Clúdach RTÉ ar Bhuiséad 2022
Cuirfidh RTÉ clúdach cuimsitheach ar fáil ar Bhuiséad 2022 Dé Máirt an 12 Deireadh Fómhair, clúdach a mbeidh tuairisciú agus anailís fhairsing mar chuid de ar fud na seirbhísí teilifíse, raidió agus ar líne.
Cuirfear tús leis an gclúdach teilifíse ar Bhuiséad 2022 ar RTÉ One ag 12.40pm nuair a bheidh David McCullagh agus Sharon Tobin ag cur clúdach agus anailís bheo i láthair ar aitheasc an Bhuiséid ar fud an tráthnóna. Craolfar tuairimí ó pholaiteoirí, ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí ionadaíocha ar fud na tíre trí líonra stiúideonna réigiúnacha RTÉ. Roinnfidh baill den phobal i nDroichead Átha agus i nGaillimh a ndearcthaí féin agus beidh Eileen Whelan ag fáil tuairimí ó ghrúpaí éagsúla leasmhara i mBaile Átha Cliath. Craolfar clúdach beo d’imeachtaí as Dáil Éireann le linn an lae lena n-áirítear freagraí ón bhfreasúra ar chainéal RTÉ News ón 1.00pm ar aghaidh.
Craolfar clúdach beo d’aithisc an bhuiséid ar chlár speisialta níos faide de News at One with Bryan Dobson, a thosóidh ag 12.45pm agus a bheidh ar siúl go dtí 3.30pm. Beidh aitheasc an Aire Airgeadais, Paschal Donohoe, agus aitheasc an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, á gcraoladh ar News at One. Beidh an méid a bheidh le rá ag an bhfreasúra ar an gclár chomh maith le tuairimí agus anailís láithreach. Bí i dteannta Cormac Ó hEadhra ar chlár speisialta buiséid de Drivetime ón 4.30pm ar aghaidh, ar a ndéanfar anailís ar an tionchar a bheidh ag na hathruithe ar lucht saothair agus iadsan a fhaigheann sochair stáit chomh maith le tuairimí lucht na polaitíochta ó ar fud an speictrim sa Dáil agus i Seanad Éireann. Díreofar sa chlár ar an tionchar a imreoidh na hathruithe a fhógrófar i mBuiséad 2022 ar na príomhréimsí i saol na ndaoine ar fud na hÉireann de réir mar atá an tír ag teacht slán ó Covid-19 agus í ag fáil faoi réir do na hathruithe atá ag teacht ar ráta cánach corparáide príomha na tíre.
Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón 1.30pm ar aghaidh cuirfidh Gormfhlaith Ní Thuairisg clúdach agus anailís bheo ar fáil ar Bhuiséad 2022 ar an gclár Lá na Cáinaisnéise. Beidh an sainchomhairleoir cánach, Ciarán Ó Feinneadha, an saineolaí airgeadais Conall Ó Móráin, an saineolaí ar chúrsaí leasa shóisialaigh, Mairéad Uí Dhomhnaill, agus an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin i measc na bpainéalaithe ar an gclár. Cuirfidh craoltóir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Máirín Ní Ghadhra, an nuacht is déanaí ar fáil le linn an chláir chomh maith le nuashonraithe ar aitheasc an Aire agus ar thuairimí an phobail. Déanfaidh na painéalaithe anailís ar na himpleachtaí agus ar na drochthorthaí polaitiúla ar dóigh a thiocfaidh as na cinntí a fhógrófar agus cloisfimid tuairimí na n-ionadaithe poiblí ó ar fud an speictrim pholaitiúil freisin. Leanfar den phlé ar an gclár Tús Áite ón 5pm ar aghaidh agus i dteanna an láithreora Fachtna Ó Drisceoil beidh an Comhairleoir Neamhspleách, Deirdre Donnelly, Ceann Fiontair agus Scoil na Gaeilge in DCU, Ciarán Mac an Bhaird, agus Iriseoir Polaitiúil RnaG, Eoin Ó Catháin, chun anailís a dhéanamh ar shonraí an bhuiséid.
Cuirfear clúdach agus anailís chuimsitheach ar líne ar fáil ar RTÉ.ie agus ar an RTÉ News App agus áireofar sonraí iomlán Buiséid chomh maith le tuairimí i mBéarla agus i nGaeilge. Déanfar gach forbairt ar an lá mór seo a rianú ar rianaire nuachta RTÉ do gach líon tí agus gnó in Éirinn. Beidh sruthanna beo ar fáil de chlúdach teilifíse agus raidió RTÉ d’úsáideoirí ar fud an domhain tríd an RTÉ Player agus an RTÉ Radio Player.
Léireoidh Nuacht dhá chlár speisialta uair a chloig do TG4 ar lá an bhuiséid. Tosóidh an clár Buiséad 2022 ar TG4 ag 2pm ar a mbeidh painéal d’aíonna sa stiúideo agus ó chian i mbun mionscrúdaithe agus anailíse ar na bearta de réir mar a fhógrófar iad. Beidh an dara clár ar siúl ag 7pm ar a ndéanfar mionscrúdú níos déine ar impleachtaí an bhuiséid ar réimse grúpaí éagsúla. Is iad Siún Nic Gearailt, Máirín Ní Ghadhra agus Máire T Ní Mhadaoin a bheidh ag cur an dá chlár i láthair.
Beidh achoimre iomlán Buiséid ar Nuacht RTÉ le TG4 ar an dá mhír nuachta ag 5pm ar chainéal RTÉ News agus ar RTÉ One ag 5.40pm. Beidh tú ábalta an nuacht is déanaí a fháil ar na bearta ar an leathanach Nuacht ar an RTÉ News App, ar Twitter ag @NuachtTG4 agus ag @NuachtRTE agus ar Facebook.
Cuirfear léargas cuimsitheach ar an mBuiséad ar fáil ar Six One News, beidh agallamh beo ar an gclár ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chomh maith le anailís ó chomhfhreagraithe RTÉ chomh maith le tuairimí ó pholaiteoirí. Beidh clúdach breise ar bhearta an bhuiséid ar fáil níos déanaí sa tráthnóna mar aon le tuairimí i leith na mbearta sin ar Nine O’Clock News le Sharon Ní Bheoláin agus ina dhiaidh sin ar an gclár uair a chloig Prime Time Budget Special ag 9.40 arna chur i láthair ag Miriam O’Callaghan agus Sarah McInerney i mBaile Átha Cliath agus ag Fran McNulty i gCorcaigh. Beidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe sa stiúideo i mbun díospóireachta le Pearse Doherty Shinn Féin ar chúrsaí buiséid agus beidh siad ag dul i ngleic leis na saincheisteanna a thiocfaidh chun cinn trí nasc físe ón bpobal. Beidh Prime Time á chraoladh as Corcaigh chomh maith agus iad ag bualadh le feirmeoirí, le pinsinéirí agus le daoine eile chun a dtuairimí a fháil ar fhógraí ar fad an lae. Beidh aire sinsearach Rialtais agus ball den fhreasúra i mbun díospóireachta níos déanaí ar an clár.
Beidh mír bhuiséid speisialta ar The Late Debate le Katie Hannon ar RTÉ Radio 1 ón 10pm ar aghaidh – ar a mbeidh dearcthaí na bpáirtithe agus na bpolaiteoirí neamhspleácha ar fad, chomh maith le tuairimí ó ghrúpaí ionadaithe chun léargas a fháil ar thionchar Bhuiséad 2022 chomh maith le meoin daoine ina leith.
An mhaidin i ndiaidh an bhuiséid beidh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe, agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, i dteannta Claire Byrne sa stiúideo don eagrán bliantúil glaoigh isteach speisialta don bhuiséad. Mar a bhíonn i gcónaí, tabharfaidh Today with Claire Byrne cuireadh don lucht éisteachta glaoch isteach a chur chun labhairt go díreach leis na hAirí agus a gceisteanna féin a chur orthu faoina gcúiseanna imní mar thoradh ar Bhuiséad 2022.