SEO CLUICHE AMHRÁNAÍOCHTA ÚRNUA LAST SINGER STANDING LE TOSÚ DÉ SATHAIRN AN 23 DEIREADH FÓMHAIR AR RTÉ ONE
– Arna léiriú ag Nicky Byrne, beidh réaltaí móra an phopcheoil, Nadine Coyle, Joey Fatone, agus Samantha Mumba ina theannta mar Phainéalaithe Pop.
– Beidh teaicticí chomh maith le bua na hamhránaíochta ó na hiomaitheoirí agus iad in iomaíocht lena chéile, iad ar fad ar a ndícheall an babhta ceannais a bhaint amach agus €25,000 a bhuachan.
Tá sé fógartha ag RTÉ inniu go mbeidh an seó cluiche amhránaíochta úrnua d’oíche Shathairn, Last Singer Standing, ag tosú Dé Sathairn an 3 Deireadh Fómhair ar RTÉ One, ar feadh ocht seachtaine a bheidh an seó ar siúl agus beidh an babhta ceannais meidhreach ar siúl i mí na Nollag.
Seó cluiche a mbeidh an teaghlach ar fad ábalta sult a bhaint as, seó ina mbeidh ar na hiomaitheoirí teaicticí chomh maith le bua na hamhránaíochta a bheith acu agus amhránaithe ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcomhrac amhránaíochta agus diongbháilteachta. Arna léiriú ag ShinAwiL do RTÉ, craolfar an tsraith tráthnóna Dé Sathairn agus ní éireoidh ach le hamhránaí amháin as gach seó dul ar aghaidh chuig an mbabhta ceannais.
Nicky Byrne a bheidh ag cur Last Singer Standing i láthair agus tabharfaidh daoine mór le rá i saol an phopcheoil, Nadine Coyle, Joey Fatone agus Samantha Mumba treoir chomh maith lena dtaithí sa tionscal ar fáil do na hiomaitheoirí a bheidh ann ó gach cearn den tír chun tabhairt faoin stáitse.
Tabharfaidh na hiomaitheoirí aghaidh ar a chéile i gcomhrac ceoil agus diongbháilteachta agus iad ar a ndícheall dul i gcion ar an bpainéal de réaltaí móra an phopcheoil, an lucht féachana agus éisteachta sa stiúideo agus a chéile chun áit a bhfuil go leor daoine á santú a bhaint amach sa bhabhta ceannais.
Is éard a dúirt an t-óstach, Nicky Byrne: “Beidh tú ar chorr do shuíocháin ag an seó seo – tá luas lasair leis, tá sé spreagúil agus lán de bhaol. Beidh ar na hamhránaithe aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nach bhfacthas riamh cheanna agus iad ar a ndícheall an duais mhór a thabhairt leo. Tá an painéal de réaltaí móra an phopcheoil, Nadine, Joey agus Samantha cumasach, géarintinneach agus tá pearsantacht an-láidir acu triúr. Seó úrnua a bheidh ann agus ceapaim féin go mbainfidh an lucht féachana agus éisteachta an-sult as gach oíche Dé Sathairn.”
Is éard a dúirt Nadine Coyle: “Is éard a thaitin liom faoin seó seo ná go bhféadfadh go mbeadh ar na daoine a bheidh ag glacadh páirte cleachtadh a fháil ar amhrán nach bhfuil ar eolas acu agus sin a dhéanamh san eochair bhunaidh agus faoi bhrú ollmhór – is iontach an rud é sin a fheiceáil. Chuaigh an cumas amhránaíochta atá in Éirinn go mór i gcion orm, agus is breá liom go bhfuil deis á bhfáil ag daoine an cumas sin a chur os comhair an phobail ar Last Singer Standing.”
Is éard a dúirt Samantha Mumba: “Is coincheap úrnua a bhfuil an-spraoi ag baint leis é Last Singer Standing, leagan nua de ghnáthseó tallainne, chur sé sin fonn orm a bheith páirteach ann. Bíonn sé go deas i gcónaí teacht abhaile d’obair mar go gciallaíonn sé go mbíonn mé ábalta mo mhuintir agus mo chairde a fheiceáil freisin. Tá sé seo níos speisialta fós ó tharla nach raibh mé ábalta teacht abhaile chomh minic sin le cúpla bliain anuas.”
Is éard a dúirt Joey Fatone: “Is comórtas amhránaíochta scléipeach é Last Singer Standing lena mbaineann gné seó cluiche leis agus ina mbíonn ar na hiomaitheoirí úsáid chliste a bhaint as straitéis. Bíonn ar na hiomaitheoirí rogha a phiocadh as catagóirí, a laghdaíonn an rogha agus a fhágann nach mbíonn an oiread céanna rogha amhrán acu… bainfidh daoine sa bhaile an sult as féachaint air.”
Tosóidh Last Singer Standing ar RTÉ One Dé Sathairn, an 23 Deireadh Fómhair.