Comhpháirtíocht Junk Kouture agus RTÉ ag leanúint in 2021
Babhta Ceannais Junk Kouture 2021 le craoladh ar RTÉ2 níos déanaí i mbliana
Clárúchán ar oscailt anois le haghaidh Junk Kouture 2022 freisin – lena gcuirfear críoch leis an gcéad Bhabhta Ceannais Domhanda de Junk Kouture
Tá an-áthas ar Junk Kouture, an t-ardán Éireannach mór le rá um léiriú, cruthaitheacht agus inbhuanaitheacht na n-óg, a fhógairt go mbeidh sé ag dul i gcomhar le RTÉ don dara bliain as a chéile, ag leanúint leis an gcomhpháirtíocht ar éirigh go maith leis a tionscnaíodh i dtosach in 2020. De bharr na comhpháirtíochta, tugadh an comórtas deartha chun an scáileáin bhig agus taispeánadh Babhta Ceannais Junk Kouture ar an teilifís den chéad uair ar RTÉ2 agus rinneadh é a shruthú ar an RTÉ Player, tráth a cuireadh an babhta ceannais beo ar athló agus a ndearnadh é a leagan amach arís de dheasca Covid-19. Tá Junk Kouture in ann a nochtadh anois go gcraolfar Babhta Ceannais 2021 ar theilifís RTÉ – le tuilleadh sonraí iontacha le teacht fós!
Trí bheith ag dul i gcomhar lena chéile don dara huair, cuirtear ar chumas RTÉ agus Junk Kouture araon an tábhacht a bhaineann leis an gcruthaitheacht maidir le cur chun cinn inbhuanaitheachta agus comhfheasa aeráide a choinneáil chun tosaigh in intinn lucht féachana níos óige. Leis an gcomhpháirtíocht seo, tugtar deis tallann daoine óga cruthaitheacha idir 13 – 18 mbliana d’aois ó gach cearn d’oileán na hÉireann a chur os comhair lucht féachana níos leithne, tráth a mbeidh siad ag cruthú dearaí a dhéanfaidh siad go hiomlán as ábhar athchúrsáilte agus ábhar a caitheadh amach, rud a chuirfidh ar a gcumas iad féin a chur in iúl go cruthaitheach agus nósanna inbhuanaithe a ghlacadh ag an am céanna, le go mbeadh siad ina dtionscnóirí athraithe sa saol seo.
Mar is dual do Junk Kouture, beidh ar iomaitheoirí i mbabhta ceannais 2021 dul i gcion ar phainéal moltóirí mór le rá, a bhfuil tuiscint nach beag acu ar bheith ag seasamh amach i lár slua agus ar bheith ag smaoineamh ar bhealach úr maidir le cruthaitheacht, dearadh agus cur i láthair. Ar na réaltaí a bheidh ag roinnt a gcuid saineolais agus céad bhuaiteoir eile Junk Kouture á chuardach acu, beidh an t-údar sárdhíola leabhair cócaireachta, fiontraí agus díograiseoir uaschúrsála faisin, Roz Purcell; réalta RuPaul’s Drag Race Michelle Visage; an pearsa teilifíse agus bainisteoir ceoil Louis Walsh, agus iarbhuaiteoir an chomórtais agus dearthóir faisin Stephen McLaughlin.
Beidh Laura Fox agus Emma Power ó RTÉ 2FM ann chun rudaí ag coinneáil ag imeacht, iad ar ais arís i mbliana le bheith ina láithreoirí, fad a mbeidh foireann nua láithreoireachta ann, i bhfoirm an láithreora RTÉ Kids Orla Morris agus an scannánóra óig Éireannaigh Sean Treacy, leis an aicsean ar fad ón gcúlra a chur os comhair an lucht féachana.
Dúirt Troy Armour, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Junk Kouture: “Mar gheall ar chraoladh RTÉ, tá deis ann Junk Kouture a chur os comhair lucht féachana nua, ag léiriú tallann chruthaitheach agus nuálaíochta daoine óga na hÉireann i seomraí suí ar fud na hÉireann – agus ar fud na cruinne chuig ár gcríocha nua de bharr an RTÉ Player – agus mar sin tá an fhoireann ar bís agus ag súil go mór leis an bpleanáil maidir le gach a bhfuil romhainn agus muid i bpáirt le RTÉ arís do bhliain eile. Tá sé seo ag tógáil ar an tiomantas a rinneamar do dhaoine óga cruthaitheacha agus do mhúinteoirí an babhta ceannais a chur ar siúl in ainneoin nach bhfuil imeachtaí beo ar siúl i mbliana, agus tugann sé an deis dóibh leanúint leis an gceiliúradh bliantúil ar thallann cruthaitheach agus nuálaíocht inbhuanaithe Éireannaigh óga. Tá ríméad orainn freisin fáilte ar ais a chur roimh Louis, Michelle agus Stephen agus táimid ag súil le hionchur Roz ar an bpainéal a fheiceáil agus an 11ú buaiteoir bliantúil Junk Kouture á roghnú acu!”
Dúirt Suzanne Kelly, Grúpcheannasaí ar Ábhar do Leanaí agus Daoine Óga, RTÉ: “Tá sé iontach ar fad a fheiceáil go bhfuil comhpháirtíocht RTÉ le Junk Kouture ag dul ó neart go neart mar a bhímid ag obair le chéile chun daltaí ar fud na tíre a chumasú prionsabal maireachtála inbhuanaithe a ghlacadh agus an sárbhua cruthaitheach atá iontu a scaoileadh amach chun dearthaí faisin dochreidte a chruthú. Trí bhlaiseadh a thabhairt den mhéid atá ag dul ar aghaidh sa chúlra, an obair agus an chruthaitheacht ar fad atá i gceist chun ócáid mhór an Bhabhta Ceannais a chur ar siúl, tá RTÉ ag cur gné nua le Junk Kouture agus ag coinneáil saincheisteanna inbhuanaitheachta agus comhfheasa aeráide chun tosaigh in intinn lucht féachana níos óige. Táimid ag súil go mór leis.”
Dúirt Roz Purcell, moltóir Junk Kouture: “Tá sé iontach ar fad a bheith páirteach in Junk Kouture agus cuireann sé an dlaoi mhullaigh ar an scéal go gcraolfar an babhta ceannais ar RTÉ. Fuair mé blaiseadh den tallann a bheidh páirteach in Junk Kouture níos luaithe i mbliana nuair a chabhraigh mé le Louis, Michelle agus Stephen na 5 dearadh a bhfuil cuireadh speisialta acu a bheith sa chomórtas, agus mar sin tá mé ag dúil go mór le bheith i mo mholtóir agus na dearthaí iontacha uile a chruthaigh iomaitheoirí 2021 a fheiceáil. Mar dhuine a bhfuil an-tóir aige ar Junk Kouture, tuigim nár cheart d’aon duine sa bhaile an babhta ceannais ar RTÉ a chailleadh. Beidh sé lán le cruthaitheacht, inbhuanaitheacht, taispeántais mhóra agus beagán galántachta freisin! Scaoil chugainn é!”
Idir an dá linn, leanann Éire Ildánach de thacaíocht a thabhairt do Junk Kouture thar réimsí éagsúla chun a acmhainní oideachais ar líne a fhorbairt lena chinntiú go mbeidh daltaí agus oideoirí araon in ann leas a bhaint as ábhar oideachais a bhaineann le trí réimse fócais Junk Kouture – cruthaitheacht, inbhuanaitheacht agus fiontraíocht. Cuideoidh cláir a fhaigheann tacaíocht ó Éire Ildánach le hoideoirí daoine óga a spreagadh a bheith ina micri-thioncairí ar son athraithe trí mheán na cruthaitheachta agus na ciorclaíochta.
Agus ná déan dearmad! Fad atáimid ag fanacht go foighneach ar Bhabhta Ceannais 2021, is féidir le múinteoirí daoine óga cruthaitheacha idir 13 – 18 mbliana d’aois in Éirinn a scoil a chlárú do chomórtas na bliana 2022, a mbeidh an chéad Bhabhta Ceannais Domhanda riamh mar bhuaicphointe leis! Mar is gnáth, is é an rud is tábhachtaí ná go ndéanfaí an dearadh as 100% ábhar athchúrsáilte. Téigh chuig láithreán gréasáin Junk Kouture https://junkkouture.com/sign-up-page/ chun tuilleadh eolais a fháil, lean cainéil shóisialta Junk Kouture @junkkouture agus coinnigh súil ar YouTube chun an t-eolas is deireanaí agus inspioráid a fháil!
Dé réir an sceidil, tá babhtaí ceannais réigiúnacha beo in ionaid ar fud na hÉireann le bheith ar siúl arís i mí an Mhárta 2022 agus beidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ag dul in iomaíocht lena chéile ansin ag an mbabhta ceannais náisiúnta i mBaile Átha Cliath, mar aon le deich n-áit a bhfuil an-tóir go deo orthu le bheith san iomaíocht ag Babhta Ceannais Domhanda Junk Kouture níos déanaí an bhliain seo chugainn. Má chreideann scoileanna go bhfuil an mianach ceart iontu a bheith in uachtar ar an ardán domhanda, is féidir leo iontráil a dhéanamh mar dhuine aonair nó mar fhoireann a bhfuil trí bhall ar a mhéid uirthi.