Sraith nua na gclár Ealaíon agus Cultúir fógartha ag RTÉ
Léirithe croíúla ó cheoltóirí cumasacha na tíre, cláracha faisnéise nua thar a bheith spéisiúil agus siamsúil faoi íocóin chultúir na hÉireann, sraitheanna nua a raibh an-tóir orthu ar ais
D’fhógair RTÉ séasúr nua de shraitheanna nua ealaíon spreagúla agus siamsúla, cláracha faisnéise agus imeachtaí ar an teilifís, ar an raidió, agus ar líne, cláracha a dhéanfaidh foinse shaibhir tallann na tíre chomh maith le cultúr bríomhar na tíre a ceiliúradh de réir mar a thiocfaimid as tráth thar a bheith dúshlánach don tionscal cruthaitheach.
Ó léirithe ceoil nár cheart a chailleadh go cláracha faisnéise iontach spéisiúil faoi dhaoine cumasacha aitheanta lena n-áirítear Jack B Yeats, James Joyce agus Brian Friel, beidh na Folk Awards agus The Works Presents ar ais, agus beidh neart ar fáil ar RTÉ don lucht féachana agus éisteachta le sult a bhaint astu sna míonna amach romhainn.
Is éard a dúirt Ann Marie Power, Ceann Ealaíon agus Cultúir RTÉ: “Nuair a cuireadh an saol mar ba eol dúinn é trí chéile d’iompaigh daoine i ngach áit i dtreo na n-ealaíon agus an chultúir ar mhaith le cothú, lúacháir, sólás agus slánú a fháil. Táim mórtasach as an sceideal nua seo de chláracha ealaíon ar RTÉ agus teastaíonn uaim go gcuirfeadh sé le haitheantas a atógáil i leith an fhiúntais riachtanaigh agus an phléisiúir amach is amach a fhaigheann muid ó na healaíne. Tá leas bainte ag RTÉ as buanna go leor ealaíontóirí agus daoine cumasacha ó ar fud na hearnála Neamhspleáiche, ó fhoirne intí RTÉ agus ó chomhpháirtithe straitéiseacha RTÉ laistigh d’iomaí eagraíochtaí ealaín agus cultúir d’fhonn saothar a chruthú a chothaíonn caidreamh le lucht spéise mór agus forleathan. De réir mar a rachaimid i dtaithí ar an ‘ngnáthshaol nua’ tá súil agam, fad a mheallaimid an pobal, go gcuirfidh an t-ábhar nua seo, más go measartha féin é, le haitheantas a mhéadú i leith an róil riachtanaigh atá ag na healaíona agus ag an gcultúir i dtaobh cur síos a dhéanamh orainn mar dhaoine.”
>>Cláracha téagartha faisnéise
Leanfaidh RTÉ dá thraidisiún láidir cláracha faisnéise ealaíon a mbíonn tionchar mór acu a léiriú.
Is é mórúrscéalaí na hÉireann, Colm Tóibín, a chuirfidh tús leis an séasúr Déardaoin an 21 Deireadh Fómhair nuair a thabharfaidh sé faoi scrúdú fíorspéisiúil ar Jack Butler Yeats i gclár faisnéise don teilifís Jack B. Yeats, The Man Who Painted Ireland. Is é Pierce Brosnan a bheidh i bun reacaireachta ar an gclár.
Mar cheiliúradh ar lá cuimhneacháin mór ar James Joyce sa bhliain 2022 déanfar an leabhar is do-ghafa agus is cumhachtaí dá chuid de chuid na linne seo a nochtadh sa chlár 100 Years of Ulysses chomh maith leis an gcaoi agus an t-údar a dtéann eipic James Joyce fós i bhfeidhm ar dhaoine agus go bhfuil an-mheas fós air mar cheann de na húrscéalta is breátha dár scríobhadh riamh.
Tá na milliúin daoine ó ar fud an domhain mhóir faoi gheasa ag damhsa Gaelach le tríocha bliain anuas. Steps of Freedom: The Story of Irish Dance – sraith chineamatach faisnéise dhá chuid ina n-insítear mar a tháinig borradh faoi dhamhsa Gaelach, ar stíl damhsa de bheagán clú a bhí inti i dtús an tsaoil agus ar feiniméan domhanda anois í.
De réir mar a imreoidh athrú aeráide tionchar ar an domhan agus ar an tír, is ionann A Note for Nature agus ceiliúradh agus glaoch ar chúnamh araon. Tabharfar spléachadh dúinn ar feadh uair an chloig, tríd an gceol agus tríd an bhfocal labhartha, de chuid de na tírdhreacha is leochailí sa tír agus ar na hainmnithe cráite a n-éiríonn leo maireachtáil iontu.
Inseofar scéal an-phearsanta an drámadóra iomráitigh in Brian Friel: Shy Man, Showman. Is iad cuid de na daoine a raibh aithne mhaith acu air a chuirfidh an scéal sin os ár gcomhair – a bhean Anne, ag labhairt go poiblí den chéad uair faoina fear céile, chomh maith le haisteoirí iomráiteacha Liam Neeson, Stephen Rea, Sinéad agus Niamh Cusack.
Is scannán é Camera, Tripod and Bicycle faoi Leslie Crowe, fear dóiteáin as Baile Átha Cliath a chaith 30 bliain dá shaol ag taifeadadh an saol mar a bhí sé ina chathair dhúchais. Théadh sé óna theach i Seantrabh ar a rothar trí eastát tithíochta i ndiaidh eastát tithíochta agus a cheamara 8mm agus a thríchosach leis. Is taifead é saothar Crowe ar mar a tháinig borradh ar áiteanna amhail Ráth Eanaigh, Sord, an Chúlóg agus Seantrabh. Go dtí seo bhí a chartlann scannánaíochta coinnithe i mbosca stáin ina áiléar agus is anois, 30 bliain i ndiaidh a bháis, a chraolfar ar an teilifís í.
Tabharfaidh The Flourishing siar ar bhóithrín na smaointe muid, turas spéisiúil ó ré chinniúnach d’athbheochan cheol traidisiúnta agus cheol tíre na hÉireann sna 1950idí go dtí an lá atá inniu ann. Beidh Paul Brady, Mary Black, Finbar Furey, Paddy Glackin, Andy Irvine, Tríona Ní Domhnaill, Mary O’Hara agus Mary Bergin i measc rannpháirtithe an chlár, ceoltóirí agus amhránaithe móra na linne agus déanfar an chaoi ar éirigh leo cúrsaí ceoil tíre na hÉireann a athrú a scrúdú.
>>Aos dána na tíre a chomóradh
Leanann RTÉ dá ghealltanas saothar ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a cheiliúradh, ealaíontóirí atá fós linn agus iadsan atá imithe ar shlí na fírinne. Déanfar sin trí ghradaim, léirithe craolta agus imeachtaí ceoil beochraolta.
Beidh sraith deich gclár de The Works Presents ar ais le John Kelly ar RTÉ One. I measc na n-ealaíontóirí Éireannacha a bheidh páirteach beidh: Jim Sheridan, an drámadóir, scríbhneoir scripte scannáin, stiúrthóir scannán as Éirinn, a bhfuil ainmniúchán do Dhuais an Acadaimh faighte aige, Martin Hayes, bunaitheoir an ghrúpa cheannródaíoch a bhfuil duais Meteor buaite aige, The Gloaming, agus Doireann Ní Ghríofa, údar an leabhair shárdhíola, A Ghost in the Throat. Tabharfaidh na healaíontóirí léargas do John, agus iad i mbun comhráite leis, faoin gcaoi a roghnaigh siad agus an t-údar a roghnaigh siad a réimse gairme, na gnéithe a bhaineann lena saol, san am atá caite agus san am i láthair, a dtéann i bhfeidhm orthu agus mar a fhaigheann siad spreagadh lena gcuid saothar a chruthú.
Fad a bheifear ag leanúint de dhoirse earnáil na siamsaíochta a oscailt, beidh RTÉ Radio 1 Folk Awards ar siúl in Vicar Street, Baile Átha Cliath an 16 Samhain. Is iad Ruth Smith agus John Creedon a bheidh ag cur na ngradam i láthair. Beidh an ceathrú bliain den RTÉ Folk Awards ar an gceann is mó go dtí seo agus togha agus rogha de cheoltóirí na hÉireann páirteach, fógrófar Gradam Saoil speisialta chomh maith. Teacht le chéile speisialta chun scoth-oirfidigh na tíre a chomóradh. Ná bíodh imní ar bith ort mura n-éiríonn leat ticéad a fháil do Vicar Street an oíche sin mar go mbeidh tú ábalta na buaicphointí a fheiceáil oíche Dé Sathairn ar RTÉ One an 20 Samhain agus beidh tú ábalta éisteacht leis an seó ar fad ar an oíche úd ón 8pm ar RTÉ Radio 1.
Déanfar spléachadh ar clár speisialta aon uaire, An Post Irish Book of the Year Award, ar RTÉ One ar na sé leabhar atá ar an ngearrliosta don ghradam iomráiteach. Casfar an seisear údar orainn agus déanfar an spreagadh agus inspioráid taobh thiar dá gcuid scéalta a chíoradh agus mar a ndeachaigh sé leabhar mhóra na bliana 2021 i gcion ar léiritheoirí, mar a bhain siad sásamh astu agus mar a mhúnlaigh siad saol na léitheoirí sin.
Beidh 45 ceoltóir Cheolfhoireann Coirme RTÉ ar ais in ionaid ar fud na tíre ag seinm ceoil John Williams ó na scannáin E.T., Star Wars, Harry Potter agus beidh an Cheolfhoireann i mbun ceoil leis na hamhránaithe Mick Flannery agus Susan O’Neill, ar minic iad ar bharr na gcairteacha, chun a mbranda d’amhráin thochtmhar ghrá a chur ar stáitse sa Cheoláras Náisiúnta i mí na Samhna. Déanfar sin i ndiaidh clár speisialta a bheidh ar siúl le linn phríomh-am an sceidil ar RTÉ One ar dheireadh seachtaine bainc mhí Deireadh Fómhair. Le linn na bliana 2022 déanfar seó beo den chraoladh teilifíse agus raidió ar éirigh thar barr leis ag deireadh an bliana seo caite in ómós do John Lennon. Déanfar ceolchoirm bheo den chomóradh ar fhilíocht Emily Dickinson agus den cheoil a spreag a cuid saothar a craoladh ar RTÉ Radio 1 i mí Meithimh. Bainfidh daltaí Ardteistiméireacht na bliana 2022 leas as an gceolchoirm agus bainfidh daoine a dtaitníonn saothar Dickinson leo sult as chomh maith.
Tabharfaidh ceoltóirí móra le rá as Éirinn agus as tíortha i gcéin faoin stáitse do sheó uathúil nua, Bowie – Starman, le Ceolfhoireann Coirme RTÉ. I measc na gceoltóirí a bheidh i dteannta bhanna ceoil Bowie féin agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ beidh Suzanne Vega, Rufus Wainright, Imelda May agus go leor leor eile le hómós a léiriú ar oidhreacht Bowie agus cuid dá chuid amhráin is mó cáil a chasadh.
Tá an tábhacht atá le comhpháirtíochtaí RTÉ leis an aos dána cruthaitheach agus le heagraíochtaí i dtaobh na healaíona, cultúr agus taibhléirithe a thabhairt chomh fada le gach uile theach sa tír ag dul ó neart go neart. Craolfar Portraits of Seán Ó Riada, cuid de shraith Tradition Now an NCH agus na Comhairle Ealaíon leis an gCeoláras Náisiúnta, mar chuid de chláracha buaicphointí ar RTÉ One agus RTÉ Lyric FM le linn dheireadh seachtaine comórtha an chumadóra go luath i nDeireadh Fómhair.
Craolfar Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman ina dhiaidh sin, RTÉ agus ARTE ag obair i gcomhar arís chun an 70 bliain ó bunaíodh an Fhéile a cheiliúradh. Craolfar sruthú beo den Cheoldrámaíocht Edmea le Alfredo Catalani ar RTÉ.ie/Culture agus ar ARTE ón Áras Náisiúnta Ceoldrámaíochta, Loch Garman, an 22 Deireadh Fómhair agus beifear ábalta féachaint siar air ar an RTÉ Player agus craolfar ar Lyric FM é an 30 Deireadh Fómhair ag 7pm. Roghnaíodh Edmea mar chuid den Séasúr EBU Euroradio, trína ndéantar ceiliúradh ar an gceoldrámaíocht is fearr ó ar fud na cruinne.
Craolfar sruthú beo de shéasúr ceolchoirmeacha Cheolfhoireann Siansa Náisiúnta RTÉ ar rte.ie/culture agus craolfar beo iad ar RTÉ Lyric FM gach Aoine ag 7.30pm. Chomh maith leis sin beidh RTÉ National Symphony Orchestra In Concert ar ais ar RTÉ One don tríú sraith. I measc na mbuaicphointí beidh ‘Pure Imagination’ le hEímear Noone agus Sibéal agus Jack L ina n-aoi-amhránaithe chomh maith le taibhléirithe leis an bPríomhstiúrthóir Jamie Martín.
>>RTÉ Radio ag croílár an cheoil agus scríbhneoirí nua cumasacha
Beidh na mílte uaireanta an chloig d’ábhar craolacháin agus coimisiúnaithe ealaíon agus cultúir de chuid na hÉireann á gcraoladh ar RTÉ Radio ar fud a réimse clár ar RTÉ Radio 1, 2FM, RTÉ Lyric FM agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá RTÉ Radio lán de láithreoirí ceoil díograiseacha, a bhfuil an-chur amach acu ar a n-ábhar, a sheinneann ceol agus a thacaíonn le ceoltóirí agus le hamhránaithe na hÉireann chomh maith leosan a oibríonn anseo. Leanfaimid dár ngealltanas ceol traidisiúnta agus tíre a chothú ar RTÉ 1 le The Rolling Wave, Simply Folk, South Wind Blows agus Céili House. Tá iléagsúlacht i gceol na hÉireann go mór chun cinn maidir le cúram cultúir RTÉ 2FM. Beidh imeachtaí amhail 2FM Rising agus The Choice Music Awards ar ais i mbliana chun tacú le ceoltóirí óga agus ardán a thabhairt don bhua ollmhór atá acu. Beidh ceol binn le cloisteáil ar RTÉ Lyric FM ar The Full Score le Liz Nolan, Classic Drive le Lorcan Murray agus Marty in the Morning agus John Kelly sa tráthnóna, seancheol agus ceol comhaimseartha as Éirinn agus ar fud an domhain. Tá RTÉ Lyric FM tiomanta aird a tharraingt ar thaibhithe óga, tacaíocht a thabhairt do ghlórtha nua agus daoine sárchumasacha a chur os comhair an phobail trí chomhpáirtíochtaí amhail Comórtas Idirnáisiúnta Amhránaíochta Veronica Dunne, Comórtas Idirnáisiúnta Pianó Bhaile Átha Cliath agus clár do Mháistir-stiúrthóirí TUD.
Lárnach dár gcláracha ar RTÉ Radio 1 fós tá ábhar nua scríbhneoireachta a choimisiúnú ó scríbhneoirí nua atá ag teacht chun cinn agus ó scríbhneoirí bunaithe, déanfar sin trí Sunday Miscellany ar dtús báire agus, lena chois sin, trí rath na chéad sraithe a chur chun cinn, tá coimisiún nua mar chuid den tsraith seo, coimisiún ar éirigh go maith ó thaobh an lucht léirmheastóireachta leis, Spoken Stories 2: Creatures of the Earth, a tháinig faoi anáil chnuasach cáiliúil gearrscéalta John McGahern.
Rinneadh beagnach 2,800 iarratas ar Chomórtas Gearrscéalta RTÉ, a raibh gearrliosta de scéalta bríomhara agus iléagsúla mar thoradh air. Tá cuid de na scríbhneoirí a bhuaigh an comórtas le blianta beaga anuas agus iadsan a bhain an gearrliosta amach tar éis leabhair a fhoilsiú ó ghlac siad páirt ann, Stephen Walsh agus Sarah Gilmartin ina measc. Craolfar an 10 scéal ar ghearrliosta Chomórtas Gearrscéalta RTÉ in ómós do Francis MacManus ar RTÉ Radio 1 oícheanta na seachtaine ag 11.20pm go dtí Dé hAoine an 8 Deireadh Fómhair, agus tá siad ar fad ar fáil mar phodchraoltaí ar RTE.ie/Culture.
Cuirfear tús in 2022 le sraith chinniúnach ar RTÉ Radio 1 a dhíreoidh ar fhéiniúlacht contae; staidéar cultúir ar na 32 contae céad bliain i ndiaidh síniú an Chonartha.
Caithfidh Sean Rocks tuairim is uair a chloig gach lá den tseachtain ar RTÉ Radio 1 ón 7pm ar an gclár Arena, ag déanamh cur síos ar a bhfuil ar siúl i saol na n-ealaíon agus an chultúir. I measc na mbuaicphointí a bheidh ag teacht aníos beidh craoladh ó Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath as Scabhat Smock le Hugo Hamilton, Roddy Doyle agus daoine eile i mí na Samhna.
Bí ag éisteacht le RTÉ Radio 1 d’agallaimh le húdair agus cur agus cúiteamh faoi leabhair i rith an lae ar The Tubridy Show, Today with Claire Byrne, The Ray Darcy Show, agus Brendan O’Connor, chomh maith le Clár Filíochta tiomanta.
Beidh saothar Patrick Kavanagh á cheiliúradh ar RTÉ Lyric FM i gcomhpháirtíocht le The Patrick Kavanagh Centre, Inis Caoin, Co. Mhuineacháin, déanfar sin trí shraith d’aistí craolta nuachoimisiúnaithe lena n-áirítear na scríbhneoirí Jaki McCarrick, Annemarie Ní Churreáin agus an scannánóir Tadhg O’Sullivan.
Bhí tábhacht i gcónaí leis an gceol traidisiúnta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá an lucht éisteachta ábalta cluas a thabhairt gach lá den tseachtain ag 7pm do mháistrí is fear an traidisiúin ar na cláracha Ceol Binn ó na Beanna, An Braon Gaelach agus ar Cuireadh chun Ceoil. Beidh an ceoltóir agus amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh inár measc arís níos faide amach san fhómhar lena sraith nua dá seó Malairt Poirt le Muireann ina mbeidh neart ceoil tíre as Éirinn agus ón domhan mór. Beidh daoine a mbaineann sult as ceol tuaithe ábalta cluas a thabhairt don stáisiún gach oíche Domhnaigh agus oíche Luain chomh maith le díograis Chian Ó Cíobháin ardán a thabhairt do cheol ar an taobh tuathail gach lá den tseachtain ag 10 pm ar An Taobh Tuathail, clár a bhfuil gradaim buaite aige. Bíonn agallaimh le ceoltóirí agus amhránaithe chomh maith le seisiúin ceoil ar chláracha irise an stáisiúin go rialta agus cuireann Tristan Rosenstock an clár ealaín An Cúinne Dána gach maidin Sathairn ar a mbíonn an nuacht is déanaí ar phobal na cruthaitheachta chomh maith le hagallaimh.
Caith súil agus cluas siar ar seo ar fad agus a thuilleadh ar rte.ie/culture agus beidh Comhfhreagraí Ealaíon agus Meán RTÉ, Sinead Crowley, ag clúdach na scéalta is mó cultúir ar fud RTÉ News.