Sean Whelan fógartha ag RTÉ ina Chomhfhreagraí nua Washington
Cúis áthais do RTÉ News a fhógairt go bhfuil Sean Whelan ceaptha i bpost Chomhfhreagraí Washington. Bhí post an Chomhfhreagraí Londain ag Sean le trí bliana anuas, tráth a rinne sé tuairisceoireacht fhairsing ar an mBreatimeacht, ar an bpaindéim agus ar chúrsaí polaitíochta na Ríochta Aontaithe. Roimhe sin, bhí sé ina Chomhfhreagraí Eacnamaíochta le RTÉ News ar feadh beagnach naoi mbliana.
Beidh cúram air i leith tuairisciú a dhéanamh do RTÉ News ar an teilifís, ar an raidió agus ar ardáin dhigiteacha maidir leis an uile gné den saol sna Stáit Aontaithe.
Thosaigh sé ag obair le RTÉ News sa bhliain 1991 agus tá sealanna curtha isteach aige ina thuairisceoir raidió ar Morning Ireland agus ina thuairisceoir/láithreoir ar This Week agus ar World Report. Fuair sé ról ar deasc na nuachta ón iasacht leis an nuacht teilifíse sa bhliain 1994 agus thuairiscigh sé ar an gcogadh sa Bhoisnia. I ndiaidh sin agus é ina Leaseagarthóir Nuachta ón Iasacht, thuairiscigh sé ón gcogadh sa Chosaiv, ar táinsimh a rinneadh ar Bill Clinton in Washington, ar aistriú Hong Cong ar ais chuig an tSín agus ar thoghadh Pháirtí an Lucht Oibre Nua sa RA.
Chaith sé deich mbliana ina Eagarthóir nuachta Eorpaí, lonnaithe sa Bhruiséil, áit ar chlúdaigh sé scéalta ó Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh. Bhí baint láidir aige le clúdach RTÉ ar na reifrinn ar Chonradh Liospóin chomh maith.
Is céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath é Sean Whelan (Stair agus Polaitíocht), agus tá dioplómaí iarchéime aige freisin in Iriseoireacht ó NIHE (ar a dtugtar Ollscoile Chathair Bhaile Átha Cliath anois) agus i gCuntasaíocht agus Airgeadas ó Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte (ACCA). Chuir sé tús lena ghairm iriseoireachta i lár na n-ochtóidí agus é ina shaorscríbhneoir gné-alt le Magill Magazine agus an Irish Independent, sular bhog sé go Londain, áit ar oibrigh sé ina thuairisceoir ar an nuachtán gnó seachtainiúil Marketing. Bhog sé ar ais go hÉirinn ag tús na nóchaidí, agus d’oibrigh sé ina iriseoir gnó le The Sunday Tribune.
Seo mar a labhair Sean faoina cheapachán: “Táim ag súil go mór leis an bpost seo: Bíonn cúrsaí polaitíochta agus sochaí sna Stáit Aontaithe fíorspéisiúil i gcónaí, ach is tréimhse an-spéisiúil go deo í seo go háirithe. Is fíor a rá go bhfuil Éire fréamhaithe i ngeilleagar na Stát Aontaithe, agus mar sin caithfimid súil a choinneáil air sin. Agus dar ndóigh, tá ról ríthábhachtach ag na SA i ngnóthaí domhanda. Tá an timpeallacht slándála idirnáisiúnta dúshlánach i láthair na huaire, ar an gcuid is lú de – níl áit níos fearr ná Washington DC le bheith ag faire ar na cúrsaí seo uile. Tá barúil agam go mbeidh mé gnóthach!”
Is i mí Feabhra 2022 a bheidh Sean ag dul i mbun a róil nua.