Bás an chumadóra, John Kinsella
Tá RTÉ Lyric fm faoi bhrón tar éis scéala a fháil faoi bhás an chumadóra John Kinsella (89) i ndiaidh tréimhse ghairid tinnis.
Bhí John Kinsella ar dhuine de na cumadóirí is mó le rá in Éirinn agus ar an gcumadóir siansaí is bisiúla sa tír, agus bhí príomhról aige i dtaca le tírdhreach ceoil na hÉireann. Chuir sé tús lena ghairm le RTÉ ina chúntóir ceoil sa bhliain 1968 agus rinne sé dul chun cinn chun post an Cheannasaí Ceoil in RTÉ a bhaint amach sular éirigh sé as sa bhliain 1988 chun a chuid ama agus dúthrachta a chaitheamh leis an gcumadóireacht ar bhonn lánaimseartha. Is minic a fhéachtar air mar an ‘cumadóir siansaí Éireannach is suntasaí ó bhí Stanford ann’ agus chuir a oidhreacht ceoil, saothar cruthaitheach a shaoil atá fíorthábhachtach, go mór mór le canóin cheol clasaiceach na hÉireann.
I mí na Samhna 2011, mar chuid de thionscadal i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon ar díol suntais é, d’eisigh RTÉ Lyric fm John Kinsella: Orchestral Works ar lipéad RTÉ lyric fm, le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ agus Proinnsías Ó Duinn agus Gavin Maloney ina stiúrthóirí.
Casadh a chuid ceoil go rialta ar The Lyric Concert, mar a thugann Paul Herriott, láithreoir an chláir, le fios: ‘Bhí an-áthas orainn fáilte a chur roimh John Kinsella roinnt uaireanta, ach ba í an uair dheireanach i mí na Samhna 2019 an ceann ba nótáilte. Bhí muintir John i láthair don ‘chéad taibhiú ar domhan’ dá Symphony No.11, a craoladh an oíche sin ar RTE Lyric fm agus ar fud Aontas Craolacháin an hEorpa. Léiriú ab ea é ar an ngrá a bhí aige do ‘Athair cheol nua-aimseartha na Fionlainne’: Jean Sibelius, agus an dúspéis a bhí aige ann. Mar aitheantas air sin, cuireadh críoch leis an gclár an oíche sin le taibhiú Symphony No.3 de chuid Sibelius féin, agus ba í Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ a sheinn an dá cheann acu. Creidim gur mhór an rud é ag John ó thaobh a thurais phearsanta féin agus a dhul chun cinn mar chumadóir. B’fheiliúnach don ócáid é gur bronnadh Gradam Saoil an NCH air an oíche chéanna sin. Bhraitheamar gur mhór an phribhléid dúinn ócáid a bhí iontach áthasach agus speisialta, ba léir, a roinnt leis.’
Séamus Crimmins, Iarstiúrthóir, Ceolfhoirne, Ceathairéid agus Cóir RTÉ Ceannasaí Bunaidh, RTÉ lyric fm: “Tá pobal an cheoil go mór faoi scamall bróin mar gheall ar bhás John Kinsella. Ba dhuine séimh, ciúin é ó nádúr, agus bhí gean domhain aige ar cheol agus ar chumadóireacht a raibh saothar saoil dá thoradh air ina n-aithneofaí tréithe na dianchríochnúlachta, an fhéinscrúdaithe, na diongbháilteachta agus na húrnuachta. Tá a shaothar siansach féin ollmhór. Tá aon siansa dhéag Kinsella molta go hard na spéire ag Séamus de Barra, ní hamháin mar gheall gur éacht cruthaitheach atá iontu, ach mar gheall go bhfuil tábhacht ag baint leo ó thaobh stair an cheoil ealaíne. Ó thús a shaoil in Inse Chór, bhí John cineál faoi gheasa na mórchumadóirí siansaí i gcónaí. Cé go raibh guthanna forásacha i stíleanna éagsúla ceoil ag teacht chun cinn níos déanaí, bhí an-suim go deo ag John i gcónaí i ndraíocht an cheoil chun daoine a chorraí agus a spreagadh, le mothú a leathann amach ar scála ollmhór, lán féidearthachtaí fiontracha, sonraí a bhfuil cruth orthu agus sonraí athchruthaithe. Is eisceachtúil an rud é tiomnacht John ar shaol cheol agus chultúr na hÉireann.”
‘Bhí John ar dhuine de mhórphearsana chumadóireacht shiansach na hÉireann, gan aon agó. Tá sé feiliúnach gur thíolaic sé Symphony No.6 (a eisíodh ar lipéad RTÉ lyric fm) do ghrúpa cairde a bhfuil cion comhchoiteann acu sa cheol. Cuimhneoidh gach a raibh aithne acu ar John go ceanúil air agus mairfidh a leagáid trína chuid ceoil.’ Gail Henry, Léiritheoir, the Lyric Concert, RTÉ lyric fm
Ar dheis Dé go raibh a anam
Chun cuimhneamh agus ceiliúradh a dhéanamh ar shaol John Kinsella, tá sraith cláracha beartaithe ag RTÉ lyric fm sna seachtainí atá amach romhainn:
Dé hAoine an 19 Samhain, 7.30pm
The Lyric Concert le Paul Herriott
Cuimhneoidh Paul Herriott ar John Kinsella nach maireann, agus cuirfidh sé an Siansa deireanach dá chuid, Symphony – No.11 i láthair, mar a sheinn Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ é faoi stiúir Jean Deroyer i dtaifeadadh ó mhí na Samhna 2019
Dé Domhnaigh an 5 Nollaig, 6.00pm
The Lyric Feature
Tá athchraoladh “A Symphonic Life” beartaithe don Lyric Feature ar an 5 Nollaig i mbliana, an tráthnóna roimh Lá Saoirse na Fionlainne.
A Symphonic Life
Tá John Kinsella ar dhuine de chumadóirí is mó le rá in Éirinn agus ar an gcumadóir siansaí is bisiúla sa tír. Le linn a ghairme chruthaithigh a chlúdaigh breis agus seasca bliain, scríobh Kinsella aon siansa dhéag, go leor coinséartónna, ceathairéid agus saothair uirlise aireagail, ghutha agus chórúla. I mí na Samhna 2019, cuireadh a aonú siansa dhéag ar siúl den chéad uair riamh sa Cheoláras Náisiúnta agus fuair John an Gradam Saoil NCH mar aitheantas ar an méid iontach atá déanta aige do cheol ealaíne na hÉireann. Do John féin, is ionann siansa a dhéanamh agus “tús le heachtra mhór. Níor chaill mé an scleondar sin riamh.”
I gcomhrá le John Kinsella agus le hionchur ó chumadóirí agus ceoleolaithe eile, is léargas domhain é an clár faisnéise seo A Symphonic Life ar chumadóir trína phróiseas, forbairt a chuid saothar agus a dhúthracht i leith fhoirm na healaíne a chur faoi chaibidil. Ar an tráthnóna roimh Lá Saoirse na Fionlainne, déantar plé sa chlár ar thionchar phríomhchumadóir na Fionlainne Jean Sibelius ar Kinsella freisin.
Tá podchraoladh den chlár ar fáil anois ar láithreán gréasáin anseo.
Tá saothar John Kinsella ar fáil ar lipéad RTÉ Lyric fm chomh maith:
Symphony No. 6; Symphony No. 7; Prelude and Toccata for string orchestra; Cúchullainn and Ferdia: Duel at the Ford, arna thaibhiú ag Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, Cór Aireagail na hÉireann, Proinnsías Ó Duinn (stiúr.), ar: RTÉ lyric fm CD 134 (CD, 2011).