Duais Rogha Ceoil RTÉ le filleadh in 2022
Duais Rogha Ceoil RTÉ le filleadh in 2022
I gcomhar le IMRO agus IRMA
P R Í O M H D H Á T A Í 2 0 2 2
Fógra an Ghearrliosta d’Albam Éireannach na Bliana 2021 – 5 Eanáir
Fógra an Ghearrliosta d’Amhrán Éireannach na Bliana 2021 – 26 Eanáir
Beo in Vicar St, Baile Átha Cliath agus Craoladh Eisiach ar RTÉ – 3 Márta
Beidh Duais Rogha Ceoil RTÉ ag filleadh sa bhliain 2022 agus leanfaidh sí de phríomhról a bheith aici maidir le cur chun cinn cheol na hÉireann. Fógraíodh príomhdhátaí d’imeacht na bliana 2022 inniu ar an Tracy Clifford Show ar RTÉ 2FM i dteannta bhuaiteoir Dhuais Rogha Ceoil RTÉ, Denise Chalia.
Beidh Ócáid Dhuais Rogha Ceoil RTÉ, ceann de na hoícheanta i mó don tionscal, ar siúl arís in Vicar St Déardaoin an 3 Márta agus déanfar é a cheiliúradh le linn craolta eisiach bheo ar RTÉ 2FM, mar aon le clár speisialta don teilifís ar RTÉ2 níos déanaí an mhí sin. Beidh tuilleadh eolais ag teacht go luath.
Áirítear ar phríomhdhátaí do Dhuais Rogha Ceoil RTÉ:
• Fógra an Ghearrliosta d’Albam Éireannach na bliana 2021 – Dé Céadaoin an 5 Eanáir
• Fógra an Ghearrliosta d’Amhrán Éireannach na bliana 2021 – Dé Céadaoin an 26 Eanáir
• Fógrófar Albam Éireannach na Bliana 2021 agus Amhrán Éireannach na Bliana 2021 beo ó Vicar St agus ar RTÉ 2FM Déardaoin an 3 Márta.
Is éard a dúirt Ceann RTÉ 2FM, Dan Healy: “In ainneoin na ndúshlán a bhí romhainn i mbliana, lean ceoltóirí na tíre orthu ag déanamh an rud is dual dóibh agus tá roinnt ceoil den scoth cruthaithe acu, agus tá muidne anseo in 2FM ag súil go mór le hé a cheiliúradh. Is léiriú é caighdeán na ngearrliostaí d’Amhrán na Bliana agus d’Albam na Bliana, mar aon leis na ceoltóirí atá ar RTÉ Rising, ar ardchaighdeán an cheoil in Éirinn faoi láthair. Tá 2FM réidh le tacú leis na hamhráin agus na ceoltóirí atá ar ghearrliosta Dhuais Rogha Ceoil RTÉ don bhliain seo chugainn agus chun leanúint den tacaíocht atá tuillte go maith acu a thabhairt dóibh.”
Beidh ‘Comhráite’ Dhuais Rogha Ceoil RTÉ ag filleadh Dé Céadaoin an 2 Márta. Is fóram ceoil idirnáisiúnta é ‘Comhráite’ a bhfuil sé d’aidhm aige plé oscailte a spreagadh idir na painéalaithe agus an lucht spéise d’fhonn na príomh-shaincheisteanna is mó atá roimh ceoltóirí agus gairmí an tionscail a cheistiú agus a shoiléiriú.
Déanfar scoth cheol taifeadta na hÉireann a cheiliúradh arís le Duais Rogha Ceoil RTÉ. Tá an duais, a cuireadh ar bun sa bhliain 2005, ar cheann de bhuaicphointí na bliana i dtionscal an cheoil in Éirinn faoin tráth seo. Roghnaítear Albam Éireannach na Bliana ag painéal dáréag de dhaoine gairmiúla maidir le meáin chumarsáide an cheoil agus de shaineolaithe ar an tionscal ó ghearrliosta deich gcinn d’albaim.
Gheobhaidh an buaiteoir €10,000, duaischiste atá curtha ar fáil ag Eagraíocht um Chearta Ceoil na hÉireann (IMRO) agus Cumann um Cheol Taifeadta na hÉireann (IRMA).
Dúirt Willie Kavanagh, Cathaoirleach IRMA: “Tá an-áthas ar IRMA go bhfuilimid bainteach le Duais Rogha Ceoil RTÉ fós. Tasc tairbheach é i gcónaí a bheith sa tóir ar na ceoltóirí is cumasaí ar fad, agus bíonn maithe agus móruaisle cheol taifeadta na hÉireann le feiceáil ar ghearrliosta Duais Rogha Ceoil RTÉ gach aon bhliain.”
Gheobhaidh gach ceoltóir agus grúpa a mbainfidh áit amach ar an ngearrliosta gradam a coimisiúnaíodh go speisialta.
Is comhpháirtithe tionscadail oifigiúla Dhuais Rogha Ceoil RTÉ iad RAAP, Cultúr Éireann, FMC agus Minding Creative Minds chomh maith.
Foilsíodh liosta de na halbaim Éireannacha a eisíodh go dtí seo in 2021 ar láithreán gréasáin Dhuais Rogha Ceoil. Is féidir breathnú ar an liosta seo ar http://www.choicemusicprize.ie/2021-album-list/ agus scéala a fháil ar ríomhphost maidir le ceoltóirí agus grúpaí ar bith a chuirfear leis an liosta info@choicemusicprize.com
#rtechoiceprize
Maidir le Duais Rogha Ceoil RTÉ
Is é David Reid a eagraíonn Duais Rogha Ceoil RTÉ. Is é Jim Carroll, eagarthóir RTÉ Brainstorm, cathaoirleach an phainéil moltóireachta. Is duais ar leith í seo sa mhéid is go ndírítear ar an gceol agus ar an gceol amháin agus an mholtóireacht d’Albam Éireannach na Bliana ar bun (seachas ar dhíolacháin nó ar an méid uaireanta a casadh ar an raidió é). Beidh liosta iomlán na moltóirí ar fáil ar láithreán gréasáin Dhuais Rogha Ceoil RTÉ ón 5 Eanáir. Is í seo an seachtú bliain déag den chomórtas. Is féidir teacht ar liosta na n-iarbhuaiteoirí ar http://www.choicemusicprize.ie/past-prizes/
Bíodh an nuacht is déanaí agat maidir le Duais Rogha Ceoil RTÉ trí @choiceprize, @rte2fm, @rte agus @rte2 a leanúint ar Twitter agus ar Facebook agus @explorerte agus @rte2fm ar Instagram trí úsáid a bhaint as an haischlib #rtechoiceprize. Chun nuashonraithe a fháil ar Snapchat, lean @rte2fm.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.choicemusicprize.ie