Ocht dtionscadal Storyland a mbeifear ag dul i mbun forbartha orthu fógartha ag RTÉ agus Fís Éireann
Treisíonn tionscnamh ollmhór Storyland infheistíocht i gcláracha drámaíochta agus gealltanas i dtaobh tacú le daoine cumasacha nua
Is ábhar mórtais é do RTÉ agus Fís Éireann na hocht dtionscadal Storyland a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí an chéim forbartha a fhógairt. As na hocht gclár drámaíochta a forbraíodh, déanfar trí chlár drámaíochta aonair 25 nóiméad an ceann a choimisiúnú lena léiriú agus craolfar iad ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player den chéad uair.
D’fhógair RTÉ agus Fís Éireann go rabhthas chun infheistíocht níos mó a dhéanamh i mbliana sa tsraith de ghearrchláracha drámaíochta a bhfuil gradaim buaite aici. Ó cuireadh tús leis breis is 10 mbliana ó shin, is tús maith agus tacaíocht thar a bheith luachmhar é Storyland do scríbhneoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus aisteoirí Éireannacha ar fud oileán na hÉireann lena gcuid gairmeacha a fhorbairt. Fuarthas breis is 200 iarratas ar an nglao ar thionscadail i mbliana.
Anois i ndiaidh na tóra móire a bhí ag an lucht féachana ar chláracha drámaíochta as Éirinn a craoladh le gairid ar RTÉ, a bhfuil scéalaíocht áitiúil ina gcroílár agus a mheall go mór lucht féachana níos óige, tá scéalta atá ábhartha sa lá atá inniu go mór i gceist sna hocht gclár drámaíochta a roghnaíodh do Storyland chomh maith le daoine cumasacha iléagsúla agus iontacha den chaighdeán is airde.
Dúirt David Crean, Ceannasaí Drámaíochta Gníomhach, RTÉ: “Is iontach an rud é cláracha drámaíochta coimisiúnaithe a thabhairt ar ais go RTÉ2 le Storyland nua ollmhór ina mbeidh trí chlár drámaíochta aonair nua mar chuid de. Ba chinneadh deacair a bhí ann na hocht bhfoireann sin a roghnú lena bhforbairt, ach táimid ar bís faoi na daoine ar leith agus an réimse leathan scéalta a bheidh le cur os comhair an phobail i mbliana. Is iontach na comhpháirtithe iad Fís Éireann agus muid ag díriú ar dhaoine cumasacha agus ar fhorbairt chun cláracha drámaíochta den scoth as Éirinn a chur ar fáil don lucht féachana sna blianta amach romhainn.”
Dúirt Andrew Byrne, Bainisteoir Teilifíse Fís Éireann: “Tá ríméad orainn infheistíocht a dhéanamh i Storyland agus táimid thar a bheith sásta le caighdeán na ndaoine cumasacha agus na scéalta a fuarthas tríd an bpróiseas iarratais. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth le foireann RTÉ ar na chéad chéimeanna eile den fhorbairt, infheistíocht a dhéanamh i ndaoine iléagsúla atá ag teacht chun cinn agus na trí léiriúchán ardchaighdeán a chur ar na scáileáin níos deireanaí i mbliana sa deireadh thiar”.
Tá sonraí ar na 8 tionscadal a roghnaíodh liostaithe thíos.
BALOR HALL le Rioghnach Ní Ghrioghair
Léiritheoir: Deirdre Levins, Fantastic Films
Tugtar cuireadh chuig Balor Hall duit… Tá dúnmharú le tarlú. Clár ar féidir é a chur i gcosúlacht le Knifes Out/Succession bunaithe ar thalamh teaghlaigh a sciobadh agus lonnaithe i dteach mór tuaithe.
BLOOD AND WATER le Nessa Wrafter
Léiritheoir: Rebecca O’Flanagan, Treasure Entertainment
Cuirtear as go mór don saol ciúin atá bean a chaitheamh nuair a fhilleann deirfiúr léi nach bhfuil feicthe aici le tamall fada. Measann gach duine gur chóir di a bheith sásta faoi go bhfuil sí ar ais. Bíonn áthas agus crá croí i gceist don bheirt fad a fhéachann siad le déanamh mór lena chéile arís.
EVERY FIVE MILES le Sinéad Collopy
Léiritheoirí: Colmán Mac Cionnaith & Cormac Fox, Vico Films
Tarraingítear oibrí óg i stáisiún peitril isteach sa saol uafásach atá ag inimirceach atá ag níochán carranna sa stáisiún céanna agus anois tá an iomarca faitís orthu labhairt amach ar fhaitíos go gcaillfidís gach a bhfuil acu.
FIXATION le Joy Buckle
Léiritheoir: Stephen McCormack, Reflektor Media
Tá stácáil á déanamh ar líne ar bhean agus tá eagla an domhain uirthi. Mar a tharlódh sé, is é a comhpháirtí nua an stalcaire. Scéal é seo faoi fhaireachas, stácáil agus sáinniú.
GOODNIGHT GIRL le Hiram Harrington
Léiritheoir: Maggie Ryan, Escape Pod Media
Fad is a bhíonn ceathrar cairde atá aiteach ag freastal ar shochraid cara leo ar duine trasghnéasach a bhí inti, faigheann siad amach go bhfuil a muintir á cur faoin ainm a baisteadh uirthi agus ag cur i gcoinne a hinscne cheart. Tagann na cairde le chéile chun mian a croí a thabhairt chun fíre: a luaithreach a ghoid agus a sochraid féin a bheith acu di.
MUSTARD le Eva O’Connor
Léiritheoir: Jason Forde, Four Quadrant Films
Tá Eilis tugtha uilig do mhustard. Bíonn sí ag ceapadh go bhfuil deireadh leis an dúil atá aici sa mhustard nuair a thiteann sí i ngrá, ach faraor, filleann an dúil mhór arís sa stuif bhuí nuair a chuirtear deireadh leis an gcaidreamh.
SMALL FISH le Simon Delany
Léiritheoir: Owen McCardle, Oddboy Media
Tá fear féinfhostaithe ar tí misneach a chailleadh – tá a athair básaithe, tá teach an teaghlaigh caillte aige agus diabhal meas ná cion atá ag a mhuintir air níos mó. Tá na roghanna ag tosú ag éirí gann anois air, ach tá rogha amháin fós fanta aige. Dá bhfaigheadh polaiteoir áitiúil bás meas tú an leigheasfadh sé sin an scéal dó?
WARD-7 le Jonathan Hughes
Léiritheoirí: Ali Doyle & Trish Ryan thar ceann Savage Productions
Tá an t-am ag rith gearr ar mhuintir Ward agus iad ag iarraidh an t-ospidéal a bhaint amach sula dtiocfadh páiste an duine is óige sa teach ar an saol.