COMÓRTAS GEARRSCÉALAÍOCHTA RTÉ 2021: BUAITEOIR FÓGARTHA
Is é an scéal The Third Day le Kevin Donnellan, scríbhneoir agus iriseoir as Cill Bhríde, Co. na Mí, atá ag cur faoi i Sasana anois, atá tar éis Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ in ómós do Francis MacManus a bhuachan. Fógraíodh an scéal a bhuaigh an comórtas tráthnóna anocht ar Arena ar RTÉ Radio 1 mar chuid de chlár speisialta tiomnaithe do Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ na bliana seo agus do na 10 scéal a cuireadh ar an ngearrliosta agus a n-údair.
Bhronn moltóirí na bliana seo, scríbhneoirí Lisa McInerney, Lucy Caldwell and Declan Hughes an duais don dara háit ar dhá scéal i gcomhpháirt, Mamó le Sara Keating, Scríbhneoir Cónaithe Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin 2020-21 agus Windsea le Dónal Minihane, óstánaí as Dúlainn, Co. an Chláir.
Os rud é gurb é a bhain an chéad áit amach, léifear The Third Day ar an aer ag 11.20pm anocht ar Late Date de chuid RTÉ Radio 1 mar chuid de shéasúr scríbhneoireachta nua ar RTÉ. Is é Éanna Hardwicke a bheidh á léamh. Craolfar na scéalta eile a bhain áit amach ar an ngearrliosta le linn na míre céanna, ar oícheanta na seachtaine ag 11.20pm, idir Dé Máirt an 28 Meán Fómhair agus Dé hAoine an 8 Deireadh Fómhair. Beidh Ingrid Craigie ag léamh Mamó ar an aer oíche amárach (Dé Máirt an 28 Meán Fómhair), agus oíche Céadaoin (an 29 Meán Fómhair) beidh Aaron Monaghan ag léamh Windsea ar an aer.
Léigh The Third Day anseo: https://www.rte.ie/culture/2021/0920/1247804-rte-short-story-competition-2021the-third-day-by-kevin-donnellan/
Léigh Mamó anseo: https://www.rte.ie/culture/2021/0917/1247401-rte-short-story-competition-2021-mamo-by-sara-keating/
Léigh Windsea anseo: https://www.rte.ie/culture/2021/0920/1247814-rte-short-story-competition-2021-windsea-by-donal-minihane/
Beidh fáil ar na deich scéal ar fad a cuireadh ar an ngearrliosta i bhfoirm podchraoltaí ar RTÉ.ie/Culture. Áirítear thíos sonraí na ndeich scéal ar fad ón ngearrliosta mar aon le sonraí na n-údar.
Mar bhuaiteoir an chomórtais, gheobhaidh Kevin Donnellan duais €3,000, agus gheobhaidh Sara Keating agus Dónal Minihane €1,500 an duine, iad beirt tagtha sa dara háit. Gheobhaidh an chéad seachtar eile €250 an duine.
Is éard a dúirt Kevin Donnellan, agus é ag labhairt faoina scéal a bhain an chéad áit amach: “Bhí fonn orm scríobh faoin uaigneas agus faoin imní — faoin gcaoi a mbogann páirt in imeachtaí spóirt sin agus faoin gcaoi nach mbíonn ann ach go gceileann an spórt é i gcásanna áirithe.”
MAR A LABHAIR NA MOLTÓIRÍ FAOIN SCÉAL A BHUAIGH AN COMÓRTAS
Lisa McInerney: “Is iomaí gné le moladh anseo, go háirithe tuiscint an údair ar rithim, teannas agus an fhírinne, ar nithe iad a mbíonn sé an-deacair a mhúineadh do dhuine. An rud is mó a rith liom faoi The Third Day ná chomh inaitheanta atá an príomhcharachtar; chuaigh a leochaileacht i bhfeidhm go mór orm, an seachrán atá air faoi féin, an ghangaid atá ann, iad go léir curtha in iúl go cumhachtach, tochtmhar le hÉanna Hardwicke.”
Lucy Caldwell: Bhí an scéal ‘The Third Day’ ar cheann de na scéalta ab fhearr liom agus mé á léamh ar pháipéar, agus dearbhaíodh an mothú sin nuair a chuala mé Éanna Hardwicke á léamh. Tá taobh an-duairc ag baint lena léiriú, ach d’aithneofá go bhfuil sé ag baint spraoi as chomh maith. Tá an-tuiscint ag an údar ar rithim na cainte, agus tá bua faoi leith aige le dinimicí grúpaí comhrá: “I threw up a photo but none of them took the bait.” Bíonn sé dúshlánach i gcónaí, go háirithe ar an raidió nuair nach bhfuil smacht ar bith ag an éisteoir ar luas, cothromaíocht cheart a bhaint amach idir tuin chomhráiteach agus scéal a bhrúnn chun cinn, agus éiríonn le “The Third Day” é sin a dhéanamh gan stró. Anuas air sin, tá sé thar a bheith greannmhar: “Auld lads like it when younger lads appreciate Phil Collins,” arsa reacaire an scéil. Is scrúdú caolchúiseach, géar ar chineál fearúlachta faoi leith atá ann, agus ar sheandiabhal sin na hÉireann, an t-ól, agus casadh úr, nua-aimseartha leis.”
Declan Hughes: “Scéal atá leagtha amach agus frámáilte thar cionn, a bhaineann le deasghnátha aistriú saoil, scéal i dtaobh buanna agus cailliúintí i mbaile beag agus éagumas an reacaire glacadh leis an mbua agus glacadh le dearbhú. Tá dialóg fhaobhrach ann, an ton díreach ceart don insint, a athraítear go healaíonta chun guagacht giúmair de dheasca an alcóil agus leibhéal imní a chur in iúl. Tour de force atá ann.”
MAR A LABHAIR NA MOLTÓIRÍ FAOI CHOMÓRTAS NA BLIANA SEO
Lisa McInerney: “Bhí sé go hálainn ar fad deis a bheith agam na scéalta seo a léamh agus éisteacht leo, ach níos áille fós go raibh deis agam iad a cheiliúradh le Declan, Lucy agus foireann RTÉ. Buaicphointe na dianghlasála a bhí ann dom, gan amhras ar bith – saothar nua iontach a léamh, agus ansin na scéalta lena ndearnadh muid ceangal cheana féin a chloisteáil agus brí agus anam níos mó fós curtha iontu le léirithe na n-aisteoirí, agus plé a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin, ár gcuid tuairimí éagsúla a roinnt agus ag teacht ar bhuaiteoir le chéile faoi dheireadh, buaiteoir a raibh sé tuillte go maith aige. Is breá le scríbhneoirí a bheith ag caint faoi scríbhneoireacht, agus mar sin ba mhór an onóir agus an pléisiúr dom moltóireacht a dhéanamh ar chomórtas Gearrscéalaíochta Francis MacManus.”
Lucy Caldwell: “An chéad bhealach a théimid i ngleic le scéalta, agus an bealach is príomhúla, ná trí bheith ag éisteacht leo. Is gradam uathúil é Gradam Francis MacManus mar nach bhfuil na scéalta seo le léamh ar an leathanach amháin, ach le craoladh chomh maith. Fad a bhí mé ag éisteacht le scéalta an ghearrliosta á léamh amach os ard, cuireadh i gcuimhne dom arís an méid a chuireann aisteoir maith le saothar – agus an méid a a bhaineann siad féin as. Cuireadh i gcuimhne dom chomh maith an chaoi, nuair a léitear scéal os ard, nach bhfuil áit ar bith le dul i bhfolach – cosúlacht amháin atá idir na scéalta a bhain duais amach ná go bhfuil ceolmhaireacht iontu, solúbthacht, nádúrthacht rithime, nádúrthacht carachtair, a chloiseann tú agus na saothair á léamh amach ag na haisteoirí.”
Declan Hughes: “Cuirtear pictiúr de thír imníoch, neamhshocair os ár gcomhair sna scéalta seo, ach déantar amhlaidh le greann agus le trua, le scéalaíocht samhlaíoch agus le carachtracht chaolchúiseach.”
Tosach ríthábhachtach do scríbhneoirí nua agus scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn in Éirinn atá i gComórtas Gearrscéalaíochta RTÉ, a bunaíodh sa bhliain 1986 in ómós don scríbhneoir agus craoltóir Francis MacManus. I measc iarbhuaiteoirí an chomórtais agus scríbhneoirí a cuireadh ar an ngearrliosta, tá Claire Keegan, Danielle McLaughlin, Anthony Glavin, Chris Binchy, Nuala O’Connor, Liz Nugent, Colin Walsh, Stephen Walsh agus Sarah Gilmartin.
Dúirt Sarah Binchy, léiritheoir na sraithe: “Comhghairdeas mór leis na scríbhneoirí ar fad a bhain áit amach ar an ngearrliosta – is daoine iad seo a bheidh ag baint go leor amach sa todhchaí. Táimid ag súil leis na scéalta éagsúla, tarraingteacha a scríobh siad a roinnt le lucht éisteachta agus spéise leathan ar an aer, leis na podchraoltaí agus ar rte.ie/culture.”
Chun tuilleadh a fháil amach faoi Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ, féach www.rte.ie/writing.
SCÉALTA AGUS ÚDAIR AN GHEARRLIOSTA
Is iad na scéalta (arna lua de réir ord aibítre) a roghnaigh na moltóirí Lucy Caldwell, Declan Hughes agus Lisa McInerney, scríbhneoirí:
· A Hurt Like That, le Paul Boyle
· Mamó, le Sara Keating
· Muddlers, le Gráinne O’Hare
· People Over There, le Doaa Baker
· The Johns, le Rachel Walshe
· The Night Call, le Helen O’Neill
· The Pines, le Paul Lenehan
· The Third Day, le Kevin Donnellan
· We Must All Be Kind, le Hugo Kelly
· Windsea, le Dónal Minihane
‘A Hurt Like That’ le Paul Boyle
Maidir leis an údar: Is as Dún Garbhán, Contae Phort Láirge, Paul Boyle atá ina mhúinteoir Béarla i Méanscoil na mBráithre Críostaí, Cill Cainnigh. Bhí saothar dá chuid roimhe seo i sraith Hennessy don Nua-scríbhneoireacht in Éirinn agus ar fhoilseacháin litríochta ar líne. Bronnadh Gradam Seán Dunne do Scríbhneoirí Óga air, roghnaíodh mar scríbhneoir é sa Chomórtas Coinne le Gníomhaire ag an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta sa bhliain 2017 agus sa bhliain 2018, agus tá sé díreach tar éis an chéad úrscéal dá chuid a scríobh le gairid.
Maidir leis an scéal: Tá bean tar éis titim anuas de dhréimire agus í ag smaoineamh faoin saol, faoin mbás, faoin bpósadh agus faoin suaimhneas suairc a bhaineann le bheith idir eatarthu, gan a fhios an ann nó as di feasta.
Is éard a dúirt Paul: “Is ó líne i ndán Sylvia Plath, Poppies in July, a fuair mé an spreagadh A Hurt Like That a scríobh. Cíortar a mbíonn á cheapadh le cur in iúl an duine sa saol nuair is gnáthrud smaointe faoin bhféiniúlacht a shocrú agus a rangú agus a cur ina luí orainn an tráth céanna a mbítear ag cothú amhrais ina leith agus á mbréagnú.”
Beidh ‘A Hurt Like That’ á léamh ar an aer ag Derbhle Crotty.
‘Mamó’ le Sara Keating
Maidir leis an údar: Is scríbhneoir í Sara Keating chomh maith le bheith ina hiriseoir maidir le cúrsaí cultúir. sí ina Scríbhneoir Cónaithe i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin don bhliain 2020-2021. Chuir sí bailchríoch lena linn sin ar Fall and Recover, an chéad úrscéal dá cuid faoin damhsóir Lucia Joyce, chomh maith leis an ngearrscéal seo lá báistí tar éis di an dréacht críochnúil den úrscéal a sheoladh ar aghaidh. Tá Bloomsday, 1935, sliocht as Fall and Recover, á fhoilsiú an mhí seo ar Banshee: A Literary Journal. an mhí seo.
Maidir leis an scéal: An chaint a dhéanann bean ar éagumas léi féin ina hinchinn nuair atá a hiníon agus clann a hiníne ar cuairt aici.
Is éard a dúit Sara: “‘I cannot stand them:’ Comhrá fánach a bhí agam féin agus mo mháthair a spreag Mamó. Luaigh sise caint a rinne bean aitheantais dá cuid tar éis di a bheith ar cuairt i dteach cónaithe na garchlainne. Thug mé suntas do thréine na cainte agus don tsoghontacht a léiríodh leo, is annamh a chloisfeá tuairim dá leithéid á chur in iúl go poiblí. Cén chaoi a mbraitheann duine nuair nach maith léi daoine a mbeifí ag súil gur ceanúil orthu a bheadh sí? Cén chaoi a mbraitheann duine nuair is rogha éagsúil ar fad lena cuid féin an rogha a dhéanann duine dá clann?”
Beidh ‘Mamó’ á léamh ar an aer ag Ingrid Craigie.
‘Muddlers’, le Gráinne O’Hare
Maidir leis an údar: Is as Béal Feirste ó dhúchas í Gráinne O’Hare. Is mbun obair oifige a bhíonn sí i rith an lae agus bíonn sí ag obair faoi choim ar thráchtas dochtúireachta maidir le scríbhneoireacht na mban
san 18ú aois in Ollscoil Newcastle. Foilsíodh saothar ficsin dá cuid ar Another North, Severine agus Púca Magazine, agus cuireadh Motherland, gearrscéal dá cuid, ar an ngearrliosta don Bridport Prize sa bhliain 2020.
Maidir leis an scéal: Cothaítear cairdeas idir beirt bhan óg as Béal Feirste mar gheall, i measc rudaí eile, ar shuim mhór, murar dúspéis, a bheith ag an mbeirt acu in Henry Joy McCracken, Wolfe Tone, agus pearsana eile i stair na hÉireann.
Is éard a dúirt Gráinne: “Spreagadh bunús an scéil seo agus mé ag fálróid timpeall Bhéal Feirste i dtosach aimsir an chuibhrithe. Rinne mé scrúdú ar an stair a bhaineann le roinnt de na háiteanna is ansa liom. Theastaigh uaim ansin an chomrádaíocht agus an dílseacht a bhain leis an Muddlers Club a nascadh agus a mheascadh leis an gcairdeas idir beirt bhan atá ag teacht in inmhe i dtús an aonú céad is fiche.”
Beidh ‘Muddlers’ á léamh ar an aer ag Ali White.
‘People Over There’, le Doaa Baker
Maidir leis an údar: Scríbhneoir ficsin agus blagálaí í Doaa a ndearna a cuid tuismitheoirí imirce as an Iaráic. Molann sí a hathair as tógáil chomh dúchasach agus go bhféadfadh sí féin agus a triúr deirfiúr a mhionnú gur i lár Bhagdad a d’fhás siad aníos agus nach i mBaile Átha Cliath i ndeireadh na 1980idí agus sna 1990idí. Céimí MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach í as Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Maidir leis an scéal: Tagann Sura, bean óg de bhunadh na hIaráice a d’fhás aníos in Éirinn, trasna ar choimhlint cultúir agus í ar cuairt ag a cuid col ceathracha i mBagdad den chéad uair.
Is éard a dúirt Doaa: “Tugtar cuntas in People Over There ar an gcéad chuairt a thugann bean óg ar thír a muintire san Iaráic agus ar an teannas a eascraíonn ón stádas uasal a cheaptar leis an strainséir.”
Beidh ‘People Over There’ á léamh ar an aer ag Rachel O’Byrne.
‘The Johns’, le Rachel Walshe
Maidir leis an údar: Is Aisteoir, scríbhneoir agus aisteoir gutha í Rachel Walshe as Ráth Tó, Co. na Mí. Bhain sí céim amach sa Dlí agus sna Dána in Ollscoil Mhá Nuad agus thosaigh ar shaol na haisteoireachta sa bhliain 2017, agus ar ghairm an scríbhneora sa bhliain 2020. Is é The Johns an chéad ghearrscéal léitheoireachta dá cuid ach beidh gearrscannán léi dar teideal Measuring Stick le feiceáil ag féilte scannánaíochta na hÉireann go gairid agus tá dráma raidió dá cuid dar teideal Jumping For Joy le craoladh freisin ar Near FM.
Maidir leis an scéal: Feiceann Jenny, bean óg atá ar tí cumann a nascadh le Emma, comhghleacaí dá cuid, ábhar graffiti ag tagairt do ‘John and Cleo’ agus cuireann sin ag machnamh í faoi bhearta móra taispeántais faoin ngrá agus faoin dúthracht dá chéile.
Is éard a dúirt Rachel: “Tá John agus Cleo dáiríre ann a spreag The Johns, tá comhartha ar an ngrá atá acu dá chéile le feiceáil greanta sa stroighin ar Shráid Bhagóid Uachtarach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mbeirt acu!”
Beidh ‘The Johns’ á léamh ar an aer ag Kathy Rose O’Brien.
‘The Pines’, le Paul Lenehan
Maidir leis an údar: As Baile Átha Cliath ó dhúchas é Paul Lenehan a bhfuil cónaí anois air san Inbhear Mór. Tá gearrscéalta dá chuid á bhfoilsiú in irisí éagsúla le fiche bliain anuas. Bhí an scéal December
Swimmers ar an ngearrliosta do Ghearrscéal na Bliana ag gradaim Irish Book Awards sa bhliain 2015. Tá sé ag obair faoi láthair ar There Is A Light That Never Comes On, cnuasach 100 gearrscéal le 100 focal i ngach scéal.
Maidir leis an scéal: Tá feachtas ceilte cogaíochta á fhearadh ag lánúin ar dhuine de na comharsana nach staonann óna chuid ama a chaitheamh ar an mbalcóin (bréige) óna bhfuil amharc isteach sa ghairdín sin acusan.
Is éard a dúirt Paul: “Tá líne as dán le Robert Frost go balbh in ábhar The Pines, ‘ ‘Good fences make good neighbours.’ Scrúdaítear in The Pines an fíor a mhalairt chomh maith, ‘Droch-chomhartha ar dhea-chomharsanacht an drochsconsa’.”
Beidh ‘The Pines’ á léamh ar an aer ag Norma Sheahan.
‘The Night Call’, le Helen O’Neill
Maidir leis an údar: Chaith Helen O’Neill beagnach 30 bliain ina dochtúir teaghlaigh. Tá sí tar éis cúrsa sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach a dhéanamh in Ollscoil Mhá Nuad agus ba é seo an chéad uair aici cur isteach ar chomórtas scríbhneoireachta.
Maidir leis an scéal: Tá dochtúir agus tiománaí gluaisteáin amuigh mall Oíche Chinn Bhliana nuair a bhuaileann an carr madra. Féachann siad le cúnamh a fháil ionas gur féidir leo giorrú go trócaireach leis an ainmhí bocht atá i ndroch-chaoi.
Is éard a dúirt Helen: “Cíoraim roinnt d’fhírinne lom an tsaoil ag dochtúir atá tugtha tuirseach in Night Call agus roinnt de na cruachásanna deacra eitice ina mbítear. Tá mo thaithí féin ar an saol de bhunús leis agus tháinig íomhánna a chonacthas dom agus nithe a bhraitheas tráth a mbínn féin i mo dhochtúir i gceist nuair a bhí an scéal á scríobh agam.”
Beidh ‘The Night Call’ á léamh ar an aer ag Jane Brennan.
‘The Third Day’, le Kevin Donnellan
Maidir leis an údar: Scríbhneoir de chuid na hÉireann é Kevin atá i mbun iriseoireachta i Sasana. Cuireadh saothar dá chuid ar an ngearrliosta le gairid don Bristol Short Story Prize agus bíonn a chuid iriseoireachta le léamh ar Reuters, VICE agus The Times. Tá beirt chlainne air agus is maith leis a bheith ag rith amuigh faoin tír in Hampshire.
Maidir leis an scéal: Leanann imreoir óg CLG leis an gceiliúradh nuair atá na himreoirí eile ar an bhfoireann a bhuaigh an chraobh sinsir éirithe as.
Is éard a dúirt Kevin: “Bhí fonn orm scríobh faoin uaigneas agus faoin imní — faoin gcaoi a mbogann páirt in imeachtaí spóirt sin agus faoin gcaoi nach mbíonn ann ach go gceileann an spórt é i gcásanna áirithe.”
Beidh ‘The Third Day’ á léamh ar an aer ag Éanna Hardwicke.
‘We Must All be Kind’, le Hugo Kelly
Maidir leis an údar: Tá Hugo ina chónaí i nGaillimh áit a n-oibríonn sé ina leabharlannaí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bronnadh duaiseanna éagsúla air mar gheall ar a chuid scéalta, Gradam Scríbhneoireachta Cúirt ina measc, agus cuireadh ar an ngearrliosta faoi dhó é do Ghradaim Hennessy don Nua-scríbhneoireacht in Éirinn. Foilsíodh saothar dá chuid in Stinging Fly agus rinneadh a chraoladh ar RTÉ Raidió 1 agus ar BBC Radio 4.
Maidir leis an scéal: Cuireann fear a bhfuil méala bhás a thuismitheoirí ag goilliúint air go fóill, aonarán a oibríonn ar Zoom, isteach ar na comhghleacaithe oibre mar gheall ar an stíl gléasta neamhghnách a chleachtann sé.
Is éard a dúirt Hugo: “An gheit a bhaineann leis an iargúil agus leis an gcúlráid i rith na paindéime bun agus barr an scéil agus an scrúdú de chineál éigin a dhéanann duine air féin dá bharr.”
Beidh ‘We Must All Be Kind’ á léamh ar an aer ag Ronan Leahy.
‘Windsea’, le Dónal Minihane
Maidir leis an údar: Tá Dónal ina óstóir i nDúlainn, Co. an Chláir. Bhuaigh sé duais Aonach Úrscéalta Ionad na Scríbhneoirí roimhe seo agus tá sé ina mhac léinn dochtúireachta maidir leis an scríbhneoireacht in Ollscoil Luimnigh faoi láthair.
Maidir leis an scéal: Monalóg ó dhéagóir a ndéantar a mheas san éagóir agus gunna aige lena thiarna talún atá tar éis madra an déagóra a chaitheamh.
Is éard a dúirt Dónal: “Bhí an buachaill seo agus a mháthair ar m’intinn le roinnt blianta anuas. Tháinig an scéal chugam maidin amháin, rith sé liom in aon sruth amháin. Bíonn an t-ádh ar scríbhneoir uaireanta agus tarlaíonn sin má bhíonn smaoineamh á dhéanamh ar dhaoine agat le tamall. Cloistear an glór duit ó tharla go maireann tú leis na daoine seo, go bhfuil aithne agus cion agat orthu. Scéal amháin an ceann seo i sraith de scéalta a bhfuil ceangal eatarthu.”
Beidh ‘Windsea’ á léamh ar an aer ag Aaron Monaghan.