Méadaíonn RTÉ agus Fís Éireann/Screen Ireland a infheistíocht i ndrámaíocht bhaile le sraith nua Storyland
Lorgaíonn RTÉ agus Fís Éireann/Screen Ireland ag lorg tallann chruthaitheach nua chun drámaíocht úrnua a choimisiúnú le craoladh ar RTÉ2 agus RTÉ Player
Seimineár Gréasáin, 11am Déardaoin an 4 Samhain, 2021
I measc na bpainéal tá, Ceann Gníomhach Drámaíochta, RTÉ, David Crean agus Bainisteoir Tionscadail Teilifíse, Screen Ireland, Andrew Byrne.
Cláraigh anseo: https://zoom.us/webinar/register/WN_JzyprfAgSr-sdcUpDlp42g
Tá séasúr nua de Storyland fógartha ag RTÉ agus Fís Éireann inniu, tionscadal coimisiúnaithe a bhfuil duaiseanna buaite aige, trína dtugtar deis d’Éireannaigh chumasacha atá ag teacht chun cinn i réimse na drámaíochta cláracha bunaidh a léiriú.
Tá Storyland leagtha amach chun deiseanna a chruthú do dhaoine cumasacha nua saothar drámaíochta a chur ar aghaidh, a fhorbairt agus a léiriú chun a ngairm agus a seasamh sa tionscal a bhrú chun cinn go mór.
Faoi bhrat Storyland, tabharfaidh RTÉ agus Fís Éireann an deis do dhaoine cumasacha cruthaitheacha atá ag teach chun cinn in Éirinn scéalta bunaidh Éireannach a chur os comhair lucht féachana agus éisteachta náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an RTÉ Player agus craolfar na saothair dhrámhaíochta a roghnófar ar RTÉ2 den chéad uair.
Beidh méadú réasúnta mór ar an mbuiséad chun a chinntiú go mbeidh na saothair dhrámaíochta ar an gcaighdeán is airde chun bheith ag teacht leis an láithreacht nua ar an teilifís. Is ionann seo agus forbairt shuntasach do Storyland agus is léiriú é ar thiomantas níos mó RTÉ agus Fís Éireann i dtaobh tallann a thabhairt chun cinn.
Leanann Storyland de bheith ag cur tús maith ar fáil do scríbhneoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus aisteoirí cumasacha Éireannacha ar fud oileán na hÉireann. Is ionann é agus cuid de thiomantas RTÉ agus Fís Éireann réimse iléagsúil daoine, tallainne agus guthanna i sochaí na hÉireann a aithint agus a chur chun cinn.
Táimid ag iarraidh ocht script a choimisiúnú agus a bheith ag obair go dlúth lena scríbhneoirí agus léiritheoirí chun na scripteanna sin a fhorbairt. Táthar ag lorg scríbhneoirí ó réimsí na teilifíse, scannánaíochta, amharclannaíochta, litríochta, na gcláracha faisnéise agus iriseoireachta cibé má scríobh siad don teilifís nó do scannáin roimhe seo nó nár scríobh. Nuair a dhéanfar na scripteanna a fhorbairt tuilleadh agus nuair a bheidh siad réidh don fhorbairt dheiridh agus don obair réamhléiriúcháin beidh stiúrthóirí faoi chonradh.
Déanfaidh Storyland trí shaothar drámaíochta aonair 25 nóiméad ar fhad a choimisiúnú as na saothair drámaíochta forbartha.
Is éard a dúirt Ceannasaí Drámaíochta Gníomhach, RTÉ, David Crean; “Is tréimhse iontach í seo ó tharla go bhfuil Storyland ag dul i dtreo ré nua sa teilifís. Is céim in airde riachtanach í chun go mbeidh daoine cumasacha in Éirinn ábalta a gcuid saothar a chur os comhair lucht spéise ar fud an domhain agus tá an-áthas orainn a bheith ag obair le Fís Éireann inár dtiomantas cur le próifíl dhrámaíochta na hÉireann.”
Is éard a dúirt Andrew Byrne, Bainisteoir Teilifíse Fís Éireann; “Tá ríméad orainn a bheith ag obair le RTÉ ar an leagan nua seo de Storyland, a thacaíonn lenár gcuspóirí i leith Drámaíocht Teilifíse. Táimid tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh i ndaoine cumasacha nua atá ag teacht chun cinn agus guthanna agus scéalta iléagsúla nua a lorg a dhéanann ceangal le lucht spéise áitiúil agus idirnáisiúnta”.
Chun áit a chur in áirithe do Sheimineár Gréasáin Storyland – imeacht eolais in RTÉ – iarrtar ar pháirtithe leasmhara clárú trí chliceáil ar an nasc seo.