Tá Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar ais, BEO ó Vicar Street agus ar RTÉ Radio 1
Tá Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar ais, BEO ó Vicar Street agus ar RTÉ Radio 1
Ag ceiliúradh scoth an cheoil tíre in Éirinn le bliain anuas
Fógrófar an gearrliosta Déardaoin an 4 Samhain | Bronnfar na gradaim Dé Máirt an 16 Samhain
Ticéid ar díol anois ar ticketmaster.ie | #rtefolkawards
Beidh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar ais agus BEO ó Vicar Street, Baile Átha Cliath agus ar RTÉ Radio 1 ag 8.00pm Dé Máirt an 16 Samhain.
Cé gur ócáid bronnta gradam fhíorúil a bhí ann anuraidh, beidh láithreoirí RTÉ John Creedon agus Ruth Smith ag filleadh ar Vicar Street i mBaile Átha Cliath chun an searmanas gradam a chur i láthair os comhair lucht féachana beo, tráth a mbeidh RTÉ ag déanamh ceiliúradh ar scoth cheol tíre na hÉireann le bliain anuas agus ag tabhairt aitheantais do mhórcheoltóirí tíre as Éirinn. Craolfar clár teilifíse ar RTÉ One Dé Sathairn an 20 Samhain chomh maith chun buaicphointí na hoíche a léiriú.
Tá ticéid do Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar díol anois ar www.ticketmaster.ie. Tá costas €28 in aghaidh an ticéid orthu, a áiríonn an táille láimhseála.
Fógrófar ainmnithe Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 na bliana seo Déardaoin an 4 Samhain. Áirítear ar chatagóirí na ngradam:
• Amhránaí Ceoil Tíre is Fearr (buaiteoir 2020: Radie Peat)
• Ionstraimí Ceoil Tíre is Fearr (buaiteoir 2020: Steve Cooney)
• Grúpa Ceoil Tíre is Fearr (buaiteoir 2020: Lankum)
• Albam Ceoil Tíre is Fearr (buaiteoir 2020: Ceol Ársa Cláirsí: Tunes of the Irish Harpers for Solo Guitar – Steve Cooney)
• Traic Ceoil Tíre Bunaidh is Fearr (buaiteoir 2020: Baby Talk, Mick Flannery & Susan O’Neill)
• Traic Ceoil Tíre Thraidisiúnta is Fearr (buaiteoir 2020: Eleanor Plunkett, Steve Cooney)
• Gradam Saoil
Ar na ceoltóirí a mbronnadh an Gradam Saoil orthu roimhe seo, tá Steve Cooney (2020), Moya Brennan (2019) agus Andy Irvine (2018). Déanfar ceoltóir a ionduchtú i nDámhachtain na Laoch de chuid Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 chomh maith.
Le linn an tsearmanais gradam, beidh taibhléirithe beo ó roinnt d’ainmnithe na bliana seo, agus dealraíonn sé gur oíche fíorspeisialta a bheidh ann, ar a ndéanfar ceiliúradh ar cheol agus ceoltóirí tíre na hÉireann, idir cheoltóirí cruthaithe agus cheoltóirí atá ag teacht chun chinn.
Is éard a dúirt John Creedon, comhláithreoir na ngradam agus láithreoir le RTÉ: “Mar dhuine a thaitníonn ceol go mór leis, agus mar dhuine a théann go ceolchoirmeacha go rialta, tá ríméad orm go mbeidh na gradaim iontacha seo ar siúl in Vicar Street arís os comhair slua beo a bhfuil dúil aige sa cheol tíre. D’airíomar ar fad uainn go mór ceol agus imeachtaí beo, na ceoltóirí iontacha a bheidh linn ar an oíche chun togha agus rogha cheol tíre na hÉireann le bliain anuas a cheiliúradh thar aon duine eile, agus a leithéid de bhliain a bhí ann. Ní féidir liom fanacht.”
Dúirt Ruth Smith, comhláithreoir na hócáide agus láithreoir le RTÉ: “Seo an ceathrú bliain de Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1, tar éis do shearmanas na bliana seo caite ag tarlú i bhformáid gearrtha siar sa stiúideo ón Ionad Raidió. Tá lúcháir orm a bheith ag filleadh ar Vicar Street in éineacht le John Creedon agus an criú léiriúcháin, mar go bhfuil an chosúlacht air gur sároíche cheoil, chomhluadair agus cheiliúrtha a bheidh ann, toisc nach bhfuil aon rud níos fearr ná lucht féachana agus éisteachta a bhfuil grá acu don cheol agus lucht an cheoil tíre a bheith istigh in aon seomra amháin agus iad ar fad ag baint sult as taibhléirithe agus ag tabhairt tacaíochta dá chéile.”
Chuir Ann-Marie Power, Grúpcheannasaí Ealaíon & Cultúir, RTÉ, leis an méid sin nuair a dúirt sí: “Tar éis bliain thar a bheith dúshlánach do cheoltóirí na hÉireann, is iontach an rud é a bheith in ann Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 na bliana seo a chraoladh beo ó Vicar Street os comhair slua beo agus na buaicphointí a thaispeáint ar RTÉ One. Is cuimhin liom nuair a chraol Colm Mac Con Iomaire beo óna theach ag tús na paindéime, agus ó shin i leith tá iontas orm maidir le freagairtí cruthaitheacha agus nuálaíocha cheoltóirí tíre na hÉireann le hocht mí dhéag anuas. Táimid ag súil go mór le leas a bhaint as cumhacht RTÉ arís chun urraim a thabhairt don obair seo, gan trácht ar an aoibhneas a bhaineann le ceoltóirí a tharraingt le chéile chun seinm faoin aon díon amháin in Vicar Street le haghaidh oíche dhraíochtúil eile.”
Bíodh an nuacht is déanaí agat maidir le Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 trí RTÉ agus RTÉ Radio 1 a leanúint ar Twitter, Facebook agus Instagram agus an haischlib #rtefolkawards a úsáid agus trí bheith ag éisteacht le RTÉ Radio 1.
Mura mbeidh tú in ann a bheith linn in Vicar Street Dé Máirt an 16 Samhain, éist leis an gclár beo ar RTÉ Radio 1 ag 8pm an tráthnóna sin, agus ná déan dearmad ar chlár teilifíse na mbuaicphointí ar RTÉ One Dé Sathairn an 20 Samhain.