RTÉ Choice Music Prize Albam Éireannach na Bliana 2021 – Fógra faoin nGearrliosta
Duais Rogha Ceoil RTÉ
I gcomhar le IMRO agus IRMA
Albam Éireannach na Bliana 2021 – Fógra faoin nGearrliosta
Beo in Vicar St, Baile Átha Cliath agus Craoladh Eisiach ar RTÉ – 3 Márta
Beidh ticéid ar díol Dé hAoine
D’fhógair Jim Carroll, cathaoirleach phainéal na moltóirí, gearrliosta na bliana seo d’Albam Éireannach na Bliana 2021 Dhuais Rogha Ceoil RTÉ, i gcomhar le IMRO agus IRMA inniu ar an Tracy Clifford Show ar RTÉ 2FM.
Is é seo a leanas an gearrliosta:
Bicep – Isles (Ninja Tune)
Mick Flannery & Susan O’Neill – In the Game (Rosaleen Records / Rosa Productions)
For Those I Love – For Those I Love (September Recordings)
Orla Gartland – Woman on the Internet (New Friends Music)
HousePlants – Dry Goods (Bone China Records)
Kojaque – Town’s Dead (Soft Boy Records)
Elaine Mai – Home (Elaine Mai)
Saint Sister – Where I Should End (Saint Sister)
Soda Blonde – Small Talk (Velveteen Records)
Villagers – Fever Dreams (Domino)
Is féidir obair ealaíne na n-albam a bhain áit amach ar an ngearrliosta a fháil anseo – https://we.tl/t-IyC02cYfSA
Mar chuid de ghealltanas leanúnach RTÉ ceol Éireannach a chur chun cinn, beidh RTÉ 2FM ag ceiliúradh fhógra an ghearrliosta ar fud a sceidil ar feadh an lae le Lá Mór Cheol na hÉireann ón 6am go meán oíche.
Is éard a dúirt Adam Fogarty, Ceann Ceoil, RTÉ 2FM: “Léiríonn ardchaighdeán ghearrliosta Dhuais Rogha Ceoil RTÉ na bliana seo na caighdeáin dhochreidte atá á mbaint amach go rialta ag ceoltóirí agus amhránaithe in Éirinn in go leor seánraí éagsúla. Cé gur bhliain thar a bheith dúshlánach a bhí inti do thionscal an cheoil, bhain go leor d’amhránaithe agus ceoltóirí na hÉireann, agus ní díreach iad sin a bhfuil áit bainte amach acu ar an ngearrliosta, úsáid as an am sin, go leor de agus gan iad ábalta seónna beo a dhéanamh, chun ceol den scoth a chumadh.”
Fógrófar Albam Éireannach na Bliana 2021 beo as Vicar St ar chlár speisialta idir 7-11pm ar RTÉ 2FM Déardaoin an 3 Márta. Mar chuid den chlár beidh roinnt de na ceoltóirí agus amhránaithe ar an ngearrliosta ag casadh beo. Fógrófar tuilleadh sonraí ar na daoine a bheidh páirteach go luath. Beidh ticéid ar díol Dé hAoine https://www.ticketmaster.ie/venueartist/198259/1541435
Craolfar clár buaicphointí speisialta ar Dhuais Rogha Ceoil RTÉ ar bhealach teilifíse RTÉ2 an tseachtain ina dhiaidh sin. Fógrófar an gearrliosta d’Amhrán na Bliana ar an 26 Eanáir.
“Ainneoin na ndúshlán ollmhóra, is léir gur bliain den scoth a bhí sa bhliain 2021 do cheol nua as Éirinn. Tugann Duais Rogha Ceoil RTÉ léargas ar an gcruthaitheacht agus éagsúlacht go léir atá le fáil i gceol Éireannach faoi láthair. Tá ríméad ar IMRO leanúint leis an mbaint fadbhunaithe atá aige leis an duais ceoil mór le rá seo a thacaíonn le roinnt de na scríbhneoirí amhrán agus taibheoirí is fearr atá againn”, a dúirt Keith Johnston, Stiúrthóir Margaíochta agus Ballraíochta, IMRO.
Déanfar scoth de cheol taifeadta na hÉireann a cheiliúradh arís le Duais Rogha Ceoil RTÉ, an 17ú bliain ag an duais i mbliana. Tá an duais, a cuireadh ar bun sa bhliain 2005, ar cheann de bhuaicphointí na bliana i dtionscal an cheoil in Éirinn faoin tráth seo. Déanfaidh painéal ar a bhfuil aon duine dhéag de dhaoine gairmiúla maidir le meáin chumarsáide an cheoil agus de shaineolaithe ar an tionscal Albam Éireannach na Bliana a roghnú ó ghearrliosta ar a bhfuil deich gcinn d’albaim. Is féidir teacht ar liosta iomlán de na moltóirí ar http://www.choicemusicprize.ie
Gheobhaidh an buaiteoir €10,000, duaischiste atá curtha ar fáil ag Eagraíocht um Chearta Ceoil na hÉireann (IMRO) agus Cumann um Cheol Taifeadta na hÉireann (IRMA). Gheobhaidh gach ceoltóir agus grúpa a bhainfidh áit amach ar an ngearrliosta gradam a coimisiúnaíodh go speisialta.
Is comhpháirtithe tionscadail oifigiúla Dhuais Rogha Ceoil RTÉ iad RAAP agus Minding Creative Minds chomh maith le Cultúr Éireann agus First Music Contact (FMC).
Tríd an maoiniú a dhéanann sé ar chlár FMC Music From Ireland, déanfar tacaíocht Chultúr Éireann i ndáil le Duais Rogha Ceoil RTÉ a dhíriú ar na hamhránaithe agus ceoltóirí a bhíonn páirteach, chomh maith le cuidiú le “Comhráite” ar líne Dhuais Rogha Ceoil RTÉ.
#rtechoiceprize