BUAITEOIRÍ Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 Fógartha
> Na gradaim don Amhránaí Ceoil Tíre is Fearr AGUS don Cheoltóir is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn buaite ag JOHN FRANCIS FLYNN
> An Grúpa Ceoil Tíre is Fearr AGUS an Traic Ceoil Tíre Thraidisiúnta buaite ag YE VAGABONDS
> Déanfar SARAH MAKEM a ionduchtú i nDámhachtain na Laoch de chuid Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1
> An Gradam Saoil buaite ag CHRISTY MOORE
Fógraíodh buaiteoirí Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 in Vicar Street agus beo ar RTÉ Radio 1 oíche Dé Máirt chun ceiliúradh a dhéanamh ar scoth an cheoil tíre in Éirinn le bliain anuas.
Oíche thar a bheith speisialta a bhí i nGradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 agus is iad John Creedon agus Ruth Smith, láithreoirí de chuid RTÉ, a chuir na Gradaim i láthair. Bhí KÍLA, John Francis Flynn, Stephanie Makem, Alannah Thornburgh, John Spillane, Mick Flannery agus Susan O’Neill, Christy Moore agus neart eile ag ceol beo ar an oíche chomh maith.
Is iad seo a leanas na BUAITEOIRÍ
BUAITEOIR an ghradaim don Cheoltóir is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn: John Francis Flynn
Bronnta ag Tom Mulligan, The Cobblestone
BUAITEOIR an ghradaim don Ionstraimí Ceoil Tíre is Fearr: Caoimhin Ó Fearghail
Bronnta ag Aoife Nic Cormaic, RTÉ
BUAITEOIR an ghradaim don Traic Ceoil Tíre Bunaidh is Fearr: Chain Reaction – Mick Flannery agus Susan O’Neill
Bronnta ag Eddi Reader
BUAITEOIR an ghradaim don Traic Ceoil Tíre Thraidisiúnta is Fearr: I’m a Rover – Ye Vagabonds
Bronnta ag Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1
BUAITEOIR an ghradaim don Ghrúpa Ceoil Tíre is Fearr: Ye Vagabonds
Bronnta ag Cáit Riordan
BUAITEOIR an ghradaim don Amhránaí Ceoil Tíre is Fearr: John Francis Flynn
Bronnta ag Anne Enright
BUAITEOIR an ghradaim don Albam Ceoil Tíre is Fearr: Solas an Lae – Eoghan Ó Ceannabháin agus Ultan O’Brien
Bronnta ag Maighréad Ní Dhomhnaill
Dámhachtain na Laoch: Sarah Makem
Bronnta ag Nuala O’Connor
BUAITEOIR an Ghradaim Saoil: Christy Moore
Bronnta ag Damien Dempsey
Craolfar clár teilifíse ar RTÉ One Dé Sathairn an 20 Samhain chomh maith chun buaicphointí na hoíche a léiriú.
Bíodh an nuacht is déanaí agat maidir le Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 trí RTÉ agus RTÉ Radio 1 a leanúint ar Twitter, Facebook agus Instagram agus an haischlib #rtefolkawards a úsáid agus trí bheith ag éisteacht le RTÉ Radio 1.