Liosta RTÉ 2FM Rising 2022 Fógartha
CUIREANN 2FM RISING CEOLTÓIRÍ AGUS AMHRÁNAITHE ATÁ AG TEACHT CHUN CINN I SAOL AN CHEOIL ÉIREANNAIGH OS COMHAIR AN LUCHT ÉISTEACHTA
D’fhógair RTÉ 2FM a liosta mór le rá do 2FM Rising na bliana 2022 inniu. Is éard atá ar an liosta seo, arna roghnú ag painéal saineolaithe, ná na deich gceoltóir agus amhránaí is mó a mheastar a mbeidh an rath orthu agus a mbeidh an-tóir ag an lucht éisteachta ar an gcineál ceoil atá acu.
Is iad an deichniúr atá i gceist: Lucy Blue, Sophie Doyle Ryder, Aby Coulibaly, Bklava, Efe, New Dad, Sprints, Cian DuCrot, Sello, Smoothboi Ezra.
Bhí na daoine seo a leanas san áireamh in alumnas 2FM Rising le blianta beaga anuas: Fontaines DC, Denise Chaila, Dermot Kennedy, Jafairs, Lyra, Pillow Queens, Wild Youth, JC Stewart, The Murder Capital, For Those I Love, Monjola agus Gemma Dunleavy.
Ar The Tracy Clifford Show ar 2FM a rinneadh an fógra agus beidh Seachtain Rising ar siúl idir an 31 Eanáir agus an 4 Feabhra. Le linn Sheachtain Rising, a mbeidh 2FM ag tabhairt tacaíochta di le linn na bliana, déanfar na deichniúr ceoltóirí agus amhránaithe a chur chun cinn go mór ar fud an stáisiúin. Déanfar ceol nua agus agallaimh eisiacha leis na ceoltóirí agus amhránaithe seo atá ag teacht chun cinn a chraoladh freisin.
Is éard a dúirt Adam Fogarty, Stiúrthóir Ceoil 2FM: “Tá an-áthas orainn an deichniúr ceoltóir agus amhránaí nua do 2FM Rising a fhógairt don bhliain 2022. Chaith mé féin agus an fhoireann cheoil roinnt míonna ag obair ar an liosta seo – rud a léiríonn chomh láidir is atá ceol na hÉireann i láthair na huaire.”
Dúirt Adam freisin: “Is príomhthionscnamh dúinn uile 2FM Rising agus táimid thar a bheith díocasach agus diongbháilte tacú le ceol agus ceoltóirí na hÉireann. Creidimid gur iontach an sampla é liosta Rising na bliana 2022 ar chomh láidir agus éagsúil is atá saol an cheoil Éireannaigh faoi láthair. Táimid ag súil lenár dtacaíocht a thabhairt do cheoltóirí agus amhránaithe Rising agus do neart ceoltóirí agus amhránaithe breátha Éireannacha eile ar fud ár n-ardán sa bhliain 2022.”
Tionólfar 2FM Rising i gcomhar le IMRO agus gheobhaidh gach duine de dheichniúr ceoltóirí agus amhránaithe na bliana seo sparánacht €1,000 an duine (€10,000 san iomlán) ó IMRO.
Dúirt Keith Johnson, Stiúrthóir Margaíochta & Ballraíochta IMRO: Tá ríméad ar IMRO leanúint lena chaidreamh le RTÉ 2FM Rising. Is am thar a bheith dúshlánach i gcónaí é do phobal an cheoil agus don phobal ealaíne trí chéile agus cuirfidh tionscnamh RTÉ 2FM Rising ardán nach féidir luach a chur air chomh maith le hardán tacaíochta ar fáil do gach duine de na ceoltóirí agus amhránaithe a bheidh páirteach ar feadh na bliana 2022.
Is tionscnamh forbartha ceoltóirí agus amhránaithe é 2FM Rising, i gcomhar le IMRO, faoina gcuirtear am ar an aer, deiseanna bolscaireachta agus ábhair ar fáil do na rannpháirtithe a roghnaítear.
Is féidir sonraí a fháil ar: www.rte.ie/2FMrising nó https://instagram.com/rte2fm
BEATHAISNÉISÍ AGUS ÍOMHÁNNA: https://we.tl/t-5zZEyh45by