SINÉAD WYLDE CEAPTHA INA CEANN AR RTÉ lyric fm
I ndiaidh comórtais, tá Sinéad Wylde fógartha ina Ceann ar RTÉ lyric fm.
Tá Sinéad Wylde ag obair ina léiritheoir ar chláracha i rith an lae agus ar ghnéchláracha a bhfuil gradam buaite acu a léiriú in RTÉ lyric fm ó bunaíodh an stáisiún sa bhliain 1999. Tá an-eolas ag Sinéad ar sceideal RTÉ lyric fm agus bhí sí ina Léiritheoir ar Marty in the Morning le Marty Whelan, Lunchtime Choice le Liz Nolan, The Hamilton Scores le George Hamilton, Movies and Musicals le Aedín Gormley agus Into the Evening le Eamonn Lawlor.
Tá 25 bliain caite aici ag obair in earnáil na craoltóireachta, agus dá bhrí sin, bhí ról lárnach ag Sinéad i bhforbairt RTÉ lyric fm ó thosaigh an stáisiún i mbun cláracha, craoltaí il-ardáin, brandáil cainéil agus i mbun cur le lucht éisteachta ar fud an stáisiúin.
Tá an iliomad gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta buaite ag Sinéad d’obair léirithe agus as cláracha faisnéise a dhéanamh agus bhí sí ina ceannródaí i ndáil le craoltaí seachtracha beo RTÉ lyric fm chun caidreamh aghaidh ar aghaidh a chothú leis an lucht éisteachta.
Is éard a dúirt Sinéad Wylde, Ceann Nuacheaptha RTÉ lyric fm: “Is níos soiléire fós atá sé faighte le bliain go leith anuas an luach a bhaineann leis an spás a chuireann RTÉ lyric fm ar fáil do lucht éisteachta an stáisiúin – spás ina bhféadfaidh siad taithí a fháil ar áilleacht agus ar lúcháir. Is é an spás seo a chuireann lyric ar fáil, mar aon leis an rannpháirtíocht fhuinniúil leis an lucht éisteachta, a chuireann le héiteas seirbhíse poiblí an stáisiúin. Lean RTÉ lyric fm de thacaíocht a thabhairt do chumadóirí ceoil, taibheoirí agus le healaíontóirí le linn na paindéime, daoine a fágadh fíor-dhrochbhail ar a ngairm agus ar cuireadh dúshlán rompu bealaí nua a aimsiú ceangal a dhéanamh lena lucht leanta. Cuidigh lyric leo an bhearna sin a shárú trí leanúint d’ardán a chur ar fáil dá gcuid saothair. Tá ríméad orainn go ndearnamar ár gcuid an ceol a choinneáil beo – níl cuma ná caoi orainn gan ár gcuid ceoltóirí agus táimse, mar atá an fhoireann dhíograiseach in RTÉ lyric fm, ag súil le freastal a dhéanamh ar lucht éisteachta nua agus an ceol a choinneáil beo as seo go ceann blianta fada.”
Ag tagairt do cheapachán Shinéad Wylde, is éard a dúirt Ceann Ealaíon agus Cultúir RTÉ, Ann-Marie Power, “Ba mhaith liom chomhghairdeas a dhéanamh le Sinéad as a ceapachán. Tá Sinéad tiomanta do chinntiú go bhfanfaidh RTÉ lyric fm ina chuid riachtanach agus inmharthana de RTÉ trí chur le buanna an stáisiúin agus trí sceideal agus straitéis an stáisiúin a fhorbairt sna blianta atá le teacht. Treoróidh Sinéad foireann daoine cumasacha in RTÉ lyric fm agus beidh sí ag obair freisin le foireann níos leithne de chomhghleacaithe ar réimse ábhar ealaíona agus cultúir RTÉ. Guímid gach rath uirthi agus táimid ag súil le go dtosóidh níos mó daoine ag baint sult as RTÉ lyric fm.”
Dé Luain an 1 Samhain a chuirfidh Sinéad tús lena post nua ina Ceann ar RTÉ lyric fm.