“Bhí uafás ar RTÉ sonraí na gcoireanna uafásacha a rinne Kieran Creaven a d’eascair as imscrúdú an Gharda Síochána a fhoghlaim, agus a nochtadh i gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna agus dé hAoine seo caite le linn pianbhreithe. Cé gur thug RTÉ cúnamh don Gharda Síochána de réir mar a iarradh le linn a imscrúdaithe, ní raibh RTÉ príobháideach do shonraí na gcoireanna seo a léirigh imscrúdú an Gharda Síochána sa chúirt.
Rinne RTÉ Kieran Creaven a dhíbhe le héifeacht láithreach tar éis dó pléadáil ciontach i leith cúiseamh a rinneadh ina choinne le linn imeachtaí dlíthiúla i gCúirt Choróin Leeds Dé Luain an 18 Nollaig 2017.
Cúisíodh Kieran Creaven i gcionta in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus sna hOileáin Fhilipíneacha. Is féidir le RTÉ a dheimhniú nach raibh baint ag turais an Uasail Creaven go dtí an Téalainn, Vítneam, na hOileáin Fhilipíneacha, an Chambóid, an Indinéis agus an Chéinia le gnó RTÉ. Tá RTÉ ag lorg soiléiriú ón nGarda Síochána anois maidir leis an imscrúdú.”