Ábhar de chuid na hÉireann ar RTÉ Fós ar bharr an Liosta den 50 Clár is Mó a Raibh Lucht Féachana acu in Éirinn.
– Cláracha Spóirt, Siamsaíochta, Nuacht & Cúrsaí Reatha, cláracha Drámaíochta, Fíorasacha and cláracha faisnéise RTÉ i measc na gcláracha is mó a raibh lucht féachana acu
– Cláracha spóirt saor go haer a bhí i 7 clár as an 10 clár teilifíse is mó a raibh lucht féachana acu
– Drámaíocht de chuid na hÉireann a bhí i 11 clár as an 20 clár teilifíse is mó a raibh lucht féachana acu ar an RTÉ Player
– Breis is 67 milliún sruth den RTÉ Player agus méadú 48% san am a caitheadh ag féachaint ar an RTÉ Player sa bhliain 2021
Cé go raibh tréimhsí ann in 2021 ina rabhamar thuas seal thíos seal, is cosúil go raibh clár ann do gach duine sa lucht féachana ó tharla gur fhéach lucht féachana na hÉireann ar bhreis is 3.7 billiún uair an chloig d’ábhar teilifíse agus lean siad orthu ag roghnú ábhar de chuid na hÉireann thar aon ábhar eile a bhí ar fáil dóibh.
Is ar RTÉ a craoladh 44 den 50 clár teilifíse is mó a raibh lucht féachana acu sa bhliain 2021, agus an lucht féachana ag tarraingt ar RTÉ ina sluaite le sult a bhaint as ábhar beo spóirt, ábhar siamsaíochta, ábhar nuachta iontaofa, drámaíocht áitiúil Éireannach chomh maith le cláracha fíorasacha agus faisnéis fíorspéisiúla.
D’fhéach an gnáthdhuine fásta Éireannach ar an teilifís sa bhaile ar feadh 2 uair agus 47 nóiméad ar an meán gach lá, nach mór 20 uair sa tseachtain sa bhliain 2021.
De réir mar a thagann athrú ar threochtaí féachana agus éisteachta an lucht féachana agus éisteachta, leanann RTÉ de réimse ardán a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann le féachaint agus éisteach leo nuair a shocraíonn siad é agus cibé bealach a shocraíonn siad sin a dhéanamh. Deimhníonn taighde a rinne Tam Ireland go gcaitheann lucht féachana na hÉireann dhá oiread ama ag féachaint ar ábhar craoltóra ná aon fhoirm eile d’ábhar, lena n-áirítear ábhar ó sheirbhísí sruthaithe idirnáisiúnta amhail Netflix agus Amazon.
Táthar ag leanúint de bheith ag cur le hábhar ar éileamh na mboscraí agus na catalóige coimeádta atá ar fáil ar an RTÉ Player agus tháinig méadú suntasach 48% sa bhliain 2021 ar an am a chaith daoine ag sruthú i gcomórtas leis an mbliain roimhe sin. Fuarthas rochtain ar bhreis agus 67 milliún sruthanna saor ó shíntiús ar an RTÉ Player anuraidh.
Ós rud é go bhfuil an teilifís bheo fós i mbarr réime, d’éirigh le The Late Late Toy Show fanacht ar bharr chairt féachana teilifíse na hÉireann agus breis agus 1.7 milliún lucht féachana ag an gclár agus €6.6milliún dochreidte bailithe do chúiseanna maithe ar an oíche lenar bhain an téama The Lion King.
Bhí an-bhliain ag Éire in 2021 ó tharla gur tír í atá lán de lucht leanta spóirt. Cláracha spóirt saor go haer a bhí i 7 clár as an 10 clár teilifíse is mó a raibh lucht féachana acu. Ba é Cluiche Ceannais na hÉireann idir Tír Eoghain agus Maigh Eo ar RTÉ2 an dara clár, de na cláracha go léir, a raibh an lucht féachana is mó aige agus d’fhéach daoine ar nach mór milliún sruth de The Saturday Game / The Sunday Game Live ar an RTÉ Player i rith na bliana.
Bhí an-tóir ag lucht leanta na hÉireann ar chlúdach RTÉ ar UEFA Euro 2020 ó tharla go ndearnadh 2.5 milliún sruth den chomórtas lán d’aicsean a shruthú ar an RTÉ Player agus d’fhéach 941,000 den lucht féachana ar an gcluiche ceannais idir an Iodáil agus Sasana ar RTÉ2, an tríú clár is mó a raibh lucht féachana aige sa bhliain.
Bhí fíorthóir ag an lucht féachana ar dhrámaíocht de chuid na hÉireann sa bhliain 2021 ós rud é go ndeachaigh siad i muinín an méid ar leith a chuirtear ar fáil ar RTÉ, scoth na scríbhneoireachta teilifíse, na haisteoireacht agus an léirithe áitiúil. Bhí an coirdhráma Kin ar cheann de na cláracha ba mhó as na drámaí teilifíse ar fad a thaitin leis an lucht féachana. D’fhéach 687,000 duine ar an gclár ar RTÉ One agus rinneadh é a shruthú 2.5 milliún uair ar an RTÉ Player, figiúr sármhaith amach is amach. Ba é an chéad eipeasóid den tsraith an clár ba mhó a raibh lucht féachana aige ar an RTÉ Player i gcaitheamh na bliana 2021 agus 515,000 sruth ann den chlár sin amháin.
Tharraing RTÉ One go leor den lucht féachana ar an Domhnach de bharr gurbh air a craoladh drámaíocht nua den scoth de chuid na hÉireann sa bhliain 2021, cláracha amhail Hidden Assets (537,000 lucht féachana) agus Smother (481,000). Bhí an dá chlár sin i measc na 50 clár teilifíse ba mhó a raibh lucht féachana acu. Bhí gean fós ag an lucht féachana ar mhuintir Bhaile na Carraige ó tharla gur sruthaíodh sobaldráma áitiúil RTÉ 3.3 milliún uair ar an RTÉ Player anuraidh.
Tháinig lucht féachana na hÉireann le chéile sa bhliain 2021 d’eachtraí ríthábhachtacha ar an teilifís ar fud RTÉ, rud a mhúscail mórtas pobail agus féachaint i gcomhar le cláracha amhail The Late Late Show (695,000), an tsraith nua de Reeling in the Years (654,000), Ireland’s Fittest Family (604,000), The Tommy Tiernan Show (546,000) agus Operation Transformation (496,000).
Ba é RTÉ rogha an phobail fós d’ábhar Nuachta & Cúrsaí Reatha iontaofa in 2021 agus ba é RTÉ Six One News an chlár nuachta is mó a raibh lucht féachana aige ar an 5 Eanáir i gcomórtas le haon chainéal eile agus 798,000 duine ag féachaint air ó tharla go raibh an rialtas ag breithniú ar cheart scoileanna a dhúnadh i mí Eanáir de dheasca Covid-19. D’fhéach 689,000 duine ar RTÉ Nine O’Clock News ar an 7 Eanáir, a fuair an rátáil is airde, ó tharla go raibh an rialtas ag dul siar ar an gcinneadh go bhfillfeadh daltaí na hArdteistiméireachta ar scoil agus go raibh Uachtarán Biden Mheiriceá ag labhairt ar an ionsaí a rinneadh ar Capitol Hill. Rinneadh an dá fheasachán tráthnóna sin a shruthú ar an RTÉ Player breis agus ceithre mhilliún uair i rith na bliana ós rud é go raibh daoine ag iarraidh a bheith ar an eolas nuair is mó a d’fheil sé dóibh sin a dhéanamh agus san áit is mó a d’fheil sé dóibh sin a dhéanamh.
Ba léir an spéis atá againn i gcúrsaí reatha agus in ábhar fíorasach mar thír i bhfianaise na cláracha RTÉ seo a leanas ar fad a bheith i measc na 50 clár ba mó a raibh lucht féachana acu – The Case I Can’t Forget (Uimh. 28), Let the Rest of World Go Bye inar tugadh léargas ar shaol bheirt seanfhear, ar dlúthchairde iad, a phós (Uimh.30), RTÉ Investigates: Stuck in the Rough inar nochtadh an cruachás a bhaineann leis an saol do dhaoine a chodlaíonn amuigh (Uimh.31), Dr Cassidy’s Casebook ó iarPhaiteolaí an Stáit (Uimh.36), Prime Time (Uimh. 42) agus Marian inar caitheadh súil siar ar shaol Marian Finucane (Uimh. 48).
Bhí an-tóir freisin ar ábhar idirnáisiúnta a fuair RTÉ ceadúnas ina leith agus a cuireadh ar fáil saor go haer. D’fhéach 837,000 ar an gcraoladh de Oprah with Meghan and Harry ar RTÉ2, an séú clár ba mhó a raibh lucht féachana aige i rith na bliana, agus rinneadh é a shruthú breis agus 269,000 uair ar an RTÉ Player. Rinneadh na sraitheanna drámaíochta Home and Away (4.9m), Eastenders (3.5m), agus boscraí de Line of Duty (2.5m), agus The Good Wife (1.1m) a shruthú na milliúin uaire ar an RTÉ Player.
Thug RTÉ an deis do lucht féachana de gach aois sult a bhaint as cláracha a bhain cumha leo nó súil a chaitheamh ar chláracha clasaiceacha den chéad uair amhail an clár faisnéise ar RTÉ One The Man Who Came Around: Johnny Cash in Ireland (Uimh. 49), They Way We Were (Uimh.50) chomh maith le féachaint ainsrianta a dhéanamh ar bhoscraí amhail Love/Hate (1.7m) agus Frasier (1m) ar sruthaíodh iad breis is milliúin uaire ar an RTÉ Player.
Chaith lucht féachana na hÉireann dhá oiread ama ag féachaint ar ábhar craoltóra sa bhliain 2021 ná aon fhoirm eile d’ábhar, lena n-áirítear ábhar ó sheirbhísí sruthaithe idirnáisiúnta.