Sceideal Draíochta RTÉ d’Fhéile na Nollag
Bain sult as buaicphointí croíúla agus lúcháireacha sna réimsí siamsaíochta, drámaíochta agus faisnéiseacha
Cláracha speisialta úrnua ar bharr an sceidil do Nollaig dhraíochtúil ar RTÉ. Beidh neart craic i gceist a bhuíochas do chlár speisialta Tommy Tiernan, Callan Kicks the Year agus Mrs Brown, agus beidh The 2 Johnnies i mbun láithreoireachta do sheó Oíche Chinn Bliana i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. I measc na mbuaicphointe nua beidh clár faisnéise ar bhuaiteoir an Grand National, Rachael Blackmore, clár croíúil ar shiopaí bréagán na hÉireann agus coinneoimid comhluadar le mór-réalta na hÉireann Daniel O’Donnell a bheidh ag ceiliúradh 60 bliain a bheith slánaithe aige. Beidh Adam King, laoch an Toy Show, ag cur a shraithe beochana nua féin i láthair ar RTÉjr, ar a gcloisfear guth Ryan Tubridy i bpáirt Dhaidí na Nollag. Seolfaidh Dermot Whelan agus Doireann Garrihy uair an chloig de shiamsaíocht don teaghlach ar fad i gclár nua dar teideal Big Night In agus beidh clár speisialta Nollag againn ó dhream an Home School Hub freisin, mar aon le ceol, spórt, dráma agus siamsaíocht.
Ar an raidió, cuirfidh Joe Duffy a chlár speisialta cáiliúil oíche Nollag i láthair ón Ionad Raidió, tráth a mbeidh deis ag an lucht éisteachta sult a bhaint as clár speisialta uair an chloig ar 2FM le Jenny Greene agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ. Is tréimhse speisialta í an Nollaig ar RTÉ lyric fm, ar a gcloisfear taibhithe spreagúla séasúracha lena n-áirítear Messiah le Handel, agus beidh réimse leathan scéalta fíorspéisiúla agus píosaí ceoil iontacha le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta. Beidh deis ag lucht éisteachta dílis RTÉ Gold an crann a chur ar bharr creatha agus iad ag éisteacht leis na láithreoirí is fearr leo. Bain tairbhe as an am saor agus tabhair faoin gcuid is fearr de na cláracha ar RTÉ Player ar fiú breathnú orthu go hainsrianta. Ní bréag a rá go bhfuil clár éigin ann don uile dhuine ar RTÉ an Nollaig seo.
AR AN TEILIFÍS AGUS AR AN RTÉ PLAYER
SIAMSAÍOCHT
Beidh tús áite don cheol, caint agus craic ar RTÉ an Nollaig seo, le rud éigin a thaitneoidh leis an uile dhuine sa lucht féachana.
Beidh Tommy Tiernan ar ais le clár speisialta aon uaire i mí na Nollag ina mbeidh neart ábhair iontais dó féin agus dá lucht féachana! Mar dhuine a bhfuil cumas dochreidte tobchumadóireachta aige, bíonn Tommy faoi bhláth agus é ag láimhseáil cásanna nach raibh aon choinne aige leo. Dá bharr sin, bíonn comhráite lán spraoi agus iontais i gceist, le daoine as gach cúlra, cuid acu atá ina bpearsa mór le rá agus cuid acu nach bhfuil.
Beidh dream Mrs Brown’s Boys ar fad ar ais linn arís i gcomhair dhá chlár speisialta séasúracha a chraolfar Lá Nollag agus Oíche Chinn Bliana, ina bhfeicfear Agnes tarraingthe isteach sa chór eaglasta ach í faoi ordú diongbháilte, agus ganntanas crann Nollag a fhágann go mbeidh ar Buster a bheith níos cruthaithí ná mar is gnáth.
Tá togha agus rogha an cheoil amach roimh lucht spéise ceoil chomh maith. Beidh na ceoltóirí agus láithreoirí Loah agus Una Healy ar ais sa Round Room cáiliúil i dTeach an Ard-Mhéara i gcroílár Bhaile Átha Cliath chun eagrán Nollag fíorspeisialta de The Heart of Saturday Night a chur i láthair. Tabharfaidh ceoltóirí móra le rá as Éirinn agus as tíortha i gcéin faoin stáitse do sheó uathúil nua, Bowie – Starman, le Ceolfhoireann Coirme RTÉ. I measc na gceoltóirí a bheidh i dteannta bhanna ceoil Bowie féin agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ beidh Suzanne Vega, Rufus Wainright, Imelda May agus go leor leor eile le hómós a léiriú ar oidhreacht Bowie agus cuid dá chuid amhráin is mó cáil a chasadh.
Is iontach an spléachadh a bheidh sa chlár Big Night In do theaghlaigh i sceideal na Nollag ar RTÉ One – daoine cáiliúla ag imirt cleasa ar a chéile, cluichí lán teannais sa stiúideo, iontais don lucht féachana agus lán stoca Nollag d’fhéiríní eile. Is iad Dermot Whelan agus Doireann Garrihy a bheidh ag brú an chnaipe tosaigh chun uair an chloig de shárshiamsaíocht don teaghlach a lainseáil!
Beidh The 2 Johnnies ag cur Seó Comhairimh Síos Oíche Chinn Bliana RTÉ i láthair beo ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath in éineacht le haíonna ó shaol an spóirt agus na siamsaíochta. Beidh Picture This ag fógairt na bliana nua os comhair slua 5,000 duine.
Beidh an fuirseoir Oliver Callan ag cur clabhsúr ar an mbliain le píosa grinn atá ag teastáil go géar sa chlár Callan Kicks the Year 2021. Beidh na ‘Co-Teeshes’ agus Mary Lou ag breathnú siar ar scéalta na bliana, amhail ‘Zapponysim’, an long a bhí sáinnithe sa tSuais, Cuan Bhaile Átha Cliath Theas, ‘heaves’, Na Cluichí Oilimpeacha, Kin, an éirí amach sna Stáit Aontaithe agus cuacha. Le Joe Biden, Boris, Teach na Bliana agus Francis Brennan.
Tiocfaidh Ireland’s Fittest Family chun críche sa bhabhta deiridh is éachtaí fós, ar An Sliabh i gCill Ruaidhrí. Tá fonn millteanach ar an gceithre teaghlach an craobh a thabhairt leo, ach ní féidir ach le teaghlach amháin an lá a thabhairt leo! Beidh dhá chlár speisialta de Ireland’s Fittest Family á gcraoladh i mí na Nollag. Ar an 29 Nollaig, beidh Grainne Gallanagh, an cúpla Flynn as The Happy Pear, agus fuirseoirí Neil Delamere agus Sinead Quinlan ag dul san iomaíocht chun craobh Ireland’s Fittest Family a bhuaigh i gclár speisialta na gceiliúrán seo, agus tabharfaidh an buaiteoir €10,000 leo chun tabhairt do charthanas dá rogha féin. Mar aon leis sin, sa chlár Hall of Fame, beidh Mairead Ronan, agus Donncha O’ Callaghan, Anna Geary, Davy Fitzgerald agus Derval O’ Rourke ina teannta, ag féachaint siar ar na buaicphointí nach ndéanfar dearmad orthu, agus ar na teaghlaigh a bhain leo i gcaitheamh na naoi sraith dheireanacha.
SCANNÁIN
Nuair a smaoinítear ar an Nollaig, is cinnte go smaoinítear ar scannáin, agus beidh do sheacht sáith agat i mbliana leis an réimse a chuirfidh RTÉ ar fáil, idir scannáin den scoth a léireofar den chéad uair agus na sárscannáin a bhfuil gean ag go leor daoine orthu.
Beidh spraoi i gceist don teaghlach ar fad leis na scannáin uile a thaispeánfar den chéad uair, amhail The Grinch le Dr. Seuss (Lá Nollag, RTÉ One 6pm); Abominable (Lá Nollag, RTÉ 2, 11am); agus The Secrets Life of Pets 2 (Lá Nollag, RTÉ One 12:35pm), agus do na saineolaithe scannán níos sine, beidh Bohemian Rhapsody (Lá Nollag, RTÉ One 10:10pm); Rocketman (Lá Fhéile Stiofáin, RTÉ One, 9:35pm ), an scannán Éireannach a fuair moladh ó na léirmheastóirí, Dating Amber (21 Nollaig RTÉ 2 9:35pm); agus an scéal álainn a thógfadh do chroí, Stan and Ollie (31 Nollaig RTÉ 2, 10pm).
Lena linn sin, ullmhaigh áit chluthar duit féin agus faigh an tseacláid the faoi réir le go gcuirfidh tú maoithneas ort féin ag breathnú ar scoth na mórscannán le linn an tséasúir, lena n-áirítear Four Weddings and a Funeral, Love Actually, The Greatest Showman, Die Hard, Braveheart, Back to the Future trilogy, E.T. The Extra Terrestrial, sraith Indiana Jones, Home Alone 2 Lost in New York, Casablanca, Singin’ in the Rain, The Big Sleep, agus Chitty, Chitty, Bang, Bang.
CLÁR FAISNÉISE
Buanna i gcúrsaí spóirt, aoibhneas siopa bréagán, agus turais siar ar bhóithrín na smaointe – Tá ardú meanman le baint as cláir faisnéise ealaíon, fhíriciúla agus spóirt RTÉ an Nollaig seo
Sa chlár faisnéise Rachael Blackmore: A Grand Year, roinneann an déantóir scannán a bhfuil gradaim buaite aige, Ross Whitaker (Katie, Shane Lowry – Open), scéal iontach Rachael Blackmore, agus barr a réime bainte amach aici i saol na rásaíochta capall le linn na bliana stairiúla seo di. Le tacaíocht ó sárfhoireann réaltaí rásaíochta capall – AP McCoy, Katie Walsh, Willie Mullins, Ruby Walsh, Henry De Bromhead agus Davy Russell – agus a muintir agus a dlúthchairde, téann Rachael go domhain isteach ina scéal féin den chéad uair.
Clár faisnéise deas croíúil faoi 16 siopa bréagán ón dream céanna a rinne The Irish Wedding agus The Irish Pub is ea The Toy Shop, ina mbeifear ag caint agus ag comhrá leis na daoine a bhíonn ag obair sna háiteanna draíochtúla seo, áiteanna a spreagann samhlaíocht na gcustaiméirí is óige chomh maith le cuimhní cinn na gcustaiméirí is sine.
Sa chlár Daniel at Sixty, beidh deis eisiach againn dul siar ar bhóithrín na smaointe le Daniel O’Donnell agus 60 bliain slánaithe aige, lena mhuintir agus lena chairde, mar aon le hábhar cartlainne i bhfoirm albaim grianghraf agus roinnt de na botúin óna fhíseán ceoil La De Dah. Is cinnte gur clár siamsúil agus léargas ionraic ar shaol an fhir mhóir a bheidh ann.
Is clár faisnéise ealaíon uair an chloig é The Flourishing lena dtabharfar ar aistear fíorspéisiúil muid ó na 1950í go dtí an lá atá inniu ann chun scéal seánra ceoil a leanúint de réir mar a thagann athrú ó bhonn air óna tús éiginnte chuig an áit iomráiteach atá bainte amach aige anois ar an stáitse domhanda. Cloisfear saothar agus guthanna roinnt ceoltóirí den ghlúin fíorthábhachtach seo in The Flourishing – Paul Brady, Mary Black, Finbar Furey, Paddy Glackin agus Andy Irvine ina measc.
Steps of Freedom: The Story of Irish Dance – is clár faisnéise fadréimseach, cineamatach dhá chuid é seo ina dtabharfar léargas ar fhorbairt Dhamhsa na hÉireann ó bheith mar dhamhsa na dtuathánach le bheith ina stíl atá mar fheiniméan domhanda.
Scéal Lesley Crowe, fear dóiteáin as Baile Átha Cliath, atá in Camera, Tripod and Bicycle. Ag taisteal ar a rothar agus a cheamara 8mm agus a thríchosach leis, rinne sé taifeadadh ar a chathair dhúchais ó na 1950í go dtí na 1970í, tréimhse a raibh an-athrú ag teacht ar an áit.
Déanfar iniúchadh ar fhorbairt chiorcad na bhféilte in Éirinn le linn na 1970í in How Ireland Rocked the 70s. Deich mbliana ab ea sin inar thosaigh rac-cheol – náisiúnta agus idirnáisiúnta – á fhréamhú i gceart anseo. Beidh píosaí scannánaíochta agus grianghraif uathúla le feiceáil sa chlár faisnéise seo, mar aon le hagallaimh eisiacha le Eric Bell [Thin Lizzy], Barry Devlin [Horslips], Christy Moore, Moya Brennan, Donal Lunny agus Donal Gallagher [deartháir agus bainisteoir Rory Gallagher, nach maireann].
Beidh clár speisialta séasúrach ag sraith RTÉ a bhfuil an tóir uirthi, The Way We Were, ina mbeifear ag breathnú siar go gnaíúil maoithneach ar nósanna na Nollag in Éirinn, ag fiafraí faoin méid atá tar éis athrú agus faoin méid nach bhfuil athraithe, ar ámharaí an tsaoil.
DRÁMAÍOCHT
Ní bheadh mórán cuma ar an Nollag gan báire na fola i mBaile na Carraige nó bruíon Lá Fhéile Stiofáin ar Chearnóg Albert. Ina theannta sin, déan na cláracha drámaíochta is fearr ar fad ón tír seo a shruthú le boscra RTÉ Player
An Nollaig seo i mBaile na Carraige, tagann caidreamh neamhghnách Lucy le Dolores agus Tyler go cnámh na huillinne leis na Gardaí ag teannadh isteach le cás dhúnmharú Ritchie Lennon a réiteach. Leis an méid atá ar eolas ag Carol, Sash agus Tommy, an éireoidh siad na cosa a thabhairt leo? An mbeidh Dearbhla agus Cian in ann an Nollaig a chur díobh agus iad ina lánúin fós, nó an bhfuil an iomarca damáiste déanta dá gcaidreamh cheana féin? Ná caill amach ar Fair City an Nollaig seo agus roinnt caidreamh ag titim as a chéile tráth a mbeidh roinnt eile ag dul i bhfostú…
Lena linn sin, bí ag súil le neart drámaíochta ar Chearnóg Albert le heipeasóid ollmhór Nollag de chuid Eastenders á craoladh ar RTÉ2 agus RTÉ Player ag 9.30pm
Bain tairbhe as an am saor agus tabhair faoin gcuid is fearr de na cláracha ar RTÉ Player ar fiú breathnú orthu go hainsrianta. Bí mór le Cillian Murphy agus tú ag féachaint at séasúr 1-4 de Peaky Blinders. Bain sult as na seanchláracha grinn a bhfuil an-tóir orthu, le gach aon eipeasóid de Father Ted, Frasier agus Community ar fáil. Tá athbheochan thús an chéid anseo, le heipeasóidí uile Skins, The O.C., Gossip Girl agus Pretty Little Liars. Agus cén fáth nach mbreathnófá siar ar na cláracha nach mór a fheiceáil ó 2021? Tá Kin, Hidden Assets agus Line of Duty ar fáil. Lig racht gáire asat le sraith nua Shinéad Quinlan, Seriously, Sinéad? nó gabh isteach i Darren & Joe’s Free Gaff.
SPÓRT
Déanfar ceiliúradh le linn shéasúr na Nollag ar RTÉ ar bhliain dhochreidte maidir le gaisce spóirt na hÉireann.
Tabharfar ómós do na himreoirí Iománaíochta agus Pheil Gaelach is fearr don bhliain 2021 le Gradaim Sárimreoirí PWC Dé hAoine an 10 Nollaig. Beidh bronnadh Ghradaim Spóirt RTÉ 2021 le feiceáil beo ar RTÉ One Dé Sathairn an 18 Nollaig. Mar is iondúil, beidh neart spóirt beo ar siúl i rith na Nollag lena n-áirítear na ceithre lá thraidisiúnta de Rásaíocht na Nollag a bhíonn ar siúl i mBaile na Lobhar, Craobhchomórtais Reathaíochta Trastíre na hEorpa ó Bhaile Átha Cliath, cluichí leathcheannais Chraobhchomórtas Peile Laighean na gClubanna agus Mumha v Laighin i Rugbaí URC. Chomh maith leis sin, déanfar 50 bliain de Ghradaim Sárimreoirí GAA a cheiliúradh i gclár faisnéise nua.
DAOINE ÓGA
Tá an Late Late Toy Show thart, ach bíodh sin mar atá, tá neart pléisiúir eile ag fanacht ar an lucht féachana níos óige…
Home School Hub: A Christmas Cracker! Tá Home School Hub ar ais… ach an uair seo níl scoil ar siúl agus níl aon rud le foghlaim! Tharla sé go bhfuil Seamus the Dog ina aonair don Nollaig tar éis dó dearmad a dhéanamh na cuirí chun dinnéar Nollag a chur sa phost. Ach le cuidiú Airm na hÉireann, Marty Morrissey, Dermot Bannon, Mairéad Ronan, an sár-réalta phopcheoil idir-réaltrach Nova Jones agus neart aíonna iontacha eile, an mbeidh Seamus in ann pléascóg Nollag a dhéanamh de agus na Múinteoirí a tharraingt le chéile arís? Mura mbeidh ach clár amháin a chuirfidh meangadh gáire ort Lá Nollag i mbliana, is é seo é!
Adam Saves Christmas – taispeánfar an clár beochana Nollag ina bhfuil páirt ag Adam King agus Ryan Tubridy ag déanamh Saintí a ghuthú den chéad uair Oíche Nollag ar RTÉjr
A Kids Country Christmas ina mbeidh leanaí as gach cearn den tír ag canadh na móramhrán tíre le linn ócáid mhór Nollag!
Craolfar dhá eipeasóid fíorspeisialta Nollag de Ace My Space agus babhta ceannais Junk Kouture freisin.
CÓCAIREACHT AGUS CRAIC Ó CHORCAIGH
Agus an Nollaig ag teannadh linn, tá spraoi na Nollag ar siúl ag foireann an Today Show i stiúideonna RTÉ i gCorcaigh le trí Clár Speisialta Nollag le craoladh ar RTÉ One ag 6.30pm. Beidh dreas cainte ar siúl ag láithreoirí Maura Derrane, Dáithí O’Se agus Emer O’Neill le haíonna éagsúla lena n-áirítear Lyra, an fuirseoir Jon Kenny mar aon le Brendan Courtney agus Celia Holman Lee, fad a bheidh chefanna Rachel Allen, Paul Flynn agus Kevin Dundon ag freastal ar do riachtanais ar fad don Nollaig sa chistin.
Tá neart ábhar cócaireachta Nollag á chur ar fáil again daoibh i mbliana, le cláracha speisialta ó na láithreoirí is mó a bhfuil tóir orthu. Beidh How to Cook Well at Christmas with Rory O’Connell ag filleadh ar an scáileán agus Rory ag ullmhú miasa an-bhlasta sa chlár speisialta séasúrach dhá chuid seo; beidh Neven Maguire ag tarraingt aird ar scoth tháirgí Mhainistir na Coille Móire agus Chonamara don séasúr Nollag seo; beidh Donal Skehan ag glacadh go fonnmhar le miasa traidisiúnta a thaitníonn le cách i mbliana, agus neart leideanna aige duit don chistin lena n-áirítear ullmhú béilí agus bainistiú amanna lena chinntiú go mbeidh an Nollaig faoi smacht agat; agus beidh Catherine ag taispeáint dúinn an chaoi leis na manglaim is fearr a dhéanamh, béile a ullmhú nach ndéanfar dearmad orthu agus ag cur ar an eolas muid maidir le roinnt táirgí ceardaí na hÉireann ar eipeasóid na bliana seo de Catherine Celebrates Christmas. Le linn an chláir fíorspeisialta Nollag seo, beidh Catherine Fulvio ag bualadh le cuid de na táirgeoirí ceardaí is fearr in Éirinn atá ag soláthar roghanna iontacha ar leith dúinn i láthair na huaire, lena n-áirítear Powerscourt Estate Distillery agus Feirmeoir Cnónna, Cathal Regan.
NUACHT
De réir mar a thagann 2021 chun críche, beidh tuairisceoirí agus comhfhreagraithe RTÉ ag féachaint siar ar mhórimeachtaí na bliana agus sraith tuairiscí doimhne ar siúl acu ar RTÉ.ie agus ar Aip RTÉ News agus caithfear súil siar ar an mbliain le Review of the Year de chuid news2day.
Beidh láithreoirí Mícheál Ó Scannáil agus Reem El-Hassany ag déanamh athbhreithniú ar 2021. Ar news2day i mbliana mar chuid den tsraith ‘Frontline Families’ chonaiceamar leanaí ag insint don lucht féachana faoina dtuismitheoirí arbh oibrithe bunriachtanacha ar an líne tosaigh iad, agus bhí scéalta le cloisteáil ar an gclár freisin ó leanaí ar fud an domhain faoin saol san áit a bhfuil cónaí orthu sa Téaváin, sa Ghearmáin, sa RA, sa Spáinn agus sa Bheilg agus iad ag glacadh páirt sa tsraith ‘Pandemic Postcard’. Nuair a athosclaíodh na scoileanna, chuaigh news2day isteach sna scoileanna freisin, ag bualadh le leanaí agus ag tuairisciú ar gach uile shórt, idir athrú aeráide, ealaín, eolaíocht agus nádúr.
BUAICPHOINTÍ REILIGIÚNACHA
Bíodh Nollaig Mhór Mhaith Agat Le Mary! Le 27 bliain anuas, chuir Mary Kennedy seó bliantúil na gCarúl i láthair ar RTÉ One, ina bhfeictí meascán saibhir de cheoltóirí cumasacha na hÉireann ag casadh ceoil i suíomhanna áille ar fud na tíre. Sa chlár seo, breathnóidh sí siar ar chuid de na taibhithe is mó a thaitin léi ó na cláracha sin, lena n-áirítear dreasanna ceoil le Enya, Johnny Logan, Sinead O’Connor, Mick Flannery & Susan O’Neill, Donal Lunny, Ralph McTell, Imelda May, Loah & Lisa Hannigan agus Eimear Quinn
An Nollaig in Ardeaglais Phádraig – Is é Dáithí Ó Sé a bheidh ag cur an seó sómasach Nollag seo i láthair in Ardeaglais Phádraig, atá nua-athchóirithe in am do 800 bliain ar an bhfód a cheiliúradh. I measc na gceoltóirí agus na n-aíonna, beidh Andrea Corr, Tolü Makay, Declan O’Rourke, Lisa O’Neill, Ultan O’Brien, Eoghan Ó Ceannabháin, Alice Leahy, Dean William Morton, réalta ceoldrámaíochta Sinead Campbell Wallace, Cór Oibrithe Bunriachtanacha David Brophy, Cór Ardeaglais Phádraig agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ.
RAIDIÓ
Áirítear ar bhuaicphointí RTÉ Radio an Nollaig seo:
Ar RTÉ Raidió 1, ón 13 Nollaig go dtí Dé hAoine an 17 Nollaig – beidh The Ray D’Arcy Show ag scaipeadh beagán draíochta don Nollaig trí bhuíochas a ghabháil leis an lucht éisteachta is dílse, agus beidh Ray’s Charity Calendars of the Year Awards ag filleadh arís Dé Céadaoin an 22 Nollaig. Bí i dteannta Joe Duffy cáiliúil Liveline dá mhórócáid Nollag bhliantúil. Ag craoladh beo (9am go dtí 11am) ó Ionad Raidió RTÉ i mBaile Átha Cliath, beidh cara mór Joe, Brendan O’Carroll, ina theannta arís mar aon le lear mór aíonna speisialta eile. Beidh deis ag an lucht éisteachta taitneamh a bhaint as taibhithe beo le Chris de Burgh, Erica Cody, The High Kings, Ryan Sheridan, June Rodgers, agus Susan McFadden; agus bí i dteannta Derek Mooney, leanaí na hÉireann agus an fear mór é féin chun an bosca is mó lán le spiorad na Nollag a oscailt. Rogha saothair raidió Dhonncha Ó Dulaing ó Chartlann Fuaime RTÉ ó 1964 go dtí 2015. Arna roghnú agus arna chur i láthair le John Bowman, déanfar é a chraoladh mar shraith cúig chuid ón Luan an 27 – 31 Nollaig. Beidh RTÉ Radio 1 mar thionlacan i ngach cistin chruógach agus i ngach baile bríomhar ar feadh na maidine, tráth a mbeidh Miriam O’Callaghan ag machnamh ar an tréimhse den bhliain le Michael Harding agus Gina Menzies agus roinnt sleachta shéasúraigh (10am); beidh seans ag an lucht féachana sult a bhaint as Creedon’s Christmas agus iad ag róstadh an turcaí Lá Nollaig (11am-1pm), agus beidh John ag cur fáilte roimh an mBliain Úr chomh maith, agus Callan Kicks the Year ar an 31 Nollaig ag 1.30pm.
Ar RTÉ 2FM Oíche Nollag ag 7pm, bain súp as clár speisialta beo uair an chloig le Jenny Greene agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ. Dúisigh Lá Nollaig le Beta Da Silva ón 7am ar an 2FM Christmas Breakfast Show. Beidh cairde cáiliúla RTÉ 2FM ag glacadh seilbh ar an seinnliosta le cuid de na hamhráin is fearr leo idir 1-2pm. Is é an fuirseoir Michael Fry a ghlacfaidh seilbh ar an 26 Nollaig, agus is iad Tolü Makay agus Feli Speaks a bheidh i mbun seilbhe ar an 27 Nollaig. Ón 27 Nollaig ag 7pm, beidh Dan Hegarty, Tara Kumar, Stephen Byrne, Tracy Clifford agus Mo K ag cur Legacies i láthair, sraith ceithre chlár ina mbeidh páirt ag na healaíontóirí, an ceol agus na gluaiseachtaí a chur tús le ceol nua-aimseartha in Éirinn, a raibh RTÉ 2FM i gcroílár aige. Beidh Jennifer Zamparelli agus Cormac Battle ag dul i bpáirt cheolmhar lena chéile chun dhá uair an chloig de sheinnliostaí atá éagsúil óna chéile a chur ar fáil duit ar Not On The Effing Playlist ón 8pm ar 27 Nollaig; agus cuir clabhsúr leis an mbliain le JJ Hartigan a fhógróidh an Bliain Úr agus a bhuailfidh isteach chuig Ceolchoirm Comhairimh Síos Oíche Chinn Bliana le príomhbhanna na féile Picture This.
Beidh na réaltaí ag soilsiú go geal ar RTÉ Lyric fm an Nollaig seo ag tosú ar maidin Oíche Nollaig nuair a bheidh beannachtaí lonracha draíochtúla na Nollag á roinnt ag Rod Stewart le Marty Whelan, in éineacht le Neven Maguire agus an soprán Claudia Boyle. Ar Oíche Nollaig ag 7.00om, cuirfear Guy Barker i láthair ar The Lyric Concert with Paul Herriott, in éineacht le Ceolfhoireann Coirme RTÉ, agus é ag stiúradh a chóirithe féin ar mhóramhráin shéasúracha éagsúla snagcheoil. Ansin ar Lá Nollag ón 1.00pm beidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ ar ais leis an stiúrthóir David Hayes agus na hamhránaithe Juliette Crosbie, Clare Ivory agus Carl Stallwood chun a bheith in éineacht le Aedín Gormley ar Movies and Musicals, áit a gcloisfear na móramhráin ó na seanseónna ceoil agus na ceolseónna nua. Ní bheadh mórán cuma ar an Nollaig gan oratóir aoibhinn Handel, Messiah, agus beimid ábalta sult a bhaint as i dteannta Paul Herriott agus é á léiriú ag Ceolfhoireann Coirme RTÉ, Schola Chór Cailíní Ard-Eaglais Phádraig, Tacar Glórtha Phádraig agus aonréadaithe faoi stiúir David Leigh a taifeadadh in Ard-Eaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath agus a chraolfar ag 7pm Lá Nollag. Beidh RTÉ Lyric fm beo ón gCeoláras Náisiúnta le Liz Nolan Oíche Chinn Bliana chun sároíche siamsaíochta a chur ar fáil le Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus réaltaí na ceolamharclannaíochta Fra Fee, Susan McFadden agus Muirgen O’Mahony i gcomhair scoth na dtaibhithe de mhóramhráin na gceolseónna, faoi stiúir Colm O’Regan, a stiúir Book of Mormon freisin.
Is cinnte go mbeidh réimse breá clár ar siúl le linn sceideal Nollag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ar Lá Nollag, craolfar An Cosán Draíochta den chéad uair riamh ar raidió ag 3 pm, sraith cheoil a chum Johnny Óg Connolly, in ómós dá athair nach maireann, fear mór an mhileoidin, Johnny Phádraic Phíotair. Stiúideo Cuan a choimisiúnaigh an clár, ionad úrnua ealaín bunaithe ar an Spidéal. Taifead beo dá chuid píosaí ceoil nua atá sa chlár, a seinneadh den chéad uair i mí na Samhna. Cuirfidh an láithreoir as Ciarraí, Helen Ní Shé, dhá chlár speisialta i láthair idir dhá Nollaig. Díreofar ar thraidisiún amhránaíochta ar an sean-nós ó na Déise i bPort Láirge sa chlár Mo Ghrása thall na Déise ar a mbeidh Séamus Mac Craith agus a mhac Seán ag labhairt ar na hamhráin agus ar an mbrí a bhaineann leo. Sa chlár Ó Chorca Dhuibhne go Cill Bhríde inseofar scéal teaghlaigh a d’aistrigh chuig an Inbhir Mhóir, Co. Chill Mhantáin sna caogaidí, an chúis ar bhog siad agus mar atá cúrsaí leo anois. Sa chlár Colmcille: Cosantóir na mBan, tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin léargas ar an tábhacht a bhain le Naomh Colmcille, ina mhisinéir, ina fhile, ina scríobhaí agus ina thaidhleoir. Rugadh Colmcille 1,500 bliain ó shin, fear a bhain cáil amach ina cosantóir ar mhná. Sa chlár Ó Chonamara go Crimea inseofar scéal Phádraig Uí Ghionnáin, fear óg as Conamara a rugadh díreach roimh aimsir an Ghorta Mhóir. Liostáil Pádraig leis na Connaught Rangers agus throid i gCogadh na Crimé sna blianta 1854 agus 1855. Maraíodh an peileadóir cumasach Ógie Ó Dufaigh as Muineachán go tragóideach i dtaisme chairr cúpla uair i ndiaidh dó a bheith ina chaptaen ar fhoireann Mhuineacháin faoi 20 a thug leo cluiche leathcheannais Uladh i mí Iúil. Labhróidh athair Ógie, Brendan, le Michelle Nic Grianna ar an gclár Ógie a chraolfar ar an 4 Eanáir, faoina mhac agus ar an gcrá croí atá air i ndiaidh a bháis.
Cuirfidh RTÉ Gold fonn ort snas a chur ar na bróga damhsa agus cúpla steip a dhéanamh an Nollaig seo. Beidh Rick O’Shea, Will Leahy, Aidan Leonard agus neart eile i bhfeighil an júcbhosca is mó sa tír le cor a bhaint asaibh. Beidh “First” Top 100 Countdown of 2022 ar siúl ar RTÉ Gold ar an 4 Eanáir – is cinnte go mbeidh Lá Saoire Bainc breá ceolmhar ag cách.