faoin ngaisce atá bainte amach ag Cláracha Gaeilge, “Is dóigh liom go bhfuil an fhoireann ar fad fíorbhródúil as an deimhniúchán seo a bhaint amach don tsraith. Cé gur ghlac an próiseas beagán ama, oibre agus smaointeoireachta, b’fhiú go mór é mar i ndeireadh an lae, ní hamháin gur laghdaíomar costas carbóin – agus airgeadais – na gclár, fuaireamar aitheantas ó Albert as ár ndícheall. Tá an-áthas orainn stampa Léiriúcháin Inbhuanaithe Albert a bheith againn ar fhrámaí deiridh ár gcuid clár agus tá súil againn go dtabharfaidh sin spreagadh d’fhoirne eile léiriúcháin oibriú i dtreo an deimhniúcháin sin a bhaint amach chomh maith.”
Ag tréaslú le Cláracha Gaeilge, dúirt Eileen Duggan, Bainisteoir Seirbhísí Inbhuanaithe agus Timpeallachta RTÉ: “Comhghairdeas le Cláracha Gaeilge as gur éirigh leo an uirlis Albert a úsáid agus as deimhniúchán léiriúcháin inbhuanaithe a bhaint amach. Tá tionchar mór ag athrú aeráide ar an gcaoi ar cheart dúinn rudaí a dhéanamh amach anseo. Tá níos mó agus níos mó daoine ag cur ceisteanna faoi thionchar carbóin agus ní haon eisceacht iad cláracha. Cuideoidh Albert linn ár dtionchar a thomhais agus tríd an eolas a gheobhaimid uaidh díreofar muid i dtreo bealaí níos inbhuanaithe a ghlacadh le tabhairt faoin obair. Tá súil agam go dtabharfaidh níos mó agus níos mó cláracha faoin dúshlán seo agus, amhail Cláracha Gaeilge, a bheith ábalta gaisce a dhéanamh as gur léiriúchán inbhuanaithe deimhnithe iad. Míle buíochas le Nicki Rocca a chuir úsáid Albert chun cinn agus a thacaigh leis go gníomhach.”
Is é Screen Green Coalition atá comhdhéanta den BAI, RTÉ, Fís Éireann, Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann, TG4 agus Virgin Media a chómhaoinigh an tÁireamhán Carbóin Albert a thabhairt go hÉirinn.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an tÁireamhán Carbóin Albert a úsáid déan teagmháil le Eileen Duggan.