24 GRADAM BUAITE AG RTÉ AG NEW YORK RADIO FESTIVALS 2021
Ag Gradaim Idirnáisiúnta Raidió New York Festivals 2021, a cuireadh ar siúl go fíorúil oíche aréir, bhuaigh cláracha RTÉ 24 gradam a bhfuil ardmheas orthu. Tugadh aitheantas do RTÉ as an scil a léirigh sé le ceird na scéalaíochta, nuair a bronnadh dhá chorn óir, seacht gcinn airgid, ceithre ghradam cré-umha agus 11 teastas craobhiomaitheora air. Tugadh onóir do chlos-saothar de scoth an domhain a chruthaigh scéalaithe as breis is 30 tír ar fud na cruinne ag an ócáid fhíorúil Storytellers Gala ar an 12 Deireadh Fómhair.
I measc na gcatagóirí inar éirigh le RTÉ an bua a fháil, bhí Clár Drámaíochta Digití is Fearr, Reacaireacht is Fearr, Scríbhneoireacht, Podchraoladh Srathaithe, Ceol, Spórt & Áineasa, Stiúrthóir, Caidreamh Daonna, Stair agus go leor eile, rud a thaispeáin láidreacht agus raon chláracha raidió RTÉ.
Bhí Documentary on One de chuid RTÉ Radio 1 corn óir, trí ghradam airgid agus dhá ghradam cré-umha as a chuid scéalta tarraingteacha. Bhain Documentary on One an gradam óir amach as The Grief of a Nation (Caidreamh Daonna). Bronnadh trí ghradam airgid ar Documentary on One freisin, as The Nobody Zone (Reacaireacht is Fearr), The Nobody Zone (Podchraoladh Srathaithe) agus Shane Healy – Back on Track (Spórt & Áineasa).
Bronnadh gradam óir ar Drama on One de chuid RTÉ Radio 1 as Islands – with Chris Watson and Luke Clancy (Fuaim is Fearr), agus dhá ghradam airgid as Hamlet, Prince of Derry le Colin Murphy, arna stiúradh ag Conall Morrison (Clár Drámaíochta Digití is Fearr), agus Small Bones le Siobhán Mannion (Scríbhneoireacht is Fearr). Bronnadh gradam cré-umha ar Gorretti Slavin (Stiúrthóir is Fearr) as Rainbow Baby le John O’Donnell.
Thug RTÉ lyric dhá ghradam airgid leo as The Lyric Feature: The Ballad of the Stolwijk Rescue (Ceol bunaidh is Fearr) agus The Lyric Feature: Music, Mystery and Manuscripts (Clár Faisnéise: Beathaisnéisí/Próifílí) mar aon le gradam cré-umha as The Lyric Feature: Island Time (Scríbhneoireacht is Fearr).
Bronnadh 11 Teastas Craobhiomaitheora ar fud RTÉ Radio 1, Radio 1 Extra agus RTÉ lyric fm chomh maith.
Dúirt Peter Woods, Ceann RTÉ Radio 1: “Is ionann na gradaim seo agus aitheantas eile ar an mbarr feabhais a bhíonn i gceist go leanúnach le hábhar faisnéise agus drámaíochta Radio 1. Cláracha amhail The Grief of a Nation, a thug leis an corn óir, a chuireann ré agus tráth staire in iúl go sciliúil, mar aon leis an gcor cinniúna a thóg Eamon Kennedy chuig Ospidéal Parkland in Dallas i mí na Samhna 1963. Ar an gcaoi chéanna, bua na samhlaíochta thar thréimhse na dianghlasála a bhí in ‘Islands’ le Chris Watson agus Luke Clancy (Fuaim is Fearr), arna léiriú ag Kevin Brew, an clár a sháraigh na seánraí agus a thug leis an gradam óir – scéal faoi thuras samhailteach ó na Galapagos chuig an oileán miotasach Hy Brasil.”
Dúirt Sinead Wylde, Ceann RTÉ lyric fm: “Is mór an moladh iad trí ghradam RTÉ lyric fm as an Lyric Feature ag gradaim New York Radio Festivals na bliana seo, moladh do chlár a thugann spreagadh do cheoltóirí agus d’ealaíontóirí féidearthachtaí nua a iniúchadh trí bheith ag obair trí mheán an raidió.”
D’oibrigh léiritheoir na sraithe Eoin O Kelly le Brían Mac Gloinn den bhanna ‘Ye Vagabonds’ chun leas a bhaint as a chuid scileanna scríbhneoireachta amhrán agus a chumas ceoil chun scéal tráthúil crógachta agus seasmhachta a chur in iúl i bhfocail agus sa cheol in ‘The Ballad of the Stolwijk Rescue’ (Airgead). Is léir ó ‘Island Time’ (Cré-umha) le Kevin Barry, a léiríodh i gcomhar le Aerial Sparks ag Gaillimh 2020, gur cumasach an scríbhneoir don raidió é Barry, scríbhneoir a bhuaigh an gradam Impac roimhe seo. Tá insint ealaíonta déanta ag Zoë Comyns ar scéal an úrscéalaí agus cumadóra Ether Voynich a rugadh in Éirinn in ‘Music, Mystery and Manuscripts’ (Airgead).”