AN tSRAITH MHORÉILIMH DANCING WITH THE STARS LE FILLEADH I MÍ EANÁIR 2022
– 12 duine cháiliúla nua, ball nua ar an bpainéal moltóireachta & damhsóirí gairmiúla nua le páirt a ghlacadh sa chlár
– An clár siamsaíochta a mbíonn an-tóir air le bheith ar ais ar an scáileán tráthnóna Dé Domhnaigh ar feadh 12 seachtaine chun lúcháir a chur ar an lucht féachana
Tá sé fógartha ag RTÉ inniu go mbeidh sraith teilifíse mhóréilimh an Domhnaigh, Dancing with the Stars, ag filleadh ar an scáileán i mí Eanáir 2022, tar éis briseadh bliana, le 12 duine cháiliúla nua i gcáil damhsóirí a bheidh ag súil le dul go deireadh na scríbe agus an babhta ceannais a bhaint amach.
Is é ShinAwiL a léirigh an tsraith siamsaíochta seo a bhíonn ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh do RTÉ, sraith a mbíonn an-tóir uirthi, ina dtéann daoine aitheanta ó dhomhan na siamsaíochta i gcomhar le damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Tá sé le bheith ar an aer ó mí Eanáir go mí an Mhárta chun roinnt galántachta agus neart gáifeachta a thabhairt chuig sceideal féachana tráthnóna Dé Domhnaigh sa Bhliain Úr.
Cuirfear ábhar damhsóirí ó ghnó na siamsaíochta i bpáirt le damhsóirí gairmiúla agus déanfaidh siad a ndícheall dul i gcion ar na moltóirí agus ar an lucht féachana sa bhaile leis an dreas rince a dhéanfaidh siad gach seachtain, agus súil acu go rachaidh siad ar aghaidh go dtí an babhta ceannais agus go bhfaighidh siad greim ar thrófaí liathróide gealra Dancing with the Stars a bhfuil go leor á shantú.
Is iad na láithreoirí Jennifer Zamparelli agus Nicky Byrne a bheidh ar an stiúir arís ar shraith na bliana 2022. Beidh na moltóirí Loraine Barry agus Brian Redmond ag filleadh ar Dancing with the Stars arís freisin, agus i mí Eanáir beidh moltóir nua ar an bpainéal leo – damhsóir agus cóiréagrafaí mór le rá -Arthur Gourounlian (sa ghrianghraf thíos). Beidh an triúr moltóirí réidh lena gcuid tuairimí eolacha, ionraice agus in amanna, neamhbhalbha a roinnt agus scóir a thabhairt ar gach ceann de thaispeántais bheo na n-iomaitheoirí.
I measc na n-athruithe eile a chuirfear i bhfeidhm don tsraith atá le teacht, beidh 12 duine cháiliúla ag glacadh páirte sa seó anois (seachas 11 mar a bhí roimhe seo), agus beidh siad ag bualadh faoi láithreach, le daoine cáiliúla agus a bpáirtí á vótáil den seó ón dara seachtain den tsraith 12 seachtaine.
Beidh fáil ar Dancing with the Stars beo ar RTÉ Player gach seachtain freisin agus beidh gach seó ar fáil ar éileamh do shraith na bliana 2022.
Beidh an tuairisceoir sóisialta James Patrice ar ais don tsraith nua lena phas cúlstáitse lánrochtana chun an t-eolas agus an scéal is deireanaí ón seomra oiliúna agus ón urlár rince a thabhairt chuig leantóirí an chláir ar Instagram, Facebook, TikTok agus Twitter.
Is éard a dúirt John McHugh, Ceann Siamsaíochta RTÉ: “Tá ríméad ar RTÉ a fhógairt go mbeidh Dancing with the Stars ar ais chun siamsaíocht a dhéanamh don lucht féachana ar fud na tíre tráthnóna Dé Domhnaigh. Beidh sárfhoireann rannpháirtithe linn don tsraith seo, agus sílim go gcuirfidh gach uile dhuine fáilte mhór roimh fhilleadh na galántachta agus na siamsaíochta a chuireann ShinAwiL agus Dancing with the Stars ar fáil don lucht féachana i gcónaí.”
Dúirt Larry Bass, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ShinAwiL: “Tá an-áthas orainn ar fad in ShinAwiL a bheith in ann cabhrú an gealra a thabhairt ar ais chun tráthnónta an gheimhridh sa bhliain nua a ghealadh ar RTÉ One. Dúshlán a bheidh ann seó ar an scála seo a bhainistiú agus súil a choinneáil ar na prótacail dhiana Covid atá aitheanta againn i dteannta RTÉ ag an am céanna, ach is dúshlán é a bhfuil an fhoireann uile sásta a ghlacadh orainn féin. Is clár é Dancing with the Stars a chuireann dea-ghiúmar ar gach duine, is é sin díreach atá ag teastáil ón tír ar fad i ndiaidh dhá bhliain ar anchaoi.”
Fógrófar tuilleadh sonraí maidir le Dancing with the Stars 2022 sna seachtainí atá amach romhainn, lena n-áirítear foireann na ndaoine cáiliúla a bheith ag glacadh páirt ann agus a gcuid páirtithe
gairmiúla. Beidh roinnt damhsóirí gairmiúla ag glacadh páirt i seó na bliana seo den chéad uair, beirt rinceoirí ghairmiúla as Éirinn san áireamh.
Maidir le Arthur Gourounlian
Rugadh Arthur san Airméin, chuir sé tús lena ghairm sa Bheilg sular bhog sé go dtí an Ríocht Aontaithe, áit ar bhain sé amach cáil mar dhuine de na damhsóirí is mó tóir sa réigiún. Bhí Arthur ar stáitse le go leor leor daoine mór le rá, lena n-áirítear Bananarama, Beyonce, Pink, Pussycat Dolls, Girls Aloud, Will Young, Duffy, Kylie Minogue, Cheryl Cole, agus Leona Lewis. Ba ghearr gur chorraigh Arthur as an áit a raibh sé ina rinceoir sa chúlra agus gur ghlac sé le príomhról an chóiréagrafaí do cheoltóirí cruthaithe agus ceoltóirí a bhí ag teacht chun cinn sa Ríocht Aontaithe, san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe.
Is cuid ollmhór de shaol agus gairm Arthur iad na meáin shóisialta, tá níos mó ná 75,000 leantóir aige ar Instagram, áit a ndéanann sé postálacha laethúla. D’fhág sé LA go gairid agus d’aistrigh sé go hÉirinn lena fhear céile, Brian Dowling.